Cath Chnoic na nOs
DO FEARADH AN 13mhadh LÁ DE MHÍ NA SAMHNA, 1647.
"Do gheobhair cloidheamh Alastruim do threascair na treóin
I gCnoc na nOs, mar ar throid an leomhan."
- Eoghan Ruadh Ó Súilliobháin cct. san "Síothó! a thoil," agus c.
"Ba bhinne leat í ag scolaireacht 'ná conairt ghadhar ar bhruach cnuic,
'Ná an ceól do sheinn Ó Conaill i Mucros go huasal,
'Ná gol na mban ar Alastrom go hatuirseach i nduanaireacht
'Ná an chuach i ngróbh cois fairrge 's í ag calaireacht i n-uaigneas."
- Sean-amhrán, .i. "An Chiúrach Mhallaithe".
FEARTLAOI ALASTRUIM.
"Trí hAlastruim rug ceannus ar an tsaogal riú -
I n-armaibh, i ngaisce mhir, ba laochda a ndúil;
I n-aigne, i n-anamsprid, i ndéanamh clú
Gan amharus ba shamhalta le chéile an triúr.
"Alsatrom on Macedon ba laochda ar dtúis;
An dara hAlastrom an seabhac mear ón nGréig ar lúth,
An treas Alastrom an marbh so is déidheannaighe phúir,
'S an ceathramhadh - ní fheadar-sa cá mb'fhéidir súd."
- Mághnus Ó Domhnaill cct.
Atá an oiread san daoine i n-ár measc i ndiu atá dall ar
inad Chnoic na nOs, nár mhuar dam, b'éidir, beagán do rádh
annso i dtosach bára mar ghioll ar an gceanntar i n-a bhfuil an
ball san. Timcheall dá mhíle fearainn soir ó Cheann Tuirc atá
sé, i bparóiste Chaisleán an Mhaingnéaraigh. Tá sé ocht míle ó
Lios Chearbhaill is ó Chill na Mullach. Ag duine de threibh
Chonaill atá sealbh an Chnoic fé láthair. Ní beag san mar chur
síos anois; beidh a thuilleadh againn ar ball.
Agus, má's beag a bhfuil d'eólus ag ár bhfurmhór i dtaebh inaid
an chatha úd, is lugha 'ná san a bhfuil d'fhios againn mar ghioll ar
an mbualadh féinidh agus i dtaebh an mhéid ba bhun leis. Ní
thagann liom insan ngearra-thuairisc seo an scéal go léir do
shiubhal den chor so; acht caithfead beagán d'innsin, chun an
scéal do chur ar a bhonnaibh, ionnus go dtuigfeadh an choitchiann-
tacht é.
Ní mór dúinn tagairt don tráth úd, mí Lughnasa i mbliadhain
a 1646. Le cúig nó sé de bhliadhntaibh, bhí Comhall Chaitlicí
Éireann ar marthain, agus a lán cathanna buailte aca ar fuaid
na dúithche. Ba liosta le luadhadh a raibh de aighneas annso is
annsúd, i bhfus is tall, ar thalamh na hÉireann; acht, fé Lughnasa,
1646, bhí an lámh uachtair san Chomhall ag an mBuiltéarach, Iarla
Urmhumhan, tré lúbaireacht is tré chama-chlis. Do rinn seisean
clé-chonnradh tar ceann Ríogh Shasana le n-a dhream féin san
Chomhall, ó badh aca a bhí an barr an tráth san. Níor thaithn an
clé-chonnradh san le héinne acht leo féin amháin. Bhí Rinuccini,
teachta an Phápa, go tréan i n-a aghaidh, agus b'é an
scéal céadna é ag easpoig is ag sagairt is ag tuaith na
hÉireann uile, acht amháin an praisimín de mhaithibh is de mhór-
uaislibh ba bhun leis an lúbaireacht, .i. cáirde an Iarla Urmhumhan.
Bhí coinghíoll de choinghíollachaibh an chle-chonnartha úd, agus is é
a bhí ann 'ná ceannus arm is sluagh an Chomhaill do bheith ag Iarla
Urmhumhan feasta. Níor bheag san, go mór-mhór an uair ná
dearnadh socrughadh ar bith chun éin-réim ná saoirse ná cead do
thabhairt do Chaitlicíbh na hÉireann i gcúrsaibh creidimh, ná chun
éin-deimhin d'fhagháil i dtaobh cirt is comhthrom do sna seana-
Ghaedhlaibh a bhí inadaithe fós i n-áitreabhaibh a sean is a sínsear.
