"Stáir-chúntas Dhún Garbhán."
As a ndubhairt mo dhuine muinteardha, .i. Pádraig Ó Dálaigh,
i nIRISLEABHAR na míosa so caithte againn, is follus nach ró-
shásta do bhí sé leis an gcunntas úd do thugas uaim tá sgathamh
ó shoin mar gheall ar a pharóisde dúthchais .i. Dún na Mainis-
treach. Ní ghéillfeadh sé gurab iad muinntir Bhriain agus
muinntir Chraith do chabhruigh leis na manachaibh chun na mainis-
treach do fhothughadh.
B'fhéidir go bhfuil an ceart aige agus b'fhéidir eile nach
bhfuil. As a ndubhairt sé i dtaoibh na mBrianachaibh, ní bhacfad
le aon rud do rádh óir ní'l ionnam dul thar a bhfuil ráidhte
cheana agam. Acht i dtaoibh na gCrathach b'fhéidir nár mhisde
dham cúpla focal do rádh. Seo mar adeir Pádraig: "Ní raibh
réim ná ceannas ag na Craithighibh i nDéisibh is ní rabhadar
iomráidhteach ann go dtí an 16adh agus an 17adh aois nuair
do bhí Pilib na Mumhan 'n-a cheann finne ortha agus ní raibh cais-
leán Dhún na Mainistreach 'n-a sheilbh ag Pilib mar dá mbeadh
níor ghádh dho Cúirt Churraig na Slaodaighe do thógaint nuair do
phós sé Máire Paor .i. inghean do'n Tighearna Paorach ó'n
gCurrach Mór." A Phádraig a chroidhe, má's gach uile huair é,
is domhsa is dual é, ní ghéillim-se dod' bharamhail-se an iarracht so.
Budh dheachair a chur 'n-a luighe orm-sa nach raibh réim agus
ceannas ag Craithighibh i nDéisibh i bhfad Éireann roimh aimsir
Ní duine gan réim gan rachmais an té dho ar tógadh an leacht
san os a chionn acht duine go raibh na Díthreabhaigh bhochta fá
chumaoin 's fá oibleagáid aige. Acht bíodh san mar 'tá. Ceist
agam ort anois. Cia'r'd é Aodh Buidhe Mac Craith uaidh ar
shíoladar na "Clanna Buidhigh" (Clann Aoidh Buidhe) agus uaidh a
ráidhtear Gleann Aoidh Buidhe anois, 'no cá shoin do bhuail sé féin
nó a shinnsir duthaigh Déisigh. Budh mhaith liom cruthughadh barán-
tamhail do fhághbháil le d' chaint do theaspáinfeadh dam nach raibh
na Craithigh iomráidhteach i nDéisibh Múmhan roimh aimsir Philib
sul a ghéillfinn duit dá mhéad é mo mheas ar do mheabhair agus
ar do thuigsint.
Acht i dtaoibh an tsean-chaisleáin níor chuireas-sa i n-áireamh
go raibh baint ná páirt ag Pilib leis agus ní móide go raibh do
bhrigh d'réir deallramh go raibh an caisleán so 'n-a shean-chaisleán
sar ar cuireadh ar chloch-bhuinn i gCúirt Chorrach na Slaodaighe
mar 'nár tógadh an chúirt seo go dtí an bhliadhain 1628. Tá
úghdarás maith agam leis chun a rádh gur gaol do'n Athair
Nioclás ó Síochdha do chrochadh i gCluain Meala sa mbliadhain
1766 do bhí pósta le Pilib. Dá bhrígh sin is iongnadh liom
má budh inghean do Thighearna an Churraigh Mhóir an bhean so nár
thagruigheadh focal mar gheall air, acht mar a dubhairt tú féin an
lá fé dheireadh is cuma dhúinne cia aca.
Anois, a Phádraig, óir tá do láimh san obair budh mhaith liom
go ndeunfá do dhíthcheall chun na ceiste seo do shocrughadh, mar
má's rud é nach ndeunfar é do réidhteach anois ní móide go
socróchar go bráth an domhain é.
LIAM UA MÍODHACHÁIN.
Seo giota dhó aoir do frith i láimhscríbhinn atá i seilbh Mhic Uí Ainlighe, i
Muigh Cuilinn:
Go mbeannuighe Dia dhuit, a mharcaigh an mhála;
Ní hé Rí na ngrás a d'fhág thú bocht;
Acht réir mar chaith tú do shaoghal 's do dháta
Ar fuid na háite ag déanamh an uilc.
Is in do shac do-gheibhthí sáithte
Síos le fánadh an scian 's an forc;
Is níor bh'fhearr leat sin 'ná crios an pháiste
Do thabhairt ón mháthair nuair ghaibheadh thort.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11