Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh. Caibidil a trí - Tighearna Talamhan gan Chroidhe.

Title
An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh. Caibidil a trí - Tighearna Talamhan gan Chroidhe.
Author(s)
Ó Ceit, S. T.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Currach ar Iarradh nó Obair Domhnaigh.



S. T. Ó CEIT do scríbh.



CAIBIDIL A TRÍ - TIGHEARNA TALAMHAN GAN CHROIDHE.



B'olc an tighearna talamhan é an Dalachánach. Ba leis an
tráigh gur bh'éigin do bhunadh sceónta an Dúinín do shiubhal
thairisti ar ghabháil ó thuaidh dóibh chum na nDroichead. Bhí sé ar
a laetheannta saoire um an dtaca so, agus bhí sé ar an dtráigh
an lá so é féin is a chlann. Bhí scata eile de dhaoinibh neamh-
chionntacha i n-a fhochair: B'é sin an tighearna agus b'iad sain
na daoine - na báillidhe bochta gur bh'éigin dóibh bheith ag
freastal agus ag friotháileamh dhó. Bhí duine aca-san annso
agus duine aca annsúd, lag beag uisce; eangach láimhe ag
duine aca, dorugha agus dubhán ag duine eile; cliabh beag
áiseamhail ag duine aca dá iomchur le haghaidh na bpisribe
a bheidheadh dá saotharughadh ag fear an eangaigh, agus cliabh
oireamhnach d'iasc ar ghualainn ag an cheathramhadh duine le
haghaidh na n-iasc a meallfaidhe ag fear an dubháin. Ag siúd
i measc cairrgeacha dubha an chuain iad, an ghrian te ag spalpadh
anuas ortha, aoibhneas i n-a gcroidhe ag an tighearna, a mhnaoi,
agus a gclainn - nó sain de réir mar do measfaidhe againn-ne
a bhí ag féachaint ortha - na báillidhe ar a lán-dícheall ag cur
i n-úil dóibh go raighdís amach fá'n muir ar éigin a mbáithte chum
a sonais; na daoine uaisle ar a sámh-shocracht fé bhród ar
mhothughadh dhóibh an urraim a bhí dá thespeáint dóibh; na daoine
ísle chomh spleádhach sain nár bh'iontaobh leotha aon rud acht
a bhfo-umhlacht dá "máighistear" agus ar bhain leis. Bhíodar
amhlaidh ar feadh scathaimh, na daor-bhodaigh ag moladh an ádh
a thug faill dóibh ar a ngrádh thespáint don té a chuir Dia
ós a gceann chum cíosa a bhagairt dó, agus an té sin dá
ghlacadh mar a ghlacfadh fear-faire na gcon luatáil a chonairte.
B'iad so na laetheannta a tháinig roimh Chonnradh na Talamhan
d'éirigh ó shoin go cúramach fé Mhícheál Mac Dáibhid agus fé
Pharnell chum cómhachta agus daoirse a léithéide siúd a bhriseadh.
D'éirigh leis an Chonnradh sain go maith - cómh maith sain gur


L. 462


bh'fhéidir le gabháltaidhthe na hÉireann anois bheith neamh-spleádhach
cómh fada agus beidh ar a n-acfuinn aca a gcuid chíosa d'íoc.
Níor bh'amhlaidh bhí roimhe sin; ba 'mdha bealach ar bh'fhéidir leis
an dtighearna a thionóntuidhe do ghonadh. Dá marbhuigheadh
madradh leis gearr-fhiadh, cíodh nach le n-a thoil ná a chead do
marbhuigheadh ba chuma leis an dtighearna, amach leis ar bhóthar.
Dá dtreabhadh sé páirc gan chead dá onóir b'é an scéal céadna
aige é; dá ndeárnadh sé clais nó claidhe ar an suigheamh sain
b'é an scéal céadna é; agus badh chuma leis an dtighearna cad
a dhéanfadh nó nách ndéanfadh dá mbeadh tréimhse a léasa
thairis, amach leis, munar mhaith leis an dtighearna an nós ar
iomchuir sé é féin i gcaitheamh na haimsire sin - nó dá mbadh mhaith
féin b'fhéidir le duine sprionnlaithe big-mheaman teacht taobh
istigh dó ar agairt sa bhreis ar an cíos nó feall-bhinib na breibe
ar stocairidhe a thigh-se.



