Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Micheál Chormaic Ó Súilleabháin.

Title
Micheál Chormaic Ó Súilleabháin.
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MICHEÁL CHORMAIC Ó SÚILLEABHÁIN.



PEADAR Ó hANNRACHÁIN
do sgríobh.



Do rugadh Micheál Chormaic i ndeire an ochtmhadh aois déag
i mBaile Radhairí ar an dtaobh thuaidh de Léim Uí Dhonnabháin
i gCondae Chorcaighe. Cormac Chonchubhair a b'ainm dá athair
agus de mhuinntir Iarflatha ó Mheall an tSrotháin i bParóiste
na Léime do b'eadh a mháthair. Bhí filidheacht i muinntir Iarflatha
le sinnsearacht agus is uatha rith féith na ndán go Micheál. Ní
raibh athair Mhichíl ró-ghustalach agus briseadh amach é nuair a bhí
Micheál 'na gharsún bheag. Bhí aon dearbhráthair amháin aige,
Pádruig a b'ainm do agus ní raibh acht aon deirbhshiúr amháin aige
leis. Síle Chormaic a thugtaí uirthi. Bhíodh Micheál i bhfeidhil ba
do Phádruig Bhreac Ua Coinnéalaigh i mBaile Radharaí do réir
mar chloisim, nuair a bhí sé óg. Thosnuigh sé ar ranna 'chur le
chéile agus é go hana-óg mar sin. Bhí sé ag fosaidheacht na
mbó lá agus thuit sé 'na chodladh. Nuair dhúisigh sé bhí an donus
de dhíoghbháil déanta ag na buaibh. Cheap Micheál amhráinín beag,
acht ní chuala dhi acht an méid seo: -



"Níor fhágadar ruaine dtaobh shuas díom gan bearradh,
Prátaí na cluaise is na cluaintí bhí ag eascuir."




Níl puinn tuairiscí le fagháil anois i dtaobh Mhichíl go dtí go
raibh sé 'na fhear, acht amháin go mbíodh sé tamall i dteannta na
mBréacairí, agus tamall ag siubhal timcheall díomhaoin do féin.
Bhíodh sé 'na sclábhuidhe annsoin agus cloisim gur bh'olc an
sclábhuidhe é.



Ní bhíodh sé de chrích go minic ar a chuid éadaigh, acht, sean-shúgán
casta ar a bhríste aige agus droch-chasóg nó báinín air.



D'imthigheadh muinntir an bhuill seo síos amach ag baint an
fhoghmhair nó ag baint phrátaí an uair sin agus do chloiseadh
Micheál árd-thuairiscí uatha tar éis teacht a-bhaile dhóibh.



D'fhág Micheál Baile Radhairí nuair a bhí sé fiche bliadhain
d'aois, agus d'imthigh sé siar leis go Doire Loga ar an dtaobh
thuaidh de Paróiste an Scibirín.


L. 345


Bhí gaoil leis annsan. De mhuinntir Shúilleabháin a b'eadh
iad. Bhíodh sé ag obair n-a dteannta agus ba gheárr a bhí sé
ann nuair a phós sé Neil Ní Mhuirighthe - cailín deas triopalach
a bhí sa bhaile chéadna. Inghean feirmeóra b'eadh Neil. Chuadar
araon chun comhnuighthe i dtigh beag bhí ar fheirim Chonchubhair Uí
Shúilleabháin in Doire Loga.



Bhíodh sé ar aimsir thall is abhfus ag tuilleamh a pháidh, an
fear bocht.



Bhí sé tamall beag éigin ar scoil, agus é 'na gharsúin, agus
d'fhéadfadh sé beagán Béarla a léigheamh go gearra-chuibheasach.
Bhíodh aige ghá léigheamh na leabhair do bhíodh ag clann an tseana-
Bhreacaire i mBaile Radhairí. Thuig sé an Béarla go maith
de réir mar innstear dom.



