Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tréigean na Teamhrach. II.

Title
Tréigean na Teamhrach. II.
Author(s)
Ó Luingsigh, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tréigean na Teamhrach. - II.



MÍCHEÁL Ó LUINGSIGH do scríobh.



"Á, a Ruadháin, b'éagsamhlach an fear thusa. Cad n-a thaobh
nár fhéachais timcheall ort sarar luighis ar eascanaidhe? Do
chífá na páirceanna lán de thorthaibh; den eorna, den chruith-
neacht, is den choirce. Do chífá na páirceanna glasa féarmhara;
na coillte breághtha, is an duilleabhar ag lonnradh fé sholus geal
na gréine. Do chífá na daoine ag saothrughadh na talamhan, "do
chun glóire Dé agus onóra na hÉireann," agus Diarmuid féin
ag déanamh lán a dhíthchill chun sonas is séan a scaipeadh ar fuaid
a ríoghachta. Níor fhanais-se leis na rudaíbh sin a thabhairt fé
ndeara. Dá mbeadh fhios agat ar cad a bhí le teacht de bharr
t'fhuadair, do stadfá, agus do raghfá a bhaile go ciúin socair,
agus do ghuidhfá chun Dé, chun eagna is inntleachta a thabhairt
do rightibh Éireann."



Anois, cad é an chúis a bhí ag Ruadhán chun an bheart uathbhásach
so a dhéanamh? Má ba rud é go raibh éagcóir déanta ag an
Rígh níor cheart an éagcóir sin a agradh ar an dtír, agus
mallacht a chur ar a príomh-chathair. Níor ceart go ndíolfadh an
tír a coir aoinne amháin, bíodh an duine sin uasal nó íseal. Acht
b'é an chuid ba mheasa den scéal é, nár dhein an Rí éinnídh as an
tslighe. Bhí rud déanta as an tslighe ag Guaire, ámhthach, agus
dá leogfadh Diarmuid dó, bheadh sé chomh maith dho féin an árd-
ríoghacht a chaitheamh uaidh, mar ní bheadh sé 'n-a chumas an tír a
riaghalughadh. Ní raibh ceart ná cóir ag Ruadhán gan Guaire a
thabhairt suas, nuair a hiarradh air é, agus níor dheas an sompla
é, manach Dé ag tógaint páirte an chuirpthigh.



Acht tá daoine ann agus isé a dtuairim nár bh'é seo príomh-
adhbhar an mhallachtaighthe, agus ní móide ná go bhfuil roinnt
céille 'na dtuairim. Deir siad go raibh éad ag teacht ar na
heaspuigibh toisc an árd-ríoghacht bheith ag dul i dtreise mar a
bhí, agus gur shaoileadar dá leanfadh an scéal mar sin, go
ndéanfaidhe díoghbháil don eaglais. Annsan, thug cúis Ghuaire
caoi dhóibh, agus do phreabadar ar an árd-rígh láithreach.


L. 501


B'fhéidir gur mar sin a bhí; gur shaoileadar 'n-a gcroidhthibh go
rabhadar ag déanamh maitheasa don Eaglais; acht mo bhrón!
má shaoileadar, bhí dearmhad mór dá dhéanamh aca.



Pé cuma bhí ar an scéal, is dóigh liom féin, gur bh'fear borb,
ceanndána é Ruadhán; ná raibh sé ag súil le eiteach ó Dhiarmuid,
ná ó aoinne eile, agus nuair a fuair sé é nár fhéad sé é féin a
iomchar. Shaoil sé gur cheart urraim a thabhairt don nós so, pé
duine bheadh fé n-a choimirce aige.



Cionnus bhí an scéal anois? Do laguigheadh ar urraim na
ndaoine don árd-rígh; dubhradar gur mhó Ruadhán 'ná é. Thuig
Diarmuid go maith cionnus mar bhí an scéal, agus dhein sé a
dhicheall chun na daoine a thabhairt le chéile acht ní ró-mhaith a
éirigh leis, agus i gcionn roinnt bhliadhanta, tráth dá raibh sé
thíos i nUltaibh, ag smachtughadh a dhaoine ann, do mhairbh taoiseach
ón gcúigeadh sin é. B'é Diarmuid an tArdrí deireannach a
chomhnuigh i dTeamhair.



