Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Freagra Eile.

Title
Freagra Eile.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FREAGRA EILE.



I.
Is suairceas, 's is aiteas,is teagasg dom díl Shaothar
Na Suadh ngeal do scanadh, 's gach aitheasc do shíor-léighe dhe;
Is suairce liom freagra ar fhreagra an trír léigheanta úd
'Ná an chuachghuth ar chrannaibh 's 'ná spreagadh na Sídhthéada.



II.
Tá an Dámh ar marthain, cér bh'fhada nár fígheadh bhéarsa;
Ó an Mháigh go Mainge bhí a bhfearsad diomhaín tréimhse;
An snáth úd do cailleadh, nuair caitheadh de rínn mhéir é,
Atáthar 'ghá chasadh go cneasta 's ag sníomh dhréacht leis.



III.
Dar liom-sa, is peaca ná maithfaí dho choidhch' d'éinne
A thrúmpa do screadadh 'dir chantain na gcaoin-Éigs' seo;
Acht d'fhonn go leanfaidís sealad d'á mbínn-bhréithre,
Sin cúis go ngrafaim an t-aitheasg so ghním féinig.



IV.
Bíodh is nách fada ón gceart duit, a Ghaoíl shéimh-ghuith,
'S nách claoidhte iad, ná meathta, sliocht mhaicne na ngroidhe-mbéimeann,
Gan nídh ina nglaic, ámh, chun chatha acht droighean, b'fhéidir,
Mo dhíth is mo dheacair! níor thaca iad i slighe an Bhéir-fhir.



V.
Ó Mhullaibh an Uis agus Mhuisire 'n chinn mhaordha
Go bun Fhaill na nIomaireach dhubh-chruthach bíodh slaedte
De churaíbh nar thugtha a dturraing le linn déine,
'S d'éis tabhartha na fola gur bh'oth lena gcroidhe géille.



VI.
A' trúpaibh na Sacsan i machaibh na Mídhe méithe
Do spriúchfaí 'na gceathaibh leo saithe de phlaoisc éirligh,
Ag búirthigh 's ag stracadh 'na measc, is de dhruim Bhéarra
Ó thonnthaibh na fairrge theas ar feadh trí léige.



VII.
Do b'ionann é 's caismirt na heala ón laoi ghlégil
Le fiolthar na mara 's a ghatha i gclí 'n éin úd -
Acu-san tá acmhuinne airm is maoin tsaoghaltha,
Againn-ne a malairt 's, is eagal liom, dígh céille.



VIII.
D'réir ráidhte lucht feasa shás mharbhuighthe chlainn Éabha:
A n-árthaighe fé arm ag Gallaibh cois Binn Éadair,
Is árthaighe dhá samhail cois Gaillimh 'ge'n mbuidhin chéadna,
Do lámhachfaidís treasna na Banban go dtí a chéile.


L. 269


IX.
Is níor ghábhadh dá dtreasaibh acht seasamh i dtír Éireann
Chun gan fhágaint 'na mbeathaidh a maireann de shíol Éibhir;
An tráth 'na dtreascairthí fearaibh le croidhe tréine,
Tá an lá san tharainn, 's is mairg do Chrích Chéin é.



X.
Tá an fhírinne searbh, cér dearbh dá n-íbheann braon di
Gurab í sin an earradh is fearra 's nách í'n t-éitheach;
Tar díle gan charaid, 's ag baile go tím tréithlag,
Ní coimheascar a cheapaim le scaipfear thar tuinn daorbhruid.



XI.
Act bróinte ag casadh agus capaill le cuing céachta,
'S gach treó eile mhartha dar sladadh le trí chéad uainn,
Ár nósa 's ár dteanga fé ghradam i nInse Éilge,
'S an t-ól so do sheachaint - is aithis don druing dhaond' é.



XII.
Déantúsaí an Danair ná fachtar, acht ghníodh Gaedhil iad,
Bíodh tiúsgal ghá theagasg, mar tagann as brígh 's éifeacht;
Ní lúghaide ár dtapa, 's má thabharann Críost caé dhúinn,
Sin Fionn ar an machaire 's gasra ghroidhe taobh leis!



An Ceangal:
A Phádraig na gcarad, ná fearaimís bruighean fraochmhar,
Árdóghad-sa barra mo charbine thar mhaoil Shléibhín.
Stiúróghaidh mé thart-sa gach teachtaire nimhe pléir díobh,
Nó múchfad seacht bhfeadh iad i dtalamh sa bhuidhechré uait.



Do b'fhearr liom, gan mhagadh, bheith ag mealladh na Naoi mBé leat
Go sámhbheathach seascair cois Chatharach aoird Chéirín;
Nó ar seól leat sa taisteal go frasshruth ar ghlinn Phiéria,
Le Tórna an Ghleanna 's an faraire ó Uíbh Laoghaire.



DÁ CHÍCH DHANANN.



TAGRA.



Line
17. - "Mullach an Uis" agus "Muisire," two well-known mountains in West
Cork.
18. - "Faill na nIomaireach," another well-known mountain in the Parish of
Ballyvourney, West Cork.
35. - "Croidhe tréine," through sheer bravery.
50. - Sléibhín, a beautiful mountain beside the Lee, at Macroom.
52. - "Seacht bhfeadh" (seven fathoms), "seacht bhfeadh i dtalamh," driven with
great force in the gound - a very common expression among Irish
speakers.
54. - Cathair Céirín, a round-tower south-west of Macroom, and visible for many
miles.



[Táimíd ag súil le léirmheas ar "Shaothar Suadha," acht níor shrois sinn fós.
Go dtí go dtigeann, bítar sásta le tuairim "Dhá Chích Dhanann." - F. an I.]




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services