Bhí an-eólas ar Ghaedhilg aige, mar le fear tuatha gan tabh-
airt suas. Ar ndóigh ní ceart tabhairt suas do ghlaodhach ar an
mbeagán eólais do tugadh dá leithéid siúd, nó do dhaoine ba
dhá shia ar scoil ná é.



Do léigheadh sé Gaedhilg go maith is dóigh liom, acht chomh fada
agus is eól dam níor scríobh sé aon Ghaedhilg riamh.



Mar sin féin, do bhí eólas ag a leithéid sin an uair úd do
chuirfeadh iongnadh ar aos óg leath-fhoghlumtha an lae indiu agus
do chuirfeadh náire ar a lán againn féin dar liom-sa.



Is soiléir dom anois gur chualaidh Micheál a lán de stáir na
hÉireann i nGaedhilg, agus go raibh anachuid d'amhráintíbh na
bhfilí a bhí roimis féin de ghlanmheabhair cinn aige. B'é nós an
lae úd seanchus béil do bheith ar siubhal idir na sean daoine i
gcomhnaidhe; pé ball go mbídís, bhíodh stáir nó seanchus éigin
gá sgrúdughadh aca.



B'fhéidir go raibh láimhscríbhinn Gaedhilge ag muinntir mháthair
Mhichíl, mar bhí féith na filidheachta ionnta gan aon amhras. Ní
fuláir nó bhíodh caint i dtaobh Sheáin Uí Choileáin ar siubhal agus
Micheál 'na fhear óg mar bhí Micheál timcheall fiche bliadhan nuair
d'éag Seán, ní raibh acht cheithre mhíle slighe ó thigh Mhichíl i nDoire
Loga go dtí Sráid an Scibirín. Ní raibh mórán míle idir
Midhe Ros agus Doire Loga leis, agus 'sé is dóichighe ná go
raibh aithne ag an mbeirt ar a chéile agus go raibh comhrádh béil
go minic aca le chéile. Acht, bhíodh Micheál culmhánta, leath-
ghruamdha ann féin i gcomhnaidhe, agus ní bhíodh aon aeridheacht ag


L. 346


baint leis, agus da bíthin sin, ní dócha go raibh ramhcán i bhfochair
Sheáin riamh aige. Mar dheimhniughadh ar an eólas a bhí ar amhráin
Sheáin age Micheál, féach air seo mar scéal: -



B'é Seán ughdar "An Buachaill Bháin" agus ní heól dom
"Buachaill Bán" eile dá cheapadh ag aon fhile acht ag Micheál
amháin. Dhein seisean amhrán ar an bhfonn gcéadna agus bhaist
sé "An Buachaill Bán" air. Ní haisling do bhí aige ámhthach;
agus níor bh'í Éire a bhí i gceist aige acht fear de mhuinntir
Dhonnabháin ó Scaoinse an Éisc i Midhe Ros.



Is ceólmhaire go mór an "Buachaill" a thug Mac Uí
Choileáin dúinn. Seo mar do thug Micheál fé: -




Siúd (fáithis) fáidhis déanta, cúis áthais d'Éirinn
Ag brathair gaolmhar na saoithe b'fhearr,
Fuair órdughadh an méid sin, thar sáile bhraonaigh,
Ó Dhomhnaill éachtach O Conaill árd;
Ar stáitse an phléidhte gan scáth roimh éinneach;
I láthair céadta do bhíodh n-a ndáil,
Dá námhaid do b'éigean len' fhagháil i gcéin rith,
Tá báire an lae seo ag ár mBuachaill Bán.




Tá scéal mínighthe ag baint leis seo mar amhrán acht níl slíghe
dá lán annso dhe. I n-aimsir na Deachamhan do thuit sé amach.
Bhí Mícheál dá fhichid bliadhain an uair sin, is dóigh liom. Nuair
cuireadh cosc le na ministirí mun deachamhain do bhailiughadh sa
tseana-nós bhí árdscléip ag na feirmeóirí bochta, mar cheap-
adar go rabhadar saor uatha ar fad. Cé ná rabhadar, ná saor.