Do tréigeadh príomhchathair na hÉireann, agus cad a bhí ag
Éirinn dá bhárr? Bhí tiubast is donas is annró is gábhatar. Ar
chailleamhaint Dhiarmada, dheineadh dá Árdrí láithreach, Dómhnall
agus Fearghus, beirt mhac Mhuircheartaigh mhic Earca, agus i
gcionn bliadhna, tugadh an choróinn do bheirt eile. Mar sin ar
feadh tamaill fhada, bhí Éire, agus dá Árdrí aici uaireannta,
agus aon cheann amháin uaireannta eile. Anois, dá mba dhá
aingeal aon bheirt aca so, baineann sé le deallramh ná féad-
faidís réidhteach lé n-a chéile, agus dá bhrígh sin, bhí an tír ag
dul i n-olcas, agus ag tuitim ó n-a chéile, ó ló go ló. Taréis
aimsir Dhiarmuda, níor chuir na daoine an tsuim chéadna san
árdríoghacht is chuireadar roimis sin. Cheapadar gur mhó easpog
ná rí, agus ba chuma leo ciaca bheadh beirt Árdrí aca nó aoinne
amháin. Níor cheart easpog is rí a chuir i gcomórtas le chéile,
olc ná maith. Is mó an t-easpog i ngnóthaíbh spioradálta, acht
ní fheadfaidh tír dul ar aghaidh muna dtugtar aire dá riagha-
lughadh, agus muna deintear so, díolfaidh gach dream as i
ndeire bárra.



Bhí a lán rudaí ag cur ar chomhacht an Ardríogh anois. Bhí
beirt aca ann uaireannta, agus iad ag bruighean eatortha féin.
Annsan, arís, ní raibh na righte a tháinig n-a dhiaidh, chomh maith chun
riaghaluighthe is bhí Diarmuid, agus ní rabhadar i n-ann na dlighte


L. 502


a chur i bhfeidhm. Nuair nár chomhnuigh sé i dTeamhair, ní raibh an
toradh céadna ag na rightibh eile ar an Árdrígh, is bhíodh aca ar
Rígh Teamhrach. Mar sin de, bhí brígh na ndlighthe ag dul i laighead,
agus ag dreoghadh gach lá; bhí na righte beaga ag éirighe a gceann,
agus ag cur isteach ar a chéile. Fiú amháin thabharfadh duine aca
fogha fén Árdrígh anois is arís. Seo mar bhí an tír ag dul i
n-olcas go dtí an bhliadhain 795, nuair tháing scamall mór, dubh,
dorcha, ón dtuaisecart. Tháinig an chéad dream de sna Loch-
lannaibh, chun creachadh is réabadh is léirscrios a dhéanamh.



Ar feadh an ama so, bhí scoileanna na hÉireann ag dul i
líonmhaireacht 's i bhfeabhas. Bhíodar scaipithe i ngach áird den
oileán; cuid aca ar imeallaibh abhann; cuid eile i ngleanntaibh
doimhne, áiteanna ná beadh aoinne ag cur isteach ar na macaibh
léighinn; cuid eile fós le hais choillte cluthar; agus mar sin
dóibh. Bhí fir naomhtha árdaigeanta, agus mná cráibhtheacha diadha
i bhfeidhil na scol so; daoine agus gan suim aca i saidhbhreas an
tsaoghail; daoine a chaith a saoghal féin le naomhthacht is le
foghluim. Do leath cráibhtheacht is léigheann is síothchán tríd an
dtír. D'fhág fir bheannuighthe an tír n-a sluaghtaibh chun Soiscéil
Chríost a leathadh ar fuaid na hEórpa, agus tháinig daoine ó gach
dúthaigh den Roinn sin chun foghluim fhagháil ó shaoithibh na
hÉireann. Ba ghlórmhar an ré é sin don oileán bheag ar
bhrághaid na mara. Is glórmhar an rud do dhúthaigh bheith ag
fagháil buaidh i ndéantúsaíbh is i nidhthibh den tsaghas san, acht is í
an dúthaigh a gheibheann an chraobh i naomhthacht is i n-inntleacht an
ceann is glórmhaire dhíobh go léir.



Acht an bhféadfadh aon rud cur isteach a dhéanamh ar an ré
suaircis sin, agus cosc a chur léi? An raibh muinntear na
hÉireann i n-ann iad féin a sheachaint ar coigchríochaibh, dá mbadh
rud é go mbeadh fonn ar aon bhitheamhnaighibh bhradacha baint a
bheith aca leó? Mo chreach chráidhte, tabharfar caoi dhóibh anois
chun na ceiste sin a fhreagairt, agus is olc an díol ortha é.



