Aimsear na bhFígínídhe i nUíbh Ráthach.
PÁDRAIG Ó SÉAGHDHA do scríbh.
Oidhche spéirghealaighe do b'eadh í. Bhí an ghaoth ag séideadh
go borb i measc na gcrann agus dubhscamaill anois is arís gá
radadh féin go dúr treasna na spéire. Go hárd os cionn na
gaoithe chloisfidhe garbhscread na mbuilgidhe ag briseadh go
fraochmhar de dhruim na gcarraigeach lasmuigh, agus thabarfaidhe
fé ndeara an subh ag réabadh an ghrin i roinn íochtraigh na
Fearthan. Siar ó dheas ón Roinn bhí sean-chaisleán na Rátha
suidhte fé scáth na gcrann. Bhí tochar árd mar áras chosanta
san taoibh thuaidh den chaisleán agus cumar doimhin cómhchruinn
ag gabháil timcheall ón dtaobh eile. Áit chluthar seicréideach do
b'eadh í - áit oireamhnach go leór i gcómhair na hoibre a bhí idir
lámhaibh aca so bhíodh bailighthe ann gach oidhche le tamall.
An oidhche seo áirithe, tháinig fear óg groidhe anuas sean-
bhóthar na coille. Thiomáin sé leis féin go tapaidh go dtí gur
dhruid sé i n-aice le tigh tábhairne Liam Uí Chiabháin bhí lár slighe
'sa bhóthairín. Ar chúl an tighe bhí crann fuinnseóige ag fás os
cionn póirsín bhig. Do dhein sé fé dhéin na háite. Bhí cailín óg
'na seasamh fé scáth an chrainn. Chuir sí amach a dhá láimh ag
fáiltiúghadh roimis.
"Céad fáilte rómhat, a Chormaic," ar sise, "agus má's
maithuait teacht is mithid é. Cad do chongaibih chómh déadhnach
thú? Bhí imhshníomh an domhain orm ag feitheamh leat."
"Ní raibh leigheas air, a Neillí, a stóirín; ní raibh cead mo
chos agam go dtí an neómat so, agus dá chómhartha sain féin tá
orm bheith ag gluaiseacht láithreach arís, óir táid na buachaillí ag
feitheamh liom mar seo."
"Ní bhíonn a mhalairt de scéal agat le déadhnaighe, a
Chormaic. Tá an chéad ghlaodhach ag na buachaillí ort gac tráth
d'réir dheallraimh."
"Agus nach maith an mhaise orm san, a laoigh. Tá sean-
eólas agat-sa ar an obair atá idir lámhaibh againn."
"Tá, leis, agus is minic a chuireann an obair chéadna fonn
ghoil orm. Is baoghlach go mbeidh drochthoradh ar bhur saothar lá
éigin, a Chormaic."
"Éist, a stóir, agus ná bhí ag casaoid mar sin, ní gnáthach
duit-se bheith chómh dúr san."
"Á, is minic i lár na hoidhche, bhím-se ag smaoineamh ar bhur
n-imtheachtaibh, agus tagann tocht im chroidhe nuair éirigheann
liom an chontabhairt do chur i n-umhail dom féin i gceart."
"Ní gábhadh dhuit é, a Neillí; tá Dia láidir agus tá máthair
mhaith Aige, agus le congnamh Ríogh na gCómhacht ní theipfidh
orainn."
"Is baoghlach liom go bhfuil sibh-se ró-dhíreach, ró-mhacánta le
haghaidh na hoibre tá romhaibh. Bíodh a' fhios agat go bhfuil beart
sheicréideach i gcómhair an fhir scéidhte i gcómhnaidhe i nÉirinn."
"B'fhéidir é, agus nár leigidh Dia go mbeadh éinne den
dream san ag baint linne; acht tá dóchas láidir agam as na
buachaillibh, agus thabharfainn an leabhar air ná fuil aon staigín
i n-ár measc-na."
"Tá súil láidir agam go bhfuil an scéal amhlaidh, acht cogar,
a Chormaic. Ní bheadh breis ionntaoibh agam as Aodh Ó Tuama
dá mbeinn-se it chás-sa."
"Aodh Ó Tuama an eadh! Fíoghar na Croise eadrainn agus
na speabhraoidí! Cad a chuir it cheann an méid sin a rádh?"
