Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Robinson Crúsó.

Title
Eachtra Robinson Crúsó.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Eachtra Robinson Crúsó.



Ní'l ann acht cúpla bliadhain óchoin ó bhí ana-chur-is-cúiteamh
sa dútha so i dtaobh gan Gaedhilg do bheith againn ar scéaltaibh
de leithéid "Finnscéalta na hAraibe" is "Robinson Crúsó".
I n-ionad a chéile is eadh dhéintar na caisleáin: tagann gach nidh
le foidhne; tá cuid de Fhinnscéaltaibh na hAraibe i nGaedhilg
le tamall ó láimh Dhiarmuda Uí Fhoghludha, agus seo againn fé
láthair trí céad trí leathanacha is trí fichid de Eachtra Robinson
Crúsó ó n-ár seana-chara "Seandún", darab comhainm Tadhg
Ó Murchadha.



Dhá chéad bliadhain atá ann, go dtí deich mbliadhna, ó'n ló do
cheap Defoe an scéal so san Ghallbhéarla, agus tá an t-eachtra
le fagháil indiu i bhfriotal gach dúithche nach mór. Is beag duine
nár léigh a bheag nó a mhór de i n-a óige, mar eachtra is eadh é a
thaithneann go mór leis an sluagh. Ní'l baint agam-sa le héan-
chur-síos do dhéanamh air acht amháin maidir leis an gculaith
Gaedhlach atá anois air.



Ní misde dham rádh i dtosach bára go bhfuil a ghnó déanta go
maith agus go sár-mhaith ag "Seandún", bíodh go mbeidh roinnt
nidhthe agam ar ball le cur i n-a choinne. Is éachtach ar fad a
bhfuil d'obair ann. Ní fheadar an mó duine atá i nÉirinn indiu
d'fhéadfadh tabhairt fé, acht táim lán-deimhnitheach den méid seo
- gur fánach a bhfuil ann go mbeadh an fhoidhne aige chum an scéil
do chríochnughadh.



San chéad dul síos, bhí sé ceart aige innsint dúinn cad é an
leagadh nó edition de Robinson Crúsó a bhí aige i mBéarla, ar
chor go dtiocfadh le duine an obair do chruinn-mheas. Bhíos féin
dall ar an dtaobh san den scéal go dtí go bhfeaca gur le
Brún is Ó Nualláin bloc an pheictiúra atá i mbrollach an
Eachtra, agus chuadhas is cheannuigheas an leagadh do chuireadar
súd amach san Ghallbhéarla fé eagar John Cooke, M.A., agus
measaim gurab é sin díreach an ceann atá aistrighthe ag "Sean-
dún" do Ghaedhlaibh.



Is eól dam go maith, ámhthach, nách máirnéalach "Seandún"
agus nách saor cloiche é, ná saor admhaid acht chomh beag, ná fós


L. 297


foirginteóir, ná reachtaire gabhar, ná búistéir, ná fear déanta
ime, ná feirmeóir, ná fiadhaidhe; acht dá mbadh le h-ean-ghnó fé
leith den méid sin atá airmhithe agam a bheadh sé tar éis a
shaoghal do chaitheamh, ní dóigh liom go dtiocfadh leis cur-síos
níos deise do dhéanamh ar an aon-gnó san 'ná mar atá déanta
aige ar gach gnó dhíobh mar ritheann san Eachtra.



Is annamh i n-éan-chor easnamh an fhocail chirt air, acht maidir
le caoraibh fineamhna, ní "mogall" do chuala riamh ar chnuastar
beag díobh súd, acht "crothán," cé go bhfuil an bhrigh sin le
"mogall" san bhFoclóir.



Is amhla leanann "Seandún" go dlúth do innsint an Ghall-
bhéarla, agus má gheibheann éinne locht ar a chuid oibre, is é mo
thuairm gur ar an dtaobh san de a gheóbhfar an chae. B'fhearr
liom féin go mór é do scagadh an eachtra agus dá ath-innsint,
gan cosc gan glas gan spéasrach, mar is minic é Gallbhéarla
an scéil go neamhchruinn, bun os cionn. Ná feicim ar leathanach
165 ag John Cooke, M.A., "These, with our bread, was a great
part of our food," agus badh dhóigh liom gur bh'fhéidir lúb ar lár
d'fhagháil san méid sin agus gan é do chur thar "half-educated
youths" an Phiarsaigh! Ní'l an Gallbhéarla chomh líomhtha, chomh
cruinn ná chomh ceapáirithe i n-éan-chor leis an nGaedhilg, agus
chítar dam go raibh ar "Sheandún" go minic an Gallbhéarla do
shárughadh, mar nár leór maol-aistriughadh.



