Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).

Title
Aimsear na bhFígínidhe i nUíbh Ráthach. (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Séaghdha, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Aimsear na bhFígínídhe i nUíbh Ráthach.



(Ar leanamhaint).



PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA do scríbh.



"An amhlaidh a mheasfa go mbeadh sé ar gcúlaibh, agus a
chomrádaidhthe ag obair. Budh dhual dó bheith dána, calma mar
go bhfuil fíorfhuil laochradh na tíre ag gluaiseacht go mear i n-a
chuisleannaibh."



"Tá a fhios san agam go maith, agus bhíos féin tráth agus
budh maith liom an gleó d'fheiscint. Acht táid na laetheanta
san imtighthe. Agus is léir dom anois gur lag an bheart é, do
mhuinntir na tíre seo bheith ag iarraidh ceart a bhaint de Shasana
le láimh láidir."



"B'fhéidir é, acht is eól duit gur riachtanach agus gur dia-
dhasamhail an rud é do dhaoinibh cur i gcoinnibh na héagcórach
gach uair. Bíonn Lámh Dé i gcoinnibh an fhir mhasluighthe de
ghnáth, agus is cóir agus is ceart diablóiridhe Shasana do ruagadh
as an dtír seo, má's féidir é."



"Acht ní féidir é, a Shíle, agus dá bhrígh sin b'fhearra dhúinn
cur suas leó. Gach uair a thugthar iarracht ar Éire do scaoileadh
ón ndaorbhruid, agus go dteipeann orainn, is déine agus is
daingne a cheangaltar cuibhreach masluightheach na nAllmhurach
orainn."



"Is iad iomairdí muirearach claon Shasana fé ndeara ár
gcruadhchás, pé sceal é, agus b'fheárr aon-uair-a-chluig amháin,
dar liom-sa, ag troid ar pháirc an bhuailte ná saoghal fada
saoráideach fé chrúbaibh na nEachtranach."



"Is breagh bog a thagann cainnt chúghainn, a Shíle, acht dá
olcas é stáid na tíre fé láthair, ní heól domh-sa go mbíonn aon
an-dheabhadh ar éinne againn, sinn féin do chur ar riocht an bháis.
Acht, seo fé'n ar n-déin Nóra Ní Chiabháin agus is baoghalach liom
nách aon deigh-scéal atá dá iomchar aici."



Bhí Nóra ag déanamh ar an dtigh agus saothar uirthi. Budh
fhuiriste aithint ar a meón ná raibh gach nídh mar badh chóir. Do


L. 179


dhein sí fé dhéin an dorais go fústarach. I lár an urláir istigh
do ghread sí a dá bhais, agus thosnuig sí ag lógóireacht. Bhí an
bheirt eile ag féachaint uirthi go truaighmhéileach.



"Arú! a Nóra," arsa Seán, "cad é an t-adhbhar bróin é seo,
nó cad é seo ort i n-aon chor?"



"Faire go bráth, a Sheáin, ní hadhbhar bróin go dtí é, ó! an
scrios, an scrios."



Thosnuigh an bhean eile ag gol mar a chéile. "Bhí a fhios agam
go raibh rud éicint bun os cionn," arsa Seán. "Ó, mhaise, a
Chormaic, a mhic mo chroidhe 'stigh, cad 'na thaobh nár dheinis rud
orm agus gan bac le nidhthibh ná fuil ag dul le dlíghe."



"Seadh, cuir suas den cháimhseáil anois," arsa Síle, "an
rud nách féidir ní féidir é. Ná cuir 'na luighe orm go bhfuilim
snaidhnighthe le créatúir lagchroidheach."



"Ná bí dian orm, a Shíle, táim go dubhach cráidhte. Is é
Cormac an t-aon duine amháin atá againn anois."



"An dóigh leat go bhfuilim-se ag déanamh dearmhad ar an
méid sin? Tá an cheanamhlacht chéadna agam-sa air mar tá
agat-sa, acht má's é toil Ríogh na nGrást go bhfuil an crochadh i
n-dán dó ar son ár dtíre duthchais, ní mhaoidhim-se ar Éirinn, an
tabharthas."



