Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



Irisleabhar muighe nuadhad, 1909. Ar n-a chur amach do Chonnradh Chuilm
Naomhtha. M. H. Gill agus a Mhac, 50 Sráid Uachtair Uí Chonaill, Baile
Átha Cliath. Scilling a luach.



Tá Irisleabhar na Gaedhilge ag cur fáilte roimh a chomhbráthair
ó Connradh Chuilm Naomhtha ar theacht an dara uimhir den chéad leabhair. Bímíd
i gcomhnuidhe ag súil le rud foghanta ó dhaltaí Chuilm Naomhtha. Fútha atá - nó
a bheidh ar ball - stiúradh na geine intleachta ata dá dhealbhadh i n-iuchraibh an
oileáin mara ar dtugtar Banba Bhriain. Ortha-san a luighfidh n-a dhualgus an
intinn sin a chorruidhe is a bhrostughadh ar an mbóthar chun leasa na Banban
céadna. Agus is furus a aithint go dtuigid daltaí Chuilm na nDuan is na
Diadhachta an dualgas soin. Tá cuid dá chomharthaí ar tespeáint roimh ré.
Léightar "Irisleabhar Muigh Nuadhad" agus chífear go doiléir ann iad. Cár chóra
dhamhsa ná dhuitse, a leightheoir, ár gcion a dhéanamh i leith leasa saoghalta an
chinidh gur díobh sinn 'ná don druing go mbeidh leas ar n-anmann n-a chúram
ortha? Samhluighimse gur dhona bheadh an cás againn n-a n-éaghmuis. Mar sin,
is aoibhinn le n-ár gcroidhe Connradh Chuilm ag claoidhe de réir a n-acmhuinne
le Gaedhealtacht Éireann is ag cur suime insna gnóthaíbh d'fhoghnann chun a
leasa. "Aithnigheann an fhuil a céile" adeir an seanfhocal. Mar sin, tá
buadh fé leith san Irisleabhar so Mhuighe Nuadhad, mar taitneann sé le Ghaedh-
laibh i gcomhnuidhe. Buadh na Gaedhealtachta iseadh an buadh soin; agus ní fhéad-
fadh sé gan bheith taitneamhach do Ghaedhlaibh.



Ní healadha dhúinn áireamh a dhéanamh ar na soghluistí go léir. "Eachtra
láimhinní Síoda," fabhailscéal, atá ina bhrollach, agus b'fhearrde gach Gaedheal
i nÉirinn é léigheamh. Aistí ann ar "An Ghaedhealg isan Iolscoil," "Do Éirim
Bheathadh Gobnatan," "Aindreas Ó Duinnshléibhe," "Éamonn Brús." Tá a lán
daoine ann agus is iad scéalta agus dánta seannda go mbeadh míniughadh ag
dul leo is fearr a thaitneann leo. Tá roinnt mhaith dhíobh-san sa leabhar so;
giota a scríbh Seáan Ó Gadhra, taitneoidh soin le léightheoiríbh an IRISLEABHAIR;
"Oideadh Chonlaoich" fá eagar maith; "Scél in Dá Lenab," agus "Scél for
Mirbuil Póil." I léith na n-aistí Béarla is ceart a áireamh "Lest We Forget,"
"National Drama in Ireland," "The Substance of an Interview," "Fintan Lalor,"
"An Economic Sermon," agus rl.



Tugaimid fé ndeara scéala maithe ann i dtaobh na Gaedhilge i Muigh
Nuadhad. Is é Muigh Nuadhad croidhe na hÉireann; agus an fhaid a bhíonn an
croidhe go láidir ní baoghal don cholainn. Go n-éirghidh le Connradh Chuilm
Naomhtha.



T.



Obair. Dráma Ceithre Ghnímh. Dhá Theangach. An Dochtúir Ó Beirn do sgríobh.
M. H. Gill agus A Chlann Mac, Teoranta: Baile Átha Cliath. Sgilling
a luach.



