Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaol na nGaedhal, cct do Dhá Chích Dhanann agus do Scoil na Suadh.

Title
Gaol na nGaedhal, cct do Dhá Chích Dhanann agus do Scoil na Suadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 299


"Gaol na nGaedhal," cct.



DO "DHÁ CHÍCH DHANANN" AGUS DO SCOIL NA SUADH.



Sin fuadar feasta chun racaireacht míndhréachta
Is tuar chun freagra thabhairt ar thrí éigsibh;
Is muar an t-aga ó bhí an aiste seo faoi phlé againn,
'S is truagh mar fhanais chó fada gan í réiteach.



A "Dhá Chích Dhannann", Dé bheatha let ghníomh tréartha,
Is ní fuláir nó fearadh ort freastal na Naoi mBéithe,
An tráth gur bhreacais gan easba do laoi léigheanta
I ráidhtibh meala, rug barra ar na sídhthéadaibh.



Fagháil na fearsad cois Mainge do scaoil réim leat,
Is chuir rás fét theangain go bastalach binnbhréithreach;
Ó tá sí ag casadh chun abhrais d'fhighe d'éigsibh,
Den ráig nár stadaidh go dtagaidh go Laoi chraobhaibh.



Ón Solán Leathan is as soin go buidhe Claodaigh,
Ó bhantaibh Fleasca is gan casadh go dtí an Léinloch,
Táid báird dá faire gach maidean go tigheacht gréine,
'S is sásta an t-acra geallaim don bhuidhin chéadna í.



Ní dáilfear eadrainn faltanus fíoch fraochmhar,
Acht páirt is gradam le taitneamh dot chaoinmhéinn-se,
De bhárr na cabhartha gheallair ar druim sléibhe dham
Chun lámhach le Gallaibh ar dteastamhain fím dhéin-se.



Sin áireamh ceasna gur sladadh ár maoin tsaoghalta,
Ár máighe go dealbh gan ceathra ná puinn caorach;
Ár bhfagháltus fearainn - le ceartus badh línn saor iad -
Fé cháin is sreatha le cleasa Sheáin Bhuidhe an éithigh.



Is gan d'fhagháil dá bharra acht fealla agus fíoréaradh,
Gach lá dár mealladh le bladar is síorchlaontus;
Tá an cáirde fada, is gan dada dhen díol déanta,
'S badh náire dhearg dúinn maitheamh an phrímhéilimh.



An lár mo charad, is geallaim nach ríomh bréige,
Gur táir an bheatha dhúinn, beatha gan saoirse éigin;
Do b'fhearr bheith marbh i bhfeartaibh gan slighe téarnaimh,
'Ná go bráth 'n-a spreasaibh, gan anam 'n-a gclí dhaonda.



Stánfad feasta, is ní bhacfad dul níos déine;
Táid báird an tseanchuis ag faire chun scríobh, b'fhéidir;
Fágaim eatortha agus fachtaim a gcaoinchéadfaidh,
Má's plás do chanas nár bhreacad arís bhéarsa.



Gaol na nGaedhal.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services