"Ní raibh easbadh misnigh ag baint liom-sa riamh, a Shíle, agus
ní gabhadh é chasadh liom. Innis dúinn gach nídh, a Nóra."



"Is náireach an scéal atá le hinnsint agam, mar gur b'iad
ár n-iomairdí féin atá dár gclaoidhe ó thúis. Fuair na buach-
aillí scéala laetheannta éigin ó shoin go raibh an "t-éirighe
amach" le bheith ann aréir, agus, tréis gach nídh do chur i dtreó,
do thiomáineadar leó fé dhéin Chill Áirne. Pé cineamhaint thárla
do mhuinntir Bhaile Átha Cliath, cuireadh ar gcúlaibh an bualadh ó
shoin, acht níor tháinig leó an teachtaireacht do chur annso i n-am
agus, ó thárla go raibh an ciuineas ar fuaid na tíre, tháinig le
gasra mór saighdiúiridhe teacht i gcoinnibh ár mbuidhne-na.
Bhíodar fé scáth i lár slighe rómpa, agus phléasc siad ortha
láithreach. Do theich a lán aca fé dhéin na sléibhte siar, agus
d'fhágadh an chuid eile aca ag tabhairt a gcuid fola ar bhóthar
Chill Áirne."



"Mo léan géar! is é sin an chuid is measa de'n scéal. Dá
mbeadh sé 'n-a gcumas seasamh i gcoinnibh na nGalla-phoc féin,


L. 180


bheadh sásamh aigne éigin ann; acht a thabhairt le rádh gur leonadh
iad ar an nós sain gan fiú buille do bhualadh - is meathta an
scéal é."



"Bhí an scéal amhlaidh riamh, a Shíle, agus beidh go deó is
baoghalach. Tá breis cainnte gan éifeacht ag baint le muinntir
na hÉireann riamh."



"Is iad lucht treórtha na hoibre fé ndeara an botún an
taca so, a Sheáin, arsa Nóra, "agus b'iad riamh. Táid na
daoine dílis dáiríribh i gcómhnuidhe, dá gcuirfidhe i n-áirithe dhóibh
cionnas an obair a chur chun chríche."



Do phléasc guna taobh amuigh an fhaid a's bhí an chainnt seo ar
siubhal. D'fhéachadar a dtriúr ar a chéile. Tháinig sceón ionnta.



"Cad é sin i n-aon chor?" arsa Seán. "Cheapas gur airigh-
eas guna ag pléascadh láimh linn."



"Is amhlaidh tá duine éigin ag tabhairt fogha fé sna préachán-
aibh 'sa choill, is dócha," arsa Nóra.



Le n-a linn sin do buaileadh buille ar an ndoras iadhta ar
chúl an tighe.



"Scaoil isteach mé, ar son Dé!" - arsa guth amuigh - "táid
na piléirí go dian orm!"



Do phreab Nóra go dtí an doras, agus scaoil sí ar leathadh
é. Bhí Cormac lasmuigh a's a ghuala leis an ursain. Bhí a cheann
lom-nochtaidhthe, agus a chuid éadaig go gioballach caithte. Bhí
tuile fola ag scéith ó bhun a chluaise deise, agus comharthaidhe
catha go flúirseach dá n-éaghmuis air. Do thuit sé isteach ar lár
an urláir. D'árduigheadh go dtí an raca é. Cuireadh éadach
anuas air. Bhí sé ag tabhairt a chuid fola go rabairneach.



"A Dhia láidir," arsa an mháthair, ag gol, "ná leig dó bás
d'fhagháil idir mo dhá láimh mar seo. A Nóra, téidhir suas go dtí
an seómra lom láithreach, agus tabhair anuas ruainne beaifití
agus bréidín chugham - feuchaint a' bhféadfainn an dearg-thuile
seo do staonadh. A Sheáin, preab-se amach fé dhéin an Dochtúra
agus an tSagairt, agus ná bí abhfad. Is baoghalach go bhfuil
dian-ghábhadh leó araon."