Do bhí Iarla Urmhumhan is a chomh-lúbairí tar éis rí-rá a dhéanamh
den scéal: do loiteadar gach nídh. Bhí taoisigh Ghaedhal ar
dhearg-bhuile, nídh nár bh'iongnadh. D'aithnighdar do sna daoinibh,
féibh mar do rinn Rinuccini féinidh, gan éan-bhaint a bheith aca
leis an Árd-Chomhairle, ó ba rud é gur fheall lucht na hÁrd-
Chomhairle sin ortha. Nuair do chuir teachta an Phápa gairm-
scoile amach ag iarraidh ar gach oifigeach diúltadh don Árd-
Chomhairle láithreach bonn, do ghaibh muíntir Phórtláirge, muíntir
Chluainmeala, muíntir Luimnigh, agus a lán eile leis. D'fhógair
is do chairéal sé báthadh na hÁrd-Chomhairle, agus do chuir ar bun
Mór-Chomhairle. Acht, tar éis gach éin-scéal, b'é an cleas
céadna ag an Mór-Chomhairle - do shleamhnuigh camthaí an Bhuil-
téaraigh isteach arís. Bhí Iarla Urmhumhan féin i n-a chomhnuidhe i
gCill Choinnigh, mar a mbíodh an cruinniughadh - bhíodh a lán dá
fhuirinn ar a chomhgar; acht níor mhar sin do theachtairibh Uladh is
do theachtairibh Chonnachta is do theachtairibh Iarthair Mumhan - níor
fhéadadar-san teacht i ndáil acht go fánach, agus, dá bhrigh sin,
badh ghearr gurab é an sean-scéal do bhí aca arís. An Chomhairle
nuadh so, de rinneadar gach nídh ar tuathal: I n-inad Eoghan
Ruadh Ó Néill do thabhairt anuas agus é do chur i gceannus
mhór-shluaigh, is é rinneadar 'ná é sheoladh go Cúige Chonnacht, ar
eagla go mbeadh éan-chur-isteach aige ar na suaracháin do chuir-
eadar féin os cionn arm na nGaedhal i Laighnibh is san Mhumhan,
.i. Preston is Táth. Bhí an Niallach tar éis árd-scriosadh a
thabhairt ar na Gallaibh ag an mBinn Bhoirb tamaillín roimhe
sin .i. an cúigmhadh lá de Mheitheamh, 1646.
I ndeireadh mí Iúil, 1647, do thréig Iarla Urmhumhan is a
shluaighte Cathair Átha Cliath ar fad, agus thugadar saor-chead do
shlógh Pharlimint Shasana chun áitighthe innti. Ó'n ló san, do chuaidh
neart Gall i dtreise, go dtí gur bhuadhadar caoch ar Ghaedhil
Laighean ag Cnoc Dhungáin an sémhadh lá de Lughnasa, 1647. Dá
dheascaibh san, do tugadh Eoghan Ruadh tar n-ais ó Chúige Chonn-
acht, agus do chuir seisean is a shluagh fútha i n-aice Áth Truim ar
feadh mí is ráithe - rud a chuir scannradh go leór ar Ghallaibh,
mar ní leogfadh eagla dhóibh a n-arm i gCúige Laighean do lagh-
dughadh, ná éan-chuid de do sheoladh go Cúige Mumhan chun cabh-
ruighthe le Gall-tsluagh an Deiscirt. Ní beag linn de chomhartha
ar uamhan Ghalla-fhóirne Átha Cliath roimh Eoghan Ruadh an tráth
úd, an cur-síos do rinn duine aca féin an uair a bhí Eoghan chuca
bliadhain roimhe sin. Seo aistriughadh ar leitir do scríobhadh i
nÁth Cliath an trímhadh lá de Mhéadhoin Fhoghmhair, 1646:
"Tá an áit seo níos contabharthaighe anois ioná mar a
bhí éantráth is cuimhin liom-sa ó 23 Oct., 1641, aleith, mar
atá Eoghan Ó Néill agus sé mhíle fear de mhór-shluagh
aige ag Fiodh an Átha, mar seo, agus a dtreó chughainn-na.
Ní cabhair dúinn, mura gcasaidh láithreach ár sluagh-na
atá imthighthe le seachtmhain fí dhéin Chill Choinnigh chun luighe
i gcoinne teachtaire an Phápa."
An lá i n-a dhiaidh san do scríbh an lámh chéadna leitir eile, agus
seo mar adubhairt:
"Tá Eoghan Ruadh agus líon a hocht míle aige, idir
marcra is coisidhthe, ag Fíodh an Átha ón Mhárt so d'imthigh
thorainn, agus a dtreó annso. Agus ag Dia atá a fhios
ná faighmís-na seasamh i n-a gcoinne ar feadh ceithre
huaire fichead dá mbeadh gan bheith aca acht dhá mhíle;
act, thairis sin féin, tá dhá mhíle eile de mhuíntir Chill
Mhanntáin ag bogadh chun cabhruighthe leó."
Ní beag soin mar dheimhin ar an scannradh croidhe a bhí ortha roimh
Eoghan Ruadh Ó Néill, agus nár bh'é an truagh é gur bh'é siúd an
t-aon-taoiseach amháin nár theastuigh ón lúbaire sin, Iarla Ur-
mhumhan, é chur i n-árd-cheannus ar arm na nGaedheal? Agus bhí
meas mór sa Mhumhain ar Eoghan - rud is léir ó'n rann so ó
láimh an Chaptaein sin, Piaras Feiritéir:
"Má's é leóghan cródha Gaedheal i gceart
Do bhéarfas fód glan Fódla fé n-a smacht,
A bhfaice-si, a stócaigh chróin, noch téidh thar lear,
Beir chum Eóghan Mór Ó Néill an ghlac."
Ní bhfaghadh éan-seana-Ghaedhal, dá mhéid cáil, cae ón mBuil-
téarach ná ó n-a chó-lúbairíbh, Iarla Chlann Riocaird (Búrcach) is
an tIarla Diolún. Do chuireadar san go léir i bhfad níos mó
suime i gcúrsaí Ríogh Shasana ioná mar do chuireadar i gcúrsaíbh
Gaedheal ná i gcúrsaibh na hÉireann. Normánach gan mhaith, dar
bh'ainm is sloinne Tiobóid Táth, ó Chonnachtaibh, do chuireadar
mar cheann ar shluaightibh na Mumhan, agus chífam ar ball cad a
fríth de dheascaibh an droch-thoghtha san.