San bhliadhain 795, do tháinig an chéad chuid de sna Danaraibh.
Bhíodar sásta ar dtúis le teacht i dtír; cealla a réabhadh 'sa
loscadh, agus na nidhthe luachmhara bhí ionnta a bhreith a bhaile leo.
B'é seo an cleas ar feadh fiche bliadhan, ag creachadh na mainis-
treach is ag marbhadh na manach. Cuireadh cosc leó annsan, acht
thánadar arís is arís eile. Ghluaiseadar tríd an dtír mar


L. 503


raghadh scata faolchon, ag marbhadh na ndaoine; an t-easpog, 's
an sagart 's an manach; an fear oibre, 's an scríbhneóir; an
bhean, 's an páiste. Chreachadar na mainistreacha; bhriseadar
na hárthaighe beannuighthe; dhóigheadar na leabhair luachmhara.
Dheineadar gach ar bh'fhéidir leó chun Creidimh Dé a mhúchadh. Cá
raibh Árdrí ha hÉireann anois? Cad n-a thaobh nár bhailigh sé fir
na tíre le cheile agus aon scuabadh amháin a thabhairt do sna
allmhúrachaibh seo thar sáile amach? Bhí an tÁrdrí 'san áit 'n-ar
cheart do bheith, ag troid go dian ar son a thíre 's a chreidimh,
acht ba bheag é a chomhacht. Ní raibh a dhaoine umhal dó mar ba
cheart dóibh. Ní rabhadar ceangailte le chéile. Ní raibh Éire 'na
Náisiún.



Chuireadh dream de sna daoinibh an ruaig ar na Lochlannaibh ó
am go ham, acht i gcionn cúpla bliadhan thosnóghadh an milleadh
's an scriosadh arís. I ndeire an deicheamhadh aois ámhthach, bhí
óglaoch thuas 'sa Mhumhain, agus bhítheas chun ghníomhthartha a
chloisint uaidh. B'é an t-óglaoch so Brian Bóirmhe.



Taréis báis a dhearbhráthar bhí Brian 'na rígh ar an Mhumhan,
agus i gcionn tamaill eile, ó thárla ná raibh Maelsheachlainn i
n-ann seasaimh 'na choinnibh, ghlac Brian ceannus na hÉireann
uile. Ní raibh sé i gcumas Mhaelsheachlainn na Gaill a dhíbirt,
agus níor chongnamh chun na tíre a riaghalughadh na hiarrachtaí a
thug sé fé Bhrian gan cheart gan chóir. Ar fagháil an ríoghachta
do Bhrian dubhairt go ndéanfadh sé glanruagadh ar Ghallaibh, acht
ar dtúis go gcaithfeadh sé an tír a thabhairt fé 'n-a smacht, agus
ba mhaith an mhaise air seo a dhéanamh.



Nuair a bhí an tír curtha fé n-a smacht aige, thosnuigh sé ar
chreachadh an namhad a leigheas. Chuir sé cealla is scoileanna ar
bun; dhein sé bóithre is bealaighe; agus bhí síothcán is suaimhneas
i nÉirinn ar feadh scathaimh eile. Bhí na daoine ag leigint den
achrann, agus bhí a gcaradas ag dul i méid. Bhí treoruidhe aca,
agus bhíodar ag géilleadh dho. B'é ba dhóichithe ná go gcuirfidhe
rí-theach nuadh ar bun ar bhórdaibh na Sionnann: rí-theach a bheadh
chomh comhachtach, neartmhar, is bhí Teamhair fadó. Bhí rath agus
séan, sonas agus sógh, ag teacht ar Ghaedhil fé riaradh Bhriain.



Ní fhanann an tsíothcháin i gcomhnuidhe, agus i gcionn roint
bhliadhanta den tsaoghal aoibhinn seo, d'éirigh Maelmhórdha, rí
Laighean, amach i gcoinnibh Bhriain. Chuir sé féin agus Sitric fios


L. 504


ar thuilleadh Danar, agus fearadh cath Chluain Tairbh. Acht bhí an
tír uile, nách mór, ar thaobh Bhriain, agus mar sin de bhí an buadh
aige, acht mo léan! marbhuigheadh é féin, a mhac, Murchadh, agus
a mhac san arís, agus gearradh an réim ríoghraidhe nuadh.



