Bearta Cruadha.
Cárnan Bhraghad Náir
Condach Lughbhaidh chomh comhthrom le clár;
Condach Chú' Uladh agus míle cnoc i n-a lár.
Deich mic Breogain gan meirbhe
Brea, Fuad is Muirtheimhne,
Cuala, Cuailgne, Bladh cé bé,
Eibhle, Ith, Nár is Bile.
CEARTUGHADH.
Uimhir an Aibreáin, 1908, l. 153, líne 25: Léightear "Do réir na sgéala
fuaras" i n-ionad "Do réir do sgéalta a fuaras" a tháinig ó láimh an
chlódóra.
Seosamh Laoide.
ORRTHA.
Tugam suadh agus searc dod dhá ghruaidh, dealradh Mhuire leat gach aen-
uair, teanga Mháthair Íosa ann do cheann, mil ar gach glór dá gcanair; searc
Mhuire ann do shúilibh, searc Mhuire ann do ghlúine, dhá ghruaidh Mhuire leat,
grádh tug Muire dá Mac, thug Mícheál dá sgéith, thug Mac Dé do neamh, go
dtuga tusa dhamh-sa, leith do chúil agus th'aghaidh, A. S. (a Shlánuightheoir?).
Orrtha chuir Muire 'n-ím, do chuir sí i gceann a Mic, orrtha ar mbail is ar
mbláth, ortha ar ghrádh is ar sheirc, do chuireann do mhnaoi an roisg uaithn[each]
is ar ndul suas ina gruaidh gartha, is ar dtuitim anuas ina leaca, go dtuga
tusa dhamh-sa i leith do chúil agus d'aghaidh, A.S. Bainim thú don athair, a luibh
ghlac Críost ina láimh; is é is buaidhe do na luibhibh gean a bheith orainn go
bráth. Verba repetenda dum velliltur herba.
E.D.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11