Ní aon iongnadh an t-eolas cruinn tá ag an dochtúir ar bheatha na ndaoine
ins na ceanntaraibh Gaedhalacha, mar is mór é a shuim ionnta le tamall fada;
agus tuigeann sé freisin inntinn na ndaoine, agus a rúin oibre - mhór mhór
rún oibre muinntir bhaile Thamhnach. Tugann an dochtúir síos go cruinn ar
cibhearnáil na ndaoine mar gheall ar an gcaoi a treasgaradh iad, agus ar
caitheamh i leath-taobh cad do bhí ceapaighthe amach aca a dhéanamh i dtaobh an
sgoil ghaedhealach a bhithar ag iarraidh cur ar bun san mbaile. Ní raibh an
Béarla i n-uachtar ag teastáil ó na daoine, agus, nuair nach raibh, cad do
rinneadar? Fagh an dráma, a léightheoir, agus beidh fhios agad cad do rinn-
eadar. Rinneadar mar dhéanfar ins gach uile ceárd i nÉirinn amach annso,
agus rud nach é - muna gclaonfadh lucht stiúrtha sgol do inntinn lucht
stiurtha páisdí.



Tá buaidhte ag an dráma seo an doctúra ar an "nDochtúr" féin, agus
ar ndóigh is iomdha dhuine gur bhain an "Dochtúir" stiall gháiridhe as.



Fá moladh go mór tá do chuid oibre againn, a dhochtúir, agus beidh sinn ag
feitheamh le tuilleadh ó do láimh.



Tá an dráma ana-usáideach do chluichtheóirí - Béarla comh maith le Gaedhilge.



Binn Tighe.


L. 335


A PRIMER OF IRISH METRICS.



Iad so go raibh sé d'ádh ortha bheith ag éisteacht le léigheachtaibh Chúno Meighear
i mBaile Átha Cliath an mhí seo gabh thorainn tá tuairim aca dá bhfuil ar eólus
ag lucht léighinnn fé lathair um chúrsaíbh seanfhilidheachta na nGaedheal. Tá
mórchuid ar eólus ag an ndream gcéadna; agus an méid go bhfuiltar deimh-
nitheach n-a thaobh tá sé bailighthe i dteannta a chéile ag an ndochtúir léigheanta
sa leabhar so go bhfuilmíd ag tagairt do annso. Tá a lán le tabhairt chun
cruinnis fós um an bhfilidheacht, agus ba mhinic an dochtúir ag tagairt do
phongcaibh ná fuil socair fós, agus ag éileamh ar chabhair chun an ghnótha. B'é
easnamh ba mhó bhí orainn go dtí so 'ná uraiceacht nó leabhar tosaigh an min-
iughadh an scéil. Tá an uraiceacht soin ar fagháil anois, agus tá súil againn
go mbeidh lucht conganta nach gann ag an ndochtúir ag déanamh stuidéir ar an
seanfhilidheacht.



Trí aos a áirmheann Cúno Meighear ar an bhfilidheacht. An chéad aos, aos an
"rhythmical alliterative poetry"; an dara haos, aos an "unrhythmical
syllabic poetry," mar atá an deibhidhe, agus rl; agus an trímhadh aos, aos an
"rhythmical poetry," mar atá filidheacht Eoghain Ruaidh, agus c. Tugann sé
cunntus beacht dúinn ar an dá aois tosaigh aca-san; deighleann ó chéile iad,
agus áirmheann na riaghlacha a ghabhann leo. Is mór an áis dúinn an t-eolus
soin a bheith againn i n-aon leabhar amháin.



Isé rud atá san Appendix ná áireamh ar ainmneacha Filidhe na hÉireann. A
seanleabhraibh do bhaineadh a bhfurmhór, acht gheobhtar ann leis ainmneacha a lán
daoine do mhair le linn na dtrí gcéad mbliadhan so caithte.



Tá súil agam go mbeidh an leabhar so n-a sheilbh ag gach Éireannach a chuir-
eann suim i dteangain is i bhfilidheacht na Gaedhilge. Gheobhaidh sé a lán le
foghluim as, agus beidh n-a chúis áthuis dó a fheabhas a bhí an drong a tháinig
romhainn chum smaointe deasa a chur fá chlódh deas. Ní chosnann an leabhar acht
a trí is réal, agus ní miste a rádh 'ná go bhfuil luach an airgid ann. Beagán
focal as Remhrádh an Dochtúra, agus sin a ndéarfar don turus so:


L. 336a


Na Príomh-Rudaí.



I. - Cló.



An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh
ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta
so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní
baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n
bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin.



Tá anois i dtigh clódóireachta cló miotaileach de
gach aon tsaghas.



Is mar soin DÚINNE. I n-ár monarcha tá na
clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir-
eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair
thar barr a cheap.



Mar soin níl agat le déanamh acht an obair sin atá
agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn
agus labhróchamuid mar gheall uirthi.



An Cló-Chumann, Teo.,
Sr. Mhór na Trágha 68-71, Baile Átha Cliath.
Guthán 1555.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services