Historical Irish Corpus
1600 - 1926

De Ghaedhilg na hAimsire seo.

Title
De Ghaedhilg na hAimsire seo.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

De Ghaedhilg na hAimsire seo.



Canút rí, dar liom, a mheas go gcasfadh tonnta na fairrge
nuair d'aithin sé dóibh é; agus Mahomet a cheap go dtriallfadh
an cnoc 'na dháil acht glaodhach air. Agus mise gur dóigh liom
nídh ba dheacaraighe do dhéanamh 'ná éan nídh de'n dá cheann
romham.



Is deacair a rádh cad is Gaedhilg ann agus cad nach Gaedhilg
ann anois, mar is fada ó bhí an léigheann orainn do réir mar do
tháltaidhe é ar an tsinnsear. An léigheann Gallda atá taréis
an mearathal so go léir do chur orainn, go n-abrann daoine
atá ar m'eólas gur mó de mhaise dhúinn sinn do bheith dá eugh-
mais 'ná é bheith againn. Féachtar an méid seo im dhiaidh do
sgríobh Seathrún Céitinn tráth, agus déintear a chur i gcóimh-
mheas leis an Ghaedhilg is gnáth 'gá chur i gcló anois:



"Mar an gcéadna dligheas gach aon duine bhraitheas é féin
dall ó dhoilbh-cheó dhoiléir an pheacaidh, a's nach léir dhó a leas do
dhéanamh, leigeadh sileadh do dhéaraibh an doilgheasa ar luaithreadh
na romharbhthachta atá ann féin, agus coimleadh sin do rosgaibh a
súin, agus dogheabhaidh aisiog amhairc a inntinne as."



Cad is fioghar Gaedhealach ann? Iss jucker a raw, mar
adéarfadh Conall Cearnach. An fioghar Gaedhealach é seo
romham? Agus, munab eadh, ciaca fioghar Laidneach nó fioghar
Gallda é? Adeir lucht seanchais nach raibh an Béarla go cliste
ag an gCéitinneach, gur dona an rás chum é labhairt é, agus go
dtagadh sé crosta air. Agus, má b'amhlaidh dhó, fágann san nach


L. 88


fioghar de fhiogharaibh Gallda é sin. Uime sin, is é is córaide
dhúinn a dhéanamh 'ná a leanamhaint siar gus an teanga ba athair
do (? Gallda nó Gaedhealach), agus, ó thárla nach raibh sé de
chaoi agam-sa riamh dul chomh doimhin sin i n-achrann i scoth na
leabhar dár dhein na hughdair léigheanta coimhthigheacha, is é is
cuibhe dom sgur de'n lorgaireacht agus a leogaint do dhuine
éigin is mó eólus dul d'inghiuchadh na ceiste seo.



"Solus na nádúire." Ag sin agaibh tuilleadh dár sgríobh,
agus tá daoine ann nach deas leo é mar gur dóigh leó nár
mheabhruigh Gaedheal riamh é, agus nách dóchaide Gaedheal 'gá
mheabhrughadh go bruinn an bhrátha. Fágaim-se an sgéal mar atá
sé, gan a mholadh ná a cháineadh; acht adéarfainn an mhéid seo
síos ar mhaithe leis an dream gurab ionann dáil dóibh agus
domh-sa:



Gur minic aos léighinn agus foghluma dá gcur amudha ag
an bhfocal so "nádúir," mar ní hionann í brígh dó agus do'n
bhfocal Béarla "nature". Féachtar na soluidí seo annso síos:



1. Fear nádúrtha.
2. Capall nádúrtha (.i. cneasta).
3. Talamh nádúrtha.
4. Teas nádúrtha.
5. Solus na nádúire.
6. Oibreacha na nádúire works of nature.
7. Is nádúrtha é (It is quite natural).
8. Léigheann nádúrtha.
9. Tabhart suas nádúrtha.
10. Aghaidh na nádúire, the face of nature.
11. Dlighthe na nádúire, the works of nature.



Tá cuid aca so ceart agus, do réir mo chéadfaidh, cuid aca
bun os cionn. Déarfainn go bhfuil cinn a sé agus a seacht
agus a deich agus a haoindéag bun os cionn, agus gurab b'eadh
ba chóra ann 'ná -



6 - Oibreacha na nádúire - oibreacha an Dúilimh.
7 - Is nádúrtha é - ba dhóigh sin.



(Bhí na
daoine buidheach de Sheaghán; ba dhóigh sin ar ndóigh, mar fear
nádúrtha greannmhar cneasta dob eadh é.)


L. 89


10 - Aghaidh na nádúire = an talamh. Is feas dom gur fair-
singidhe an chiall atá le "face of nature", acht do mheabhróchainn
díbh gan an nídh seo do leogaint i ndearmhad ná i ndíthchuimhne, go
mbíonn modhtha labhartha fá leith i ngach béarla, agus gur minic
nach féidir a dtionntódh no a dtarraint as an teanga sin sa'
dteangain dúthchais. Ní dóichide rud de 'ná gur ceann aca é
seó romham.



11 - Dlighthe na nádúire = dlighthe aicnidh. Muna bhfuil mear-
athal orm, sin mar do bhí sé ag lucht na sean-leabhar, agus dá
luaithe a dtéidheam d'infhiuchadh na sean-leabhar reamhráidhte is
é ár leas é.



Níor bh'iongnadh liom daoine dá chasadh liom go bhfuilim
roinnt bearrtha geur agus nach gádh an chainnt seo, mar na
focail sin ar ar thráchtas san aiste seo síos romham, go bhfuil na
modhtha cainnte is labhartha seo 'gá gcleachtadh ag cineadhacha eile
an domhain le cian d'aimsir, agus nár mheasaide sinne ná an
Ghaedhealg iad do bheith againn. Mo fhreagra ar an dream so,
níor cheart dúinne aon fhocal ná fíoghar do ghabháil chughainn
munar féidir cruth Gaedhealach do chur air. Acht ceist annso.
Cad is "cruth Gaedhealach" ann? Is fada an lá go mbeidh fhios
agat é, muna mbeidh do dhlúigh agus do dhual le Gaedhilg agus
muna mbeidh an mheabhair cinn agat - dá nídh, is baoghal liom,
atá i n-easbaidh orm-sa agus ar a lán daoine eile. Is amhlaidh
dúinn amhail adeir an file:



"Le gliogarnach Gall táim dall 's do chailleas m'éifeacht,
Is do milleadh mo cheann le glam an Ghalla-bhéarla."



Déarfad tuilleadh fé chionn i bhfad.



AN MADRA MAOL.



CHUN "CÚ CHULAINN".



Tá t'aiste i leathtaoibh againn go bhfagham fios t'ainme dílse is do
shloinnidh, mar chomhartha air go bhfuilir i ndáríribh.



Ar an ochtmhadh lá d'Eanair d'imthigh ar shlighe na fírinne duine a bhí ó thosach
riamh ar lucht faghálta an IRISLEABHAIR, .i. Pádraig Ó Cearmada, ó Tígh an
Mhuilinn, i gCumraibh. Scoláire maith Gaedhilge do b'eadh Pádraig, agus ba
ghreann leis na Gaedhil agus gach a mbaineann leó. Go ndéine Dia trócaire
ar a anam.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services