D'oscail Cormac a shúla, agus thúg sé iarracht ar chainnt.



"Ní gábhadh dul fé dhéin an Dochtúra, a athair" - ar seisean
- "ní féidir leis aon-fheabhas a chur orm-sa, agus, i dtaoibh an
tSagairt, ní fhuil acht athrughadh aréir ó bhíos ag faoisdin, agus
tá súil le Dia agam go bhfuil mo chionnta maiththe dhom."


L. 181


"Ní dhéanfaidh siad aon-díoghbháil, ar aon-chuma," ars' a
athair. "Raghad fé n-a dhéin."



Chuir an mháthair agus Nóra chun an mháchaill do leigheas. Níor
bh'fhada gur éirigh leó cosc a chur le scéith na fola. Bhí Cormac
'na trom-shuan ar feadh scaithimh. Annsan d'éirigh sé aniar, agus
thug sé iarracht fé rud éigin a rádh. Do scéithidh an fhuil arís,
agus b'fhuiriste d'aithint nár bh'fhada uaidh.



"Ná bac leis, a mháthair," ar seisean. "Ní fhuil éin-leigheas
im chomhair-se san tsaoghal so. Tá buaidhte go glan orm. Bhí
beartuighthe againn ár gcion féin a dhéanamh ar son Éireann,
acht do theip orainn. Bhí ceaptha agam-sa dul thar lear anocht,
agus bheartuigheas teacht fé nbhúr ndéin chun slán d'fhágaint
agaibh; acht d'aimsigh na píléiridhe mé, agus scaoileadar fúm.
Do leag siad ar lár mé, fé mar a dheineadar le Pádraig bocht.
Go maithidh Dia dhóibh é. Tabhair mo chion do Neillí bhocht -
cheapas go mbeadh saoghal compóirdeach againn araon i dteann-
ta a chéile, acht ní hamhlaidh a bhí beartuighthe dhúinn. Mo bheann-
acht libh go léir. Guidhidh ar mo shon. Táim ag imtheacht -"



Do chrom an bheirt bhan ar an Choróinn Mhuire do rádh, agus
bhíodar ar a nglúiníbh nuair a phreab ceathrar píléar an doras
isteach. Bhí Aodh Ó Tuama i n-éinfheacht leó. Do dhruid an
Sáirgeant suas i n-aice na teine. D'éirigh Síle 'na seasamh.



"Cad tá uaibh-se?" ar sise, ag iompáil timcheall ortha.



"Tá barántaisidhe againn chun Cormac Ó Raghallaigh do
ghabháil," ars' an Sáirgeant. "Tá sé féin agus daoine éigin
áirithe ag cur i gcoinnibh an Riaghaltais, agus tá orainn é chur
fé ghlas."



Tháinig sceón míllte i súilibh Shíle nuair a nochtadh an teacht-
aireacht dí.



"Is mór an charáiste díbh teacht fé dhíon mo thíghe-se" - ar
sise go feargach - "dream d'bhur leithéid, go bhfuil an tÁidhbhir-
seóir in bhur mbóthar gach lá. Níor dhein mo mhac-sa aon-nídh
riamh as an tslighe, agus, ar a shon son, dá luaithe anois a scrios-
faidh sibh amach an doras uaim, is amhlaidh is feárr liom é."



"Ní cás dúinn imtheacht chómh bog san. Chonnacamar an
duine atá uainn ag teacht isteach annso, agus beidh air gluais-
eacht i n-ár dteannta. Fear ná géilleann do dhlighe na Bain-
ríoghna is eadh é, agus ní haon-adhbhar suarach gearáin é sin."


L. 182


"Fear ná ghéilleann do dhlighe na Bainríoghna, an eadh! Is
dual díbh-se gan géilleadh don dlighe, abair nach é "dlighe na
Bainríoghna". Mo náire is mo aithis sibh, a fhealltóirídhe! Ní
fhuil bhur leithéidí fé luighe na gréine. Mura mbeadh Éireannaigh
fill, ní thiocfadh le Sasanna ár dtír a choimeád fé chois go bráth.
Agus mar gheall ar ghreim suarach le n-ithe, agus pinginídhe
salacha anois is arís i nbhur bpócaíbh, tá sibh snaidhmithe fé rún
leis na scriosadóiríbh tíreach atá timcheall orainn. Mo náire
is mo chéad náire sibh!"