Is iomdha lá a tháinig ón lá sain - tá, breis mhór agus seacht
míle; agus is iomdha athrughadh agus malairt ó shoin ar shlighe
bheathadh an tighearna talmhan - tá, an oiread céadna, dá bhféad-
faidhe iad do chómhaireamh. Thagaidís furmhór de sna tighearnaidhe
an t-am sain i measc a gcuid tionóntaidhthe ar a laetheannta
saoire chun a n-uaisleachta agus a n-áilneachta do léarughadh
dhóibh, agus chun urraime agus fomóis d'fhagháil uatha. Ní thagann
anois acht fo-dhuine aca. D'fhéadfadh madradh nó cú an reacht-
aire anois béile breith as colainn choinín gan baoghal basctha ón
dtighearna, acht amháin an méid éiric is mian leis an dligheadh -
dá gcuirtí i bhfeidhm an dligheadh air - mar chóir i n-a aghaidh. Is
féidir leis an ngabháltaidhe a chuid talmhan a láimhseáil agus a
leasughadh fé mar is maith leis; agus ní'l de chómhacht ag an
"máighistir" an cíos a árdughadh dá dheascaibh, nó cosc a chuir
leis. B'fhéidir dhó breis chíosa fhagháil ó fhealltóir chómhachtóra
tar éis a mheasta dó; acht ní féidir a chaitheamh amach cómh fada
agus íocfas sé é. Sin cuid de sna hathruighthibh atá tagaighthe
ar shlighe mhaireachtála an fheirmeóra le seacht mbliadhna fichead;
tá a thuilleadh leótha sain tríd agus tríd. Sin biseach mór ar a
bheathaidh agus ar fheabhus a shaoghail. Sin é saor é ar a chroidhe
do thógáil. Sin caoi curtha air chum blaise na saoirse. Sin
athfás ar Ghaedhealaibh fá bhrat na Breataine atá dá ndiantslad
agus dá ndaoirsiughadh ón gcéad lá thángadar faoi.


L. 463


Sin é an t-athfás ó'n dtaobh amuigh - ó'n dtaobh chorpordha;
acht tá athfás agus athnuadhchaint eile ag teacht ar shaoghal na
hÉireann. Tá an taobh istigh ag corruighe; tá an súgh ag éirighe
níos treise ann, agus duilleabhar agus bláth ag méadughadh dá
bhárr ar chrann a beathadh. Do scaoileadh i dtosach fé Dhomhnall
Ó Conaill ar chuing a cogubhais; agus, mar bhárr ar sin, táthar
ag bogadh anois ar chuingeal a teangan. "Cad é an mhaith,"
adubhairt Connradh na Gaedhilge tá roinnt bhliadhanta ó soin,
"saor-chreideamh agus saor-thalamh agaibh, muna mbeidh saor-
theanga agaibh? Thug Sasana an méid sin daoibh, acht tá greim
aici i gcomhnuighe oraibh: tá súil aici go bhfuil nimh na daoirse
a thug sí oraibh leis na ciantaibh cómh greamuighthe sain ionnaibh
nách bhfeicfidh sibh gur díoghbháil ar bith dhaoibh a béalra agus a
béasra féin do thaithighe agus do chleachtadh. Mo náire sibh, a
Ghaedheala! - ní tír gan teanga. Dearcaidh siar ar shaoghal bhar
sinsear, agus féachaidh linn gur naomhtha agus gur léigheannta
an t-oileán é seo agaibh fhaid do bhí a dteanga fá riar aca;
agus dearcaidh anuas na bliadhantadh ón dtaca i n-ar tháinig an
t-eachtrannach i dtosach chum seilbhe fhagháil ar bhar dtír ghil, agus
féach nach deas do chuireadar bhar dteanga a dhísceadh - mheas-
adar an mheanma do mharbhadh ionnaibh tar éis an croidhe do
bhrughadh asaibh."