Annsan, fuair Maelsheachlainn an ceannas arís, acht nuair
éag seisean, thosnuigh an clampar 's an t-éad, féachaint cia bheadh
'na Árdrígh. Ó an am san go dtí 1169 bhí seacht nÁrdríghte i
nÉirinn, acht ní fhéadfadh aoinne aca a rádh go raibh an tír go
léir fé n-a smacht, acht amháin ar feadh scathaimh bhig 'n-ar
ghéilleadh do Ruairí Ó Conchubhair. Ar feadh an ama so, thárla
go raibh rí as gach cúigeadh i n-árdcheannas na tíre. Bhí na
daoine ag bruighean le chéile, agus ní raibh fonn ortha urraim a
thabhairt don té bheadh ós a gcionn. San bliadhain 1166, taréis
achrainn fhada, ghabh Ruairí Ó Conchubhair, rí Chonnacht, árdfhlaitheas
Éireann. Ar feadh trí bliadhna fuair sé meas agus onóir ó sna
daoinibh go léir. Bhí go maith. Bhí sé 'na chumas Éire a shlánughadh;
na daoine a thabhairt le chéile; agus deaghobair is diadhacht a chur
i n-ionad an chogaidh 's an scriosta, agus níl aon amhras ná gur
mór an fheabhas a tháinig ar an dtír ar feadh an scathaimh bhig
seo.



Pé nídh tháinig as d'Éirinn, bhí sé i ndán di go gcuirfidhe
deise leis an síothcháin seo. Is minic a chuirtear deire le
síothcháin i dtír, agus gur gearr 'na dhiaidh san go n-éirigheann an
tír chomh maith is bhí sí riamh, acht cé go bhfuil sé ós cionn seacht
gcéad mbliadhan ó chuireadh deire leis an síothcháin seo, ní
fearrde Éireann fós an deire sin. Tá a iarsmaí dhá leanamhaint
fós go dlúth daingean. Easaontas Gaedheal fé ndeár na
trioblóidí seo.



Thuit Ruairí agus Diarmuid Mac Murchadha, rí Laighean, amach
le n-a chéile, agus dhíbrigheadh Diarmuid. Cad a dhein seisean
ná dul anonn go Sasana, fé dhéin ríogh na tíre sin, an dara
Énrí, agus coghnamh a iarraidh air chun a rí féin do chur fé smacht.
Ní raibh ón bhfear thall acht an chuire, agus thug sé an coghnamh
uaidh agus fáilte. Bhí sé féin ag cuimhneamh le tamall ar
phreabadh anall go hÉireann, agus b'é seo a sheans anois. Bhí
cuire faghálta aige ó dhuine de sna Gaedhlaibh. Tháing na
hallmhúraigh, agus nuair a bhíodar lag, agus nár dheacair iad a
chur fé chois, chuir Ruairí an iomad spéise i bhfocal Dhiarmuda,


L. 505


agus do leig sé dhóibh. Shaoil sé ná déanfaidhe a thuilleadh
toirmisc. Acht bhí an fealltóir, Diarmuid, ró-ghlic do.



Annsan iseadh a líon na heachtrannaigh isteach i ndáiríribh,
agus do thosnuigh an t-éirleach agus an scriosadh. Mar ba
ghnáthach, ní raibh na Gaedhil ar aon aigne. Bhí cuid aca ag troid
i n-aghaidh na nGall, agus cuid eile ag géilleadh dhóibh, agus cuid
eile fós, ag troid i gcoinnibh a chéile. Is mó tréiniarracht a
dhein Lorcán Ó Tuathail, Árd-Easpog Átha Cliath, chun na
nGaedheal a snaidhmeadh le chéile, agus ba bheag an iongnadh gur
ghoill a gcás air, ar leabaidh a bháis thall 'sa bhFrainnc. Mo
bhrón! Bhí muinntear na Fódla i n-eascáirdeas leis na bliadhan-
taibh, agus bhí a thoradh san aca anois. "Ní hé lá na gaoithe lá
na scolb," agus ní hé an tráth atá an fear bradach istigh an
tráth chun daoine a thabhairt le chéile. Muna bhfuilid carthannach
le chéile roim ré, is scéal fuar bheith ag iarraidh iad a bhailiughadh
nuair tá gádh leó. Ní haon iongnadh gur tháinig tocht i gcroidhe
Lorcáin Naomhtha, nuair a smaoin sé ar cad a bhí i ndán do
oileán glas-aoibhinn Ínse Fáil. Dá mbeadh fhios ag Ruadhán cad
a bhí le teacht, bheadh malairt scéil le scríobhadh ag staruidhthibh
na hÉireann.



