Log na gCeathramhan.
[Tá ceapaithe againn beagán slighe d'fhágáil gach mí ag na filidhibh i slighe
ná tiocfaidh meirg ar a bpeannaibh, acht go bhfuighid Gaedhil sult agus caitheamh
aimsire as a gceapadóireacht. Do cheathramhnaibh amháin an cúinne seo, .i.
ceathramha amháin ó dhuine ar cheist. Is iomdha rud gur féidir ceathramha a
cheapadh air. Má's maith le duine é, féadfaidh freagra a thabhairt ar cheath-
ramhain dá bhfuil i gcló cheana. Athchuinghimíd ar an ndáimhéigse teacht dár
gcabhair, agus mara mbeidh spórt againn, ní lá go headarshuth é.
Taitnid na Ceathramhna le gach aon duine. Táimíd buidheach desna filidhíbh
de bhárr a gconganta. Beidh fáilte roimh an uile dhuine. Tabhair-se
iarracht].
DILSEACHT GRÁDHA.
Le seachtmhain is lá bhíos tláth le taitneamh do bhéith,
Gur theangmhaig liom báb do b'fhearr do ghreannuigh mo scéimh;
Galar an ghrádha cidh gnáth gur deacair a léigheas,
Atharrach mná is feárr 'ná chaitheamh an bhirréid.
LIÚDUIDHE ÓG.
FREAGRA.
Is measa do chás 'ná an bárd a bhraitheas gan chéill,
Atharrach báibe ó ghrádhair gach seachtmhaine is lae;
Ná leathadh do cháil i láthair barrfhionn mar scéal,
Nó geallaim go mb'fheárr duit clár do bhaithis bheith maol.
SEAN-LIÚDUIDHE.
NA DRAOITHE - CHUM TÓRNA.
A ghéarfhile ghléasda nách tearc do shaoilis
Gaéidhil Inis Éilge air easba grinn suilt;
Badh mhéala tar mhéalaibh an bheart dá mb'fhior duit
Is chéim badh mhó léan linn 'ná stair na Síneach.
GAOL NA nGAODHAL.
FREAGRA AR CHONALL CEARNACH.
A Chonaill na Lann, nuair fromhas do bhéarsa
Do chrothas mo cheann go canntlach céasta;
Sin teanga na Teamhrach san ollscoil traochta
Ag bodaigh is amhais dhein rogha dá héaghmais.
DUINE GAN AINM.
FREAGRA AR "CHUACH NA hEIBHLEAN".
An t-ádhbhar scoile seo stoladh a crúca Sheagháin -
Ghá shárughadh orainn ag Bodaigh den chrú thar sáil,
Mo lámh-sa dhuit-se, go h-oscailth, nách fútha atá,
Tá an mádh i ndorn lucht cosanta clú chirt Fáil.
DHÁ CHICH DHANANN.
FREAGRA AR "DHUINE GAN AINM".
Dia let pheann a lannsa learchumais;
Dia let mheabhair ag fromhadh na n-aiste dhuit;
Beidh stialladh ar amhsaibh Gall, má bhacaid linn,
'S gach piarda 'en dream ar lomrith eagla.
DUINE GAN CLEITE.
AN OLLSCOIL.
"I bhfochair na mbodach bíodh fo-dhuine fóghanta," ar Seán
Ionnus go dtuigfear nach miste linn Móirín slán
Beidh an iomad d'ár bhfuirinn n-a gcoinnibh chun córa d'fhagháil
'S ní thiocfaidh ón scoil sin aon dochar d'ár gcomhacht go bráth."
CUACH NA hEIBHLEAN.
Triúr deagh-Ghaedheal d'imthigh uainn ar shlighe na fírinne i gcaitheamh an mhí
seo ghabh thorainn, .i. Pádraig O Maolfheabhail, agus Cathal O Broin, agus Seaán
Laoighléis. Beannacht dílis Dé le n-a n-anmannaibh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11