Do chuir Liam de Róiste chughainn clár Cholláiste na Mumhain i gcóir na
bliadhna so. Iad so ar ár lucht aitheantuis gur mian leo a saoirseacht a
chaitheamh go tairbheach is go Gaedhlach, téighidís ar feadh seseóin go dtí Béal
Átha an Ghaorthaidh. Na hollamhain a bhí ann anuiridh is iad a bheidh ann i mbliadh-
na arís. Ní gábhadh dúinn a mholadh do Ghaedhilgeoiríbh tréithe an Dochtúra
Ó Dálaigh ná an Athar Gearóid O Nualláin, Eibhlín Ní Chróinín ná Áine Ní Riagh-
allaigh. Níor bh'fhéidir a mbárr-san d'fhagháil. Éinne gur mian leis fios d'fhagh-
áil i dtaobh an Cholláiste, scríobhadh sé ag triall ar an Rúnuidhe, Liam de
Róiste, Dún na nGaedheal, i gCorcaigh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11