Do b'éigean dam an méid sin do chur síos chun go dtuigthí
an chuid eile dhem chunntus i gceart.
Seo sinn anois sa Mhumhain i mbl. a 1647. Murchadh Ó Briain,
Iarla Inse Uí Chuinn, .i. Murchadh na nDóighteán, a bhí i gceannus
Gall san chúige an tráth san. Bhí sé tar éis creachadh is milleadh
is réabadh a dhéanamh i gcondatethibh an Chláir, Luimnigh, is Thiobrad
Áran, agus do bhí a shluagh tar éis scór sagart do dhúnmharbhadh i
gCaiseal na Rígh. Do b'éigean do Tháth bogadh i n-a choinne fé
dheire, agus b'in é thug an scéal chum críche i mí na Samhna, 1647.
I gCeann Tuirc do chuir sluaighte an Chomhaill fútha le
haghaidh an bhuailte. Do ghluais Murchadh is a shluagh ó Chorcaigh
go Malla an trímhadh lá de mhí na Samhna: ní raibh de rogha ná
de mhalairt aige acht troid nó gorta. Do bhogadar chum róid
ó Mhalla an dara lá déag den mhí, agus ní hé an bóthar mór
réidh (dá ngairmthear anois "The Navigation") do ghabhadar,
acht bóthar aimhréidh curaiceach cumhang .i. trí Chill Mhaclainín, nó
trí chonair Bhaile na gCloch; acht is deimhin gur ghabhadar tré
Baile Áithín, agus tá éan-rud amháin eile dearbh .i. gur chaith-
eadar an oidhche sin i gcoill ar an nGarra Dhubh, i dtreo go
dtiocfaidís adtuaidh ar Chnoc na nOs. Cheithre míle ceithearnach
coise agus dhá chéad marcra a líon - sin é a n-áireamh féin.
Maidir le Táth is a shluagh: do shuidheadar gach nídh i dtreó
ar thaobh Chnoic na nOs, nó treasna an chnoic ar an dtaobh thuaidh
is ar an dtaobh thiar; acht nár bhacadar i n-éan-chor le duine do
chur ar an gcúinne ab aoirde - ní raibh gádh leis, mar ní bhfaghadh
sluagh Mhurchaidh teacht annsúd, bhí an fánadh chomh mór is comh
doimhinn sin. Seacht míle, cheithre chéad, seascad is a ceathair
(7,464) ceithearnach coise a bhí ag Táth, agus míle sé is seacht-
mhoghadh (1,076) de mharcra. De Chonnachtaibh ab eadh dhá dhíorna
(regiments) dhíobh san, agus Albanaigh is Ultaigh dhá dhíorma eile
a bhí fé cheannus Alastruim Mac Domhnaill, mac Colla Chiotaigh.
Dhá mhíle slíghe a bhí idir an dá shluagh an oidhche roimh ré. Do chuir
Murchadh scéal ag triall ar Tháth ag baint le cúrsáibh cogaidh;
acht do rinn seisean moill éigin gan freagra do chur chuige ar
an leitir rin, de dheascaibh gan a chuid ordnáis a bheith ullamh
aige. Do chuir sé an freagra chuige, ámhthach, an tráthnóna
céadna go dtí an Garra Dubh, agus do scríbh Murchadh ath-
fhreagra chuige gan mhoill, dá rádh leis do gcuirfidís socrughadh
gach aighnis ar cáirde go ló. 'Sé theastuig ó Mhurchadh ná Táth
is a shluagh do theacht leath-shlighe fé n-a dhéin agus Cnoc na nOs
do thréigean! Acht, cé go raibh Táth baoth go leór, dom
thuairm-se, ní raibh sé chomh aimideach agus an tairiscint sin go
ghlacadh ó n-a dhearg-namhaid. B'in é an connradh leanbhaidhe do
cheap mo Mhurchadh shímplídhe do dhéanamh maidean an bhuailte .i.
Dia Sathairn, an 13° lá de Samhna, 1647; acht níor chuir Táth
de fhreagra uaidh acht freagra béil leis an ngiolla, dá chur i
n-iúl ná raibh sé chomh éigcialldha san agus an méid sin a
dhéanamh air, gur ro-shuarach an saighdiúir ná déanfadh áis d'éin-
leath-chuma a rángóghadh aige ar namhaid, agus ná raibh amhrus
aige ná gur mar sin a dhéanfadh Murchadh dá mbadh aige a bheadh
an chae.
Dá dheascaibh san, bhí ar Mhurchadh is a shluagh teacht dhá mhíle
shlíghe chun an chnuic fé n-a ndéin. Gearra-ghunnaí nó gunnaí
glaice (muscaedaí) an t-arm a bhí ag dhá dtrian a lín choise.
