Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid an Oireachtais, 1908.

Title
Óid an Oireachtais, 1908.
Author(s)
Ó Cruadhlaoich, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Óid an Oireachtais, 1908



PÁDRAIG Ó CRUADHLAOICH, Magh Chromdha, cct.



Araoír dom im' luíghe ar mo leabaidh go sámh
Is eadh smaoíneas im' íntinn gur dhoilbh le rádh
Go raibh síolrach cheart Mhíleadh gan bhogadh ar a gcás
Acht 'n-a ndaoírsigh mar bhíodar fá dhona-smacht námhad.



Mo sgeímhle, mo dhíth-chreach, mo dhochar, mo chás,
Godé an síol so tá priamhaithe i bhfosgadh na Fáil?
Síol dona daoíthe 'gus cogal gan bhláth -
Agus síol ceart mo shínsear go n-obaidh a bhfás.



Trí aoísibh ag luighe dhúinn faoí chama-chlis Sheághain,
Ruíceach na ríghin-reacht do thogair gach smál,
Do dhíbir ár saoíthe gan taise tar sáil
Is chuir sgíos-bhrath go dtí so ar fhearannaibh Fáil.



Ó mo thír bhocht d'á snuíghe amach le cealgaibh námhad,
Ríghin-shlad ár maoíne le Gallaibh gach tráth,
Ar bínse na dlíghe againn ní'l ceartas le fághail,
Acht geímhleach nár thuill neach, nú crochadh ar sgálán.



D'ísligh ár n-aoírde, do loiteadh ár ngnáis,
Is ar chaoín-theanga bhí againn ba shochar le báird,
I n-ar sgríobhadar go fíor-sholas noda gach stáir
Dár ghaibh línn-na le sínsireacht soithimh ár sár.



Giodh gaoísmhear do bhíodar go foras gach cáis,
Isgiodh líonmhar a ngníomhartha i rolla na mbárd,
B'é críochnamh a saoíghil nár fhan toradh ar a gceárd,
Ar dtígheacht na nGall smísteach go borb-Mhágh Fáil.



Fá an dtigheacht san is díreach ná molaim gur b'ádh,
Tig mí-rath d'á dhruím sin 'n-a shrothaibh gach lá,
Ar thír sleachta Ghaoídhil Ghlais dob oirdheirc cáil,
Is a ínsint sin díbh-se bheir meirbh mé im' lár.



Gan saoirse 'n-a dtímcheall mar chleachtadar tráth,
Gan rígh-fhlaith 'n-a gcuídeacht de'n chara-fhuil árd,
Gan taoiseach mear íogmhar chun seasamh 'n-a bpáirt,
D'á síor-chuir i ndíormaibh chun catha má's gádh.


L. 392


Ní'l fasg ar maoílinn, is ar tulaigh ní'l sgáth,
Is ár gcoíllthe gan stíobhard: do stolladh a bhfáis,
Na craínn uile b'aoírde dhein futhain is fál
A bpriamha gur chríon is do sgothadh a mbárr.



Na suídheacháin ba ríoghdha is dob osgailte lá,
Ba shíon do lucht slíghe is do chothuigh a lán,
Na príocháin ag luíghe ionta: 'n-a bhfotharaigh fáis
Ó'n ngaoíth ag gabháil tríotha, an ghealach, 's an sgáil.



Is díth liom gach mínleach bog cluthar is mágh,
D'á síor-chuir fá chíosaibh gan sochar i n'-áit,
Is mara ndíoltar gan fuíghealach gach doda de'n cháin,
Annsan sgaoílfear an dlíghe orainn le bodaigh an áir.



Is é brígh na haindlíghe sin is follus do chách,
Gur chun síolradh ár ndaoíne do sporadh chun fáin,
Ní'l neach de'n chíp chirt ag cosnamh estáit,
Acht dríodar lucht fíll atá sona 'n-a n-áit.



Is fíor gur chuir cíosa, donas, is gádh,
Na mílte d'ár ndaoíne tar tonnaibh na mbárc,
Is gch caoín-bhuime aoíl-chnis dhein ortha-san tál,
D'á gcaoíneadh go fíochmhar go sroisidh lá an bhráth'.



