Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fraoch agus Fionnabhair. II.

Title
Fraoch agus Fionnabhair. II.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Mag Uidhir, Art
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Fraoch agus Fionnabhair.



ART MAG UIDHIR d'atharruigh as an SeanGhaedhilg.



"Sé bhur mbeatha," ars' Oilioll agus Meadhbh.



"Sin é bhí uainn," arsa Fraoch.



"Nár thuras ar imreas é," arsa Meadhbh.



Chuaidh Meadhbh agus Oilioll ag imirt fithchille 'na dhiaidh soin.
Chuaidh Fraoch ag imirt fithchille le fear dá mhuinntir féin. Ba
bhreagh an fhithcheall í. Clár fionndruine ann agus uilleanna óir.
Cuinneall do chloich luachmhair ag déanamh soluis dóibh. Ór agus
airgead an fhuireann do bhí ar an gclár.



"Cuiridh biadh i gcóir dos na fearaibh!" ars' Oilioll.



"Ní hé is saint lium," arsa Meadhbh, "acht dol ag imirt na
fithchille thall le Fraoch."



"Téire chuige - is cuma liumsa," ars' Oilioll.



D'imir Meadhbh agus Fraoch an fhithcheall annsoin.



Bhí a mhuintir sin, ámhthach, ag cuir an fhiadhaigh i gcóir.



"Seinnidís do chruitirí dhúinn," ars' Oilioll le Fraoch.



"Seinnidh!" arsa Fraoch.



Bhí málaí de chroiceann madraí uisge timcheall na gcrot, fé
imdhéanamh d'ór agus d'airgead. Seiche fearbóg úmpa leithisdigh,
agus é chomh geal leis an sneachda. Bruit línéadaigh ar dhath na
géise um na téada. D'ór agus d'airgead agus d'fhionndruine
a bhí na crota déanta, agus dealbha nathrach agus éanlaithe agus
gadhar ortha i n-ór agus i n-airgead. Mar do ghluaiseadh na
téada soin do ritheadh na dealbha son timcheall na bhfear
máguaird.



Seinneadh dóibh 'na dhiaidh soin go bhfuair dáréag de mhuintir
Oilealla agus Meidhbhe bás le gol agus brón. Ba chaoin agus
ba bhinn an triúr so: ba chaoine 'ná an Uaithne féin iad. Siné
an triúr oirdhearc - triúr dearbhráthar a dtriúr - Geantraighe
agus Goltraighe agus Suantraighe. Bóinn as cnuc na sidhe,
máthair an trír, agus is don cheól do sheinn an Uaithne, cruit
an Daghdha, ainmnighthear an triúr. Nuair a bhí an bhean i dtinn-
eas cloinne, ba gol agus mairg leis an gcruit le nimh na bpian


L. 205


i dtosach. Ba gean agus gáire do thug sí ar meadhón le lúthgháir
an dá mhac do bhreith. Ba suan agus síothchántachd do sheinn sí
leis an mac déadhnach ar thruime na breithe; agus is de do
hainmnigheadh trian an cheóil. Do dhúisigh Bóinn as a codladh 'na
dhiaidh soin.



"Gabhaimse," ars' í sin, "led thriúr mac, a Uaithne an
sbleódair!"



Do stadadh den tseinnim i dteigh an ríogh.



"Is uasal do tháinig" arsa Fearghus.



"Roinnidh dhúinn" arsa Fraoch lena mhuintir, "an biadh tháinig
insa teigh!"



Chuaidh Lothur ar lár an tighe. Do roinn sé ortha an biadh ar
dheárnainn. Do roinneadh sé gach sbóla lena chlaidheamh, agur ní
bhaineadh sé féin le croiceann ná feóil. Ó ghabh an fear soin
rannaireachd, níor thuit biadh féna láimh riamh ag roinnt.



Bhíodar trí lá agus trí oidhche ag imirt na fithchille, Meadhbh
agus Fraoch, le iomad na gcloch luachmhar do bhí aige luchd tighe
Fhraoich. 'Na dhiaidh sin, do labhair Fraoch le Meidhbh:



"Is maith do ghabhas leat," ars eisean. "Ní thógfad do
gheall den chlár, nára lughaide t'onóir-se é."



"Ó táim-se insa dún so," arsa Meadhbh, "seo hé'n lá is
sia lium riamh ann."



"Ní héin-iongantas é sin," arsa Fraoch; "táir trí lá agus
trí oidhche ag imirt na fithchille."



