Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



FOCLÓIR DO SHÉADNA. Baile Átha Cliath: Muintir na Leabhar Gaedhilge
The Irish Book Company, 6 Sráid d'Olier. 1908. Price 2s.; by post,
2s. 2d..



Is mór an áise againn an foclóir seo a bheith ar fagháil, agus gan amhrus
beidh fáilte roimis aige múinteóirí Gaedhilge ar fuid na hÉireann. Tá
taithighe agam-sa le fada ar an nGaedhilg a mhúinedh, agus deirim go
hoscailte ná fuil leabhar i gcló sa Ghaedhilg is fearr chun brígh ceart na
theangan a chur go daingean i n-aigne dhuine 'ná Séadna. Go dtí so níor mhór
do dhuine múinteóir maith a bheith aige chun toradh a bhaint as an leabhar. Féad-
faidh sé féin an obair a dhéanamh dhó féin anois acht an foclóir seo a bheith len
ais aige. Nuair a chuireann duine eolus ar leitreachaibh na Gaedhilge agus
beagán den ghraiméir d'fhoghluim, faghadh sé Séadna agus an foclóir seo agus
deineadh iad do thaithighe. Nuair a bheidh siad sain scrúduighthe go maith aige,
féadfaidh sé dul a rogha bóthar. Ní baoghal ná mbeidh greim maith daingean
aige ar theangain na hÉireann. Tá lucht foghluma na Gaedhilge fé mhórchom-
aoin age Muintir na Leabhar Gaedhilge tar ceann an leabhair seo. Go mairid
siad.




CLÓDHANNA AR LÁIMH.



Forus Feasa ar Éirinn. Vols. II and III. Ón Athair Pádraig Ua Duinnín.
The Irish Texts Society.



AN IRISH PRECURSOR OF DANTE (Fís Adhamhnáin). By C. S. Boswell.
David Nutt, Long Acre, London.



HERO LAYS. By Miss Alice Milligan. Maunsell & Co.



Ceachta na hEaladhan, ó Phroinnsias Ó Ceallacháin is ó Phádraig Ó Conaire.
Clódhanna : Áth Cliath.



Déanfam tagairt dóibh sin is do roinnt leabhríní a fuaireamair ó Chomh-
lucht na Fírinne Caitlicidhe i n-uimhir an mhí seo chughainn, le congnamh Dé.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services