Tagann na smaointe sain ag rith orm nuair a chuimhnighim ar
an lá sain ar thráigh an Dúinín. Cuallacht de ghasúraibh im
fhochair, agus sinn ag síorfhéachaint agus ag déanamh iongantais
de sna daoinibh galánta - go háirithe an t-aos óg, .i. a gclann,
ag a raibh deallramh agus déanamh chomh súgach sona sain ortha.
Acht táid na daoine galánta sain imthighthe, an chlann óg sain
n-a n-ionad, agus na gasúir sin 'na bhfearaibh neamh-spleádhacha
anois, ag féachaint rómpa ar an saoghal, dóchas i n-a gcroidhe
aca, agus iad ag tnúth le gach nídh fearamhail - mar tá meis-
neach ag méadughadh ionnta de bhárr na buaidhe atá bertha aca,
agus súil aca dá réir sin le tuilleadh.



Is minic a mhachtnuighim ar an lá úd agus an bheag-shuim do
chuir an tighearna ar ghleó agus ar bhuaidhreadh na dtuatach a bhí
ag rith anall chuige ar fhaid na trágha. Nuair a chualaidh sé an
gháir agus an géarghol, d'iompuigh ar a sháil agus d'fhiafruigh dá
lucht freastail ar bh'fheas dóibh fáth an bhuaidheartha agus an ghuil.


L. 464


Do fhreagair duine aca nár bhfoláir nó gur cinneamhain ar
churrach éigin ba thrúig leis. Um an dtaca so, do dhruid leotha
ceann uird an tsluaigh chaointe, Seanán Ó Gallchobhair, agus é ag
cur alluis agus ag séidghail ó n-a réim reatha, agus do chuir an
Dalachánach ceist air, ag súil le fios fhagháil uaidh ar thuisc an
ghleó. Ní dóichí go raibh ag Seanán an fios sain, mar ar a lorg
a bhí sé, agus d'fhreagair don tighearna nár bhfeasach dhó féin,
acht amháin gur bhain le tásc uathbhásach éigin ó sna Húbáin - gur
cualthas feaduigheal critheaglach ó'n áit sin, agus go rabhadar
ag triall uirthi féachaint le fuascailt an té do chuir uaidh í. Sin
a raibh 'n-a thaobh. Do chrom a chuid fear friotháilte ar a n-obair
arís, agus do luigh an tighearna agus a bhean ar fhéachaint ortha.
Ní dubhradar gur cheart fear nó beirt uatha dhul chum conganta
leótha. Bhíodar ró-mhór ar a sáimhe féin chum an méid sin do
dhéanamh, agus do lean ortha ar a sonas gan ghruaim, agus do
lean na daoine gruamdha bochta ortha ó thuaidh, fuaim a nguil ag
imtheacht ar fuaid an chuain agus ag cur an mhic alla ag triall
ó thaobh taobh na n-ailltreach do léar-chosc ar chéim na mara sa
bhealach míréidh chum Na Húbán; acht b'é toil Dé é gur fuascladh
ar churrach na conntabhartha gan a gcabhair.



CAIBIDIL A CEATHAIR. - AN CURRACH AR IARRAIDH.



