Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Sin leabhar maith a chuireadar Muinntir Maunseal amach le déidheannaighe,
.i. Contemporary Ireland, by L. Paul-Dubois; with an Introduction by T. M.
Kettle, M.P.. Franncach is eadh Paul-Dubois, agus i bhFrainncis is eadh chéad-
scríobhadh an leabhar; acht do thionntuigheadh go Béarla é, agus isé an tionntódh
nó an t-aistriughadh-san atá sa leabhar go bhfuilmíd ag tagairt dó. Tá súil
againn gur beag duine i nÉirinn a bheidh i n-éagmuis an leabhair féin. Maran
féidir leis é cheannach deineadh sé a lorg i leabharlainn éigin. Léigheadh sé é ar
aon chuma, agus ní baoghal ná go méadóghfar ar a chuid eóluis i dtaobh a thíre
dúthchuis. Is gnáthaighe nach duine uainn féin a thuigeann ar ndálta san am fé
láthair. Goillean a chion féin chomh mór-san ar gach duine gur ar éigin a bhíonn
sé d'uain aige a cheann a thógaint is stracfhéachaint a thabhairt timcheall gan
bac le léirféachaint ar chúrsaí na tíre. Táinig Paul-Dubois ar cuaird i
nÉirinn. Casadh daoine tuigsionacha air. Thug sé gach nídh fé ndeara, fiú
amháin rudaí a bhí i bhfolach orainn féin, mar adéarfá. Do léigh sé a lán leabhar
ar sstair is ar ghnásaibh Gaedheal. Isé an leabhar so toradh a stuidéir is mhacht-
naimh n-a theannta. Ní miste leabhar maith a thabhairt air, agus níl Éireannach
beo ná féadfadh ceacht, agus ceacht a raghadh i dtairbhe dhó leis, d'fhagháil as.



Ughdar i leith Sociology is eadh Paul-Dubois. Ealadha é sin ná cuirtí puinn
suime innti go dtí a bhfuil le déadhnaighe. Anois bíd ughdair ag taisteal na
gcríoch a d'iarraidh a foghluma. Nach é an scrios é nar smaoinigheadh air tim-
cheall 1550, is go dtiocfadh eachtrannach éigin i nÉirinn ar lorg adhbhair
leabhair. Do bheadh earradh dá bhárr aige go mb'fhiú é chur i leabhar, marab
ionann is "Contemporary Ireland". Do thuig Paul-Dubois súd go maith agus
tá léirmheas déanta aige i dtosach a leabhair ar Stair na hÉireann. Ní'l i
nÉirinn an lae indiu acht iarsma na sean-Éireann, mar is follus as an
seanchus féin. Mínightear is curtar i gcéill dúinn mar thárla soin. D'éis
trácht ar sheanchus na tíre do roinn an t-ughdar so a leabhar n-a thrí chuid, mar
atá - an chéad chuid, Political and Social Conditions; an dara cuid, Material
Decadence; agus an tríomhadh cuid, Possibilities of Regeneration. Sa tríomhadh
cuid seo cuireann sé síos ar aithbheodhchant na Gaedhilge, agus, dá mbeadh slighe
againn dó, badh mhian linn alt as a chur i gcló annso. Níl slighe dhó, ámhthach.
Do chomhairleoghaimís do gach dalta de Chonnradh na Gaedhilge an t-alt soin a


L. 143


léigheamh go háirithe. Má thagann laighdughadh ar ár misneach de bhárr déine ár
n-oibre, ní'l le déanamh againn acht an t-alt a léigheamh is cuirfidh sé urchroidhe
agus "méadughadh meanmann" ionnainn arís. Is greannmhar an scéal é an
oiread-san meas ag eachtrannach ar obair na Gaedhilge, agus a laighead meas
atá uirthi ag cuid desna savants cois baile! Is fuirist go leór a dhéanamh
amach ciaca taobh go bhfuil an ceart air. Ní deacair a rádh cia hiad so gur
mhaith leo an Ghaedhilg is gach a mbaineann léi bheith i n-íochtar Choire Bhreacáin,
nó b'fhéidir tamall beag níos sia síos. Is mian le gach duine uisce a tharraing
chun a mhuilinn féin, agus, ó's í an Ghaedhilg an mhuileann d'fhóghnann chun Ghaedhil
- is Gaedhil amháin - a chothughadh, car bh'fhearra rud a dhéanfaidís 'ná cromadh
d'aonbhuidhin ar uisce a tharraing chuichi. Isé muileann na Gaedhilge a chuirfidh
Éire ar a bonnaibh arís. Is í sin tuairim M. Paul-Dubois, agus tuairim daoine
nach é chomh maith.