Trí chuid do rinn sé dá shluagh ag dul ag triall ar an gcnoc
dó. Chuir Murchadh sé dhreamanna de mharcra i bhfochair a chlé-
roinne agus seacht ndreamanna marcra mar theannta leis an
ndeas-roinn, agus tacaí le gach roinn díobh. Ní féidir innsint
go cinnte cad é líon láir a bhí aca, acht is eól dúinn go dian-
mhaith gur bh'é Lt.-Col. Crispe bhí mar cheann ar an bhfórsa coise
a bhí ag Murchadh mar chúl báire. Col. Sir Wm. Bridges an
ceann urraidh ar an ngéig chlí - cloisfeam tuilleadh i n-a thaobh
ar ball. I lár baill a shluagh a bhí Murchadh féin, agus ar an
ndeas-roinn bhí Col. Temple mar cheann. B'in é an córughadh a
bhí ar shluagh na Parliminte ag Cnoc na nOs.
Níor mhar a chéile - ná i n-éin-ghoireacht dó - suidheamh ná
socrughadh arm an chomhaill ar fhíoghar is ar thaobh an chnuic. Bhí
naoi mion-roinnte aca, maidir le n-a gcuid coisidhthe - foirne
na Mumhan féinidh i lár baill, fí stiúir Iarla Chaisleán Ó gCon-
aing; ar a dtaobh deas san bhí Alastrom mac Colla Chiotaigh
Mac Domhnaill agus a thrí dhíormaí (3,000) d'fhearaibh a chine ó
Ultaibh is ó Albain, agus taobh leo san, mar chúl báire, bhí an
Puirséalach (captaein) is a dhó nó trí de dhíormaíbh dhe mharcra
aige. Ar aghaidh sluagh Sir Wm. Bridges a bhíodar an fhuireann
so Alastruim, .i. an deas-roinn de chabhair na nGaedhal, agus
clé-roinn Gall i n-a gcoinnibh. Ar an gceann eile den gcnoc,
i gcoinne Temple is a fhoirne, bhí suas le cheithre mhíle coisidhthe
ó Chonnachtaibh, fé cheannus Táth, agus bhí cúl dhá dhíorma de
mharc-shluagh aige.
B'in é riar an dá thaobh i gcomhar an chatha, agus ba dheacair
thar barr an cruinn-eoluis d'fhagháil ó sna cunntuisíbh atá scríobh-
tha annso is annsúd. B'é an trímhadh lá déag de mhí na Samhna
é, agus tá sé ráidhte nár theastuigh ó Alastrom tosnughadh ar
an ngléo an lá san, mar nár bh'ádhmharach aige riamh an reann úd
Saturn - b'éidir gur thug sé géilleadh do phiseógaibh. Ní fios
dam fé láthair an raibh piseógacht an "trí déag" i bhfeidhm i
nÉirinn an tráth san, acht is dócha go raibh.
"Dia is Pádraig" an focal faire bhí ag Gaedhlaibh; "Vic-
tory" bhí ag na Gallaibh.
Bhí socair ag Tháth fanamhaint i seilbh an chnoic, mar a raibh
aige; bhí an ghaoth féin go taithneamhach. Bhí áis gach nídh aige, acht
amháin cródhacht ionn féin agus i gcuid dá shluagh.
Thug Murchadh fé ndeara go luaith go raibh na Gaedhil ró-
líonmhar dó fé fhearaibh, cé gur lucht pící a lán díobh-súd, agus
chonnaic sé go cruinn go raibh togha inaid aca. Dá bhrígh sin,
d'órduigh dá chlé-roinnt (an dream bhí ar aghaidh Alastruim)
gabháil beagán chum tuathail, isteach i dtalamh branair a bhí ann
dá leogaint air go raibh sé ar aigne casadh ar chúlaibh dheas-
roinne na nGaedheal, agus thug órdughadh dá chlé-roinnt gluais-
eacht chum tuathail, amhail is dá dteastóghadh uaidh na Gaedhil
d'ionnsuidhe annsúd amháin le lán a shluaigh. Ar eagla an
bhuailte ar a gcúlaibh, nó go mbriseadh an trom-shluagh isteach
ortha i n-aon inad amháin, d'aistrigh foirne Gaedhal ó sna hinad-
aibh a bhí ceapaithe i n-a gcomhair, agus, nuair d'iompuigheadar
chum deisil i gcabhair dá gcáirdibh, bhí an leath-chuma nach mór
imthighthe gan éifeacht; ba mhar a chéile annsan é ag gach taobh
maidir leis an ngaoith, agus do b'usaide do Ghallaibh an cnoc
do chur díobh.
Do chuir Murchadh dhá gunna móra ag caitheamh pléar i
gcoinne Alastruim is a bhuidhne, ionnus go ritheadh Gaill - idir
mharcra is coisidhthibh - ortha isteach, dá rángóghadh éin-iomrall do
Ghaedhlaibh dá dheascaibh. Nuair a bhreathain na Gaedhil go rabhthas
ag dul go géar ortha ar gach taobh, do luigheadar chun an
bhuailte i ndáríribh.
Do chrom Alsatrom is a shluagh ar an léasadh, agus níor
léasadh go dtí é - sin é an innsint do rinn na Gaill féin ar
an scéal an lá céadna, agus i gcur-síos eile dá ndearnadar
trí lá i n-a dhiaidh san. Do ghaibh Alastrom agus a chuid fear
tré chlé-roinn na Gallafoirne féibh mar a gheobhadh seabhac tré
scata míon-éan; do rinneadar neimh-nidh dhíobh, is do threascradar
ar an láthair sin na cinn urraid bhí i n-a n-aghaidh, .i. Sir Wm.