Nuair shroich Seanán Ó Gallchobhair agus a chómhlucht caointe
Na Droichid, bhí gach aon rud mar ba ghnáthach ar aghaidh na mara
mór thimcheall. Bhíodar na faoileáin ag eitilt ó aill go haill
agus ó sceir go sceir a gcliabhraigh an áit i raibh a neadracha
cómh fairsing leis na miongáin ar an bhfeamraigh ag fás ar na
mionchairrgeacha fútha. Do sceinneadar ó bhruach go bun agus ó
bhun go lár, agus easnacha agus faille agus cuais na n-aillt ag
tabhairt dín agus folaigh dhóibh ó amharc is ó amas gach cómh-
luadair dá dtagadh i n-a ngoire de mhuir is de thír. Bhí na
curraigh amuigh fé chuan Na Húbán go práidhinneach. Ní raibh
coinne ar bith aca leis an chómhthionól do bhailigh go bagarthach i
n-áirde; agus, nuair chonnchadar sain na currachthóraidhe go
gnóthach agus gan suim dá chur aca i mbaoghal ná i mbagairt, do
scuir dá gcuid gleó agus caointe. Do tharraing currach isteach
chúcha. Bhí an taoide da trághadh, agus d'fhág sain cladach beag
cluthar lom ar cheann an chuain. Nuair shroich an currach an


L. 465


cladach, do leig a fhoireann rámha glaodhach ar an mbuidhin a bhí
i n-a seasamh ar an splinnc ós a gcionn. Do ghlaodhadar sain
anuas chúcha, agus d'fhiafraigheadar díobh an raibh aon bhaoghal nó
conntabhairt ar aon churrach. B'amhlaidh do chuir an cheist ion-
gantas ar na daoinibh thíos, agus d'fhiafraigheadar sain go ceas-
nuightheach ar an buile a bhíodar, agus do chómharthaigh dóibh ghabháil
timcheall agus teacht anuas chúcha.



Bhí casán garbh ar aghaidh na haille anuas. Ní fheadar cá fad
ór deineadh é; tá sé ann leis na ciantiabh. Cibé dhein i dtosach
é, ba mhór an chabhair agus an áis do sna hiascairidhe bochta é.
Nuair thagadh an mhuir gharbh ortha, agus nach bhféadfaidís tarr-
aingt isteach an turas timcheall an rosa chum cuain an Dúinín,
tharraingidís isteach chum foscaidh go dtí an cuan beag so, do
fheistighidís a gcurraigh ar an tráigh, agus d'iomchraidís a líonta
agus a n-iasc suas an cosán de chois, agus as sain ar chárr
abhaile.



D'ionnsuigh an sluagh an cosán, agus thángadar anuas. Ann-
sain bhí ceist agus freagra eatortha, agus do chuir na hiasc-
airidhe i n-umhail dóibh nár bhaoghal d'aon churrach aca - go bhfeac-
adar ar fad amuigh iad - acht amháin an Eascoin, currach Dhiar-
mada Uí Bhriain, agus a bheirt chómh-rámhaidhthe: ní raibh sé sin le
feicsint, acht b'é ba bharramhail dóibh go raibh sé istigh fé'n
Droichead Mór.



"Agus níor airigheabhar aon fheaduigheal?" arsa Seanán
Ó Gallchobhair.



"Níor airigheamar," arsa duine de sna iascairidhibh; "acht
b'fhéidir dhi bheith ann i ngan-fhios dúinn, go háirithe istigh fé'n
Droichid; mar bhí díriughadh na gaoithe ar bhéal an Droichid is
goire dhúinn, agus do bhaileóghadh an ghaoth léithi siar ó dheas
mar sin aon fhothram do dhéanfadh Diarmaid nó an bheirt eile."



"Is fíor sin," arsa Seanán; "acht ba dhóich leat nách raibh
an ghaoth chómh láidir sin ar fad agus go mbodhrfaidh sí an fhead-
uigheal agus sibh chómh cómhgharach dhi."



"Ná tuigeann tú, a Sheanáin," arsa Peadar Ó Conchobhair,
dearbhráthair don iascaire a bhí ag caint, "go mbíonn an fhairrge
ana-ghlórach annso i gcómhnuighe, pé aca ciuin nó garbh an lá,
agus go múchfadh sé sin fuaim na feaduigheala?"



