Síoghra Dubh.
Tomás Ó Rathaille do sholáthruigh.
Feacht n-aon dia raibhe Rí Lochlann, .i. Maghnus
mac Arailt, ar fhaithche dhúnaid na Beirbe,
agus dob é fad agus leathad na faithche sin,
.i. seacht míle dhéag ina fad agus seacht míle ina
trasna, agus í 'na clár chomhthrom chóimhréidh, agus
leac lánmhaiseach lóghmhar ar lármheadhón na faithche
sin, ina ríoghthaoi Rí Lochlann do ghnáth. Agus do
ba béas gnáith don rígh sin (gér líonmhar a churadha
coimeáda agus a mhílidh mhór-anacail) éirghe go moch gacha
maidne do chuardughadh na faithche fóidréidhe sin gan aon neach
ina fhochair; agus do shuidh an Rí an lá sin ina ionad ríoghdha ar an
bhfaithche, mar fá gnáth leis roimhe riamh.
2. Ní fada do bhí ann in tan do chonnairc aon-óglách mór
míleata mear-chalma i dtrealamh gaisgidh dá ionnsaighe; agus fá
holc leis an Rígh gan a lucht coimeáda do bheith ina fhochair, ar
uamhan agus ar imeagla an óglaoich mhóir. Mar tháinig an
t-óglaoch do láthair, do iarr an Rí fair suidhe ina fhochair féin
san ionad i raibhe. Adubhairt an t-óglaoch nach suidhfeadh, agus
nachar dhual do-san neach do shuidhe 'na fhochair san ionad [sin
acht neach don fhuil ríoghdha, "agus ní di sin mise," ar sé;
"gidheadh, suidhfead annso it fhiadhnaise, agus diongbhamaoid] ar
aon triur ridire nó gaisgidheach, agus ar n-aghaidh ar a chéile
d'éin-leith, óir doghéan-sa faire agus forchoiméad duitse, agus
déana-sa dhamhsa mar an gcéadna."
"Doghéan," ar an Rí; "agus innis damh anois cia thú féin
d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain."
"Ní dhiongan mo shloinneadh dhuit," ar an t-óglách, "acht
gurab ridire mé ghabhas tuilleamh agus tuarasdal ó ríoghaibh
agus ó thighearnaibh an domhain, agus ní bhfuil do chommaith-se do
ríoghaibh agus do thighearnaibh teanna na talmhan nár ghabhas tuar-
asdal uadha, agus do b'áil liom bheith tamall ar do theaghlach-sa."
"Is maith liomsa sin," ar an Rí, "agus déana-sa cor agus
muinnteardhas riom."
3. Do rinne an t-óglách muinnteardhas bliadhna fris an Rígh,
agus adubhairt an Rí annsin:
"Ó nach sloinne do chinéal damh," ar sé, "caidhe h-ainm re
siobhal an domhain?"
"Goirthear anmanna iomdha dhíom" ar an t-óglaoch.
"Innis damh iad," ar an Rí.
"Inneosadh," ar an t-óglaoch, "acht go bhfuighear an ath-
chuingidh iarrfad ort."
"Cluinim uait í," ar an Rí.
"Ag so í," ar an t-óglaoch, ".i. gach comhlann dá dhochracht
nó dá mhéad dá dtiocfa i gcríochaibh Lochlann ris an mbliadhain-si
biad-sa innte, gan a chur thoram chum ridire ná chum gaisgidhigh
oile san domhan."
"Is aisgidh dheaghlaoich sin," agus do gheabhair-se í."
"Má 'seadh, inneosa mé mh'anmanna dhuit feasda," ar an
t-óglaoch. "Carón Cneas-odhar mh'ainm ris na seacht mbliadhnaibh
do bhádhas im ghiolla ag Bhulcán, .i. gabha ifrinn, ag iomchar ghuail
agus mhianaigh dó, gur odhruigheadar foghaotha doilbhthe diabhalda
mo chorp agus mo chneas, agus ní tháinig mo dhath [féin] orom nó
go bhuaras deocha bríoghmhara buan-leighis [agus fothragain]
diana díoghraiseacha, agus táinig mo dhath agus mo ghné féin damh
ina dhiaidh sin. Taisdealach na dTroighdheach ainm oile dhamh," ar
sé.
"Créad uime a ngoirthear sin díot?" ar an Rí.