Ní raibh sé i gcumas Ruairí an mí-ádh a chosc, agus nuair a
fuair sé bás, bhí deire le hÁrdríghtibh na hÉireann. Do lean na
Gaedhil ortha, ag troid eatortha féin, agus ag iarraidh an namhad
a chaitheamh amach 'san am gcéadna, rud do theip ortha.



Tháinig Éadbhaird Brús, acht bhí sé ró-thugtha don chath, is gan
a dhóthain daoine aige, agus mharbhuigheadh é i ndeire na dála.



Léighmíd annsan mar gheall ar an sár-fhear san, Art Mac
Murchadha. Dhein sé sin cion fir ar son na hÉireann má
dheárnadh riamh é, acht ní bhfuair sé coghnamh mar ba chóir ó sna
taoiseachaibh eile. Lean an scéal ar an gcuma so go ham an
Ochtmhadh Énrí, Gaedhil i n-uachtar indiu, agus Gaill i n-uachtar
i mbáireach. Annsan do ghaibh na Sasanaigh leis an nuaidh-
chreideamh; acht ní bheadh aon bhaint ag na Gaedhealaibh leis.



Is mó fogha tiubaisteach a thug Seán an Díomais fé Ghallaibh
i lár an sémhadh aois déag. Roint bliadhanta na dhiaidh
san, d'éirigh na Muimhnigh amach, agus thugadar rud éigin le
déanamh do shaighdiúiríbh Éilíse, is go deimhin is go dearbhtha, thug
Fiacha Mach Aodha a dhá dhóthain do de Wilton.


L. 506


B'é turas chúigidh Uladh anois é, agus ba mhaith an sásamh iad
na hUltaigh chun cúnntas a thabhairt ortha féin. Chuir cath Bhéal
an Átha Buidhe stad le bhálcaereacht Gall i gcuigeadh Uladh, agus
níor fearadh ní b'fhearr dóibh ag an gCorr-Shliabh. Thuig an dá
Aodh a lán dá ngliocas, agus dá gcalaois, agus do scuabadar
rómpa iad ón dtuaisceart. Bhí ag rith go maith le taoiseachaibh
Uladh gur fearadh cath Cionn tSáile. Bhriseadh annsan ortha,
agus ghluais Aodh Ruadh fé dhéin Ríogh na Spáinne chun cabhartha
fhagháil uaidh. Níor fhill sé riamh. I gcionn seacht mbliadhan 'na
dhiaidh san, chaith taoisigh Thír Chonaill is Thír Eoghain teicheadh as
Éirinn. D'fhágadar Éire bocht briste 'na ndiaidh, gan duine
aici chun fóirithin ar a cloinn. Seo mar adeir Seathrún Céitinn:




"Mo léan-sa, a chaomh-Inis aoibhinn Fháil,
Réabadh do chéadfaidh is do bhí so i ndán,
Is créimeach créachtach ataoi-se a ghrádh,
Iar n-éag na gcaomhthach lé'r snaidhmheadh do chás."




Chuir Éire ré eile d'annró is d'anacar tháirsi, agus 'sa
mbliadhain 1641, d'éirigh cuid dá muinntear amach arís, fé
threórughadh Eoghain Ruaidh Uí Néill. Acht ní raibh na daoine
ceangailte le chéile, agus ar bhás Eoghain, ní raibh cúis na tíre
socruighthe. Bhí Cromwell tagaithe um an am so agus do líon
uallghol na mban is na bpáisdí an tír. Ní raibh trócaire le
fagháil ag aoinne. Chuirtí chun báis gach duine go mbeirtí air.
Ar chríochnughadh an chogaidh, seóladh na céadta ban is páistí
anonn go dtí na hIndiacha Thiar. Thairgeadh deich bpúint ar aon
tsagart a thabharfaidhe isteach chun muinntire an éirligh. Á, a
Éire, is créimthe créachta, a bhís an uair sin, acht ní raibh an
t-anam imthighthe asat.