Bridges, Col. Gray, Major Browne, Sir Robert Travers agus c.
Do chuir Alastrom an ruaig glan ar an namhaid a bhí os a
chomhair, agus do mhairbh tuairm míle duine aca le faobhar
claidheamh, mar ní túisce a chaith fuireann Alastruim urchar nó
dhó an duine ná mar do theilgeadar uatha a ngunnaí glaice is
ghabhadar pící is cleath. Ní'l éanamhrus ná gur theich na Gaill le
n-a n-anam rómpa; tá an méid sin admhuighthe aca féin go
doiléir, agus i n-a theannta san, gur sháruigh Alastrom dhá
ghunna dá ngunnaí móra. Acht is deacair a chreideamhain nár
chaill Alastrom acht cúigear fear san bhfoghah úd, go mór
mhór má lean sé an namhaid trí mhíle do shlighe ón láthair sin.
Ní misde a rádh, amthach, ná go ndeárna sé éirleach thar barr
ortha is gur chuir sé scannradh an bháis ar an méid den chlé
roinnt do rug a n-anam slán leó. Do shaoil sé, nídh nach
iongna, go raibh an lá le Gaedhlaibh, acht caithfeam an chuid eile
dhen gcluiche do shiubhal, féachaint cionnus a dh'éirigh leis an
gcuid eile, agus casfam arís ar Alastrom.
Nuair thug Murchadh fé'n dream láir so na nGaedhal -
Muimhnig ab eadh iad uile, agus Iarla Chaisleán Ó gConaing
mar cheann ortha - ní dheárnadar acht urchar nó dho an duine
do chaitheamh, agus as go bráth leo, fí dhéin na mbailte sin
Ceann Tuirc, Áth Treasna is Lios Cearbhaill. Bhí Táth féin
chomh deithsionach le cách ag fágaint an inaid, agus Lt. Gen.
Purcell is Col. Ó Gráda le n-a chois. Níor dheachaidh Murchadh
ná puinn dá shluagh i ndiaidh an dreama san na droch-mheanman,
agus ní dócha gur cailleadh thar cúpla céad aca ar fad ó thúis
go deireadh. 'Sé an tuairisc atá amuigh ortha ná gur gaibh
a marcra tosach ar a gcoisidhthe ag triall dóibh i gcoinne na
nGall agus gur caitheadh na ceathanna mion-philéar leis an
marc-shluagh sin ó chloidhe mar a raibh dream de Ghallaibh fé scáth,
i slíghe gur shatail na capaill ar na coisidhthibh a bhí dtaobh thiar
díobh. Do chuir an tiubaist sin amugha an cliathán clé, ionnus
gur theicheadar uile idir choisidhthibh is mharcra .i. a raibh de
choisidhthibh san roinn chlé is san roinn láir agus a raibh de
mharcra ar an roinn chlé, (fé cheannus an Phuirséalaigh?). Níor
lean san tóir iad acht fíor-bheagán de mharcra Mhurchaidh.
B'in dá dtrian de sluagh na nGaedhal imthighthe, ruaighthe,
scáinte, gan éin-dhíthcheall do dhéanamh. B'é tuairim a lán gur
bh'amhlaidh do rinn Táth agus na chomh-chinn a bhí aige i lár buill an
chatha, agus san sciathán clé, an feall-bheart i nglan dáiríríbh .i.
teicheadh leo féin gan fáth, agus Alastrom Mac Domhnaill is a
thrí dhíorma do leogaint annsúd sa chliathán deas, chum seasaimh
i n-a n-aonar i gcoinne lán-tshluagh Mhurchaidh na nGall. Fillfeam
ar an gcúrsa san arís má bhíonn an chae is an uain againn.
D'éis an ruagtha úd an láir is chlé-chliatháin Ghaedhal, do chas
Murchadh go sásta chun tuaithil, acht cad é mar scéal é! Bhí
an roinnt sin dá shluagh scaipthe, brúighte, briste, míle duine
aca treascartha ag fuirinn Alastruim, agus Mac Domhnaill
féin agus mórán dá chuid fear ag tóruidheacht an tsluaigh Gall
a bhí tar éis teicheadh.
Féibh mar adubhart cheana, do cheap Alastrom go raibh an lá
le Gaedhlaibh - gur éirghidh le n-a cháirdibh chomh geal is mar
d'éirghidhleis féin, mar ba cheart dóibh dá ndéinidís an iarracht.
Acht, mo chreach chráidhte! ní mar sin do bhí an scéal, acht gach
duine riamh aca tar éis teichthe. Tá sé ráidhte gur thug Táth féin
iarracht chum a chuid fear do stuanadh ar láthair an bhuailte,
agus gur mhairbh sé roinnt éigin aca le n-a chloidheamh; acht is
deacair an scéal san a chreideáil, ós rud é gur ghread sé an
bóthar chomh dian is a bhí ann a dhéanamh go dtí gur shrois sé
cathair Luimnigh, agus adharca is stuic aige 'á séideadh, díreach
mar a bheadh ag taoiseach a bhí tar éis gaisce an domhain do
dhéanamh!