Leis sin, d'éirigh Meadhbh. Ba náir léithe na buachaillí do
bheith gan biadh. Chuaidh sí go dtí Oilioll, agus adubhairt leis:



"Is mór an gníomh do dhineamair," ars ise, "na buachaillí
strainséartha do tháinig chughainn do bheith gan biadh."



"Is feárr leat bheith ag imirt fithchille," ar Oilioll.



"Tá trí lá agus trí oidhche ann," ars ise; "acht níor airigh-
eamair an oidhche le soillse na gcloch luachmhar insa teigh."



Do dáileadh biadh ortha annsoin, agus is maith do bhítheas
leótha; agus d'fhánadar trí lá agus trí oidhche ar an bhféasda
soin.



Annsoin do glaodhadh Fraoch isteach i dteigh na comhairle chun
Oillealla agus chun Meidhbhe, agus do fiafraigheadh dhe cad do
thug é.



"Is maith linn," ars eisean, "céilidhe do dhéanamh libhse."


L. 206


"Ní holc leis an dteaghlach bhúr gcuideachta," arsa Oilioll.
"Is mó bhúr dtairbhe 'ná bhúr ndíoghbháil."



"Fanfaimíd mar sin," arsa Fraoch, "éin tseachtmhain amháin."



D'fhanadar 'na dhiaidh soin go ceann coighcís insa dún, agus
iad ag fiadhach gach aon lá. Agus bhí muinntir Chonnachd le chéile
ag tráchd ann gach lá dá bhfeigsint.



Ba bhuaidhirt le Fraoch gan é ag faghail aon chomhrádh leis an
gcailín, ó b'in é an úcáid a thug ann é. Lá d'éirigh sé go doith
ar maidin, agus do chuaidh dá ionnladh féin insa n-abhainn. Sin
é an t-am do chuaidh sise agus a cailín coimhdeachda ag ionnladh
insa n-abhainn. Do rug seisean ar láimh uirthi.



"Fan chun cainnte lium," ars eisean. "Is dot iarraidh
tháinigheamair."



"Táimse sásda," arsa an óigbhean, "má fhéadaim é."



"An n-éalófá lium?" ars eisean.



"Ní dhéanfa me, go deimhin," ars ise; "óir is inghean rí le
bainríoghain me. Agus níl tusa chomh bochd soin agus ná faghfá
óm mhuinntir me. 'Sé mo thogha dul chugatsa mar is doit a thug
me grádh; agus beir-se leat an fáinne seo," ars an cailín,
"agus déanfa sé comhartha eadrainn gach am. Mo mháthair a
thug dom é," ars ise, "le cimeád, agus déarfad-sa gurab amhla
chuaidh sé amú."



D'imigh ceachdar acu ar leithre 'na dhiaidh soin.



"Is eagal lium," ars Oilioll, "an cailín úd dh'éalódh le
Fraoch."



"Dá dtabharfá dhó í," arsa Meadhbh, "níor bh'én-chur amú é;
agus do thiucfadh sé chughainn ag cabhair linn ar an dTáin."



Tháinig Fraoch chúcha isdeach i dteigh na comhairle.



"An cogar atá agaibh?" ars eisean.



"Dá mba cogar féin," ars Oilioll, "do bheadh slighe dhoit-se
ann."



"An dtabharfa sibh bhúr n-inghean domhsa?" arsa Fraoch.



D'fhéach an sluagh ar a chéile.



"Gheobhair í," arsa Oilioll, "má thugann tu tionnsgra dhom
fé mar a dhéarfa mé."



"Gheobhair é," arsa Fraoch.



"Trí fichid capall dubh-ghlas domh-sa," ars Oilioll, "agus
béalbhaighe óir leótha, agus dhá cheann déag do loilghíocha go


L. 207


gcruídhtear dóthaint deichniubhair is dathad do bhainne ó gach
ceann acu, agus laogh bán agus cluasa dearga air le gach bó,
agus tu féin do theachd led mhuintir go léir agus led luchd ceóil
ag tiomáint na mbó as Cuailnge, agus tabharfar m'inghean-sa
dhoit acht go bhfillimíd ón dtriall soin."



"Dearbhuighimse dar mo sgiath agus dar mo chlaidheamh agus
dar mo threalamh," arsa Fraoch, "ná tabharfhainn an tionnsgra
soin ar Mheidhbh Chruachan féin," agus d'imthigh uatha as an dteigh
amach.



Do ghabh Oilioll agus Meadhbh comhairle le chéile insa teigh.