"'Seadh! 'seadh! a bhean, tá deabhadh orainne," ars' an Sáir-
geant go feargach. "Tá ár ngnó leagtha amach dhúinn, agus tá
orainn é dhéanamh."



"Tá agus is creideamhnach an gnó é. Is calma ar fad an
bheart piléar a scaoileadh fé dhuine d'bhur gcineadh féin agus
gan neart aige é féin a chosaint. Tá deabhadh oraibh, dar liom.
Ní choimeádfad-sa a thuilleadh sibh. Seó annso bhur bpriosúnach."



An t-éadach a bhí anuas ar Chormac, do sciob sí ar leath-
taoibh é. Do dhein an Sáirgeant i leith ar an raca. D'fheach sé
air. Do baineadh preab as.



"A Dhia na nGrást!" ar seisean, "tá an duine seo marbh."



"Tá sé marbh gan amhras, arsa Síle, "agus sibh-se is cionn-
tach leis. Acht, dá n-olcas é an sgéal agam fé láthair is mo
mhac ar lár romhaibh amach, b'fhearr liom céad uair é bheith 'n-a
shíor-shuan os mo chomhair mar atá sé 'ná é bheith 'n-a stealladh-
bheathaidh is bhur gcúram-sa air. Seo, as mo radharc anois libh
gan mhoill!"



Do thosnuigh an bhean bhocht ar lógóireacht. Tháinig a fear
isteach, agus d'árduigheadar corp Chormaic leó go seómra eile
i mbun na cistineach.



"Teanaidh, a bhuachaillí," ars' an Sáirgeant, agus do ghread
siad leó.



D'fhan Aodh Ó Tuama i n-a dhiaidh. Do sheas sé i n-a chrúnca
chasta is a ghuala leis an ndorus. Má bhí lúthgháir air i dtaoibh
an scriosa a bhí déanta, badh bheag dá chómhartha a bhí air. Bhí dath
báidhte ar a aghaidh agus osnaidheacha truaighmhéileacha ag teacht
as ó am go ham. Bhí Nóra ar a dhá glúin i n-aice na fuinneóige,
agus í ag sileadh na súl go fuígheach. Tar éis tamaill do dhruid
sé i n-aice léi. Do leag sé lámh ar a gualainn. Do phreab sí


L. 183


'na seasamh de gheit. D'iompuigh sí timcheall air. Do dhruid sí
i n-aice an dorais, agus d'oscail sí an leath-dhoras.



"Bailigh leat!" ar sise.



"Ná dein, a Nóra, ar son Dé. Is oth liom Cormac a bheith ar
lár. Admhuighim do Dhia nár innseas faic mar gheall air."



D'fheuch sí air, agus do chrom sí ar ghol.



"B'fhearr liom 'ná ór na cruinne mé bheith deimhnightheach ná
raibh lámh agat ann, a Aodh," ar sise; "acht is deacair í sin a
chur 'na luighe orm. Do bheartuighis scéitheadh ortha 'sa' chéad
chur amach, agus, má theip ort an díoghbháil do dhéanamh, ní ort-sa
badh cheart an buidheachas a bheith."



"Do bhuaileadar isteach sa' Chaisleán fé ghlas mé, a Nóra,
agus bhí ceaptha aca mé fágaint ann go dtí go n-itheadh na
franncaigh mé, muna mbeadh gur bh'é toil Dé gur aimsigh na
píléirídhe ann mé. Nach dóigh leat go raibh adhbhar ghearáin mo
dhóthain agam ortha?"



