Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 278


BEARTA CRUADHA



Lá i bhFaing;
Lá i gcoill;
Lá ag baint slat;
La ar an dtráig;
Lá ins an mbád;
Lá ag teacht as;
Agus an seachtmhadh lá
Bhíos ag cur mo mhaighistreás' -
An lá ba mheasa aca go léir.



Neilí Ní Bhriain.


L. 279


AN MIONNA CÉADNA.
I LEITRIUGHADH NA GAEDHILGE.



Mise, - geallaim agus mionnuighim go puinteálta go mbeidh mé
dlisteanach agus canóin (?) allegiance dho - agus é a shábháil léir (de
réir) mo chumhachta i n-aghaidh gach plota agus tréasúin 'mbéidh ag dul ar aghaidh
a phearsa coróinn ná cumhachta; agus dhéanfaidh mé mo dhícheall innsint dhon
rígh agus dá chuid oighrí tréasún nó plota tréatúireacht bhéas ag dul ar bun
n-a n-aghaidh; agus geallaim go dlisteanach léir dlighe agus canóin gurab í
oighre na réigiún seo Princess Sophia agus a cuid oighrí Protastún ó n-a
colainn n-a diaidh gan allegiance no modh a thabhairt do éan-duine déaradh gur
leis coróinn na reigiún seo; agus mionnuighim nach airtiogal dhe mo chreideamh
dá dtéigheadh Mallaighe coinneal-bháithte (?) ar phrionnsa ón bPápa gur cóir
éirighe amach in' aghaidh nó é a mharbhadh; agus creidim go diongmhálta nach bhfuil
baint ar bith temporálta ag an bPápa ná prionnsa ar bith eile cumhachta ar
bith a bheith aige insna réigiúin seo; agus mionnuighim léir mo dhíchill na dúithchí
a shábháil léir dlighe, agus nach bhfuil rún agam teampoll gallda a leagadh ná
gobharmint na réigiún seo a leagadh; agus geallaim i láthair Dia go bheirim
an mionna seo, agus gach uile ghreim de go fírinneach léir bríogh ciall agus
réasúin an mhionna seo, ná dul 'leathtaoibh ón slighe.



Má's maith leat Dia d'anam a shábháil (?).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services