Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán.

Title
Dán.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 255


Tiocfaidh aimsir ann n-a racham fá'n tsliabh,
'S go mbéidh gach dream go teann ag tarraing go dian;
Is truaigh leam, tar ceann a gcaithinn den bhiadh,
Mo lón bheith gann an t-am is fada mo thriall.



Is tu an t-arrachta is peactha go leór 'do dhiaidh,
Is tu sheachain na deich n-aitheannta d'órduigh Dia,
Is tu is deacra dhamh tharraing sa ród 'mo dhiaidh,
Is cúis cheannaigh dhamh a bhfacas ded shórt ariamh.



Bhí Éire i gceart ag Árt ag Ír 's ag Niall,
'S do bhí sí seal ag flatha d'fhíorfhuil Bhriain;
Chaith sí dairt le mac gach ríogh as a bhiadh,
Is tug sí searc do Ghallaibh thíos is tiar.




Bheith i mbrataibh loma: Ní nár do mhacaibh foghloma;
Buille ar mheath ní nár do neach: 'S a dhán do bheith ar biseach.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services