"Agus chuiris i n-umhail do sna píléiríbh go rabhadar chun
iompuighthe amach oidhche Dia hAoine annsan. Is soiléir dom
anois cionnas a tháinig leis na saighdiúiríbh fios a ngnótha d'fhagh-
áil. Mo mhíle truagh nár tháinig le na franncachaibh tú shlogadh
sarar éirigh leat an léirscrios do dhéanamh!"



"Ná bí dian orm, a Nóra - ar do dhon-sa do dheineas é."



"Grádh Dé! cad é sin dá rádh agat? An amhlaidh gur
mheasais go meallfadh airgead fola mise chun cníopaire cealgach
dod leithéid do phósadh? Glan as mo radharc, adeirim, nú
béarfaidh mé greim ar an nguna tá sa bhfalla annso, agus
scaoilfidh mé piléar tríot ar an láthair seo."



"Ná dein beart dá leithéid, a Nóra. Tá a fhios agat go
bhfuil mo chion chomh mór san ort go dtabharfainn fuil mo chroidhe
istigh ar do shon."



"Nár chuirimíd bréag ar do chion-sa, a chladhaire chealgaigh.
Tá an ghráin dearg agam-sa ort-sa, a mhaise. Níor lugha liom
an tÁidhbhirseóir féin d'fheicsint feasda 'ná t'aghaidh ghránda.
Anois an bhfuilir sásta?"



"B'fhéidir gur b'fhearra dhuit aire do thabhairt duit féin, a
chailín. Ní gnáthach dómh-sa íde béil a scaoileadh tharm fé chiúin-
eas."



"Ní bhfuil do dhóthain díoghbhála déanta agat fós, is dócha,


L. 184


gan beagán eile do chur leis. Is oireamhnach an bheart ód
leithéid-se bheith ag bagairt ar mhnaoi."



Do dhein sé uirthi go feargach. Rug sé greim daingean ar
ghualainn uirthi. Do chnag sé a fhiacla ar a chéile go huathbhásach.
Bhí sceón marbhthach i n-a shúilibh.



"Dar brígh an leabhair! a mhaise, go mbeidh sásamh agam-sa
asat," ar seisean, agus bhí ciach 'n-a ghlór.



Le linn na cainnte sin, do phreab Éamonn thar táirsigh. Bhí
guna 'n-a láimh aige. D'airigh sé an méid adubhairt Aodh.



"Beidh sásamh agat, an eadh, a Aodh?" ar seisean. "Tá go
maith. Beidh caoi agat láithreach."



Do chaith sé an guna uaidh, agus tháinig sé ar aghaiidh Aodha
amach.



"Tá bás an té atá fé chlár annso indiu le hagairt agam-
sa," ar seisean. "Ní theastuigheann uaim go mbeadh sé le casadh
liom choidhche go raibh aon-bhuntáiste agam ort-sa, agus, ar a
shon-san, beidh sé i n-a throid fhearamhail eadrainn. An bhfuilir
ullamh?"



"Ó! a Éamoinn, ar son an tsaoghail agus ná dein an droch-
nídh. Ní raibh ceaptha agam ar innsint oraibh - ní raibh go deimhin
- acht do chuir na píléiridhe d'fhiachaibh orm é."



"Éist do bheul, a scéitheadóir ghránda! Cosain tú féin!"



Do dhein Éamonn air, agus thosnuigh an cath dáríribh. Do
phléascsadar a chéile go tiugh, fíochmhar, aicilidhe. Bhí gach re
mbuille aca ar a chéile ar feadh tamaill. Níor bh'fhada gur éirigh
le Aodh cor coise do thabhairt fé'n nduine eile, agus é shíneadh
ar fleasc a dhroma. Le na linn sin, thug sé iarracht fé n-a chos
do chuir ar scórnaigh Éamonn; acht do bheir eisean greim dain-
gean ar an gcois de phreib, agus, ar iompódh baise, bhí Aodh
sínte. Lom láithreach bhí an bheirt ar a mbonnaibh arís, agus
siúd chun a chéile iad. Badh léir d'éinne go raibh an bás i
n-áirithe do dhuine éigin aca. Bhí an bheirt aca ag tabhairt fola
go fuigheach flúirseach, agus cubhar ag sileadh le béal ceachtar
aca. Do láimhsigheadar a chéile go dian daingean. Síos suas
ar fuaid na cisteanach, ag stracadh a's ag réabadh a's ag lúbadh
a chéile, bhí an bualadh ar siubhal. 'Sa deireadh, thárla le Éamonn
ceann Aodha do phléascadh i gcoinnibh an driosúir le iarracht
fír-ghlic. Thug san caoi dó chun greim daingean do bhreith ar


