Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



Is fada linn gan tagairt do sna "Drámanna Éinghníomha" do léirigheadh
le linn an Oireachtais i mbliadhna. Bhí cheithre cinn aca ann, mar atá -
BAIRBRE RUADH ó Phádraig Ó Chonaire, AR THAOIBH AN LOCHA ón Athair Tomás
Ó Cheallaigh, AN DÚTHCHAS ó Mháire Ní Chinnéide, agus MAC CÁRTHAIGH MÓR ó
Phádraig Ó Séaghdha (Pádraig na Léime). Ní gábhadh dhúinne a dtréithe a mholadh
annso, go háirithe dhóibh seo a chonnaic iad aimsir an Oireachtuis. Tá gach ceann
aca ar n-a thabhairt amach i bhfuirm leabhrín ag Connrad na Gaedhilge, agus
iad dá ndíol ar leaththuistiún an ceann. Iad so atá ag cuimhneamh ar ur-
chluithche a léiriughadh i rith an gheimhridh, ní misde dhóibh na leabhríní seo a léigh-
eamh, féachaint an bhfuighdís ortha earradh bheadh oireamhnach dhóibh.



CNUASACHT TRÁGHA, From the Foreshore, with Notes and Vocabulary. By
Rev. M. Sheehan, M.A., D. Ph. Dublin: M.H. Gill and Son, Ltd. Price
10d. nett.



Leabhar é seo ina bhfuil leath-chéad leathanach de Ghaedhilg na nDéise i
bhfuirm scéalta is dreachtíní. Ina theannta san, tá os cionn tríochad leathanach
ann de ghluais is d'fhoclóir, agus shiné an chuid is fearr den leabhar im
thuairm-se - an méid do chuir an tAthair Micheál Ó Síothcháin ann as a ghustal
féin.



An Ghaedhilg atá aca dá labhairt i gceanntar na Rinne, níor shaoileas riamh
go dtí so go raibh sí chomh truaillighthe meascaithe agus mar is follus dúinn a
bheith do réir an leabhair seo; acht, dar ndóigh, ní céim ar an bhfear eagair an
mí-ádh san: ar a chuid sin den saothar níl béim ar bith - ní hé an tAthair
Micheál Ó Síothcháin fé ndeara roth na Gaedhilge bheith ag casadh cam sa Rinn.
Isé mheasaim 'ná gur ab é a chuirfidh ding i gclíthán den mol, nó san dá chlíthán
má's gábha san, ionnus go ngluaiseadh an roth san mar ba chóir. Tá ana-chuid
déanta cheana féin aige san leabhar so agus i leabhraibh eile chum crot is
deallramh do chur ar chaint na dúithche san dá bhfuil ár dtagairt. An focal
nó an rádh atá ar tuathal i gcainnt na ndaoine, is gnáth ceartughadh nó
malairt cainnte nó mionughadh láimh leis san leabhar so, agus is minic ann
san. A lán de chainnt na scéalta so is suarach le rádh é, im thuairim-se - ní
fuiris é mholadh is ní deacair é cháineadh. Is aindeis an éadáil na scéalta
féin i gcomórtus le sna ceannaibh atá fé chló ó chainnteóiribh Bhaile Bhúirne,
abair. Aon seana-scéal amháin atá ann, "Eachtra na Con Duibhe", agus tá sé
ina phrácás ag an scéaluidhe (agus, dá chomhartha san féin, ní 70 trí fichid déag,
acht 260).



Chím an focal "árdughadh" mar mhalairt nó mionughadh ar "árdach", acht ní
dóigh liom gur mar a chéile i n-éan-chor iad. Thuigfí go maith "ní bheidh éin-
phingin árdaig air," acht cé bhainfeadh ciall as "árduighthe" sa chás san? Ar
l.7 tá "do chromadar ag gáire". Ní abraim-se ina thaobh san acht an méid
seo - má's peaca "do chromadar ar gháirí" do rádh, táid na mílte damanta!
Ar an leathanach céadna tá "Téidhmíd amach in ainm Dé anocht, nuair bheidh
[bhias] gach aoinneach in a gcodladh, agus bainimíd tástáil as." Do réir
dheallraimh, isé mheas an scéalaidhe a rádh 'ná "téidhmís" agus "bainimís" nó
"racham" (raghaimíd) agus "bainfam" (bainfimíd). "Go ndóbair" annsúd
leis, acht "go n-óbair" in áit eile (49). "Ag gabháil an bhóthair" (12): ní dá
rádh atáim ná fuil an chainnt sin agus na cainnteanna eile i mbéal na nDéis-
each, acht má's é "ag gabháil an bóthar" an rud ceart, cad é an mhaitheas an
rud eile do chur os comhair leanbhaí? "Go dtí fuaradh an dara fear," "go
dtí tháinig triúr eile" (19): samhluightar damh-sa go bhfuil tuathal ionnta
san; acht, má tá, ní léir dam tagairt dó san leabhar. "… adubhairt
sí gan teacht in a giorra féin ní is mó" (50). Is neamh-chruinn an chainnt í sin
ó scéaluidhe, giorra in ionad goire.



