Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mairbhne Sheáin Uí Choileáin.

Title
Mairbhne Sheáin Uí Choileáin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Mairbhne Sheáin Uí Choileáin
Ar n-éagadh dhó
san Sciobairín, an t-ochtmhadh la d'Abrán, 1817.



Ar chamhoir sul d'eascair le lasair an ló timcheall
Im mhachtnamh go cathach gan neach eile beo im choimhdeacht
Ar mheathadh 's ar threascairt ar scaipe 's ar ró-dhísceadh
Ár ndragan dil calma ceannais de phór Mhíleadh.



Fuireann do b'fhada go hacmhuinneach lóinlíonmhar,
Gan urraim dá namhaid i sealbh gach sógh i gCrích Luirc,
Le mire do chleachtadh sult gaisce agus ól fíonta,
'S nach fuilingeadh anacra ar dhealbh n-a dtreó choidhche.



Táid iomarca cartaithe i gcladadh mo león, díobh-san,
Is d'imthigh a maithe thar caise gan fód fillte;
An bhruscarnach mhaireas dá gclannaibh go feódh-chlaoidhte,
I ngeimhealaibh daingeana ag Danair gan dóth saoirse.



Ag druidim dam mar sin go hatuirseach brónsmaointeach
Chun uladh bhí im agus ar cheasaibh an róid ríoghdha,
Do chonnarc, is phreabhas mar mheasas nár chló shaoighealta,
Bruinneal ag greadadh na mbasa 's a rób sraoilte.



Ba shilteach a dearca le ceathaibh go ró-íoghair,
'S a dlaoithe n-a n-asair gan aire go fór-scaoilte;
Ba mhilis ba bhlasta do thagarach deór-chaoine
I bhfriotalaibh gasta mar leanas im dheóidh scríobhtha:



"Is truagh mo chéim chéasta gan sosadh gan scíth,
'S mo ghruadhna lé déaraibh dá gclogadh de shíor,
Ar uamhaibh mo tréanlaochra de scothaibh na gcríoch,
Go huaigneach faon fé lic dá gcoigilt mar bhíd.



Sin ceasnadh agus daorghéibhinn noch braithfear tar cách,
An faraire séimh déadhnach so leagadh san ár,
Ceann bagair na dtréad léigheanta agus taitheac na mbárd
Seán soineanta saorghéag de shliocht fhoirtill Uí Choileáin.



Uaire ceacht is reacht is draoi-dhréachta,
I nguaim 's i n-athaibh sean ba chruinn éifeacht,
I gcruas gach stair dar bheart na saoi-éigse,
I n-uaim 's i n-aistibh beachta binn-Ghaedhilge.


L. 455


Gníomhartha na sinsear a gcleachta 's a gcáil,
'S gach nídh ar bith noch ríomhthar sa tseanchus áigh,
Scríobhtha ar feadh críocha na cruinne mar táid,
Is cinnte ceart coimsigh n-a mheamhair gan fán.



Gach teóra tailimh gach cathair gach bruidhean gach ráig,
Gach lóngphort daingean gach caladh gach binn gach tráigh,
Gach móta carraig is fairrge bhaoighlach lán,
Do b'eól gan aistear i n-eagar go cruinn do Sheán.



Do luingeas na ríogh ar lí ghluis tairrngthe suas
Is cliste do shínfeadh líne ghairid chun cuain,
Go foithin gach tíre trí gach anfa is ghuais
Le tuigsint a chinn nár thím i gceachtaibh na ndruadh.



I rúnaibh na n-ughdar i nathaibh 's i ndíodhacht
Is bunadhsach do scrúdadh gach aiste gan fuigheall;
Ba lonnrach ba shunnrach a theagasc 's a ghaois
'S i bpungcaibh na n-úrcheast níor bh'aithnid dó snaidhm.



Cé foilceadh an fear i sreabhaibh aosta cháidh,
'S i ngeineallach sean gur ghaibh a chéim go hárd,
Ní buirbe chleacht ainmheas ar aon ná táir
Acht cumann gan chealg searc gach éinne is grádh.



