Maidin Aoibhinn Bhíos go hUaigneach.
Mícheál Óg Ó Longáin cct.
Ar bhás Sheagháin Uí Choileáin, d'éag san Scibirín, 18 Abrán, 1817.
Maidin aoibhinn bhíos go huaigneach
Le sleasaibh Laoi na n-inseach n-uaithne,
Ag machtnamh chlaoine an tsaoighail tsuaraigh
Trér mheathsat Gaoidhil na gcraoiseach gcruadhghlan.
Ar meas na ngníomh soin suidhim go buartha
Fe tharadh chrainn ghluis aoibhinn bhuacaigh,
Gur dhearcas sídh-bhean mhín fé mhuar-cheas
'San mbrat ba dhuibhe, 'sí ag caoidh go gruaidhfhliuch.
Do b'fhada buidhe a dlaoi cas dualach,
'S a mala chíor-dhubh chaoil mar ruainne,
A dearca ríoghdha righne cruadha,
Ar a haighthe mín do b'aoibhinn snuaidhdhreach.
Ba bhlasta fuighle a gríos-ghuib uamaigh
Ag cantain laoithe líomhtha luatha,
Ag aithris gníomhartha oigheadh na muar-fhlaith
Ghaibh sealbh síoch na gcríoch so is buanacht.
D'aitcheas fín den ríoghain uasail
A hainm díograis d'innsint uaithi,
Ar bh'fheas gurab í rug Naois i n-uaigneas,
Nó an bhean tug daoirscrios Traoi le tuargain
Nó an bhean tug aoibhneas Fhinn go buartha,
Rug Mac Uí Dhuibhn' fé coilltibh uatha;
Nó an bhean trér claoidheadh Cúraoi na muarchreach.
'S ler cailleadh buidhean na Craoibhe Ruaidhe.
Do fhreagair sí go nimhneach uaibhreach:
"Ní bean den druing sin ríomhais thuas mé;
M'ainm Clíodnaó thaoibh an chuain teas,
Sean bhean-chaointe ar shaoithibh muara.
"Is atuirseach scíosmhar bhím 's is buartha
Ár mbailte mar chím ag daothibh duairce,
Gramaraisc dhíoghaltach bhuidhe gan suairceas
Do thaisteal tar tuinn, lucht fill is fuatha.
"Is cé cailleadh na mílte groidhe-fhear gruadh-ghlan
De mhaithibh Gaoidheal na gclaidheamh nglas gcruaidhghil,
Ní dheachaidh lem linn fé líg ar fuaradh
Ba mheasa liom díobh 'ná an tsaoi seo luadhfad.
"Seaghán Ó Coileáin fulláin fuadrach,
Nár ghlac critheán roimh námhaid uaibhreach,
File faobhrach céim-ghlan cuardach
Snuidhte séimh i gcéim 's i gcruaidh-cheacht.
"Fear san léigeann ba thréitheach tuairim,
Fear i méinn is i bhféile Ghuaire,
Fear deas déidgheal béasach buacadh
Do char an daondacht, céim ba dhual dó."
Ar gcloistin éaga an tséimh-fhir shuairc sin
Do dhuibh mo ghné mar sméir na bhfuarscart;
B'é mo fhreagradh ar bhéith na gclaonrosc n-uaithne
Nár bh'iongnadh léan dá traochadh is buaireamh.
Tré thuitim an té thug céadta i gcruaidhcheas,
Ba thuigsionach tréitheach léigheanta stuamdha,
De bhuirbhshliocht Éibhir éachtaigh uasail,
'S bhí gormruisc gléigeal gaosmhar gruadhghlan.
Is anacrach túirseach liom 's is uaigneach
Leagadh an fhir chlúmhail i n-úir chomh luath so;
Acht an tAraid-mhac úd fuair púir dár bhfuascladh
A anam geal súd do chumhdach suas leis.
An Ceangal.
I gCill Mhín thiar is ciach 's is léan lom lag
An tsaoi chaoin chiallmhar dhiadha dhéid-gheal deas,
Síol rígh-thriath de ghrian-fhuil Gaedhealach glan,
Do b'fhír-bhinn sians le riaghail léighinn go ceart.
1817, i gCorcaigh.
[Tá cóib den chaoineadh so i gcló ag Seán Ó Dálaigh san "Irish Language
Miscellany." Níor bh'eól dó ainm an ughdair, ámh. Bhí aithne mhaith ag an
Longánach ar Sheán, mar bhídís ag scríobhadh leitreach chun a chéile. Tá an
t-amhrán so ar fagháil i dtrí leabhar de leabhraibh an Longánaigh san Agadaimh
.i. 23 C 33, leathanach 1; 23 C 10, leath. 168; agus 23 G 25, l. 259.]
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11