Bhí Seumas Ó Donnabháin ó Scaoinse an Éisc 'na chléireach i
Somerset House an uair chéadna. Thárla go raibh sé sa bhaile
ar laetheanta saoire an tráth do deineadh an dlíghe seo gur
thagras di, agus is é a fuair an t-órdughadh dul go dtí Ministir
sanntach a bhí i Léim Uí Dhonnabháin chun innsint dó cionnus mar
a bhí an scéal. Ansan is eadh do rith an fhilidheacht do ó bhéal
Mhichíl Chormaic. Seo cúpla líne eile dhe ag taisbeáint cia dhó
go raibh an file ag tagairt.



Tigid uaisle i gcéin ann ag spóirt is ag pléireacht,
Longa ón dtréanmhuir agus iomaidh bháid,
Gur i Midhe Ros aosta dhílis bhraonaigh,
Do bhí sinnsesar uasal Uí Dhonnabháin.




Ní raibh aon chathughadh ar Mhícheál riamh i dtaobh éin nídh eile a
cheap sé acht 'na thaobh so amháin, agus cad é an fáth? Mar, tar
éis tamaill 'na dhiaidh sin d'iompuigh mo Shéamus breagh amach n-a


L. 347


Sheóinín críochnuighthe, agus Gaedheal maith macánta b'eadh
Micheál nár chum líne riamh i bhfabhar na nGalla-phoc.



Acht, bhí amhráin eile ceapaithe roimis sin aige. Agus é 'n-a
fhear oibre i nDoire Loga cheap sé ceann gleoidhte do lánamhain
óig a bhí sa bhaile céadna. De mhuinntir Shúilleabháin b'eadh an
cailín agus tá daoine muinnteardha léi sa treó san fós.
Bhíodar bocht agus chloisinn ná raibh crot ró-mhaith ar éinne aca,
acht mhol Mícheál thar meodhan iad.



'Sé is dóigh liom ná gur bh'é seo an t-amhrán is fileamhla
dar chum Micheál. Tá an "tSean Bhean Bhocht" go maith,
admhuighim, agus ceann nó dhó eile aca, acht is binne agus is
buige rithid na focail annso ná i n-aon cheann aca im thuairim-
se. Éist leo: -




Maidin mhoch ar taisteal dham
Le hais na coille cnóthach,
Mar ritheann sruth 'on inbhear
N-a caise chriostail chlodh-ghlain,
'Seadh dhearcas bruinneal ghasta ghonta
Chneasta mhiochair mhódhmhair,
Gur binne a guth, gan dearmad,
'Ná casadh puirt d'réir nóta.



Inbhear: fuaimighthear fé mar a dheanfaí le hini-bhear.
Agus cé déarfadh ná raibh filidheacht ionnta so: -




Ba leabhar luidhte daithte fighte
Fada tiugh é a hór-fholt,
A bhara-san go deas ag filleadh
T'réis teacht go troigh n-a rónaibh.




Ó bhí go deimhin: thoibh Micheál na focail go dian-mhaith ann,
acht ní fearr an crot a chuir sé ortha le chéile 'ná ortha so san
amhrán céadna: -




Ba ghlas a ruisc is a mbraoithe snuidhte
Mar an luibh ná feóchann,
An déad ba mhiona phlúraidhe dheise
N-a beól ná canfadh móide;
A píob, dar liom, mar ghéis ar muir,
'S a cum seang singil seólta,
Is dearg luisne ag cur dath ortha
N-a hata ghlain mar dhólainn.