"Éist!" arsa Seaghán, a mhac sin; "seo chughainn isteach


L. 466


anois na currachthóiridhe eile, agus beidh a fhios againn gan mhoill
pé aca an bhfuil aon aca ar cheal nó ná fuil."



"Nach dánda an fear thú anois!" arsa dearbhráthair a athar;
"nár dhubhairt mé ó chianaigh ná raibh currach Dhiairmín le feic-
sint? - agus ní caoch atáim-se."



"B'fhéidir dhó," arsa Seaghán; "acht fan go bhfeicimíd, agus
beidhmíd cinnte den scéal."



"Táim cómh cinnte agus táim beó," arsa an fear eile, "nár
dheadhaidh currach Dhiarmada thar beinn an rosa i ndiumh. Tá
Mathghamhain sin ana-cheanndánda ar fad, agus tá Diairmín
bocht ana-shásta ann féin - agus ní ait leis i n-aon chor rudaidhe
as bealach; agus, mara raibh aon rud eile ann acht de fhonn
paiste grinn a bheith aige ar Dhiarmaid, tarraingeóghadh sé
isteach fén droichead."



"Sin ar láthair anois iad," arsa Peadar, "agus m'anam
fhéin! ní'l tásc ná tuairisc den Eascoin ann."



"'S mara bhfuil, cad athá sinn-ne a dhéanamh annso?" arsa
Seaghán. "Nach oireamhnaighe dhúinn bheith druideamhaint chuige
isteach, féachaint ar éirigh aon rud dó istigh?"



Annsain d'éirigh an gleó agus an bhéicighil arís ó chlainn
Mhathghamhna Uí Chinnéide agus ó n-a cholcheathar, Cormac; agus,
nuair a chonnaic Brighid, bean Dhiarmada, gur bh'iad sain a bhí ag
géar-ghol, d'árduigh a gáir chaointe féin i n-a bhfochair. Bhí
Brighid i n-a seasamh ar splinnc na haille mar ar tháinig an
rith agus an ruathar i leith. Bhí Brighid bhocht mall, agus b'fhánach
a thánaig sí i ndiaidh an tsluaigh. Ba chosamhail le bean sidhe í
is í ag bualadh a bas agus ag lógóracht, a folt liath ag sileadh
léithi; agus mar d'iompuigh na daoine a n-aghaidh uirthi, ba bhán
agus ba thruaighmhéileach d'fhéachadar uirthi le neart truaighe dhi.



Gan mhoill bhí currach agus a dó agus a trí ar an bhfairrge
ar n-ais arís, agus bhí lúth agus neart agus fuinneamh i ngach
géig dá bhfoirinn dá dtarraingt fé dhéin an droichid.



CAIBIDIL A CÚIG. - AN EASCHÚ DÁ SAORADH.



Tagann an Droichead Mór ó thaobh na mara go taobh an
chuain treasna muinéil an rosa. Nuair thrághann an taoide,
trághann sé ó amar an droichid, agus is ar éigin fhanann ann
sáile go leór chum curraigh do shnámh. Ní dóichí dá leithéid d'áit