"Na Troigheadhuigh," ar sé, "cinéal daoine atá san Domhan
Toir, de chinéal Caim mic Naoi, agus is díobh sin Caitcheannaigh
agus Coincheannaigh agus Gabharcheannaigh, agus gach éagosg
toratardha oile; agus, an uair bhím-se ag gabháil a ngiall agus
a mbraighde, Taisdealach na dTroigheach mh'ainm an uair sin.
Síoghra Dubh mo ghnáth-ainm féin, agus gidh bé dhíobh sin ainm is
usa leatsa do ghairm dhíom, gair díom é," ar an t-óglaoch.
"Goirfead-sa Síoghra Dubh dhíot," ar an Rí, "óir dochluinim
gurab é ainm is gnáthaighe ghoirthear dhíot é."
"Isé go deimhinm," ar an t-óglaoch.
4. Do bhádar mar sin ag innisin sgéal da chéile nó go
dtángadar slóigh agus sochaidhe chathrach na Beirbe ar an
bhfaithche, nó go rabhadar glanchluichidhe an aonaigh agus an oir-
eachtais aga gcur, agus gér bh'iomdha mac ríogh agus tighearna
agus damhna deighríogh annsin, isé Síoghra Dubh rug buaidh an
aonaigh uile an lá sin, agus mar tháinig deireadh an laoi aga
n-ionnsaighe, tángadar aos freasdail agus fritheolmha na
cathrach chuca, dá mbreith do chaitheamh na fleidhe do bhí ionchaithmhe
ar a gcionn an uair sin. Do ghluaiseadar na sluiagh uile chum na
cathrach, agus do suidheadh gach aon acu ina ionad urdhálta féin,
do réir a uaisle agus innmhe agus a onóra; agus an uair do
shaoil an Síogra Dubh a bhreith i measg shluagh agus shochaidhe
riodaire agus gaisgidheach go honórach, ní hamhlaidh sin do rinn-
eadh ris, acht a chur i seómra [dorcha] an n-oidhche sin, agus lucht
freasdail agus fritheolmha leis. Ba machtnadh mór le Síoghra
an ní sin, óir níor chleacht a leithéid do tharcuisne d'fhágháil
roimhe riamh. Gidheadh, do fhulaing sin an n-oidhche sin, agus níor
mhaise leis an t-ionad sin inar fágbhadh é d'fhágbháil mó go gcur-
thaoi teachta ar a chionn, agus do fhan mar sin an dara hoidche,
agus an treas oidhche, agus ní headh amháin acht go ceann
bliadhna ar an órdughadh sin; gurab i gcionn na bliadhna do
chuimhnigh an Rí ar an óglaoch n-anaithnid, agus do ba doiligh leis
a dhearmad. Gidheadh, adubhairt an Rí:
"Cá bhfuil taoiseach coiméada mo shéad?" ar sé.
"Atáim annso," ar an taoiseach.
"Éirigh mar a bhfuil Síoghra Dubh, agus beir a thuarasdal dá
ionnsaidhe, .i. uinge dh'ór."
Do éirigh an taoiseach, agus do chuaidh mar a raibhe Síoghra
Dubh, agus do bheannuigh dó. Do fhreagair Síoghra go gruama é.
"Ag so do thuarasdal uit, a Shíoghra," ar an taoiseach.
"Ca hionad i bhfuil sé agat?" ar Síoghra.
"Atá in mo dhorn deas," ar an taoiseach, ".i. uinge dh'ór."
"Dobheirim briathar," ar Síoghra, "nár samhluigheadh mo
thuarasdal roimhe riamh i ndorn deas ná chlé."
Annsin do éirigh go bhfeirg mhóir agus go mbruth mílidh, agus
do nocht a chloidheamh cruaidh colg-dhíreach, agus tug béim don
taoiseach, gur dhealuigh a dheaslámh ris, agus adubhairt Síoghra:
"Atá i ngleann fairrge ar leath Lochlainn rí nach samhlóchadh
re deich gcéad uinge dh'ór mar thuarasdal san mbliadhain mé,
agus luighim fóm armaibh gaisge, muna bheith an beagán cuir
agus muinnteardhais do reinneas re Rígh Lochlann, go ndúnfainn
na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar dhúnadh na
Beirbe, agus go bhfúighfinn an chathraigh fá dhoighir dhonn-ruaidh
dhearg-lasrach, agus go n-imeórainn bás ar an Rígh agus ar a
mhuinntir."