Tuilleann Micheál árd mholadh de bhár an amhráin eile seo
leis. "An tSean Bhean Bhocht" a bhaist sé air, acht ní hé an
fonn céadna atá air féin agus "An tSean Bhean Bhocht" eile


L. 348


seo a cloistear go minic. Níl gaol dá chéile aca olc ná maith.
Is clos dom gur cuireadh é seo mar amhrán i gcló san tseana
Independent bliadhanta ó shoin. Seo bhéarsa dhe: -




Tráth ar uair na maidne dhom
I nGaorthadh aoibhinn barraghlas
Ag déanamh mórchuid machtnaimh
Ar an saoghal so,
Im thaobh ag tigheacht 'seadh dhearcas-sa
An spéirbhean mhíntais bhanamhail
Ba néata cruinn a pearsa cruth,
A scéimh agus a crot;
Ba shlaodach trínseach fada tiugh
Go féir léi a folt,
Géilleadh i ndlígh thug Hercules
Is Jason leis;
Ba néata a braoithe taraicthe
Chómh caol le scríob ar mheamaraim,
Ba réaltach ríogha a ramhar-rosc
'S a féachaint bog.




Tá chúig bhéarsa dhe sin ann agus ní fuláir nó bhí cuid mhaith
d'amhráintí Ghaedhealacha léighte ag an té do chum iad. Mar seo
mhínigh sé dhúinn cad fáth gur tugadh "Sean Bhean Bhocht" ar
Éirinn.



Chun go dtug Diarmuid Mhaoil an gaigealach
Foth-ghéag díom suas go Sasana,
Is, mo léan! seo an tslíghe 'nar baisteadh orm
"Sean Bhean Bhocht."



I dtaobh na hÉireann ba ghnáthach don fhile bhocht bheith ag
machtnamh fé mar a bhí filí nár bh'é: 'San "Ghaorthadh" úd tháinig
na smaointí ba dheise chuir sé le chéile chuige. Cois na hAidhlean,
timcheall is míle ar an dtaobh thuaidh den Scibirín bhí an
Ghaorthadh: tá sé imthighthe anois - táid na crainn imthighthe, ar
aon-chuma, acht glaodhtar an Gaorthadh fós ar an áit.



Sa Ghaorthadh céadna a bhí sé nuair dhein sé Tuireamh an
Easpuig Ua Coileáin leis, nó leig sé air go háirithe gurab ann
do scannruigheadh é.



Ba bhreagh leis na coillte is na cuanta is na bánta úra
glasa: ba bhinn leis ceól na mara agus glór na gcaisí: do
b'fhearr leis sléibhte Chairbre 'ná togha úr-mhachairí Oirmhumhan,
agus d'fhág sé againn fomhachtnamh dár dhein sé ar bhreághthacht is
ar aoibhneas na dúithche a bhí n-a thimcheall.



Ag ceann Chuain chluthair na Léime tá tigh mór indiu ar a


L. 349


nglaodhtar "Myross Wood House". Níl aon amhras ná gur
deas an t-árus é, agus é suidhte annsan ar leicin ghlais fhoithinigh
i measc na gcoillte. "Bláth na Gréine" bhaist Mícheál air
agus eadrainn féin is deise an ainm é 'ná "Myross Wood
House".



Mar seo thosnuigh Micheál ar a mholadh: -




'Sé Bláth na Gréine is breághtha i n-Éirinn,
Is ná tráchtadh éinne ar Loch Léin n-a dháil,
Mara a mbíonn sluaighte caolbharc sa chuan ón spéir ann,
Is gan luascadh ar géig ann á aoirde a mbár;
Bíonn an breac ag léimrigh is an eala ag pléidhreacht,
Is aoibhinn aerach ceól gadhair cois trágha,
Táid bóithre an mhéil ann, agus cóistí ag tréinrith,
'S is óg fear céad ann, tá an ball chómh breágh.