"Déanfa sé uimhir do ríghte agus de thighearnaí Éireann
d'iontódh 'nár gcuinne má bheireann sé an inghean leis. Sé is
fearra dhúinn, buailimís 'na dhiaidh agus marbhuighmís ar an láthair
é sola ndeine dé púir dúinn."



"Is mairg é sin," arsa Meadhbh, "agus is meath onóra dhúinn."



"Ní laghdóidh sé ár n-onóir," arsa Oilioll, "an chaoi i
ndéanfadsa é."



Tháinig Oilioll agus Meadhbh as an bpálás.



"Siubhlaimís," ars Oilioll, "go bhfeicimíd na gadhair ag
fiadhach go meádhon lae agus nú go mbeidh siad cortha."



Chuadar go léir as go dtí an abhainn dá n-ionnladh féin 'na
dhiaidh soin.



"Táthar dhá rádh liom," ars Oilioll le Fraoch, "gur maith
thusa sa n-uisge, a Fhraoich," ars eisean. "Téire insa bpoll so
go bhfeicimíd do shnámh."



"Goidé'n sórt é 'n poll so?" arsa Fraoch.



"Ní fiosach dúinn aon chontabhairt ann," ars Oilioll, "agus
is gnáthach daoine dá n-ionnladh féin ann."



Do bhain Fraoch a chuid éadaigh de agus do chuaidh sa bpoll
agus d'fhág a bheilt ar an bhport. D'osgail Oilioll a phúidse 'na
dhiaidh agus bhí an fáinne ann. D'aithin Oilioll é.



"Tar i leith, a Meadhbh," arsa Oilioll.



Tháinig Meadhbh.



"An n-aithnigheann tu é sin?" ars Oilioll.



"Aithnighim gan amhras," arsa Meadhbh.



Do chaith Oilioll insa n-abhainn síos é. Thug Fraoch fé ndeara
an méid sin; agus do chonnaic sé rod eile: chonnaic sé an
bradán ag léim i gcuinne an fháinne agus dá ghlacadh 'na bhéal.


L. 208


Thug Fraoch fogha chun an bhradáin agus do rug air agus do thug
leis chun tíre é agus d'fhág i mball disgréideach i mbruach na
habhann é. Tháinig sé annsoin chun teachd as an uisge.



"Ná tar as an uisge," ars Oilioll, "go dtugair craobh
chugham don chrann chárthainn atá thall i mbruach na habhann. Is
breagh liom a chaora."



D'imthigh sé agus do bhris géag don chrann agus do thug ar
n-ais thar an uisge é. Sé dubhairt Fionnabhair, gach rod breagh
dá bhfeiceadh sí, ba bhreaghtha léithe Fraoch a d'fheisgint thar
dhúbhlinn-abhann, an corp ró-gheal agus an ghruaig ró-bhreagh, an
chealltair chúmtha agus an tsúil ró-ghlas, óigfhear mín gan lochd
gan máchail, agus a chealltair a bhí caol thíos agus leathan thuas,
is é díreach gan aon smól, agus an chraobh is na caora dearga
leis an mbrághaid ghil. Sé deireadh Fionnabhair ná feaca sí éin-
ní do ráinig a leath ná a thrian 'na taithneamh.



Annsin do chaith sé chúcha na caora as an uisge.



"Is uasal agus is áluinn na caora iad; tabhair tuilleadh
chugham díobhtha," ars Oilioll.



D'imthigh sé go raibh sé ar lár an uisge. Do rug an phiasd
air insan uisge.



"Tabhraidh claidheamh dom!" ars eisean; "do rug an phiasd
orm."



Ní raibh ar an tír fear do leómhfadh claidheamh do thabhairt dó,
ar eagla Oiliolla agus Mheidhbhe. Do bhain Fionnabhair a cuid
éadaigh di agus do thug léim insan uisge agus a claidheamh aici.
Chaith a hathair sleagh chúig rinn léithe anuas faid urchair agus do
chuir trí dhá thrilis dá gruaig í, agus do ghabh Fraoch 'na láimh an
tsleagh. Do chaith sé suas ar tír an tsleagh, agus an míol 'na
thaobh i gcomhnaidhe. Chuaidh an tsleagh tríd an éadach chorcra
agus tríd an léine bhí um Oilealla. Tháinig Fionnabhair as an
uisge agus d'fhág an claidheamh ag Fraoch, agus do bhain sé an
ceann don mhíol do bhí ar a thaobh, agus do thug an míol léis chun
tíre.



Chuaidh Oilioll agus Meadhbh isteach insa dún.