5. Is annsin do ghluais an taoiseach ina réim reatha nó go
ráinig i bhfiadhnaise Ríogh Lochlann, agus do leig fiarthrasna ar
fiarlaoid na mór-chathrach é, agus do léig taise agus táimhnéala
báis dá rochtain. Fiafruigheas ar Rí sgéala dhe.
"Atáid droch-sgéala agam" ar sé; "óir ní fheaca rem
chuimhne riamh aonduine as measa 'ná an té chum a ndeacha;
agus is cuid dá olc gur bhean sé mo lámh dhíomhsa, agus gur
fhóbair bás d'imirt orm; agus adubhairt ní ba measa liom 'ná
sin uile, .i. do luigh fá mhionnaibh a chineóil, acht muna bheith an
beagán cuir agus muinnteardhais do cheangail sé riotsa, a Rí,
go ndúnfadh na seacht ndóirse agus seacht bhfichid doras atá ar
dhúnadh na Beirbe, agus go loisgfeadh an chathraigh, agus go
n-imeóradh bás ar do shluaghaibh, agus fós adubhairt go raibhe i
ngleann fairrge ar leath Lochlann rí nach samhlóchadh re haon
uinge d'ór é, agus fós adubhairt do ndígheoladh an uinge dh'ór
ort-sa go maith."
"Rachad-sa dá dhíoghail sin ar Shíoghra, ar an Rí.
Ró thiomsuigh an Rí a shluaigh, agus do gluaiseadar 'na
mbuidhnibh toirteamhla go hairm i raibh Síoghra Dubh.
"A Rí Lochlann," ar Síoghra, "créad ro ghluais d'ionnsaighe
na háite-si indiu thu seoch gach la oile don bhliadhain?"
"Briathra móra do chuala do rádh dhuitse," ar an Rí.
"Caidhe iad sin?" ar Síoghra.
"Adubhrais go ndúnfá dóirse chathrach na Beirbe, agus go
n-imeórthá bás ormsa agus ar mo shluaghaibh."
"Adubhart amh," ar Síoghra.
"Adubhrais fós," ar an Rí, 'go raibh i ngleann fairrge ar
leath Lochlann rí nach samhlóchadh re deich gcéad uinge dh'ór mar
thuarasdal thu san mbliadhain, acht ce do shamhluigheas-sa re haon
uinge dh'ór thu."
"Adubhart," ar Síoghra.
"Dá dhíoghailt sin ort tánag-sa," ar an Rí.
Mar do chualaidh Síoghra sin, do éirigh go feargach re briath-
raibh ainmhíne an Rígh, agus iseadh adubhairt?
"Nocha bhfuil mo thuilleamh mbuidhe riot ná re neach oile dhod
mhuinntir nó go bhfágbhar críocha Lochlann," ar sé, "agus luighim
fám dhéithibh gur fhóbras ingheilt mo luinne agus neart mo láimhe
d'imirt ort-sa agus ar do shluagh."
6. Is annsin do ghabh eagla mhór Rí Lochlann gona mhuinntir,
ó'dchonnarcadar fiuchadh feirge Dhíoghra DHuibh ag éirighe, agus ina
dhiaigh sin adubhairt an Rí:
"Innis damh cáit i bhfuil an rí sin nach samhlóchadh re deich
gcéad uinge dh'ór thu, acht cé do shamhluigheas-sa thu re haon
uinge mar thuarasdal san mbliadhain."
"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra, "agus, dá
madh áil leat, do dhéanainn-se eolas duit d'ionnsaighe an ríogh
úd."
"Is áil, go deimhin," ar an Rí, "agus ní dhiongan mo fhlaith-
eamhnas d'ollamhnughadh nó go bhfuighear eolas dá ionnsaighe,
agus ar ghrádh h-oinigh agus h-eangnamha, a Shíoghra, déana eolas
damh go ndeachainn do thabhairt mo chíosa ón rígh sin, óir is mór
an uireasbha dom fhlaitheamhnas an rí sin gona fhorba agus gona
fhearann."
Agus adubhairt Rí Lochlann annsin:
"A Shíoghra," ar sé, "cá líon rachamuid ar an siubhal sin?"