L. 185


scórnaigh an duine eile. D'fhásc sé air go dian. Thuit gach nídh
dá raibh ar an ndriosúr anuas ar mhullach a gcinn ortha i n-a
smidiríníbh, acht níor scaoileadh an greim a bhí aca ar a chéile.
Bhí súla Aodha ag pléascadh amach as a cheann. Bhí a theanga ag
sileadh leis, agus gormdhath an tachta ag teacht air, acht bhí buile
mharbhthach ar Éamonn, agus, i n-ionad bogadh, is amhlaidh a bhí sé
ag fáscadh níos déine air gach neómat. Do leig Aodh glám
uathbhásach as. Do crith a cholann le neart anaithe. Do bhog is
do chrith is do lúb a chosa fé, agus do scaoil Éamonn leis. Do
thuit sé 'n-a phleist. Do scar sé le dubrón an tsaoghail seo ar
an láthair sin.



D'fhéach Éamonn timcheall air. Bhí Nóra sínte fé throm-luighe
treasna an teinteáin. D'árduigh sé ar a bhaclainn í, agus do
shín sé ar an raca í. Bí a fiacla greamuighthe ar a chéile go
daingean, acht tháinig leis braon uisce do chur uirthi. D'oscail
sí a súla fé cheann scaithimh. Do leig sí osna dubhach duadhmhar
aisti.



"Ar son an tsaoghail, is an bhfuil sé marbh, a Éamoinn?" ar
sise.



"Is oth liom a rádh go bhfuil, a Nóra," ar seisean, "acht bhí
sé tuillte agus ró-thuillte aige. B'é do scaoil na saighdiúirí
ar ár dtóir, agus is é fé ndeara an dubhscamall atá os cionn
an bhaile indiu. Fóríor cráidhte! is mór an t-atharrughadh ar an
lá indiu é, seachas an lá indé."



Do chrith an cailín le neart anaithe.



"fág fúm féin mé ar feadh neómat, a Éamoinn," ar sise.



D'iompuigh Éamonn timcheall. Thug sé a aghaidh ar sheómra
an tórraimh. Bhí Cormac sínte sa leabthain, is a dhá láimh anuas
ar a ucht. Bhí a mháthair os cionn na leabthan ag caoineadh go
dubhach truaighmhéileach, agus a athair bocht ar a dhá ghlún ar an
urlár, is barróg aige ar an gcorp. De dhruid Éamonn i n-aice
an chuirp. Do phóg sé aghaidh fuar liathbhán Chormaic arís is arís
eile. Bhí na deóra ar sileadh go líonmhar leis, agus tocht uaig-
neach ar a chroidhe.



"Mo shlán is mo chuig céad slán agat, a Chormaic, a dhil-
chara mo chléibh!" ar seisean ag lógóireacht. "Ar dheis an
Athar go raibh d'anam an mhaidean so! Ní casfar do leithéid
orm-sa go bráth arís go mbuailfimíd le chéile i nÁras an Aoin-
Mhic."


L. 186


Do phóg sé arís annsan é, agus do ghaibh sé aníos chun na cis-
teanach. Bhí Nóra 'na suidhe fé mar d'fhág sé í. Do shín sé amach
a dhá láimh chuici.