Tígheann tocht 'n-a gcroídhe istigh le hosnadh is ochlán,
Nuair shílid ná fíllfidh a gclanna tá ar fán,
Dá mbeadh mí ar faid na n-oídhche tá a rosga gan trághadh,
Acht an dúile ag teacht tríotha go ngormaidh an lá.



Ní'l maith 'n-a gcaoíneamh ná sosadh d'á ngearán,
Ní fhílleann de'n chloínn sin aithid chun trágha,
Ní'l beatha puínn dóibh sa bhaile le fághail,
Acht coímheasgar le naímhdibh gan anacail spáis.



Dá mba fíor-fhile grínn mé bheadh fuirbhthe i ndán,
Do sgríobhfainn stair díbh-se go hinnealtha ar peár,
Ar shíol chlanna Míleadh ba churata cáil,
Tar ghríobhachaibh tíortha na cruinne fuair bárr.



Síor-shearc mo chroídhe iad na lonna-chuin cháidh,
Síolrach ceap ríghthe do thosuigh ó'n Spáinn,
Do dhíon reacht Mhic Íosa is do chosnaimh go lán,
In gach slíghe gur gabhadh thríd leó go cinneamhain bháis.


L. 393


An tan bhíodar na taoísigh seo i bhflaitheamhnas Fáil,
Mír agus díol acu d'á bhronnadh do'n dáimh,
Aoíbhneas 'n-a dtímcheall ar hallaibh gach lá,
Go fíor fairsing fíontach go fleadhthach do ghnáth.



Do mhaoídhimhfinn a gcaoín-reacht, do mholfainn go hárd,
Is do chaoínfinn le díogras gach polla de'n táin,
I gcoímheasgar na gclaídheamh riamh ba chosgarach lámh,
Is nár claoídheadh iad gan bhrígh an chluiche i ngoradh chath námhad.



Ó's tríotha-san síneadh bhúr gcineadh gan cháim;
Is go bhfuil fuígheall fola a gcroídhe istigh 'n-a lochaibh 'bhúr lár,
Is ínmheasta díbh-se gur b'oraibh atá
Dul is díoghaltas a chlaoín-bheart a thogradh ar Sheán.



Is gan luíghe go for-íseal faoí chosaibh bhúr námhad,
Is gan suím a chuir puínn i n-a mbladaireacht phláis,
Ní díol go beacht línn-na i n-aithle an cháis,
Gan saoírse ár dtíre, is ár dteanga faoí bhláth.



Annsan sgaoíltear an chaoín-chruit le geantraighe ghnáth,
Tímpreacht phíbe agus atharrach cár,
Ríogradh Chríoch Luirc le fortuileacht lámh,
Ag cuir síolrach an chuíthigh ar sodar thar sáil.



A bhuidhin chuthaigh chroidhmhail an Oireachtuis áird,
Ná smaoinidh 'bhur n-intinn gur loiteas puinn spáis;
Ar chríochnadh mo laoi dhíbh goirim ceart báird,
'S mara fíor gach ar scríobhas díbh maithim don chás.



A Rígh dhil na ríghthe do shocruigh cách,
Do cheap tíortha 'gus groídhe-mhuir, tortha 'gus bláth,
Sgaoíl feasta ár ngeímhleach, tá an eochair id' láimh,
Is leog soíllse na saoírse ar na bochtaibh seo i ngádh.




DUINE ÉIGIN cct., Feartlaoi ar leic thuamba an Athar Eoghan O Caoimh:



Sin agat, a líog, mo dhíth fét thaobh go lag
Sagart ba chaoin 's i ndlighe Mhic Dé ba bheacht
Faraire groidhe d'fhuil Chaoimh ba thréine i dtreas,
Fear seancha scríobh go fíor ar Ghaedhlaibh seal.



A fharaire shéimh do b'fhéile 's do b'fhearra gníomhartha
De mhaithibh na réx nár staon i gcaismirt coimheascair,
Faid ar do shaoghal fé réim gan easbha choidhche,
Agus tabhair dam fhéin go héascaidh gal dhen phíopa.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services