"Bíodh do rogha agatsa dhíobh," ar Síoghra, "dul lucht da
fhichid déag long ann nó lucht aon luinge amháin, óir is ionann
fhóghnaid duit."
"Isí mo rogha dul seól da fhichid déag long ann," ar an Rí.
"Má 'seadh," ar Síoghra, "deasuigh do shluagh agus do
chobhlach go luath."
7. Do rinne Rí Lochlann sin, agus do chuadar ina longaibh,
agus do bhí deich gcéad in gach luing dhíobh agus Síoghra Dubh ina
aonar ina luing féin ag déanamh eolais dóibh. Agus do sheol-
adar rompa i muinchinn mhara agus mhórfhairrge, agus do éirigh
an fhairrge dhóibh ina cnocaibh cuasacha cainnteacha ciachdhoilghe,
agus ina mothar michéillidhe mórthonnach, go nach raibhe urgháir-
diughadh meanman ná aigeanta aco, acht tuilcinn agus míolta
móra agus beathadhaigh éigciallaidhe na fairrge aga gcur ar
taobhaibh tulcha agus ar sleasaibh saorlong, agus do bhádar go
ceann caecighis ar mhíosa ag taisdeal na dtonn agus ag im-
theacht an aigéin. Agus, iar n-a dtuirsiughadh go mór, do chonn-
arcadar aon-oileán álainn éagsamhail, óir ba binn nuall sreabh,
agus gotha éan, agus dórd beach, agus maighe mínsgothacha ann.
Agus do fhiafruigh an Rí do Shíoghra ainm an oiléin sin.
"Olc an t-eolach ar do dhúthaigh thu," ar Síoghra.
"Ní fheadar-sa má's dom dhúthaigh an t-oiléan úd," ar an Rí,
"agus gá hainm dobhéara é air?"
"Oiléan an Chairthe Sgárlóide súd," ar Síoghra.
"Créad um a ngoirthear sin de?" ar an Rí.
"Cairthe sgárlóide atá annsúd ar lármheadhón an oiléin,"
ar Síoghra, "agus is amhlaidh atá sé agus leath gléigeal de
agus an leath oile croidhearg, agus óircheann uaine fair, agus
oircheann gorm, agus éadaighe an domhain do bhuain ris an leath
ngeal doghéantaoi sgárlóid gheal uile dhíobh, augs a mbuain ris
an leath ndearg doghéantaoi sgárlóid dearg uile dhíobh, agus a
mbuain ris an óircheann uaine nó ghorm doghéantaoi sgárlóid
uaine nó ghorm uile dhíobh, agus is maith an séad é," ar Síoghra,
"agus is uaidh ainmnighthear an t-oiléan."
"Déanam d'ionnsaighe an oiléin agus an chairthe," ar an Rí.
8. Do ghluaiseadar an cobhlach chum an oiléin, agus ar rochtain
an chairthe dóibh, do thubhadar a n-éadaighe uile fris, agus do
rinneadh sgarlóid díobh, agus a rogha datha do na cheithre dathaibh
do bhí ar an gcairthe ag gach neach ar a éadach féin.
"Séad ríogh agus tighearna súd," ar an Rí, "agus ní cubhaidh
se neach a bheith aige acht an neach dá ngoirfidhe Rí Lochlann, agus
is ar fhaithche chathrach na Beirbe is cóir a bheith, óir isí faithche is
fearr atá san domhan í."
"Ná habair sin," ar Síoghra, "óir ní cóir a breith as an
oiléan ór hainmnigheadh é, agus do badh díothchur flaitheasa dhuit
an cairthe d'athrachadh as an hionad féin."
"Dobheirim-se fám bréithir," ar an Rí, "nach fúigfead-sa
an t-oiléan nó go dtógthar an cairthe as a hionad leis na
sluaghaibh."
Do goireadh a lucht feadhma agus fíoroibre chum an Ríogh,
agus do ráidh riú an cairthe do thógbháil agus do thochailt,
agus do freagradh an fógradh sin ag na fíorlaochaibh, agus do
tochladh an cairthe go tréanchalma, agus, ar n-iadhadh a lámh uime
dá thógbháil, do tarraingaedh uatha san talamh síos é, go nár
fágbhadh acht múr móradhbhal don talamh ós a chionn, agus níor
bh'fheas dóibh ná do na sluaghaibh cá slighe ina ndeachaidh uatha.