S. Ní Ch.



Tá uimhir eile de ÉRIU d'éis teacht i gcló, agus badh mhian liom beagán
tuairisce mar gheall air a chur os comhair léightheóirí an IRISLEABHAIR. Ag dul
i líonmhaireacht atá an dream a chuireann suim sa tSean-Ghaedhilg is i sean-
dálaibh na hÉireann. Tá a liacht páipéar ag cuidiughadh le chéile d'fhonn is an
deagh-obair a chur chun críche. Ní dócha go bhfuil n-a measc go léir aon pháipéar
is mó a thuilleann congnamh ó Ghaedhlaibh 'ná mar thuilleann "Ériu". Ag dul i
bhfeabhus is i bhfoghntacht a bhíonn ón taca go chéile. Ní chosnuigheann acht leath-
shobharn i n-aghaidh na bliadhna, agus is fiú an méid sin go maith é d'éinne go
n-oireann dó teacht au courant i n-imtheachtaibh na tíre fé láthair. Má bhíonn in'
éaghmuis tá mórán caillte aige. Tá árdcheannach air ar fuaid na Roinne
Eorpa is i nAimeirice, acht an bhfuil ceannach air i dtalamh duthchais na nGaedh-
eal mar badh cheart a bheith? Siní an cheist.



Féachaimís anois cad iad na hearriadhe atá le fagháil sa n-uimhir seo. Don
chéad dul síos, tá trácht agus cur síos ón Ollamh Cúno Meighear ar The Irish
Mirabilia in the Nors "Speculum Regale". Timcheall A.D. 1250 do scríobhadh
an "Speculum Regale" i dteangain na Lochlannach. Tá ceannaighe ag tabhairt
cunntuis ann dá mhac ar na hiongantuisí do chonnaic i dtíorthaibh iasachta. Tá
innste annso ag Cúno Meighear an cunntus do tugadh ar Éirinn, agus an
moladh do deineadh uirthi. N-a dhiaidh-san tá scéal i gcló ir i n-eagar ag Whitley
Stokes, "Scéla Conchobair maic Nessa," do baineadh as an Leabhar Laighneach.
Scéal breagh iseadh é gan amhrus. Tá aistriughadh ann ar "Cáin Eimíne Báin"
ó láimh C. Plummer. Tá an Ghaedhilg i gcló in "Anecdota from Irish Manu-
scripts". Gheibhmíd n-a dhiaidh-san "Tochmarc Fearbhlaide," scéal atá churtha i
leith Chearbhaill Uí Dálaigh. Eoghan O Neachtain a chuir an scéal breagh so i
n-eagar, agus, le congnamh an fhoclóra atá len ais ag Eoghan, d'fhéadfadh aon
duine a thuigeann Gaedhilg na haimsire seo an scéal Fearbhlaide a léigheamh go
hadhsáideach.



Tá dhá aiste Béarla n-a dhiaidh-san ann: (1) Míniughadh ar an ainm sin
"Brian Bórumha" ag Cúno Meighear; agus (2) "The Longobardic Origin of
St. Sechnall" ag Alfred Anscombe. Filidheacht an chuid eile dhe; mar atá
(1) "Echtra mac Echdach Mugmedóin," dán fada ar n-a chur i n-eagar ag
Miss Maud Joynt ón Leabhar Laighneach is ó Rawlinson B, 502: (2) "The Har-
rowing of Hell", dán bríoghmhar i n-eagar ag an Aimhirgineach ó Leabhar Mhainis-
tir Fhearmuighe; agus (3) "A Hymn of Praise", duaineog atá ar n-a chur i
n-eagar ag R. J. Best. Tá súil agam gur beag léightheóir den IRISLEABHAR a
bheidh i n-éaghmuis "Ériu".



TORNA.



Sidé an leabhar is déidheannaighe do fríth ó lámhaibh Thomáis Uí Flannghaile,
agus marab ionann is a lán den stuf do-chítar ar an margadh fé láthair, is
leabhar é go bhfuil gábhadh leis. Foríor! is beag duine i nÉirinn go bhfuil
tuairim aige de nua-fhilidheacht na Gaedhilge, agus gan an tseanfhilidheacht do
bhac. Ní'l cunntus iomlán ar an nua-fhilidheacht féin le fagháil i n-aon áit fós,
agus is dian atá a easbha orainn. Maidir leis an tseanfhilidheacht, tá tos-
nughadh maith déanta ag Tomas Ó Flannghaile, ó thug sé an leabhar so
dhúinn.