Ar filleadh do Alastrom is a laochradh chum an inaid i n-a rabh-
adar i dtosach, tar éis dóibh ceann na láimhe clí den namhaid do
ruagadh is do lán-chloidhe, d'ionnsuidh furmhór shluagh Mhurchaidh é,
mar níor fhiadhachadar na teichmhaigh san tóir. De réir mar
fhéadaim déanamh amach, trí mhíle fear líon Alastruim ag
tionnscaint an bhuailte ar maidin an lae ghil sin. Annsan do
thárla an chuid ba dhéine den ngleó. Do thug Murchadh anuas an
sluagh coise a bhí i dtaisce aige san roinn láir agus ar an
gceann deas, agus marcra mar an gcéadna ná raibh éan-bhaint
aca leis an gcoimheascar go dtí san. Is ar éigin do deargadh
ar Alastrom is ar a bhuidhin chródha go dtí an tráth san - bhí an
lá leo i gcoinnibh Gallafoirne na láimhe clí a bhí i n-a gcomhair;
ar admhughadh na nGall féinidh, bhí na gunnaí móra i seilbh
Alastruim ar feadh abhfad - ar feadh uaire chluig adeir
ughdar áirithe. De réir gach deallramh, bhí beirt ag Murchadh
i n-aghaidh an duine ag Alastrum san choimhghleic deiridh
seo. Ní raibh uain ag fuirinn na nGaedhal a ngunnaí móra
do líonadh ath-uair, bhíodar chomh deimhinitheach san go raibh
Murchadh ruagtha, nuair do ling an mór-shluagh ar mullach
cinn ortha. 'Sé deir gach cunntus is tuairisc 'ná go
ndéarna Alastrom árd-thuargain is treascairt ar an machaire
sin, mar bhí sé "chomh groidhe láidir d'fhear is d'iomchur cloidheamh
clais-leathan san ré úd, agus bhí an oiread san de ghaisce ann
i dtorann treathan-gharbh na troda is gur bh'ionáirithe é ar mhor-
thaoiseachaibh na hEórpa dá mbeadh a ghliocas is a ghaisce de réir
a chéile."
Bhí ár is éirleach ar an bpaiste sin; is beag tuairisc againn
ó éan-taobh ar an dtreascairt, acht chuaidh an lá ar an iarmhar
san de Chlannaibh Gaedhal bhí fé cheannus Alastruim, agus do
marbhuigheadh é féin chomh maith, cé nach ró-chruinn atá scéal
a mharbhtha againn sna tuairiscí, rud a thráchtfam ar ball. Do
cailleadh timcheall dhá mhíle de shluagh an Chomhaill i gCnoc na
nOs, cé gur áirmhigh Murchadh féin níos mó, ag sgríobh' dó ag
triall ar Lenthall, Spéicéir na Parliminte, ar an 18° de mhí na
Samhna, 1647, chúig lá tar éis an bhuailte, ó áit dar b'ainm Gort
na Tiobrad. Sidí a chaint: - "Ní dóigh liom gur chailleadar os
cionn trí mhíle, mar níor sheasaimh an troid éan-fhaid; agus
muna dtráchtainn ar na trí díormaí de shluagh coise a bhí i
gceannus Sir Alastrom Mac Domhnaill, an chuid eile aca
chuireadar díobh chomh mear agus bhí i n-a gcosaibh, tré choilltibh is
tré churraighthibh fé dhéin Cheann Tuirc, Áth Treasna is Lios Cear-
bhaill."
Cé go n-abraid na tuairiscí Gallda gur bheag an easnamh
fear do thárla do shluagh Mhurchaidh de dheascaibh oibre an lae sin,
ní dócha go ndeachadar as gan míle duine ar a laighead,
do chailleamhaint. Do síneadh deichneabhar nó dosaein dá
dtaoisigh de réir a gcunntus féinidh, agus do goineadh is do
leónadh tuille aca: Gabhadh bheirt oifigeach eile i n-a bpríosún-
aighibh, agus ó ba rud é gur ghaibh na Gaedhil príosúnaigh
mar sin, ní fuláir nó go raibh bail éigin ortha san bhualadh agus
i ndeireadh na dála féin. Bhí raith go leor ar Alastrom is ar a
shluagh sa chéad dul, fí chomhair na láimhe clí de shluagh Mhurchaidh.
Tá sé dearbhuighthe san scríbhinn go raibh Alastrom ar thulaigh
bhig i leath-taoibh ó n-a fhuirinn (tar éis dó marbhadh tiugh do
dhéanamh ar Ghallaibh agus an ghlan-ruaig do chur ortha), d'fhéachaint
cionnus mar a bhí an scéal ag Gaedhlaibh ar an taobh eile de mhach-
aire; go dteagmhuig cheithre dhuine dhéag de mharcra an namha air,
ar a chasadh dhó; gur dhiúltuigheadar san taise dhó; gur mairbh sé
ceathrar aca ar an láthair sin, agus gur sháith duine eile aca
é i bhfeall-bheart an fhaid is bhí Alastrom ag plámás leis an
gcaptaein a bhí ortha, gur thuit an tréan-taoiseach i n-a chnap,
marbh. Ní mór ná gur mar a chéile an innsint sin agus seana-
chuimhne na ndaoine, mar adeir go raibh Alastrom ag filleadh ar
a shluagh nuair a rug cúigear de mharcra an namhad air is gur
ghabhadar i n-a chime é, go raibh sé ag gabháilt thar sruthán ag
Áth an Taoisigh ar dtaobh thiar den mhachaire, gur chrom a chapall
a cheann chun ólta, agus gur sháith duine den ngárda san an
treón nuair a fuair an lom air tré bheárnain a chonnaic sé
san lúireach. 'Sé deirid na daoine ná gur "Samuels" sloinne
an chladhaire bheitheamhnaigh do rinn an feall san, agus go raibh
an sémhadh glún uaidh fear dar bh'ainm is sloinne Tadhg Ó
Ceallacháin (Tadhg Chinn Tuirc a leas-ainm) i n-a sclábhuidhe
i gceanntar Dún ar Aill, dathadh bliadhain óchoin. Dubarthas,
leis, go raibh stáit bheag ag Samuels is ag a shliocht i n-a dhiaidh,
i n-aice Rátha Luirc, acht gur chailleadar í, is go bhfuil a
shliocht san dúthaigh sin indiu.