L. 467


bheith mín cómhthrom, gan chor gan chas, ná ag bailiughadh mion-
chairrgeacha. Agus b'amhlaidh bhí: lochán uisce annso agus falla
de ghallánaibh n-a thimcheall a chuir fíoch na fairrge ann; srothán
beag, troigh nó troigh go leith ar doimhneacht, ag sreabhadh thórsa-
san ó lochán eile níos lugha 'ná é, acht níos doimhne, agus siúd
mí-chomhthrom ó gach taobh go dtí n-a lár. Tá an ball so níos
áirde 'ná an dá bhéal; óir bíonn tuilte na taoide, nuair éirigh-
eann sí 'n-a lán mara ag casadh ar a chéile annso. Nuair a
bhíonn an ghaoth aniar dtuaidh ag séide díreach ar bhéal an droichid
agus go léimeann an mhuir fhraochta go seitreach i gcoinne
bodhain agus buinne an rosa agus dá tiomáint féin de neart
na gaoithe fé chuan na Húbán, is éachtach an fhuaim a chluintear ó
chuasaibh na n-ailltreach timcheall; acht, ós a gcionn soin tagann
geóin uathbhásach an droichid ag fuamnughadh mar bheadh stoc.
Nuair theangmhuigheann an tuile ón chuan le tuile na mara
agus iad araon fé lán neart gaoithe na mara agus fé shughadh
agus fé ghuairdeán tuile an chuain, téigheann tonn chuipe agus
chubhair suas tríd an talmhain i bpoll atá 'n-a lár.



Ní mar sin a bhí an uair so, ámh, mar bhí an lá ciuin agus an
taoide dá trághadh: - Bhí sruth an tsáile istigh fé'n droichead
cómh cneasta le fánaidh aon mhion-abhainn ar talamh - acht amháin
go raibh doimhin-loch annso agus annsúd ann níos ciotaighe 'ná
a leithéid eile do gheóbhfaidhe i n-aon abhainn dá chontabharthaighe
ar bith í.



Nuair bhuail Mathghamhain ceann an churraigh fé bhéal an chuais
ar dul isteach dhó chum an droichid do scread Diarmuid agus
do bhéic air gan dul níos sia. Níor bh'aon mhaith dhó - is amhlaidh
do neartuigh Mathghamhain ar an obair, agus do leig Cormac
scige gháire as dá mholadh agus ag fonnómhaid fé Dhiarmaid.



D'éirigh leótha go maith gur shroicheadar áit chaol istigh ná
leomhfaidís na madaidhe rámha do chuir i bhfeidhm ann.



"Seachnaidh," arsa Mathghamhain, "táim ar tí an churraigh do
chur ar n-aghaidh de bhárr samhainc ón chliatháin; cuiridh i
gcoinne an cliathán eile nó iompóghfar sinn."



Cibé corruighe do baineadh as an churrach do árduigh
Mathghamhain go hobann an maide rámha deis agus do bhain


L. 468


preab dá bhais ar bhalla an droichid do chuir ar leath-taobh é.
Níor bh'féidir le Cormac ná Diarmaid an frioth bhuille do chuir
leis agus isteach ann uisce anacair an tsáile gur iompuigh sé
druim i n-áirde. Scéal aisteach le hinnsint níor bh'fhéidir le
héinne aca snámh, acht cibé ar bith corbhuille bhí ag Mathghamhain.
Amach leis ar an lochán, agus do shnámh gur shroich sceir cairrge
ar chliathán an droichid. Cómh luath díreach agus d'ionntuigheadh
an currach do scéitheadh ar an mbeirt eile amach fé'n mhuir; acht
ar an gcéad theacht i n-áirde dhóibh bhí an currach le n-a dtaobh
agus rugadar greim an fhir bháithte ar stoc air, agus do
chlaoidheadar leis gur shnámh Mathghamhain ar n-ais chúcha tar éis
a bhróga agus a chuid éadaigh a bhaint de. Do rug sé annsain
ar ghualainn ar Chormac, mar b'é ba ghoire dhó, agus do órduigh
dhó iarracht a dhéanamh ar shnámh agus congbháilt amach uaidh, agus
do shnámh leis go dtí an bport ar chliathán an droichid. Tar
éis dó Cormac árdughadh ar an sceir agus a chur i n-a shuidhe go
socair saor ann do thug aghaidh ar Dhiarmaid a bhí i gcosaibh cró
nách mór agus eagla is uathbhás air ón gcaoi inar cuireadh
é. Do shnámh Mathghamhain anonn chuige, rug ar bhóna air, thug
a dhruim le huisce, agus do tharraing leis go himeall an stracha.
Do rug Cormac annsain ar láimh air agus do tharraing chuige
aníos le n-a thaobh é, mar a tharraingóghadh stalcaire lacha mharbh
as sruth, bhí sé cómh lag sain ag critheagla is ag anfadh. Do
strac Mathghamhain é féin mar a rabhadar agus é ar a thachtadh
d'easba anála ó n-a shaothar.