Dó nó trí de ráidhtibh atá ana-choitchianta san Eachtra, is
minic iad fé dhó nó trí huaire ar aon leathanach, ní ghéillfinn i
n-éan-chor gur ceart iad do bheith ann, cé go dtaithníd le
"Seandún" do réir dheallraimh. Sidiad iad: "Anois" agus
"mar adéarfá." Ní dócha gur féidir an ceart do dhéanamh
amach acht de bharr tuairm Gaedhilgeóirí, agus airmhím "Sean-
dún" féin ar na cainteóiribh is cliste i nÉirinn beó. D'eagla
ná beadh an leabhar féin os comhair léightheóirí, cuirfead roinnt
sómplaí annso as an Eachtra:



I gcionn dhá bhliadhain, mar adéarfá, do thuit nídh ádhmharach amach (17);
Barbádós do shroistint i gcionn cúig lá déag, mar adéarfá (50).
Do rith go maith lem shraic ar feadh míle, mar adéarfá (65).
Do bhí an caladh cuibheasach árd ann, leaca, mar adéarfá, do b'eadh é (67).
Do bhraitheas, an fhaid agus do bhíos annso, go rabhas a baile agus ar
turas, mar adéarfainn. Pé sgéal é, do thriallas orm ar chiumhais an
chalaidh soir, tuairim dhá mhíle dhéag mar adéarfá (160).
I gcás go raibh dhá ionad chomhnuidhthe agam anois, mar adéarfá (146).


L. 298


Is minic d'fhéadfaí feidhm do bhaint as an bhfocal "tuairm,"
agus "mar adéarfá" do dhíbirt; uaireanta eile, d'oirfeadh
"timcheall" agus "nó mar sin," agus rl., agus rl. Is é mo thuairm
nach ceart "mar adéarfainn," "mar adéarfá," do scríobhadh
acht chomh beag le "mar adéarfimís" nó "mar adéarfadh sibh."
Má's ceart éan-rud dá shórt, is dócha gurab é seo é, .i. "mar
adéarfadh duine." Ní dhéanfaidh sé an gnó do dhuine a rádh liom
gur chuala sé míle uair an rud eile ag seandaoinibh; do chuala
féin é i gcomhrádh béil, agus is minic adubhart féin é, acht ní
hionann comhchainnt agus scéal leabhair. I dtaobh an fhocail úd
"anois". Ní dócha go bhfuil éan-locht, mar le Gallbhéarla ar an
gcéad líne de chaibidil a dó-dhéag .i. "The rainy season of the
autumnal equinox was now come." "Bhí síon na báistighe ann
anois; taca chómhréim lae agus oidhche foghmhair ab' eadh é." Ní
abraim ná hoireann an focal "anois" annsúd, acht sé mo
thuairm ná hoireann, ná i n-éan-rádh eile a bhaineann le haimsir
atá caithte, imthighthe, dála



Bhíos sa chontabhairt chéadna anois (169).
Acht ní raibh leigheas air anois (186).
Bhí bád agam anois (198).
Do bhíos anois ag dul i n-éadóchas (203).
Ba leór liom anois den mhuir (210).
Ba léir dam anois (213).
Do dheineas buaile dham féin anois (219).
Bhí misneach ag teacht dam anois (233).
Do tháinig cathughadh mo chroidhe orm anois (237).
Ní rabhadar chomh fiadhain anois (240).
Do b'oth liom anois (241).
Bhíos ag meabhrughadh anois (253).
Mar go ndéininn coinnle ana-mhaithe anois (258).



Shin iad anois (!) an dá nídh is mó ghoill orm agus mé ag léigh-
eamh an leabhair, agus is leór a bhfuil scríobhtha agam i n-a
dtaobh.



Níor mhisde do dhaoinibh óga agus do n-a lán daoine fásta
leathanach a 49 ag "Seandún" do léigheamh is do mheabhrughadh -
is geall le "boxing the compass" i nGaedhilg é! Ní heól dham
tuilleadh áird is poinnte is treó gan áireamh aige. Acht is
iongna liom "Seandún" do bheith ag buanughadh seana-bhréige an
mháirnéalaigh (7, 53, 54) - "Bhí aoirde na sléibhte ins na tonn-
taibh," "de dheascaibh na mara bheith 'n-a sléibhtibh 'n-ár dtim-


L. 299


cheall," "tonn go raibh aoirde sléibhe innti." Cloisim ná raibh
tonn riamh ann a sháruigh leath-chéad troigh ar aoirde, agus ba
shuarach an sliabh nó an cnoch é ná beadh ann acht an aoirde sin.
Acht ná fuil an tseana-bhréag chéadna cúpla uair ag Tadhg eile,
.i. Tadhg Gaedhlach? Agus, ó's ag tagairt d'fhilíbh é, ar l. a 15
den Eachtra atá "Do marbhuigheadh triúr d'ár bhfuirinn agus do
goineadh ochtar aca"; do shaoileas gur ab é Donnchadh Ruadh a
bhí agam, mar is cuimhin liom go ndubhairt sé:



Do marbhadh fiche dár bhfuirinn san scléip sin,
Ní airmhim tuilleadh do milleadh bhí créachtach:
Do chailleamair triúr i dtúis an lae ghil,
Bhí gearradh agus brughadh ar chúig fheár déag díobh."