"Tá sé sleamhain plámásach, agus cuireann sé "meascán
mearaighe" ar a lán, acht imás, ní thagann leis an dubh do
bhualadh ar an ngeal ort-sa chómh maith leó.
"Tá rud éigint ag cur ort, a Neillí. Cad é an chúis duit
drochamhras a bheith agat ar Aodh?"
"Ní fheadar. B'fhéidir dom a bheith ag déanamh éagcóra air,
acht tá fhios agat gur spailp sé an leabhar breac go mbeadh
sásamh aige asat-sa nuair dhiultuigheas ar phósadh é an Inid seo
imthighthe thorainn."
"A Dhia, 'Dhia, má's é sin bun bárr an drochamhrais, ná bíodh
ceist ort. Tá Aodh agus do dheirbhshiúr, Nóra, geallta dá
chéile anois imás, agus ní beag linn an méid sin. Tá sé ar na
comrádaibh is seasmhaighe dá bhfuil ann againn."
"Is deacair an t-éad a strachadh amach as na préamhachaibh, a
Chormaic, agus duine dúr drochaigeantach 'seadh Aodh, creid mé
leis. Ní tháirleóchadh leis é chur 'san mhuillean air féin gur
deineadh ceap magaidh dhe an uair úd agus gur tusa ba chionntach
leis.
"Fastaím, a Neillí! Ní cás duit cara ní budh creideamhnaighe
do luadh."
"Fastaím b'fheidir, a Chormaic, acht cogar i leith, an cuimhin
leat an uair do lámhaigh na píléiridhe do dhearbhráthair Pádraig,
go ndeinidh Dia trócaire air, an oidhche úd san abhainn."
"An cuimhin liom é! An dóigh leat go scarfaidh imtheachta
na hoidhche céadna lem chuimhn roimh éag dom?"
"Ní scarfaidh; tá 'fhios san agam, acht ar thárlaidh leat
smaoineamh riamh gurab ait an rud ceathrar píléar a bheith
bailighthe i dteannta 'chéile i n-aice an "Phuill Doimhin" thar
aon áit eile san abhainn an oidhche úd."
"Dar mo mhóid acht do b'ait an rud é díreach, gídh 's nár
smaoineas riamh air go dtí an neomat so."
"Rud eile, a Chormaic, ná raibh duine éigin eile i bhfocair
Pádraig an oidhche sin?"
"Bhí gan amhras, bhí Aodh Ó Tuama i n-a theannta. Go deimhin,
b'é Aodh do leag amach obair na hoidhche, mar d'innis Pádraig
damhsa maidean an lae úd gur thug Aodh fé ndeara go raibh
scol mór éisc sa' "Pholl" an lá roimh ré, agus go raibh bear-
taighthe aca araon fogha do thabhairt fútha an oidhche sin."
"Seadh, agus cé gur chuaidh Aodh go dtí an abhainn i dteannta
Phádraig do theip ar na píléiríbh greim a bhreith air, agus ceathrar
aca ag faire ann. Cionnus ar éirigh leis siúd imtheacht uatha?"
"An diabhach a bhfeadar, bhí sé ró-ghlic dóibh is dócha, agus ní
bhfuaireadar an bhuntáiste air."
"Níor bh'é a ghliocas fé ndeara é, dar liom-sa, acht nár
theastuigh uatha breith air."
"Níor theastuigh uatha bhreith air! Dia idir sin is an t-olc,
ní hamhlaidh a mheasann tú a chur 'na luighe orm gurab amhlaidh a
mheall sé Pádraig go dtí an abhainn, agus go raibh socair aige
leis na píléiribh chun breithe air annsan!"
"A Chormaic, bhí fáth agam-sa leis nuair dubhairt leat a bheith
aireach ort féin ar Aodh. Inneósfad duit an scéal ar fad
anois, cé gur cuireadh fé gheasa mé gan é innsint d'éinne, acht
is measa liom tusa ná éinne eile. Tá fhios agat-sa go leigeann
Sárgint na bpíléirí air féin go bhfuil árdmheas aige orm-sa,
agus ar do shon-sa scaoilim-se leis. An oidhche fé dheireadh,
bhuail sé liom i mBóthar na Coille is mé ag teacht ó chrudhadh na
mbó, agus d'fhan sé ag cainnt liom ar feadh tamaill. Pé
díospóireacht a bhí eadrainn, dubhart-sa gur dream suarach iad
na píléirí, agus ná raibh bries fearamhlachta ag baint leis an t-é
scaoilfeadh píléar fé dhuine dá chineadh féin, mór-mhór duine ná
beadh ar thí é féin do chosaint."