"M'anam féin," ar seisean go puthghuthach, "acht táim leath-
mharbh agaibh. Tá sibh as amar na haimiléise agam anois, is
dócha?"



"Mhaisidh, go bhfágaidh Dia do shaoghal agus do shláinte agat,
a Mhathghamhain!" arsa Cormac, "acht do caillfidhe sinn go
suidhte mar'adh tú."



"'Gleó uait, a Chormaic, agus ná déanfainn an rud céadna
dá mbadh Turcach a bheadh ann - ní call duit moladh ná athchuingidhe
a léigheamh ar a shon; acht cionnus tá mo Dhiairmín bocht ann-
sain? - 'sé is measa dhúinn. Ar mh'fhallaing! dá gcasaimís chun
Bríghde in' éaghmuis, b'éachtach trom an brón a bheidheadh uirthi!"



"Ó! is cuma dhuit, is baoghal liom, cad é an chaoi athá orm:
mar'adh go bhfuil tú pósta agus muirighin ort, déarfainn gur


L. 469


bh'amhlaidh bhi súil agat ar an mhnaoi bhocht chéadna - ag teacht
isteach a leithéid seo de lá fé'n droichead chun daoine a bháthadh!"



"Cúis gháire chughainn, a Dhiairmín - nách aisteach mar féachann
tú ar rodaidhe! Dár ndóich, bhí an lá go breágh, agus ní raibh ó
Mhathghamhain acht athghiorra a dhéanamh chun an chuain."



"Ó, bhí, bhí, go ró-bhreágh; acht an Domhnach, an Domhnach, nár
dhubairt mé libh ná bíonn acht an mío-ádh mar thoradh saothair
ann? B'iongantach léir nár dhein sé aithghiorra dhúinn chun an
chuain caoil - chun uaigh an bháis."



"Ó, bhó! bhó! mhaisidh, acht eist leis! Ba mhór an suigheamh, go
deimhin, a bhí ag an bhás ort-sa; ní fheadar cad é an gnó bheadh
aige de leastar mar thú. An bhfeaca tú ag teacht ón dtaoide
é, a Chormaic? - nár chosamhail le potlachán de rón é?"



"Ó, scuiridh, scuiridh: is aisteach an t-am grinn againn é; dá
bhfeiceadh Peadar Ua Cuinn anois sinn, is éachtach gairid a
bheidheadh sé ag déanamh amhráin dúinn: - Diarmaid ag criotharnaigh
ón bhfuacht is ón bhfliuchán, mise le n-a thaoibh cómh dona leis, agus
Mathghamhain, Mac Dhiarmaid Thaidhg, lom-nochtaithe, agus é ag
gáiridhe mar a bheadh am dul a chodladh; tá adhbhar suilt agus
siamsa sa' sáinne seo orainn. Ní fhéadfaimís an currach sain
do chuir ar a dhruim ar n-ais go deó gan congnamh éicínt ósna
currachthóraidhe eile. Mar ní'l acfuinn snámha ionnam-sa ná i
nDiarmaid. Cionnos a chuirfimíd fios ar gcáis i gcéill dóibh?



"Ní'l aon chaoi eile againn acht fead a leigint orth; clois-
fear fead as an áit seo seacht míle o bhaile," arsa Diarmaid.



"Is féidir leat-sa fead a leigint, a Mhathghamhain; ní féidir
liom-sa é, ná ní dócha gur féidir le Diarmad anois dá mbadh go
bhféadfaidhe cheana aige."