Casfaidh duine éigin liom go bhfuilim ró-ghéar: níor mhaith liom bheith amhla,


L. 476


acht is áil liom cruinneas cainnte i gcomhnuidhe. Ná ceapadh éinne gur searbh
atáim, acht admhaim ná fuil an oiread muinghíne agam anois as cainnt na
ndaoine is mar a bhíodh sar a bhfuaireas mo dheimhin go mbíonn an chainnt sin
go lán-mhinic chomh liobarnach, tuathalach, ciotach 's is féidir cainnt do bheith.
Ní baoghal ná go raghaidh léigheamh an leabhair seo i dtairbhe dhúinn i dtaobh a
chruinne is a léirigheann sé gur ceart dúinn a bheith aireach nó, dá n-abarinn é,
amhrasach ar "chainnt na ndaoine". Acht bheadh an donas ar fad ar an scéal
dá mbadh i dtaobh le hógánach éigin gan solas a bheimís chun nidhthe den tsórt
san do chur síos ó bhéal-aithris. Ní thuigim féin in éan-chor cad é an fáth go
bhfuil tóir ar sheana-scéalta agus ar fhiannuidheacht ó bhéal-aithris cainnteóirí,
agus na céadta is ná céadta is na mílte scéal scríobhtha cheana in ár gcomh-
air le sna cianta san R.I.A., agus gur fíor-annamh lucht déanta leabhar dá
mbac.



CARN DROMÁIN.




AN CEATHRAMHADH LEABHAR.



Sidé againn é, agus is ró-mhithid san!



Seo leabhar i gcomhair ár scoileanna. Ní ró-mhaith a thaithneann a theideal
liom: ní fearr é 'ná "An Léighthóir Gaedhilge" nó "An Léighthóir Gaedhlach,"
acht ceapaim gur beag duine ná beidh sásta le sna hiarrachtaíbh atá ann - idir
Ghaedhilg agus Béarla. Tá suas le céad go leith leathanach ann san Ghaedhilg
agus geall le céad leathanach san Ghallbhéarla, agus ní léir dam i n-éan-roinn
díobh san nidh ar bith nár chóir agus nach miste chur os comhair scoláirí bhun-
scoileanna na hÉireann, nó, dá n-abrainn é, os comhair lucht taithighthe na
mbuidhean i gCraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge ar fuaid na dúithche. Níl
uain agam chun na ceachtanna d'ainmniughadh annso, agus dá mbeadh, do luaidh-
finn gach ceann riamh aca!

An litriughadh atá i bhFoclóir Uí Dhuinnín sin é an litriughadh atá san
leabhar so - uaireannta, agus a mhalairt uaireannta eile. Tá "eo" (dálta
an fhoclóra) i n-ionad "eó" mar ba chóir, acht "éisg" seochas "éisc" "sgíth"
seochas "scíth". Go dtuga Dia ciall dúinn! nách fuiris daoine áirithe do
shásamh? San bhFoclóir agus san leabhar so tá "athrughadh" - is mithid é sin
d'atharrughadh! Ar l. 7 tá an méid seo fé bhun pictiúra, agus tá an chainnt
bacach: "Is deas an rud na beithidhigh ag ithe leó go sásta." Pé duine a cheap,
ní maoidhte air é! Is maith liom gur scríobhadh "potátaí" agus gan baint le
"prátaí" "fataí," "préataí" agus c. Éan-fhocal ná tuigfaí san Mhumhain tá an
dara focal láimh leis go minic, acht ní fheicim "uibhe" láimh le "uibheacha"
l. 97, cé gur "uibheacaí" a chloisinn féin san Iarthar i gcomhnuidhe.



Níl an leabhar saor ó locht, nídh nach iongna, go mór-mhór ó's rud é go raibh
breis is beirt i n-a fheidhil agus é ag na clódóiríbh le sna ciantaibh. Tá lochtaí
cló féin ann; acht ceartóchar gach nídh i dtráth, gan amhrus.



Tá prós is filidheacht ann, pictiúirí go leór, deich bpingne a fhiacha (acht is
mó 'ná san go mór a luach); Brún is Ó Nualláin a chuir fé chló é, agus ní nár
dóibh an méid sin d'admháil.



FIRÍN.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services