Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



Leabhar maith is eadh "The Catholic Truth Annual" so atá ar n-a chur
amach do Chomhlucht na Fírinne Caitlice i nÉirinn. Tá pictiuirí deasa ann,
agus roinnt aistí foghanta. Is fiú na haistí seo a léigheamh .i. "Poetry and
Religion" by Professor Stockley agus "Life and Times of Hugh Roe O'Donnell"
by Dr. Cox. Is féidir an leabhar d'fhagháil ar réal ón gComhlucht, 24 Sr. Uacht.
Uí Chonaill, sean áitreabh Chonnradh na Gaedhilge.



Tá roinnt leabhar ar láimh againn, acht ní'l slighe againn an mhí seo chun
tagairt dóibh. Tá cláracha dhon IRISLEABHAIR da n-ullmhughadh againn leis, is
tá súil againn go mbeifar foidhneach linn n-a dtaobh.



Anois an t-am ag ár scríbhneóiríbh chun oibre. Tá Clár an Oireachtais
ullamh. Muna bhfuil ceann agat, a léightheóir, cuir cárta ag triall ar Rún-
uidhe an Oireachtais gan moill.


L. 96a


Na Príomh-rudaí.



I. - Cló.



An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh
ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta
so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní
baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n
bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin.



Tá anois i dtigh clódóireacht cló miotaileach de
gach aon tsaghas.



Is mar soin dúinne. I n-ár monarcha tá na
clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir-
eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair
thar barr a cheap.



Mar soin níl agat le déanamh acht an obair sin atá
agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn
agus labhróchamuid mar gheall uirthi.



An Cló-Chumann, Teo.,
Sr. Mór na Trágha 68-71, Baile Átha Cliath.
Guthán 1555.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services