I gcionn tamaill eile bhí an dara Séamus 'na rígh ar
Shasanaibh. Toisc é bheith 'na Chatoiliceach, níor thaithn sé leo, agus
d'iarradar ar Liam, garmhac Shéamuis an ríoghacht a ghabháil.
Nuair bhí Sasana gabhtha aige seo, thug sé a aghaidh ar Éirinn, chun
Séamus a chur as seilbh na háite sin chomh maith. Do b'olc an
dóich é Séamus chun troda a dhéanamh, acht bhí Éirinnigh láidire
ag cabhrughadh leis. D'oir dóibh an ríoghacht so a choimeád do
shíol na nGaedheal. Throideadar le fuinneamh is le neart, acht
bhíodar i n-éaghmais treoruidhe. B'fhearra dhóibh gan Séamus
bheith i ngiorracht míle míle dhóibh. Chailleadh ortha ag an mBóinn


L. 507


trí n-a bhutún. Acht cuimhneochfar go deó ar chródhacht an
tSáirséiligh agus ar a ngníomharthaibh ag Luimneach. Nuair a bhí
ag teip air i ndeire thiar thall, dhein sé connradh leis na Gallaibh,
agus d'fhág sé féin agus 19,000 fear a dtír dúthchais, agus níor
fhilleadar choidhche.



Bhí plúr fear nÉireann imthighthe; bhí Éire ar a dtoil féin ag
na Gallaibh; agus cad a dheineadar? Bhriseadar na coingheall-
acha a dheineadar leis an Sáirséalach, agus do thosnuigh an ré is
cruaidhe a bhí ag tír riamh.



Cé fhéadfadh trácht i gceart ar na dlighthibh pianamhla? Níl
an tÉireannach beó a fhéadfadh tuairisc na haimsire sin a
léigheadh, gan fearg a theacht 'na chroidhe agus gan a fhuil a
bhorradh ar fiuchaidh. Níl i stair aon tíre éinnídh a chuirfidhe i
gcomórtas leis an dtuairisc sin. Ní raibh sé ceadaighthe d'aon
tsagart fanamhaint 'sa tír, agus dá mbéarfaidhe ar aoinne aca,
chuirfidhe chun báis é. Ní raibh sé ceaduighthe do sna Catoilicíbh
scoil a chur ar bun, ná fiú amháin, a gclann a chur ar scoil thar
lear. Bhí a lán dlighthe eile ar an nós céadna. Bhriseadh is
bhrúghadh aigne is spiorad mhuinntire na hÉireann.




"A Athair Mhic, nó an fada leat ar fán do chléir
Dá gcartadh amach faoi bharra cnoc 's i n-árd gach sléibhe?
Fearachoin i mbailte puirt 's i n-áitreabh Gaedheal
A bhfearanna ag Sasannaigh gan chám na ndéidh."




I n-aimhdheóin na ndlighthe go léir, d'fhás treibh láidir d'fhilidhibh
eolacha i nÉirinn. Do spreagadar muinntear bhocht cráidhte na
tíre, agus do choimeádadar lasair bheag den spiorad Ghaedhealach
beó. Chuireadh an tír fé thriaill, agus buidheachas le Dia, is le
Muire, is le naomhaibh Éireann, ghabh sí tríd, agus tháinig sí as,
agus a creideamh agus a teanga aici chomh maith chomh daingean
is bhíodar riamh. Bhí sí brúighte, bascaithe, créimthe, créachta, gan
lúth, gan neart, acht bhí an dá sheóid sin aici ag lonnradh chomh
gléineach le solus na gréine. Cad a thabharfadh a creachadóirí
ar ghreim fhagháil ar na seódaibh seo? Acht ní rabhadar le fagháil.
Chathfaidhe deire chur leis an ainnir sara scarfadh sí leó. Do
crádhadh Éire, acht níor thréig sí an tslighe ghlórmhar. B'fhéidir gur
theastuigh ó Dhia, sompla a thabhairt don domhan, ar thir a
sheasóchaidh ar thaobh an chirt, pé rud a churfaidhe 'na coinnibh.



Taréis cheithre fichid bliadhan, chloiseadh ó Éirinn arís. Bhítheas


L. 508


ag lagughadh a géibheann ruidín beag. Annsan tháinig eagla ar
Shasana roimh claidhmhtibh mhuinntire Uladh, agus thugadh feis
neimhspleadhách d'Éirinn. Thosnuigh na Sasannaigh ar uisce fé
thalamh a dhéanamh, ámhthach, agus b'é deire na scríbe ná gur
éirigh a lán de sna daoinibh amach 'sa mbliadhain glórmhair 1798.
Is eól don tsaoghal cad a dhein muinntear Locha gCarmain an
tráth san; cionnus mar thugadar a ndóthain le déanamh do mhór-
shlóightibh Shasanna. Dá mbeadh na daoine uile comhcheangailte
an uair sin, bheadh deire le réim na nGall i nÉirinn. Acht ní
mar sin a bhí an scéal, fóríor. Bhí iarsmaí na ndlighte pianamhla
ag cur go mór ar na daoinibh, agus is lag an tsuim a chuireadar
i gcogadh. Bhíodar buidheach beannachtach is a rádh go rabhadar
'na mbeathaidh i n-aon chor. Is eól dúinn annsan, cionnus a
cheangaladh Éire le Sasanna mar 'dheadh, nuair bhí na daoine
buailte fé chois, agus cionnus mar nár éirigh le hEmmet, agus
cionnus mar a ghreamadh na laincisí arís.



