Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghan Ó Dubhthaigh.

Title
Eoghan Ó Dubhthaigh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Eoghan Ó Dubhthaigh, cct.



I.



I mbealach cille nó i mbéal póirse
Tar spara amach dá bhfaghainn sibh,
A chléir do ghlac an creideamh fallsa,
Do chaithfinn an ghlac rann so ribh.



II.



Ar phortús Áine 's an diabhail uilc
An riaghail fír crábhaidh,
Do léigis, a mhaoil gan ghluine,
Portús Muire le fánaidh.



III.



Do léigis amudha portús Dé
Is portús Muire, clé an ceart;
Och mo náire, a chroidhe fallsa
Portús Áine is annsa leat.



IV.



Rinnce imirt agus ól,
Is bean óg do fháscadh ribh,
Bruigin, meisce, fíon Spáinneach,
Ní hintsrument crábhaidh sin.



V.



Seanmóir feóla Chorrghais
Do sheanmóir ní me lobhras,
Th'anghlór, cé mór dhearbhas,
Is mó an searbhas iná an domblas.



VI.



Ní thiubhra Tighearna Chaisil,
Gibé fáth fá bhfuil a rún,
Ar chéad marg den ór is áille,
Máighistreacht Áine do Sheón Brún.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services