I dtabhairne an fhíona is fíor nár bh'annamh a chuaird,
'S mádh fada do shuidheadh le buidhin ní thagradh buairt,
Acht caradas laoithe grinn is agallamh suairc
Ag gairm na dighe 's ag díol a dtagadh gan ghruaim.



Taisce ná suim do mhaoin ní dhearnaidh riamh
Acht oineach gan mhaoidheamh 's a dtigheadh na láimh do riar;
Gradam na ríoghacht na shlighe dá ndáileadh Dia
Do b'fhairsinge a chroidhe geal díleas fáilteach fial.



Is iomhdha leanbh bocht easbhathach ár-riochtach
Gan chóir gan charaid gan athair gan áirighthe
Do sheóil do theagaisc, do leasuigh gan fagháil coibhche,
Do thóg ó aindeise is cheartuigh i n-árdghuirm.



Is iomdha saorfhlaith séanmhar saoighníomhach
Is fionnabhean mhaordha ag déanamh síorchaoidh ghuirt,
Ó Chorcaigh na séad san réim go taoibh Daoileann,
Do b'fhogus gan bhréag i gcéimibh fíorghaoil leis.



Is iomdha taoiseach tairpeach armach áluinn groidhe
Ar tuinn 's ar talamh i gceannus go hárd san ríoghacht,
Is scaoinse sagairt i nEagluis chráibhthigh Chríost,
Ag maoidheamh as a ainm 's ag tagairt a shláinte i bhfíon.


L. 456


I nGarraidhe an mhagaidh do thaithigh an suaircfhear sáir;
Ní'l rannaidheacht ghreannamhar feasta ná luadhachtain dáin,
Ná an tseanchaidheacht chleachtadar flatha monuar le fagháil
Ar feadh críoch Cairbre acht atuirse is duairceas gnáith.



Is dúr gan dréacht gach aon de chliar taoibh Laoi
'S is ciúin lag créimeach éigse Chiarraighe an ghrinn;
Tá an Mhumhain le chéile i dtaom go hiar-chinn-tír
Ó cunnladh é go tréith i gcriaidh Chill Mhín.



Ocht gcéad déag mar léightear cruinn sa riaghail
'S a seacht n-a ndéis ar aon deich, suim na mbliadhan
Ó theacht Mhic Dé do shaoradh dhaoine ó phian
San bhfeart so faon gur léigeadh saoi na gcliar.



Tá cunaill fát chreat, a leac, mo chiach traochta
Grádh cumannach d'fhearaibh searc is mian béithe;
Clár cumair gach teagaisc feasa is riaghail n-éigse,
Seán siollaire is easbha fhada dhian d'Éirinn."



'Tan b'fhada me i reachtaibh le haiteas an cheóil aoibhinn,
Cér dhearbh me im dhalladh le frasannaibh deór íoghair,
d'amharc mé seacha 's ní fhaca níos mó an tsidhbhean
Ar scaipe don tsamhail mar scamall os comhair ghaoithe.



Do chasas chun baile go hanbhfann ró-scíosmhar
Is d'achtaibh air chantain ní thagann liom fós d'innsin
Acht aitchim an tAthair is Leanbh na hÓighe 's an Naoimhspioraid
A anam go Cathair na bhFlaitheas go dtreórughid sin.



Amen.



Líne 8. nná ttreó choiche.
Líne 12. go dóth saoirse.
Líne 29. uaire ceacht, .i. uraiceacht.
Líne 45. rúnaibh, rannaibh san lscr.
Líne 94. is d'achtaib, as deachaibh san lscr.


L. 456


I leabhar san Agadamh Ríoghdha i mBaile Átha Cliath do fríoth an dán tuas.
24A3, comharthaí an leabhair, agus 539 an leathanach ar a bhfuil tosach an dáin.
Timcheall na bliadhna 1847 do scríobhadh an leabhar sain, i dtómus Sheáin Bhindle
i gCorcaigh. Scríobh Seán Ó Dreada cuid de is ní deirm ná gur bh'é scríbh an
giota thuas - pé duine a cheap é. Do scríobh Ioseph Ó Longáin a lán den
leabhar agus Séamush Ó Súilleabháin, agus Tomás Mac Coitir tuilleadh dhe.



TÓRNA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services