Tá seana-rádh san nGaedhilg go mbíonn dhá innsint ar
scéal, acht sáruigheann scéal mharbhtha Alastruim an méid
sin mar tá dhá innsint eile i n-a theannta san air! Is é adeir
innsint díobh san ná gur ghéill Alastrom dá namhad é ghabháil
i n-a ghéill, mar gur léir dó a líon fear ag dul i bhfánaigheacht
sa choimeascar le neart tuargain is éirligh, agus gur ghaibh
captaein sa mharcra (Purdon a shloinne) i dtaobh thiar de
is gur sháith cloidheamh tré chorp an mhear-laoich - beart a bhí
bun-os-cionn le ceart-riaghlachaibh cogaidh is cinidheacha. Deir
tuarasgabháil do scribh oifigeach do bhí i n-arm na nGall go
bhfuair Alastrum agus ar ghaibh leis anacal ó Choronet (? Ó
Gráda) de mharcra Mhurcaidh, acht go dtáinig ar an bhfód ar
an nóimeant déair Major Purdon is gur fhiosruigh den gCoronet
cé dhó gur thug sé taise, agus ar fhagháil an chunntuis gur
ghaibh fearg buile é is gur chuir sé piléar láithreach bonn tré
cheann Alastruim, fear a bhí fí chúram is choimirce an Ghrádaigh,
agus gur mar sin a cailleadh Alastrom mac Cholla Chiotaigh Mic
Domhnaill. Deir an finné céadna go bhfuair Purdon tuilleadh
gradaim de bharr na gráin-bheirte sin mar go ndeárnadh
Baronet de, gur throid an Coronet úd leis gach bliadhain
ar feadh seacht mbliadhna d'fhonn díoghail, acht gur theip air
gach uair, agus gur mhóide an truagh san.
An Abha Bheag ainm an tsrotha i n-a bhfil Áth an Taoisigh,
acht Abha Átha Soluis an ainm choitcheann atá air indiu. Cé
gur "Cnoc na nOs" a thugtar ar inad an chatha, is dearbh gur ar
an mbaile fearainn sin "Leaca Liath" a fríth furmhór an ghliadh,
agus tá ainmneacha fé leith ar bhallaibh áirithe, mar atá Clais an
Chogaidh, Páirc na hEachraidhe agus c., agus tá Páirc an Chamtha
ceathramhadh míle shlighe i dtaobh thoir-theas de Chill Bhroin, mar ar
shuidh Murchadh a chamtha d'éis an bhuailte, ar feadh lae nó dhó.
Taobh thall d'Abha Bhig do cuireadh corp Alastruim i n-úir, ag
an gcúinne thiar-theas de gháirdín a ghaibh le gabháltus an
Phuirséalagh, fear ag a raibh sealbh na háite úd, .i. Ráth Meachair.
Tá crann mór fuinseóige ag fás indiu os cionn an bhaill i n-ar
leagadh an corp agus i n-ar fhágadh é ar feadh trí lá is trí
oidhche, go dtí gur beireadh é go Reilig Chluainmhín fén mhór-
urraim badh dhual dá chrú is dá chlú. Do leagadh an corp fé
dheóidh i dtuamba na gCeallachánach mór. Donnchadh Ó
Ceallacháin na Cluana Míne fé ndear an nidh sin. An chuid
eile do treascradh sa ghléo do rinneadh iad d'adhlacadh mar
ar thuiteadar agus do nochtadh roinnt cloidhmhte, spor, etc., ar
an láthair ó am go ham. An Maolánach, an té bhí i seilbh na
háite tamall óchoin, thárla dá chuid fear, uair agus iad ag
rómhar, cnámha corp daonna, acht stadadh den obair, láithreach.
Mairfidh cáil Alastruim sa Mhumhain. Badh mhór an náire
is an truagh dá dtéidheadh a chuimhne ar ceal. Is maith is cuimhin
liom féin an port úd "Máirseáil Alastruim" do chlos ag na
seandaoinibh agus ní dócha go rabhas os cionn trí bliadhna dh'aos
nuair a chonnac fear de sna comhursnaibh ag déanamh an rinnce
a ghabhann leis an gceol. Badh mhór le rádh ag ár sinnsear
"Cloidheamh Alastruim": féach i mbrollach an aiste seo, an
leath-rann sin Eoghain Ruadh Ó Súilleabháin ag geallamhain don
leanbh go bhfaghadh sé an t-arm meillteach san.
Ba liosta le luadhadh a ndeárna Alastrom de ghaisce i
n-a dhútha féin .i. Alba. De shliocht Iarlaí Aontroma ab eadh é.