"Ó! seadh," ar seisean, agus bhraitheas go raibh braon ólta
aige. "Tá fhios agam cad fáth dhuit é sin a rádh, taoi ag cuimh-
neamh ar an gcineamhaint thárlaidh do Phádraig Ó Raghallaigh an
oidhche úd san abhainn. Ó! mhaishe, anois," ar seisean, "ós ag
trácht air sin é. B'fhéidir gur mó go mór den locht ar cháirdibh
Phádraig ná orrainne."
"Níor ghábhadh dham innsint duit, a Chormaic, gur bhain sé geit
asam, acht níor leigeas orm é."
"Cionnas san?" arsa mise.
"Á! rún is eadh é sin," ar seisean; "acht, dá dtabhairfeá
t'fhocal dom ná scéithfeá orm, chuirfinn mo sheasamh ionnat,
agus inneósainn duit é."
"Do dheineas amhlaidh, agus annsain d'innis sé dhom gur chuaidh
Aodh fé n-a dhéin féin agus gur chuir sé i n-iúl dó gur bh'é
Pádraig a bhí ag déanamh an scrios 'san abhann, agus go raibh sé
beartuighthe aige turas a thabhairt ar an "bPoll Doimhin" an
oidhche úd. Bhí an scéal dian go leór air féin an uair chéadna,
dubairt an Sáirgeant liom, mar go raibh ádhbhar gearáin ag an
Éarla air gach seachtmhain de bhárr na habhann, agus bhí an Riagh-
altas ar tí é bhriseadh."
"Cinneamhaint ab eadh é gur marbhuigheadh Pádraig an oidhche
úd," ar seisean, "acht b'é Aodh bun bárr na tubaiste." A'
dtuigeann tú anois cionnas ar thárlaigh le Aodh teacht saor
uatha an oidhche úd?"
Níor labhair Cormaic focal ar feadh neómait. Bí dath báidhte
air, agus a shúla ar lasadh le feirg. Nuair labhair sé 'sa deir-
eadh, bhí ciach n-a ghlór.
"Ós cionn cómhra Phádraig," ar seisean, "do dhearbhuigheas
go raibh bás an té do dhaor é ar m'anam féin lá éigin, agus
anois tá a fhios agam cia tá cionntach leis. Annso, fé scam-
allaibh na bhFlaitheas, dearbhuighim go mbeidh Aodh Ó Tuama ar
lár sara mbeidh lonnradh na maidne ag sméideadh thar cnoc
orainn!"
Do chrith an cailín le heagla. Leag sí lámh ar a ghualainn:
"A Chormaic, a stóir mo chléibh," ar sise, "impighim ort, ar
mo shon-sa agus ar son an ghrádh tá agat dam, gan bac leis.
Féach, anois, níor cheart dom é innsint duit i n-aon chor," agus
do chrom sí ar ghol annsain.
Chuir sé a lámha timcheall uirthi.
"A Neillí, a chroidhe liom," ar seisean, "tá a fhios agat go
ndéanfainn a lán ar do shon; acht ná cuir orm an gheallamhaint
sin do bhriseadh tar éis a bhfuil dearbhuighthe agam."
"B'fheárr é bhriseadh céad uair 'ná an peacadh marbhthach a chur
ar t'anam, a Chormaic. Scaoil leis ar son a bhfuil imthighthe uait.
Is fearamhla is is diadhasamhla abhfad an éagcóir do mhaitheamh
don té dheineann díoghbháil duit 'ná é agairt air i gcoinnibh
tola Dé."
"Go maithidh Dia dhom é, agus go gcuiridh Sé ar bhóthar mo
leasa mé. Tá an cheart agat, a Neillí, mar bhíonn de ghnáth. Ní
baoghal dó mise fé láthair - fágfad é fé bhraghaid an Té agr-
óchaidh claonbhearta an chinidh dhaonda, mar tá geallta Aige."
"Go dtugaidh Dia foidhne dhuit, a Chormaic, agus go rabhair
fé nA chomraidhe go bráth! Is mór an suaimhneas aigne dham an
méid atá ráidhte agat. Acht ná dein dearmhad ar an méid atá
curtha i n-a luighe agam ort i dtaobh Aodha."
