Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Log na gCeathramhan.

Title
Log na gCeathramhan.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Log na gCeathramhan.



[Tá ceapaithe againn beagán slighe d'fhágáil gach mí ag na filidhibh i slighe
ná tiocfaidh meirg ar a bpeannaibh, acht go bhfaighid Gaedhil sult agus caitheamh
aimsire as a gceapadóireacht. Do cheathramhnaibh amháin an cúinne seo, .i.
ceathramha amháin ó dhuine ar cheist. Is iomdha rud gur féidir ceathramha a
cheapadh air. Má's maith le duine é, féadfaidh freagra a thabhairt ar cheath-
ramhain dá bhfuil i gcló cheana. Athchuinghmíd ar an ndáimhéigse teacht dár
gcabhair, agus mara mbeidh spórt againn, ní lá go headarshuth é.



Taitnid na Ceathramhna le gach aon duine. Táimíd buidheach desna filidhibh
de bhárr a gconganta. Beidh fáilte roimh an uile dhuine. Tabhair-se iarracht.]




GAEDHEAL AS ÁIT.



Is cráidte do bhím ar fán óm dhúthreibh
I n-árdbhaile daoi tá lán de bhúraibh,
Níl áras do Ghaoidheal fá scáth a múrtha
Acht amháin a chroidhe chur i n-áit mór-dhúthaighe.



COLLA UAIS.



A Chluain Meala, níl madra id thómas
Ná tabharfainn seans do chun seasta i gcómhrac -
Lem láimh n-a bhaic, agus glaic n-a scórnaigh
D'fháisgfainn amach as a dhraid an stróinseacht.



DÁ CHÍCH DHANANN.



FÁILTE ROIMH CHRÚSÓ.



Tá gnúis chórach shásta
Ar úrshlógh na Dáimhe,
Agus rúnchóda ar áis aca gceapadh;
An drong mhórdha mhánla
Le fonn tógaid snáthaid
Chun dlúthshróill fé bhláthaibh do bhreachtadh
Do phlúr óghbhadh Chláir Luirc
Tig dúil nódh isna bádaibh -
Long dóibh ní foláir i gcionn tamaill -
Thar cubhar bóchna báidhte
Fé stiúir Leóghain na Láinne
Crúsó ó tháing chun baile.



TÓRNA.


L. 267


I n-am na gorta nach crosta na tréithe sin,
Gur damhas is obair don phobul soin fé Philib,
An Frangcach obann is soilbh do shéideann guith,
An Gall go ngoileann 's go gcodlann an tÉireannach.




Dáth Ó Bruadair cct.



Is iongnadh an iomaidh seo chluinim is í n-a gáir
Ag futhaibh ná fidir an bhfuilid nó ar dhíthigh bás
Re duine do geineadh i bhfine nach íseal tásc
'S do hoileadh i n-iomad de neithibh badh snaidhm ar cheárd.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services