"Slán beó leat, a Nóra!" ar seisean. "Ní leigfeadh an
eagla dhom fanamhaint níos sia. Beidh árthach gliomach ón
bhFrainnc ag fágaint Dairbhre anocht, agus tá sé beartuighthe ag
cuid againn slán d'fhágaint ag Éirinn leis an oidhche. Tá an
chroch i ndán dúinn, má bheirtear orainn annso. Ní dócha go
dtiocfadh liom tú 'fheicsiint go bráth arís. Mo bheannacht is mo
chéad bheannacht agat, a chailín mo chroidhe, agus go rabhair fé
choimirce an Aoin Mhic i gcomhnaidhe!"



"Go dtéighir slán, a Éamoinn, agus go n-éirighidh bhur mbóthar
libh ar fad! Is lag an sceul é ar mbuachaillí go léir a bheith
dár bhfágaint is na dubhscamaill dár múchadh, acht ní fhuil leigh-
eas air. B'fhéidir le Dia ná beidh an scéal chomh dúr aindeis
againn i gcómhnuidhe.



"Ní bheidh, a Nóra, le congnamh Dé. Nochtfar an claidheamh
lá éigin arís ar son saoirse na tíre seo; agus, má thárluigheann
a leithéid do bheith i gceist lem linn-se, ta súil le Dia agam go
mbeidh sé im chumas buille tairbheach do bhualadh ar son ár dtíre
dúthchais. Beannacht agat!"



Do ghluais Éamonn leis. Chaith sé an lá i bhfolach i n-aice
Chárthan. Bhí na saighdiúirí go gnóthach ar fuaid an bhaill, feadh
an lae, acht níor éirigh leó greim a bhreith ar éinne de sna buach-
aillíbh. Le tuitim oidhche, do phreab bád amach ó Rinn na Roisín.
Bhí Éamonn agus ochtar eile de sna buachaillíbh innti. Níor
bhfada gur ghluais bád eile amach 'na ndiaidh ó uachtar trágha ar
an dtaoibh thoir dhíobh. Bhí an rae ag taithneamh go soillseach geal
ar an uisce, agus b'fhuirisde gach nídh mór dtimcheall do thabhairt
fé ndeara. Bhí cúigear píléar san mbádh a bhí ar a dtóir. Do
luigh na buachaillí ar na maidíbh rámha, agus bhí a mbád ag
preabadh go modhmharach fé dhéin an árthaigh a bhí ag snámh siar ó
dheas uatha. Bhí siolla deas gaoithe ag séideadh, agus d'árduigh-
eadh seól ar an mbád fé dheireadh. Níor bh'fhada an mhoill ortha
an tslighe do ghiorrughadh. Bhíodar ag teacht i n-athchumaireacht
do'n bhád tosaigh. D'iompuigh Éamonn timcheall ar an siota.
Bhí gléas-lámhachta i n-a ghlaic aige. Do chuir na rámhaidhthe suas
den rámhaidheacht láithreach. Bhí guna dírighthe ag gach duine aca


L. 187


ar bhád na bpíléar de phreib. Do scaoil siad fútha i dteannta
'chéile. Bhí triúr píléar is a gcosa i n-áirde aca láithreach. Do
scaoileadar fútha arís is arís eile. Níor bh'fhada go raibh na
seólta go gioballach. D'ísligheadh iad go tapaidh.



Do sáthadh amach na maidí rámha arís, agus bhailigh na buach-
aillí leó. Níor bh'fhada an mhoill ortha an long do shroisint. Bhí
an captaen ag feitheamh leó, agus thiomáineadar leó láithreach.
Cúpla lá i n-a dhiaidh san do shroiseadar talamh, agus seachtmhain
i n-a dhiaidh san arís bhíodar a naonbhúr scaipthe ar fuaid na
Frainnce.



Fóiríor cráidhte! b'in é dáltha na mílte laoch. B'in é mar
scaipeadh na mílte sár-Ghaedheal le ciantaibh dubha. Lean Nóra
Éamonn go Roinn na hEorpa i gcionn beagán bliadhan, agus
pósadh ann iad; acht, cé gur mhaith oireamhnach creideamhnach an
rud d'Éamoinn is do Nóra san, is í Banba bláthmhar do chaill leó,
amhail is mar chailleann sí le gach mac máthar dá dtréigeann í
gus indiu.



(A chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services