Agus mar do chonnairc an Rí sin, do chuaidh i dtaisibh agus i
dtáimhnéala(ibh), agus tángadar neoil anbhaile an bháis dá ionn-
saighe do chumha an chairthe, agus ní fhacaidh riamh seoid is mó do
chuir air ioná é, agus adubhairt dá bhfuigheadh neach [do rachadh
ar a lorg go dtiubhradh comhtha móra dhó d'ór, d'airgead,
d'fhonn agus dó dhúthaigh, agus "a roghá mná aontumha dá bhfuil i
gcríochaibh Lochlann," agus adubhairt, dá madh d'uaisle ríoghachta
Lochlann do rachadh ann, go dtiubhradh trian na críche dhó.
9. Do bhádar dís mhac ag an Rígh dár bh'ainm Conn agus
Earca, agus tángadar an dís mhacaomh do láthair an Ríogh, agus
do foráladh na comhtha sin ortha, agus d'fhaomh Conn a nglachadh,
agus adubhairt ris an Rígh go ngeochadh féin dul do thóruidheacht
na cairrge sgárlóide. Do ghabh an Rí ratha gréine agus éasga
agus an uile dhúil fá n-a gcomhall dó, agus do rinneadh cómhra
chláraigh dó, agus do ceangladh córdaí caola agus cáblaí cnáibe
an da fhichid déag long as a chéile, agus do leigeadh síos i ndiaidh
na cairrge sgálóide é, agus ní mó go raibh a leordhóithin do na
téadaibh aige re rochtain chum tailimh. Iar dtúirling dó, d'fhéach
n'a thimcheall, agus do chonnairc tír threabhthach uaidh siar gacha
díreach, agus ní fhacaidh riamh a shamhail do thír ná d'fhonn le (n-)a
háilleacht na le (n-)a haoibhneas; ór ba binn fóir a sreabh,
dórd a beach, agus fuaim a srothán, agus ceol a héallaith; ba
hálainn a lubhghort, agus ba fionnfhuar a tiobraide glanfhuara
fíoruisge, agus ba habaigh ionchaithmhe toradh a crann agus a
fiodhbhaidhe, agus an tír sin fá thuinn fheóir agus fhásaigh. Tug
annsin a aghaidh siar gacha díreach, is do bhí ag siubhal na tíre go
ceann trí lá agus teóra oidhche, agus ní fhacaidh aonduine ris an
re sin. Agus i bhfoircheann na haimsire sin do chonnairc uaidh
dún ríoghdha ró-álainn, agus cathair mhaiseach cheathair-uilleannach.
Gidheadh, ní bhfuair rian ná taithighe shluagh chuice ná uaithe, agus do
chonnairc i ndoras na cathrach dís de laochaibh, agus a n-aghaidh ar
a chéile, agus corn crosórdha cumhduighthe cómhdhaingean i láimh
fhir díobh da shíneadh chum an fhir eile. Do bheannuigh dhóibh, agus
níor fhreagair neach díobh dó, óir is amhlaidh bhádar marbh, agus do
chuaidh timcheall, agus iad i n-éadaighibh eagartha óil, agus gan
cuibhreann díse ná trír díobh ná raibh cuach, nó corn, nó cupán
láimh an dara fir díobh dá shíneadh chum an fhir oile, agus is amh-
laidh do bhíodar uile marbh. Do chuarduigh an chathair, agus ní
bhfuair seómra ná iargcúil diamhair insa gcathair ná raibh ar an
órdughadh sin, agus iad uile marbh. Agus ró ghabh iongantas
mór mac Ríogh Lochlann fán órdughadh sin do fuair ar an gcath-
air, agus do chuaidh i ngrianán oirdhearc, agus i lármheadhón an
ghrianáin fuari tighearna agus árdfhlaith na cathrach ann, i gcath-
aoir álainn orloisghte, agus macaomh maiseach mín-álainn ina
fhiadhnaise, agus corn clochórdha cumhduighthe ba háille dá bhfac-
aidh riamh ag an rígh dá shíneadh chum an mhacaoimh, agus fithcheall
álainn oirdhearc eatorra. Do bheannuigh Conn dóibh, agus do
rinn umhla don rígh, agus níor fhreagair ceachtar díobh é, óir is
amhlaidh ro bhádar marbh. Gabhas mac Ríogh] Lochlann an corn do
bhí i láimh an ríogh, agus níor fhéad a bhuain as a láimh, agus, ó nár
fhéad, do nocht a chloidheamh, ar ngabháil fheirge dhó tré gan
sgéala d'fhagháil uatha (óir do shaoil go rabhadar beó), agus tug
béim cloidhimh don rígh, agus do dhealuigh a lámh agus an corn
fris, agus adubhairt go mbéaradh an corn go Rígh Lochlann, agus
do iompugh ón chathair, ó nach fuair taithighe dhaoine chuice ná
uaithe, agus ó nach fuair sgéala an chairthe sgárlóide; agus
tháinig san chonair chéadna tar ais nó go ráinig an chómhra chlár-
aidh, agus do chroith na cáblaidhe, agus do tarraingeadh suas i
bhfiadhnaise Ríogh Lochlann é.