Acht ní i gcomhnuidhe a bhí scéal chómh meisneamhail leis sin
mar bhunadhbhar cheapadóireacht Mhichíl. Chonnaic sé na cáirde
a bhí aige gá leagadh ag an mbás gan truagh gan taise dhóibh.
Chonnaic sé na bilí ba mhó cáil is clú i gCairbre curtha fén gcré
dheirg agus chaoin sé go truaghmhéileach is go dubrónach iad. Sid
iad na daoine gur cheap sé caointe nó mairbhne dhóibh: -



1. An tAthar Seán Paor, fuair bás Lughnasa, 1831, i mBealach
a Ló, is do cuireadh i Ros Ó Cairbre.



2. An tEaspog Ó Coileáin, Easpog Ruis Uí Chairbre, fuair
bás sa Scibirín.



3. Conchubhar Ó Séaghdha do chomhnuigh ar an Maigh i n-aice an
Scibirín.



4. Pádraig Ó Samháin, an Scibirín, do bhíodh ag múineadh teag-
asc Críostaighe i Séipéal an Scibirín.



5. Pádraig Breac Ó Coinnéalaigh, Baile Radhairí, go mbíodh
Micheál n-a thigh is é n-a gharsún.



6. An tAthair Éamonn Mac Oitir, a bhí tamall sa Scibirín.



7. An tAthair Muiris Paor, a bhí i bParóiste an Ghleanna
i n-aice an Scibirín nuair a fuair sé bás.



Ní'l agam bailighthe dhíobh-san acht



1. Trí bhéarsa is dá fhichid: sin a bhfuil ann.



2. Aon bhéarsa dhéag.



3. Seacht bhéarsa déag (é go léir).



Tá a 4 ag Domhnall Ua Buachalla, Aidhneán, Baile an Chais-
leáin dhom.


L. 350


Tá a 5 ag cáirde na mBreacairí i n-aice na Léime acht ní
maith leó é thabhairt do dhuine ar bith.



Tá a 6 agus a 7 ag Diarmuid Ó Súilleabháin, M.S., Mainistir
na Laoighise. As Cairbre dho. Agus táid ag Seán Buirséal,
M.S. san áit chéadna.



Dhein Micheál dhá thuireamh don Phaorach, agus seo mar thárla
gur dhein.



Dhein file Béarla i nDún Maon Mhuighe saghas caoineadh i
mBéarla don Phaorach agus chuir Micheál Gaedhilg air. Ní chuala
focal riamh i dtaobh an tuirimh sin go dtí trí bliadhna ó shoin.
Scríobhas annsan é idir Ghaedhilg is Béarla ó bhéal aithris an
duine go raibh sé aige. Ó Mhcheál féin fuair seisean é. Fuair
an fear bocht bás ó shoin, go ndeinidh Dia trócaire air.



Tá ocht bhéarsaí dhe sin ann mar thuireamh agus hocht líne i
ngach bhéarsa aca. Ní tuireamh ceart é acht amhrán agus fonn
air. Ní hé an rud is míne dár thuit ó bhéal an fhile é, agus is é
is dóigh liom ná gur chuir an Béarla a bhí ós a chomhair daillicín
air fó-uair. Bíodh san mar atá níor chuir sé chuige go holc mar
ghnó. Seo bhéarsa dhe, agus bíodh a thuairim féin ag gach duine
de:




Síothcháin shóghail ó Pharathas do chleachtadh le n-a thréadtha
An tan thógadh an Corp Naomhtha idir a mhéireannaibh gan smól,
Ba shagart é bhí gradamach i gCairbre tar aon fhear,
Ar shon gach fear nuair thigheadh thar lear go bhfuighdís ceart is cóir;
A mhórmhaith féin i gclos gach n-aon sa Chríostaigheacht so le chéile,
Nó mar Naomh Pól i gclódh gan cheist do sheasamh diadhaidhe déarca,
Is mdhó miorbhúil mór t'réis a lámh san Euróip seol e chéile
Len' fheicsint ag gach n-aon dá fhaid amach do gheobhainn.



Scrúduighmís anois an earraidh do bhog soin uaidh agus chífam
nér leig sé don Bhéarla é chaochadh. Ba mhaith a dhein sé súd
leis. Acht cé nar lean sé an Béarla focal ar fhocal is fusa
thuigsint gur thuig sé é. Mar le duine gan tabhairt suas, puinn,
tuairmím-se gur dhein sé a ghnó go héachtach.