"Is mór an gníomh do dheineamair," arsa Meadhbh.



"Tá sé 'na chathughadh orm," ars Oilioll, "an méid a dhein-
eamair ar an bhfear. An inghean, amhthach," ar eisean, "tabhar-
far bás di sin isdoidhche i mbáireach, agus ní hé cion an chlaidhimh


L. 209


a thabhairt dó do líofar uirthi. Deintear ionnladh libh feasda
don bhfear so," ars Oilioll, "áirthe mhuicfheóil úir, agus feóil
chailipín do mhionughadh fé thál agus fé thuaigh, agus é thabhairt
insa n-ionnladh."



Do deineadh fé mar adubhairt sé sin.



A thrúmpairí sin roimhe chun an dúna. Do sheinneadar ceól
ionnus go bhfuair deichniubhar fear is fiche dosna cáirde ba mhó
ag Oilioll bás le síreachda. D'éirigh an bantrachd uime ag an
ndaibhigh ag folcadh a chinn. Do tógadh as annsoin é agus do
cóirigheadh leabaidh dhó.



Is annsoin do hairigheadh an t-olagón ar Chruachain, agus do
chonnacthas na trí chaogaid bhan agus ionair chorcra ortha agus
ceanbhair uaine agus míleacha airgid ar a rusdaí. Do chuathas
chúcha féachaint cad a bhíodar a chaoineadh.



"Fraoch mac Iodaigh," ars an bhean, "múrnín ríogh sídhe na
hÉireann."



Leis sin do chuala Fraoch an t-olagón.



"Tógaidh amach me!" ars eisean lena mhuintir, "gol mo
mháthar-se é seo," ars eisean, "agus banntrachd Bhóinne."



Tógadh amach annsoin é agus do rugadh chúcha amach. Tháinig
na mná sídhe timcheall air agus do rugadar leótha a Cruachain
amach é. Um thráthnóna i mbáireach 'na dhiaidh soin do tháinig sé
agus caoga ban uime agus é iomlán gan bhriseadh gan bheárna.
Ba comhnaos comhnálainn iad na mná go léir, agus deallraimh
ban sidhe ortha ar chuma ná raibh aithint ar dhuine seochas a chéile
dhíobh. Is beag nár múchadh daoine umpa. Do sgaradar i
ndorus an leasa. Do thógadar a ngol ag dol uaidh gur chuir-
eadar na daoine bhí insa lios trí n-a chéile. Is de sin atá "Gol
na mBan Sídhe" ag luchd ceóil na hÉireann.



Chuaidh seisean insa dún. D'éirigh an sluagh go léir roimhe
agus do thugadar fáilte dhó mar déanfaidhe dámadh as domhan
eile do thiocfadh sé. D'éirigh Oilioll agus Meadhbh agus do
dheineadar aithrighe dhó insa méid a dheineadar air, agus do dhein-
eadar lán-réiteach leis.



Do ghabhadar ag féasda sa n-oidhche insa bpálás. Do ghlaoidh
Fraoch chuige buachaill dá mhuintir.



"Éirigh," ars eisean, "go dtí an áit a ndeaghas-sa sa
n-uisge. Bradán a d'fhágas ann. Tabhair d'Fionnabhair é, agus


L. 210


deintear an bradán a chur i gcóir dhí go maith, agus tá 'n fáinne
isdigh insa mbradán . Is dóigh lium go lorgfar uirthi anocht é."



Tháinig meisge ortha, agus bhí ceólta agus oirfideadh dhá
mealladh. Dubhairt Oilioll lena reachdaire, "Tugtar chugham-sa
mo chuid seód go léir go bhfeicead iad." Tugadh chuige a chuid
seód go léir go rabhadar ara bhéala.



"'S iongantach é! 's iongantach é!" arsa cách go huile ar
fud an pháláis.



"Glaodhtar chugham Fionnabhair," ars Oilioll.



Tháinig Fionnabhair chuige isteach agus deichneabhar is dathad
d'ingheanacha ríogh agus tighearnaí uimpi.



"A inghean," ars Oilioll, "an fáinne óir do thugas-sa dhuit-
se anuiridh, bhfuil sé i gcomhnaidhe agat? Tabhair chugham go
bhfeicid na fir é. Teobha tu arís é."



"Ní fheadar," ars ise, "cad do deineadh leis."



"Foigh 'fhios, mhuise," ars Oilioll. "Caithfe tu dol ar a lorg
nú th'anam do dhol as do chorp."



"Ní fiú soin," arsna fir. "Is mór an t-ollamhaitheas atá
ann cheana."



