Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Adhmholadh an Choileáin Uasail, .i. Cnag.

Title
Adhmholadh an Choileáin Uasail, .i. Cnag.
Author(s)
Mac Conmhara, Tadhg,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Adhmholadh an Choileáin Uasail,
.i. Cnag.



Do chím ar dteacht an mharcaigh gléasta i n-uaim,
Mar Chaoilte a sheasamh sealg féinneadh buan;
Is binn liom Cnag ag tabhairt scéil don chuain
Gach tír n-a ngabhann seannach saothair uaidh.



Is caoil a chreat, ar dhath na sméire a shnuadh
Ag luighe go ceart ar dteacht go féar anuas;
A phíp is geal mar eala, is maol a chluas,
Is glinn a dhearc, a mhala shéimh gan ghruaim.



Is líonmhar fearann 'reatha, is léir a chluais,
Is gníomhach gasta a labhairt éigneach uaill;
Is mín a bhasa geala, a déid is buan,
A ghinnc a chab a chlab a bhéal is suairc.



Ní íosadh straip de chapall d'éag le fuacht,
Na caora chlamh nár mhair gan saoghal na gcuach;
Acht fíon is mart len' ais ag Séamus tuas,
'S níor chuibhe le Cnag a ghlacadh ó aon acht uaidh.



Nuair luigheann ar leabaidh cneasta i n-éadach ruain,
Síneas, searras, srainnis sé chun suain;
Maoidhtear theas nuair chnagann sé magcuaird
Gur bríoghmhar blasta an balsain shéideas uaidh.



Nuair scaoiltar Cnag fá ghleanna gaothra anuas,
A shíol len ais ag tabhairt réir na ruag,
Níl rí ná flaith ar fad go Caesar suas
Nár chuibhe dhó teacht tar lear dhá fhéachaint cuaird.



Is fíochmhar feasach feantach faobhrach fuaith,
Ag síneadh amach go barra an tsléibhe i nguais,
Go líotach lannach leantach léimeach luath
Ag síorbhaist cleas is casadh a Reynard ruag.



Is tíochtach treadach treasnch tréan gan truagh,
Díoghaltach dastach drannach d'éis na gcuard,
An coimheascar catha sheasaimh sé re fuaid
Den tsíolrach chleasach chealgach chraosach chruaidh.


L. 596


Mar chíos an seannach fleasta a ghéag i nguais,
Fá'n gcoill go gcasfadh lingeas léim ar luas;
Síneas Cnag len' ais a thaobh go cluais,
Is claoidheann a neart; ní mhuirbhfeadh é gan uadhacht:



"Imprimus: maithim m'fhala cléibh is m'fhuath
Dhíbh-se, a Chnag, cé chreachais féin mo chuain;
I dtaoibh na gcearc do mharbh mé 's na n-uan
Bíodh n-a pheacadh treasna im bhéal sa n-uaigh.



Item: tabhair beannacht déadhnach uaim
Do Chaoilte theas, a Chnag, is m;éadach ruain,
Badh díon dá chasc ar shneachtadh an tSléibhe Ruaidh,
Nó i mbruidhin má theastann clagad éide uaidh.



Ós finis feasta ar dtéacht an éaga óm bhuain
Is cuibhe dhot shamhailt (earradh) ar éigin uainn;
Bíodh gan aiseag agat léas mo luais,
Brígh mo ghaisce, cleasa, claona, is cluain.



Ná maoidhtar feasta linn go mchéarfadh buadh
I gcoimheascar glac nó ar faithche i dtréantaibh luais;
'S ná scríobhtar aiste ar aiteas Lélaps mhuair,
Ós deimhin gur ceart dot bheartaibh craobh na ruag.



Cé bhíomar seal i measc na féinne thuaidh,
'S fá thír na gcredch go ndeach de léim thar cuan,
Dar brígh na leabhar ghlacas cléir is tuaith,
Laoch mar Chnag ní fhaca mé ar a bhfuaid."



Bíodh guidhe na mban (ag) agall Dé go cruaidh
Guidhe na gcearc na n-earc na ngéadh 's na n-uan,
Gan claoidhe do theacht it ghar ná péist ná ruaig,
Is fá shíorchion theas go maire an beagle cuan.



TAGRA.



Sa leabhar úd, H.4.24, i gColáiste na Tríonóide, do fuarthas an t-amhrán
soin. Fe bhun an amhráin tá ainm agus sloinneadh an té do scríbh an leabhar
.i. Tadhg Mac Conmhara, 1757, Feabhra 27. I gcathair Chorcaighe do scríbhadh an
leabhar. Is dócha gur bh'é Tadhg féin a mhol Cnag ar an gcuma soin. Tá roinnt
de bhlas Ghaedhilge Thuamhan ar an gcainnt ann.



Ó dhul Uí Néill tar sáil soir
S Uí Dhomhnaill Muighe Murbhoigh
Níor mhór ágh aoinfhir d'ar bhfonn
Gaoidhil do ládh fá leathtrom.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services