Thosnuigh na daoine annsan, ar a gcúis a phléidhe i gcuma
eile, agus d'éirigh le Dómhnall Ó Conaill roinnt mhaitheasa a
dhéanamh. Tháinig an drochshaoghal, agus ó shoin i leith táid na
daoine óga ag fágaint a n-oileáin aoibhinn féin 'na míltibh gach
bliadhain. Níor éirigh muinntear 1848 amach luath a ndóthain; ní
féidir do dhaoinibh ocracha cogadh a sheasamh. Thuit an lug ar an
lag ag ár ndaoinibh in 1867 leis. Fuaradh reachtanna ó shoin chun
ceist na talamhan a shocarughadh, agus táimíd indiu, agus gan
an cheist sin socair fós againn.



Is fada an ré é ó aimsir mhallachtuighthe na Teamhrach go dtí
an lá indiu. Is mdhó cor a chur an saoghal de ó shoin. Is mdhó
donas a tháinig ar Éirinn le linn na haimsire. Acht muna
mbeadh mallacht Ruadháin, ní bheadh scéal na Fódhla mar atá.
Dá leigtí do Dhiarmuid Mac Cearbhaill a ghnó tabháchtach a chur
chun cinn, bheadh muinntear na hÉireann chomhcheangailte le chéile
i gcionn céad bliadhan, an chuid is mó dhe. Ní bheadh cur i
gcoinnibh ag aoinne leis an réim ríoghraidhe. Dá dtiocfadh
eachtrannach chun na tíre a ghabháil, ní tír bhriste a bheadh roimis,
ná tír 'na bhféadfaidhe taoiseach a chur i gcoinnibh taoisigh eile.
Ní bhfaghadh sé pioc dá leithéid sin roimis. Nuair a thiocfadh an
t-allmhúrach i dtír, ní bheadh ag an Árdrígh le déanamh acht gairm-
scoile a chur amach, agus do chruinneochadh a leithéid sin de


L. 509


mheithill chuige, ná déanfadh an t-allmhúrach pioc, acht an áit a
fhágaint chomh mear is bhí sé n-a chosaibh.



Ag machtnamh dúinn ar ghrádh Gaedheal ar léigheann is ar
fhoghluim, is féidir dúinn tuairim éigin a thabhairt ar an gcuma
'na mbeadh an tír seo dá mbeadh sí fé riaghal a daoine. Ní dóibh
liom gur cainnt gan éifeacht a rádh go mbeadh sí 'na hÁrdscoil
don domhan. Bheadh sí ag scaipeadh eólais soir is siar. Bheadh
féile 'gus fairsinge innti. Sin mar a bhí sí nuair a bhí caoi aici
air, agus ag dul i bhfeabhas a bheadh sí.



Cionnus tá Teamhair indiu? Tá rian na seanchatharach go
soiléir ann fós; an áit 'n-ar chuireadh dlighthe ciallmhara
éifeachtacha ar bun; an áit 'na raibh fleadh is féasta. Sin
a bhfuil. Má sheasuigheann Gaedheal ar chnoc Teamhrach anois,
agus má fhéachann sé ar gach taobh dhe, chífidh sé na beithidhigh mar
ar cheart do sna daoinibh a bheith. Chífidh sé páirceanna breaghtha
féarmhara, acht níl aon churadóireacht le feicsint. Siad na
beithidhigh atá anois i gceannas cúigidh uasail na Mídhe. Ní
féidir do dhuine breathnughadh ar an áit gan tocht a theacht
n-a chroidhe nuair smaoinigheann sé ar cháil na háite i n-allód.
Is uathbhásach an chéim anuas é. Tá ithir na Mídhe 'na fásach leis
na bliadhantaibh. Tá ann cuid den talamh is saidhbhre 'sa domhan.
Ní curtar suim ann. Fágtar fé na beithidheachaibh é.