Sid é an Béarla: -


L. 351


Acht ní i dtaobh an amhráin sin a bhíodh na daoine ag caint
i gCairbre i n-aon chor acht mar gheall ar "Thuireamh an Phaoraigh"
eile go bhfuil na trí bhéarsa is dáfhichid ann. I gcomhnuidhe riamh
nuair a labhradh éinne annso ar Mhicheál Chormaic is ar a chuid
filidheachta ní baoghal ná go tráchtfaidís ar an "tuireamh" úd.



Críostaighe ana-dhiagasamhail b'eadh Micheál is chreid sé go
raibh comhacht fé leith ag an bPaorach. Chreid an saoghal an rud
céadna an uair sin. B'fhéidir go raibh leis. Acht, ar aon chuma,
chaoin cúigear filí a bhí i gCairbre againn an Paorach nuair a
bascadh é i mbliadhain 1831.



Bhuaidh "tuireamh" Mhichíl ortha go léir, agus is ar éigin atá
fághail anois acht ar ghiotaí de sna mairbhní eile. Thug máighistir
scoile a bhí i Ros Ó gCairbre an uair sin an chraobh do Mhicheál
pé scéal é, agus ghéill na filí eile dá bhreitheamhnas san.



Seo mar thosnuigh sé an tuireamh: -




Cúis osnaidh is uireasbha, iomarca léin agus cúmhadh,
San Eoróip uile, an fhaid feicithear féar ná drúcht:
An fáidh mar chriostal, do thugadh na grásta dhúinn,
Liaigh gach nduine, is fear ionad na Naomh go clúdhmhail.



Clú is fagháil athchuinge, do bhí agat ón Rígh glórmhar,
Is ní le peacadh, acht le fearta na Tríonóide;
Go raibh agat leigheas gach bleaiste, is scaipeadh gach dubhchóide,
Is mo chúig céad deacair tú bheith scartha let dhlúthchomhgas.




Tá an tarna rann so ana-chosamhail leis an tarna rann i
"Mairbhne Mhic Fhinghin Dubh".



I náit eile tá "Na mairbh san úir ag éigeamh" ag Micheál,
agus "Na mairbh ag éigeamh san úir" ag Diarmuid, agus mar
sin de.



Mar seo chuir sé síos dúinn aos an Phaoraigh nuair a fuair
sé bás:



"Scór ar dáfhichid, a ceathair, a dó, sa haon," sin, seacht
mbliadhna ar trí fichid, agus mar seo chuireann sé rómhainn an
bhliadhain nar cailleadh é:




Grian gach nduine siúd imthighthe, agus réilthean chlúmhail,
Ocht gcéad, deich bhfichid, aon cuirim, agus míle ar siúd
On mbliadhain gur rugadh Mac Muire chun fuascailt dúinn,
Go dtí an taca gur cuireadh go conaill an Paorach fionn.


L. 352


Agus ar eagla go mbrisfeadh éinne an slabhradh do chuir sé
go dlúth le chéile seo mar bhuail an buille deireannach air:



Sin snaidhm a chuirim chun coinghibhthe choidhche dlúth,
Cúis osnaidh 'seadh thusa an fhaid feicithear féar nó drúcht.



Dá mhéid atá curtha síos i dtaobh an tuirimh seo cheana, ní
fhéadaim gan fo-ghiota eile dhe do chur isteach. A bhféadfadh
éinne moladh ní b'fhearr 'ná so do thabhairt ar dhuine:




Aon rí níor eascuir de mhaithibh na nGaedheal ó thúis,
Ná prionnsa i bpaitint mear, bpraitineamhail, buidheanmhar, clúmhail,
Saoi ná seabhac mear, leathan fhear, láidir, lúith,
Gan a gcuisle trít bhallaibh; is ba charaid i mbaoghal thu, a rúin.



(Ní críoch.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services