Nuair ná géillfeadh sé don gConnradh (nó Covenant) do b'éigin
dó teicheadh ó sna hOileáin go hÉire, mar a ráinig sé i mbl. a
1639, ag Aontruim. Dhá bhliadhain i n-a dhiaidh san, do chlaoidh sé
le sluagh an Chomhaill, acht ní chualathas puinn i n-a thaobh go dtí
gur ghaibh sé cuan Phortláirge amach (ón bPasáiste) an 27° lá
de Mheitheamh, 1644, le trí cinn d'árthaighibh is pinnace, le sé-chead
déag fear. Do ghabhadar tír i dtráth ag Rinn Áird na Murdhúchán
i nAlbain. Rugadar buadh i dteannta Mhontrós ag Tobar
Muire, agus do bhuaileadar cathanna i gcoinne lucht an Chonnartha
ag Aberdeen, Inbherlocha, Cillsioth, agus c., agus c. Tá a lán scríobhtha
ag Scott agus ag Napier i dtaobh a ndeárna sé i nAlbain ar
feadh trí bliadhna, acht bíodh san mar atá. Do chas ar Aontruim
i samhraidh na bliadhna 1647 is do rinneadh leas-thaoiseach de ar
shluagh an Chomhaill.
Badh mhór an chailleamhaint é thuitim i gCnoc na nOs, creach
do thárla dhúinn tré mheaithteacht Táth. Dá ndéineadh Táth agus
a shluagh seasamh dána, agus cuidiughadh le hAlastrom bhí an lá
le Gaedhlaíbh agus Cúige Mumhan ar fad fé n-a gcoimirce is fé
n-a dtearmoinn. Admhughadh na nGall féinidh atá againn leis
an méid sin. Acht bhí i ndán dúinn an lá do chailleamhaint is
ní maitheas a bheith dá chaoineadh indiu.
Bhronn an Pharlimint míle púnt ar Mhurchadh agus deich míle
púnt ar an arm. Acht níor bh'fhada i n-a dhiaidh san gur ghaibh
Murchadh atharrach bóthair - chuaidh sé ar thaobh na Coróineach, i
gcoinne na Parliminte! Cladhaire críochnuighthe bitheamhnaigh ab
eadh é, cé gur dhe shliocht Bhriain é agus dhe chreideamh na nGaedhal.
D'fhéadfaí a lán do rádh i dtaobh an chatha seochas a bhfuil
ráidhte ins an aiste seo, acht, don chor so, is leór a shuidheamh
gur thinn dubhach dubh dolásach an lá d'Éirinn é.
AGUISÍN.
Sid iad na gaeallamhna do thóg Murchadh:
Co. Raghnall Mac Domhnaill; Lt. - Col. Mac Con Mara;
Major Seán Ó Faoláin.
Captaein:
Gearóid Mac Muiris, An Puirséalach, Aedh Ó Ceallaigh, Éamonn de Búrc,
Piarus Breathnach, Roibeárd Suipéal, Giolla Riabhach Ó Briain, Mac Con Mara,
Donnchadh Ó Briain, Domhnall Mac Con Mara, Finghín Mac Carrthaigh, Donnchadh
Mac Carrthaigh, Seán Mac Con Mara, Risteárd Feiritéir, Liam Builtéar,
Tiobóid Builtéar, Roibeárd Mac Murchadha, Alastrum Mac Siacuis, Mac
Lochlainn, Liam Ó Dúbhda, Farriah Ó Domhnaill, Aonghus Ó Domhnaill, Seán
Ó Domhnaill, Art O Luingsigh, Marcus Mac an Astair, Aedh Ó Connchubhair,
Domhnall Ó Súilleabháin.
Lieutenants:
Tomás Hellihed, Pádraig Ó hÓgáin, Conn. Mac Con Mara, Conn. Ó Briain,
Éamonn Mac Suibhne, Maghnus Mac Donnchaidh, Seán de Búrc, Olibher Dignum,
Tomás Builtéar, Liam Ó Ceallaigh, Aengheas Ó Dúbhlaigh, Tadhg Ó Donnchadha,
Ó Duibhir, Daltún, Ionnsadún, Mac Stiabhna, Cinnéide Ó Briain, Brian Mac
Craith.
Ensigns:
Tomás Mac Muiris, O hAnnracháin, Lillis, Proinsias Gordon, Éamonn
O Gráda, Donn. Mac Mathghamhna, Domhnall O Nialláin, Domhnall Mac Coda,
Lochlan O Ceallaigh, Liam Hodnae, Donn. O Brughadha, An Baróideach, Seán mac
Domhnaill Mac Carrthaigh, Domhnall de Búrc, Seán O Corcraigh, De Léis, Seán
de Búrc, Éamonn de Búrc.
Cornets:
Seán Mac Gearailt, An Puirséalach.
Quartermaster:
Risteárd Mac Síoghradha.
D'uaislibh na Dúithche:
An Puirséalach, Criostóir Puirséal, Stiabhna Brúin, Seán Novy.
"Síoghra Dubh."
Tá ar gcara Tomás ó Rathaille ar a laethibh saoire fé láthair, agus fágann
soin sinn gan aon chuid de "Shíoghra Dubh" san uimhir seo. Leanfar dhe an mhí
seo chughainn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11