10. Do fhiafruigh an Rí sgéala dhe; agus do innis a im-
theachta ó thúis go deireadh, agus sgéala na tíre i ndeachaidh,
agus a hiongantais uile, agus tuairisg chathrach na bhfear marbh,
agus nach fuair aonfhocal de sgéalaibh an chairthe sgárlóide.
Mar do chualaidh an Rí sin, do mhéaduigh a dhubhachas, agus do
thaisbéin an macaomh an corn don Rígh.
"Ag so dhuit, a Rí," ar sé, "séad flatha fuaras i gcathair
na bhfear marbh."
Do moladh go mór an corn aco, agus adubhradar nach
facadar riamh corn ba áille ioná é, agus ba fearr cumhdach,
agus do thaitn sé go ró-mhór ris an Rígh; cidheadh níor thréig a
dhobrón timcheall an chairthe sgárlóide. Do éirigh Earc Astalla,
agus adubhairt do ghuth árdmhór shollas-ghlan rena bhráthair:
"Ní fhacamar riamh, agus a theacht slán, aonduine is measa
do rinne a thuras 'ná thu, óir ní thugais aonfhocal do sgéalaibh an
chairthe sgárlóide lat, agus ní mó thugais a fhios lat créad do
mharbh sluaigh na cathrach, agus ní mó ata 'fhios agat cia hí an tír
'na rabhais."
Adubhairt Conn: "Dá madh cead le Rígh Lochlann na
comhada do gheall sé dhamhsa do thabhairt dhuitse, do badh cead
liomsa é, dá fhios a' dtiubharthá sgéala an chairthe lat ní as
fearr 'ná mar thugas-sa."
"Dá bhfuighinn sin agus cuir agus teannta re comhall damh,"
ar Earc, "do rachainn ar lorg an chairthe."
"Ní fearr liomsa a chomhall do neach oile n'a dhuitse," ar an
Rí.
Tugadh na ratha agus na cuir chéadna do Earc Astalla, agus
do ghluais roimhe, agus do léigeadh síos isan chómhra chláraidh é
ar lorg an chairthe, agus triallas roimhe siar gach ndíreach, agus
do thaitn an t-oiléan ris, agus is lughaide dob iongnadh leis a
fhaicsin a gcualaidh do sgéalaibh na tíre óna bhráthair roimhe
sin; agus níor sguir nó go ráinig an chathair, agus fuair dias
isan doras, agus do labhair i dteangthaibh agus i n-ilbhéarlaidhibh
iomdha riú, i ndóchas gurab uireasbaidh béarla nó theangan do
bhí ar a bhráthair riomhe sin, agus nár tuigeadh uadha an teanga
do bhí aige, agus ní hamhlaidh sin do bhí acht iadsan marbh. Agus
do chuaidh Earc isteach isan chathair, agus fuair ar an órdughadh
do innis a bhráthair roimhe sin é, agus, ó nach fair aoinneach 'na
bheathaidh innte, do chuaidh isan ghrianán do bhí os cionn na cathrach,
agus fuair an rí ann go dtlacht ríoghdha uime, agus an macaomh
'na fhiadhnaise, agus an fhithcheall eatorra, agus an rí i n-éagmais
a laimhe. Adubhairt Earc Astalla: "Truagh sin, a rí; do
bheirim-se aithne ort gurab id láimh do bhí an corn tug mo
bhráthair-se do Rígh Lochlann, agus is mairg do bhean do lámh
díotsa, ar son seóide saoghalta ar bith, acht ce mór a bhuadha.
(Ní críoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11