Tá na céadta is na mílte rudaí deasa ag "Seandún" san
Eachtra atá comharthuighthe agam chum áis do bhaint asta, agus,
dá bhrígh sin, ní thógfar orm gan iad do chur annso. Acht chím go
meascann sé "é" agus "í" i gcomhair an fhocail úd "sraic"
(65, 66), agus gur "é" a scríobhann sé i gcoinne an fhocail sin
"bád" acht amháin ar l. 188; "Is deas an bád í" adéarfadh
Gaedhilgeóir ó chois fairrge againn-na. is iongna liom é do
shíor-scríobhadh "árdughadh"; chuirfinn geall nár chuala sé riamh
é. Chím ar l. 126 "bhí fuacht is crith orm"; gabhaim-se orm
gur "crith is fuacht" an chainnt. Chloisinn féin an sean-fhocal
"Ins an obair a gheibhtar an fhoghluim" i gcomhnuidhe; tá leag-
aint eile air san Eachtra (71). I n-áireamh laethanta, ceann,
agus rl., tá rudaí meascaithe, agus ní fheadar cad fé ndear é:
"deich nó dhá lá dhéag" (33, 87) .i. deich nó dó dhéag de laethibh;
"fiche nó deich troigh ar fhichid" (55) .i. fiche troigh nó deich
dtroigh ar fhichid; tá a leithéidí eile ar ll. 109, 111, 191, 225,
249, 250. Acht tá nidhthe den chineál chéadna i gceart i n-ionad-
aibh eile (215, 254, agus c.). Ní fuláir nó is atharrughadh éigin do
rinneadh d'fhág meascaithe an t-áireamh, agus measaim gur rud
éigin den tsórt san, leis, d'fhág "go ruig an bháid" ann (186,
233), agus roinnt eile dá leithéid; "chum an bháid" a bhí ann i
dtosach, ní fuláir. Pé duine thug fén gcló do cheartughadh, bhí
sé ceart aige bheith níos airighe; is é mo thuairm nach é "Sean-
dún" do rinne an méid sin. Is é do rinne na nótaí, gan
amhrus; molaim é féin agus molaim iad. Ní léir dam rian éan-
láimhe eile san obair muna b'é giolla na bhfocal n-éagsamhail é


L. 300


.i. Macamétas go bhfuil a chomhartha ar ll. 23, 223. Nach maith
nach "cófra" adubhart! Slán mo chomhartha!



Bhíos ar aigne roinnt giotaí breaghtha as an Eachtra do chur
isteach annso, agus is fuiris iad d'fhagháil; acht is eagal liom go
bhfuil m'aiste ró-liosta cheana féin.



Tá an iomarca dhá éileamh ag "Clódhanna" ar an leabhar;
ba lán-leór dhá scilling nó leath-choróinn air, seachas trí is réal,
nó dá chuid do dhéanamh den méid cló atá ann, agus scilling
do éileamh ar gach leath dhíobh san araon.



I n-aindheoin a bhfuil ráidhte agam, ní fuláir dam admhughadh
go bhfuil an tEachtra ar aon-dul leis an ainnir úd adubhairt
san Chúirt go mbíodh sí



Gabhtha go sámh gan cháim ar domhan
I gculaidhthe sásta ó bharr go bonn.



Munab eól do "Sheandún" cionnus culaidh sásta do dhéan-
amh um an dtaca so, dar ndóigh ní lá go headarshuth buidhe é.



FIACHRA ÉILGEACH.



FIONN MAC EOGHAIN.



Beidh áthus ar léightheoiríbh an IRISLEABHAIR a chlos gur buaidh ar gcara
Fionn Mac Eoghain, nó Mr. Gwyn Jones, duais na chathaoireach agus dafichid
púnt san Eisteddffod i Lunndain an lá fé dheireadh. Sí duais na cathaoireach
an duais is aoirde agus is mó suim san Eisteddfod, agus ar son dána sa
tsean-mhéidreacht a tugtar í i gcomhnuidhe. Molaimíd Fionn. Go maire sé a
ghradam.




An chathaoir seo creanadh libh
de chathaibh feadha fissigh,
go mairir í, a chara chléibh,
sí n-a hala dot aoinéill.



Y mac Torna yn lawen llwyr
um chlos fíre an sceoil scothbhúidh
de dhigh cháigh ní buan a bhlas
midh cháir druadh ní domblas.



Duw i'th fendithio, Finn,
nár léige thu lá i n-éislinn
céim nach gann abhos it bhail
tall sos, fá réim go rabhair.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services