"Ná bíodh eagla ort, cé gur dóigh liom go bhfuil sé dílis go
leór i gcúis na tíre. tá gach duine de sna buachaillíbh eile lán-
seasmhach, ta a fhios agam, agus sé an t-imshníomh is mó atá
ortha fé láthair 'ná an gleó a bheith tosnuighthe chun bheith sa bháire."
"B'fhéidir gur luath go leór bheadh srathar na haindeise ortha,
acht níl dul as aca anois - agus an rud nách féidir ní féidir é,
is dócha."
"'Seadh, cuirimís uainn an chasaoid. Tá orm-sa bheith ag an
gcaisleán ar a deich, agus ní fada ón am sin anois é. Slán
agat!"
"Go dtéidhir slán, a Chormaic, agus go n-éirighidh libh go
geal. Acht cogar - an fada go mbeidh an gleó ar siubhal, an
eól duit?"
"Rún is eadh é sin, a laoidh, rud nár thárlaidh le bhean riamh a
cheilt - beidh a fhios agat i n-am tráth.
Do ghluais Cormac leis síos an seanbhóthar, agus chuaidh an
cailín isteach a bhaile. Do lean sé air go dtí gur tháinig sé i n-
aice an tseanchaisleáin. Do dhruid sé isteach i measc na
gcrann. Bhí fear ag déanamh air i leith. Do sheas sé mar a
raibh aige go dtí gur tháinig an duine eile i cómhgar dó. do
bheannuigh sé dhó.
"An é sin Éamonn?" ar seisean.
"An fear céadna. An bhfuilid go léir bailighthe fós, a
Chormaic?"
"Ní fheadar, an neomat so thánga. Téanam isteach."
Do ghluais an bheirt leó, agus ní fada go rabhadar i
seómra mór i mbun an chaisleáin. Bhí triúr eile istigh rómpa.
Thosnuigheadar ag cainnt agus ag cur rudaí tré n-a chéile. Ní
fada gur bhuail beirt eile isteach, agus bhíodar ag teacht mar
sin i n-a nduine 's i n-a nduine go dtí go raibh fiche duine aca i
láthair.
"Ní dóigh liom go bhfuil éinne i n-easnamh orainn," arsa
Cormac ag féacaint timcheall air. D'fhéachadar go léir tim-
cheall. Ní raibh Aodh Ó Tuama láithréach.
"Ní fhuil Aodh Ó Tuama tagtha fós," arsa Éamonn, "acht ní
móide go mbeidh sé abhfad gan teacht anois, bíonn sé gnóthach
de ghnáth."
"Bíonn leis," arsa Tadhg Mór, "fear mór-chúram is eadh é,
agus ní bhíonn cead a chos aige i gcómhnuidhe. Ní theipfidh air
teacht, ámhthach, mar go bhfuil sé ar na daoinibh is dílse againn ar
fad."
"Nár leigidh Dia go mbeadh malairt scéil againn," arsa
Pilib Óg, "agus go maithidh Dia dhom é má táim a dhéanamh
éagcóra, acht i gan fhios dom féin, bíonn drochamhras agam air
go minic."
"Ní fheacamair riamh thú acht ag cnáimhseáil," arsa Tadhg
Mór, ag gáiridhe. "Speabhraoidí a bhíonn ag gabháil duit is
baoghalach."
"Speabhraoidí díreach," arsa Éamonn ag gáiridhe. "Bí
aireach ort féin ar eagla go dtiocfadh le hAodh thú chloisint ag
suainseán air."
"Budh chuma liom," ars' Pilib Óg, "déarfainn an rud
céadna os cómhair a shúl amach. Cad fáth dhó bheith suas 's anuas
le sna píléiríbh fé mar a bhíonn, agus obair idir lámhaibh againn,
ar thí ár gcrochta."
"Cad é sin á rádh agat?" ars' Éamonn. "Cia bhíonn suas
is anuas le sna píléiríbh adeirir?"
"Tá Aodh go mór leó pé scéal é. Chonnac lem dhá shúil é ag
cainnt le beirt aca aréir."
"Ná bac leis sin, a Philib," arsa Tadhg Mór. "Is glic ar
fad an cleasuidhe é, Aodh, agus cuirim-se geall go bhfuil a chiall
féin aige leis an ndeaghcharadas atá aige leó."
(Ní chríoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11