Agus cad mar gheall ar intinn is ar intleacht Ghaedheal; an
intinn a chúm dlighthe bunudhasacha na hÉireann; an intinn a thug
múineadh is teagasc do dhaoinibh na hEórpa? Tá an ithir sin
leis 'na fásach. Is beag an tsuim atá i léigheann 'sa tír anois.
Níl trácht ar laochraibh láidre léidmheacha. Níl cur síos ar
ollamhnaibh oilte na tíre. Ní curtar suim 'n-a dteangain ná
n-a gcuid sgríbhneóireachta. Táthar ag gearradh na gceangalach
a shnaidhm sinn le Banba nuair bhí sí céimeach glórmhar; nuair bhí
sí 'na lóchrann soillse dhon domhan. Is cruaidh an cás é. Is
deacair tír a snaidhmeadh is a dhlúth-cheangailt, acht is ana-
fhuiriste an ceangal a ghearradh, is an tír a bhriseadh 'n-a
cipeannach. Bhriseadh Éire nuair a chuireadh mallacht ar a
príomhchathair; nuair a sáthadh sleagh isteach 'na croidhe.



Acht níl Éire taréis bháis fós. Agus rud eile, níl an bás i
ndán di. Tá sí ag dul i bhfeabhas cheana féin. I dtaobh is gur
ghaibh sí trí annró is anacair, níor chlaon a spioraid an lá ba


L. 510


mheasa a bhí sí. Bhí muinighin aici as Dia is aisti féin. Bhí fhios
aici, pé fada gearr é, go dtiocfadh lá uair éigin, nuair a
sheasóghadh sí, chomh hárd, chomh neamhsleádhach, le haon tír ar
dhruim talamhan. Tá breacadh an lae sin buailte linn. Buidh-
eachas le Dia go bhfuil fós ag Caitlín Ní Uallacháin, fir chrodha
groidhe, agus mná árdaigeanta misneamhla, chun a ghéibheann a
mhilleadh, agus chun í shaoradh. Tá ag éirghe chúichi gach lá, ógánaigh
uasail, agus cailíní ciallmhara adeir go gcaithfear a laincisí a
bhriseadh. Tá aici daoine atá muinighneach as a neart féin, agus
atá ag déanamh úsáid den neart san. Sara dtosnóghaid ar a
gcuid oibre i gceart, táid ag cur chun críche an gnó a bhí
ar siubhal ag Diarmuid Mac Cearbhaill, ag snaidhmeadh na
ndaoine le chéile. Chun go ndeintear so, ní haon mhaith bheith ag
iarraidh an tír a shaoradh. Táthar leis ag fógradh síothchána is
carthannachta idir chlannaibh Gaedheal. Is ceart dúinn an droch-
fhochal a choimeád don bhfear thall. "Múscail do mhisneach a
Bhanba."




"Spreag t'inntin, bíodh meidhir ort, go láidir léir,
Glac claidheamh chughat, is éirghidh, a ghrádh mo chléibh."



Is beag scéal 'n-ár seanchus brónach nách féidir ceacht mhór
thábhachtach a bhaint as, agus is mar sin don scéal so leis.
Múineann sé dhúinn gur ceart dúinn bheith báidheamhail le chéile;
go bhfuil sé riachtanach orainn éisteacht le chéile go foidhneach;
ná fuil sé dleaghthach do cheachtar againn éirighe i gcoinnibh duine
eile, muna mbeidh cúis anamhór leis; gurab é ár ndualgas
cuidiughadh le gach fear atá ag oibruighadh ar son na Fódla; gurab
é ár leas a bheith dílis dá chéile; a bheith cáirdeamhail, carthannach
le n-a chéile; gan bac ná baint a bheith againn le heasaontas ná
le mioscais. Má thabharfar toradh ar an gceacht raghaidh ár
machtnamh chun tairbhe, agus le coghnamh Dé, is gearr go mbeidh
an chóroin arís ar Róisín Dubh. B'fhéidir ná fuighid sí í le n-ár
linn-na, acht má dheintear dlúthcheangailt idir mhuinntir na
hÉireann, níl comhacht ar domhan chun cosc a chur leó.



Sé sin ceacht na Teamhrach. Tá an maolchnoc annsan ag
impidhe orainn leanamhaint ar obair Dhiarmuda. Nuair a críoch-
nófar an gnó san, beidh réim Gaedheal againn arís. Beidh an
tír fé aoibhneas is fé aiteas; fé shíothcháin is fé shonas. Beidh
Éire fé réim is a clann fé mheas.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services