L. 144


Sé rud atá déanta ag Tomás ná leabhar do céadscríobhadh i Laidin is do
cuireadh amach sa Róimh i mbliadhain a 1677 ag an Athair Froinsias O Maol-
mhuaidh, do chuir i mBéarla maraon le tagra is nótaí uaidh féin. Do scríbh an
tAthair Froinsias Graiméar, acht bhí an oiread-san meas aige ar an bProsóid
gur thug sé timcheall a leath dhen leabhar do. Isé an chuid sin den leabhar atá
ar n-a chur amach arís ag Tomás O Flannghaile agus é aistrighthe go Béarla
aige.



Ní gábhadh dham a rádh go ndearna Tomás a chion féin go dicheallach is go
maith. Tá a rian ar an leabhar so go deimhin. Leabhar taitneamhach so-léighte
iseadh é. Má thosnuigheann duine ar a léigheamh, ní fhéadfaidh stad de go dtí
go sroisfid a dheireadh. Éinne a chuireann suim i bhfilidheacht na Gaedhilge -
agus ciaca againn ná cuireann? - níor cheart dó gan an leabhar so d'fhagháil.
Méadóghfar go mór ar a chuid eoluis i gcúrsaíbh filidheachta na Gaedhilge de
bharr a léighte, agus ní baoghal ná go dtaithneoghaidh leis an bhreis a chuireann
Tomás leis. Molaimíd go mór saothar Thomais agus comhairlighmíd do Ghaedh-
laibh, agus go sonnrádhach do léightheóiríbh an IRISLEABHAIR, an leabhar d'fhagháil
agus stuidéar a dhéanamh air. Ní bheidh cathughadh ortha n-a dhiaidh.



Nach iongantach mar atá an sean-léigheann ag casadh orainn leis an nGaedh-
ilg. Is beag duine ná haontóghaidh leis an méid seo i n-ár ndiaidh adeir
Tomás i mbrollach a leabhair:



De réir mar thagann an Ghaedhilg i bhfeidhm, tá súil le Dia againn go bhfill-
fidh orainn an seanléigheann na tuile gan dísceadh, is go mionscrúdóghfar
gníomha is éachta na ré doilbhthe úd.



Ní hé an t-aistriughadh so Thomáis an chéad aistriughadh i mBéarla do rinn-
eadh ar Phrosóid an Athar Froinsiais. Roimh bhliadhain a 1750 do rinne an tAthair
Seaán O Briain aistriúghadh air - nó ar a urmhór go háirithe; agus chuir sé
beagán uaidh féin leis. Ní dóigh liom, ámh, gur cuireadh a shaothar-san i gcló
riamh, acht tá sé coitcheanta go leór i láimhscríbhinnibh.



Tá cóib bhreagh dhe sa leabhar H.4.5 i gColláiste na Tríonóide, mar bhfuil
caibidiol fé leith, ná feicim i leabhar Thomais, darab tideal:



Focal amháin anois ag cur le heólus an leabhair. Tá aon nídh amháin a
bhaineann le "Séadna" gur dóichidhe gan é bheith ar eólus ag an Athair Froin-
sias. Bíonn "Uaim" ón gceathramhain go chéile den tSeóladh. Is ionann soin
agus a rádh an focal deiridh dhen chéad líne i ngach rann agus an chéad fhocal
den dara líne (acht gan iarmbéarla d'áireamh) do thosnughadh ar ghutaibh nó ar
éan-chonsoin. B'é an Dochtúir O hAimhirgin a thug sain fé ndeara ar dtúis i
"Muscail do mhisneach a Bhanba" Chéitinn. "Lurga Dhíreach" a thugtaí ar an
"Uaim" sin fadó. Tá samhlaídí go leór san dán úd Chéitinn. Seo rann a
cheap Phádraigín Haicéad:



"Ag sin uaim i mbeagán briathar: bun mo theasta ar thír an óir;
Éire sompla soiléir Pharrthais: barrthais oiléin chorcra chóir."



Da-ghníd "briathar" agus "bun" Lurga Dhíreach annsoin, mar tá an chon-
soin chéadna, .i. b, i dtosach gach focail aca.



Seo rann a cheap Giolla Brighde Mac Con Midhe, ag guidhe Dé clann a bheith
aga mhnaoi:



"Déan orum trócuire, a Thríonóid: tug radharc i rosc an daill;
Fér tre san gcreig, a Dhé is doilghe: ná leig mé a Choimhdhe gan chlainn."



Agus arís:



"Guidh lem chloinn do bheith n-a mbeathaidh: a Bhrighid ór baisteadh mé;
Ná leig t'fhear dána fá dhímheas: a bhean ghrádha dhíleas Dé."



Ní beag an méid sin.



TÓRNA.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services