"Níl ní dom iarmhais-se ná fuighir-se thar cheann an chailín,"
arsa Fraoch, "oir do thug sí 'n claidheamh chugham i ngeall le
m'anam."



"Níl iarmhais agat do shaorfaidh í mara dtugann sí uathi an
fáinne," ars Oilioll.



"Níl ar chumas dom é thabhairt," arsa cailín. "Din do
rogha rud lium."



"Bheirim an dia bheirid mo chineadh go bhfuighe tu bás mara
dtugair uait é. Sé do bheir me dhá lorg ort ó nách féidir é
fhagháil. Oir is fiosach domhsa, nó go dtiucfaid na daoiní do
cailleadh ó thosach domhain, ná tiucfaidh an fáinne sin as an mball
'nar caitheadh é."



"Ní thiucfa le mian ná le dálgas go hairithe," arsa Fionn-
abhair, "an seód atáthar á lorg. Raghad-sa go dtuga mé lium
é, ós minic dá lorg é."



"Ní raghair-se," ars Oilioll. "Téigheadh duine uait chun é
thabhairt leis."



Chart an inghean a cailín coimhdeachta uaithe chun é thabhairt.



"Bheirim an dia bheirid mo chineadh," ars ise, "má gheibhtear


L. 211


an fáinne, ná bead-sa féd chomhachd-sa níos sia, má bhíonn éinne
agam a dtabharfainn mo dhreas leis."



"Is cuma liomsa," ars Oilioll, "dá mba go dtí gíománach
na gcapall do raghfá, má gheibhtear an fáinne."



Thug an cailín coimhdeachta an mhias isteach insa bpálás agus
an bradán bruithte uirthi, agus é fuileachda fé mhil do dineadh
leis an inghin go maith, agus bhí an fáinne óir i n-áirde ar an
mbradán. Do bhreathnuigh Oilioll agus Meadhbh air. Annsoin
do féachadh ar Fraoch agus d'fhéach seisean a phúidse.



"Ar fhírinne do fhlaithis," arsa Fraoch, "agus abair céard a
dhein tú leis an bhfáinne."



"Ní cheilfear soin," ars Oilioll. "Is liomsa an fáinne bhí
it phúidse, agus bhí 's agam gurab í Fionnabhair a thug doit é.
Chaith me isdeach sa n-abhainn annsoin é. Ar fhírinne th'oinigh agus
th'anama, a Fhraoich, innis cionnas a deineadh é thabhairt as."



"Ní cheilfar ortsa," arsa Fraoch. "An chéad lá do fuaireas
an fáinne i ndoras an leasa, d'aithnigheas go mba breagh an
seód é, agus do chuir mé i dtaisge im phúidse go baileach é.
An lá chuaidh mé go dtí an uisge, d'airigh mé an cailín do chaill
é ar a lorg. Dubhairt mé léithe:



"Goidé'n luaghdhachd a thabharfa tu dhom ar é fhagháil?"



"Dubhairt sí liumsa go dtabharfadh sí searc bliadhna dhom.
Do theangmhuigh nár fhágas umam é. D'fhágas im theigh im dhiaidh
é. Níor casadh ar a chéile sinn go dtí an uair a bhí sí ag tabhairt
an chlaidhimh insa n-abhainn im láimh-se. Annsoin do chonnaic me
nuair a d'osgail tusa an púidse agus do chaithis an fáinne
isteach sa n-abhainn, chonnaic mé an bradán ag léim 'na choinne
agus do ghabh 'na bhéal é. Do ghabhas-sa an bradán agus do
thógas insa mbrat do thugas i láimh an chailín é. Sé an bradán
soin atá ar an méis."



Do líon an teaghlach le hionghantas agus uathbhás an sgéil sin.



"Ní fhágfad-sa m'aigneadh ar óigfhear eile i nÉirinn it dhiaidh-
se! arsa Fionnabhair.



"Snadhmaigh thu féin leis," arsa Oilioll agus Meadhbh, "agus
tar-se chughainn tu féin agus do chuid bó ag tiomáint na mbó as
Cuailnge, agus nuair a thiucfair-se led chuid bó anoir arís,
déanfar lánamha phósda an oidhche sin díot féin agus Fionnabhair."



"Déanfad-sa é sin," arsa Fraoch.


L. 212


Ar maidin lá ar n-a bháireach do ghabh Fraoch uime é féin agus
a mhuintir, agus d'fhágadar cead ag Oilioll agus ag Meidhbh.



(CRÍOCH).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services