"Mhaisidh, dár ndóich chun cabhra ar Dhiarmad bhocht déanfad
iarracht air."



"Magadh, magadh, i gcómhnuide; acht dein, pé scéal é, a
Mhathghamhain, agus go neartuighe Dia leat; táim leathta ceart."



"Mhaisidh, cabhair Dé chughainn, a chroidhe ghil! - ar a shon sain,
seo oraibh."



Annsain do thosnuigh Mathghamhain ar feaduighil, agus do leig
fead fhada ghéar i ndeoidh feada. Do mhéaduigh cabhail agus
béal an droichid seacht n-uaire í, agus do fhaduigh uirthi gur
thuirling sí ar an bhfairrge leathan-ghlais i n-a glór aonarach,


L. 470


ilneartuigthe, fé mar thiocfadh ó bhéal stuic athaigh. Níor
theangmhuigh aon toirmeasc léithi gur eiteall mar sheabhac as
tóir i gcúinne na haille ar an dtaobh thall de chuan an Dúinín.
Annsain ó dhéanamh agus claoine éadain na haille do sceinn de
rith is de lúth sa spéir, i slighe nár airigheadh sa sráid-bhaile cois
aille í, acht gur cloiseadh suas le dhá mhíle níos sia siar í ag an
gceathrar a bhí ag teacht ón Aifreann mar 'niseadh cheana. Ann-
sain do leig fead eile agus fead i ndeoidh feada go raibh an
bealach díreach ó bhéal an droichid treasna na mara ag fuaim-
niughadh ag an tsruth géarfhada láidir feaduigheala.



Tar éis scathaimh dó ar an obair sin do leig do tamall agus
do thosnuigh arís uirthi go raibh sáruighte go maith air. Annsain
do leag a dhá láimh go tuirseach ar a ghlúinibh tár-nochtuighthe
agus adubhairt:



"M'anam féin acht táim traochta den scéal: mara
n-airightear an méid sin caithfear tabhairt suas."



"Conbhuigh do mheisneach, a Mhathghamhain," arsa Cormac, "ní
traochtar an leóghan i n-aghaidh an námhad; agus féach, maran
leóghan thú ní lupadán thú, mar ní fhéadfadh an t-iasc liobarnach
soin éacht thar bárr mar sin a dhéanamh.



"Mhaisidh, ní 'gá mhaoidheamh air é," arsa Diarmaid; "b'fheárr
liom-sa ar fad nár chall dó mar ghnó é."



"Is cuma sain anois, a Dhiarmaid; agus mara dtabharfaidh
Brighidh molt reamhar dó i gcoinne na Nodlag ní'l aon ghrádh aici
dhuit-se."



Ní Críoch.




ÉAN AN CHEÓIL BHINN, ainm an leabhair is déadhnaighe atá ar n-a chur amach
ag Connradh na Gaedhilge. "Trí scéalta ón Oireachtas (1901) agus dhá scéal
eile do cuireadh n-a gcionn" atá ann. Tá an leabhar so dá chur i n-eagar ag
an Laoideach. An Laoideach, leis, do sholáthruigh an dá scéal "do cuireadh 'na
gcionn." Tá foclóir agus tagra ann ó n-a láimh, agus beid súd n-a n-áise
mhaith ag lucht foghluma na Gaedhilge agus ag léightheóiríbh nách fuil oilte ar
chanamhaint Chúige Chonnacht. Tá dhá scéal ann ó Mhicheál Mhag Ruaidhrí, agus
éinne go bhfuil aithne aige ar Mhicheál is eolus ar luas a chainnte i dteangain
a shinsear beidh flosc air chun an dá scéal soin a léigheamh. Tá an leabhar so
áirimhthe ar chlár an "Gléas Scoláireachta" i gcóir na bliadhna so chughainn.
Muinntir Dollard a chuir i gcló é, agus réal, glan, a fhiacha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services