Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidhe Ó Chairbre.

Title
Filidhe Ó Chairbre.
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Filidhe ó Chairbre.



PÉADAR Ó hANNRACHÁIN
do scríobh.



REMHRÁDH.



Aiste é seo ar bheirt fhile d'fhilidhibh Chairbre, eadhon, Seán
Ua Coileáin, máighistir, agus Mícheál Chormaic Uí Shúileabháin.



Is ar éigean atá éan chur síos 'nár leabhraibh ar na filí do
bhí annso i nIar Chairbre le dhá chéad bliadhain. Ní fuláir nó tá
dúithchí eile i nÉirinn agus an drochscéal céadna aca. Ní beag
san de. An dúthaigh ná bíonn cruinntuairiscí a filí féin le
fagháil innti, ní hionmholta mar scéal aici é. Ní ró-chruinn iad
na tuairiscí atá le fagháil i gCairbre indiu i dtaobh cuid de na
filí do mhair ann le céad bliadhan anuas, agus is lugha 'ná san a
bhfuil de chruinneas sna scéaltaibh so a innstear mar gheall ar
na filí do bhí ann roimis sin. Go dtí so ní dóigh liom gur cuir-
eadh puinn i gcló i dtaobh éinne den bheirt do luaidhim san aiste
seo. Tá beagán curtha síos i mBéarla i dtaobh Sheáin Uí Choil-
eáin i bhfoleabhar dá bhfuil againn, agus is beag sgoláire Gaedh-
ilge ná cualaidh teacht thairis agus nár léigh amhrán nó dhó do
dhein sé; acht sin a bhfuil d'eólas ag an gcoitchiontacht ar a
bheathaid agus ar a ghníomhartha.



Dá bhíthin sin, ní'l de chabhair le fagháil ag an scríobhnóir a
thógann air fhéin cúntas a bheathadh do bhreacadh síos acht pé beag
mór de a thabharfaidh na seandaoine do chomhnuigheann ar fuid
an bhuill seo dhó.



Maidir le Mícheál Chormaic, ní'l acht fíorbheagán scoláirí
Gaedhilge d'fhéadfadh éannídh d'innsint 'na thaobh indiu.



Agus is amhluidh gur shamhluigheas ná beadh dóithin aiste
d'Fheis na Mumhan 'na raibh agam scríobhtha i dtaobh éinne den
bheirt leis féin, agus b'shin fé deara gur bhuaileas scéal na
beirte fén mbrat chéadna.


L. 261


SEÁN Ó COILEÁIN.



Do rugadh Seán Ó Coileáin sa bhliadhain 1754. Deir daoine
gur le hais na Cille Míne dtaobh thuaidh de Chlanna Caoilte
rugadh é, agus deireann daoine eile gur sa cheanntar san idir
Dún Maon Mhuighe agus Drom Dhá Liag do rugadh é.



De mhuinntir Choileáin an cheanntair dheireanaigh do b'eadh
athair Sheáin, agus de mhuinntir Anláin i bParóisde Drom Dhá
Liag do b'eadh a mháthair, i dtreó is gur dóigh liom-sa go bhfuil
deallramh na fírinne ar a scéal so adeir gur dtaobh thiar de
Dhún Maon Mhuighe do rugadh é. Acht, pé ball 'na rugadh é, is i
n-aice na Cille Míne do chómhnuigh a athair; agus is i reilg na
háite sin do cuireadh é, agus is ann do cuireadh Seán, leis.



Ní raibh Seán i bhfad ar an saoghal nuair a fuair a mháthair
bás. Do thóg muinntir a mháthar leó féin abhaile annsan é, agus
do chuireadar ar scoil é. Fionn Ó hAnláin a b'ainm d'athair a
mháthar, agus do chomhnuigh seisean i n-áit éigin siar ó Dhrom Dhá
Liag i bParóisde Chathraigh. Sin mar innstear an scéal dúinn
indiu; acht, ar nós gach scéil eile, tá dhá innsint air seo mar
scéal.



Chonnac san Irish Miscellany gurab é dóigh Sheáin Uí Dhálaigh
gur i nDúith Ealla tógadh Seán Ó Coileáin, agus gurab as dá
mháthair. Go deimhin féin, admhuighim go bhfuil a lán de mhuinntir
Angláin nó Anglin i nDúith Ealla indiu, agus ní heól dom aon
duine aca do bheith i bParóisde Chathraigh; acht bheidís ann an
uair sin is gan a dtuairisc anois againn. Tá muinntir Áinlidhe,
nó Hanley, sa treó so againn fós. I Midhe Ros 'seadh deirthear
gur i bParóisde Chathraigh chómhnuigh muinntir mháthar Sheáin, agus
gur Fionn ab' ainm bhaiste dá sheanathair. Níl focal le clos i
nDúith Ealla mar gheall ar cheachtar aca indiu, agus cá beag
san mar theisteas gur le hais na hAidhlean do saoghluigheadh an
fear bocht.



Níl focal tuairisce againn air anois go dtí go raibh sé thall
sa Spáinn 'na mhac léighinn i gcoláisde éigin, agus sin a bhfuil
annso leis againn. Níl a fhios aca so a labhrann linn cadé an
coláisde 'na raibh sé, acht go raibh sé ann ag foghluim chun bheith
'na shagart. Acht níor fhan sé ró-fhada ann, mar bhí sé annso ó
dheas cois fhairrge ag scríobhadh amhrán agus stair na hÉireann
sala raibh sé puinn tar fiche bliadhain d'aois.


L. 262


Deireann an Grádach go bhfeaca sé féin scríbhneóireacht éigin
do dhein Seán sa bhliadhain 1774. Bhí Gaedhilg ar an "nDíbirtheach
ó Éirinn" roimis sin aige; acht 'na dhiaidh sin is eadh dhein sé
urmhór dá shaothar.



Ní fheadar an amhlaidh gur theastuigh uaidh ceól is glór na
dtonn do bheith 'na chluasaibh chun féith na filidheachta d'aibiughadh
istigh ann, nó nach eadh, acht siúd ó dheas é fé dhéin na mara
móire, is níor stad sé gur bhain sé amach an ball ba iargcúldha
is ba ghrianmhaire a bhí ó Dhún na Séad go Béal na Laoi. Tá
spág fada garbh can sáithte amach ag Cairbre idir Cuan Bhaile
an Chaisleáin agus Cuan Dor. Midhe Ros an ainm atá ar an
spág talmhan san.



Is ar thaobh na Midhe sin do bhíodh Lorga Liath Bhán 'na fhear
faire ag Fionn Mac Cumhaill fadó. Ar a dtaobh thoir di bhíodh
seisean; acht thiar cois na Rinníneach do chuir Seán fé. Thoigh
sé amach an ball go maith agus go deas. Chuir sé fógra amach
go raibh sé ar aigne scoil do chur ar bun ann, acht ní fheadar an
i bhfuirb filidheachta dhein sé é sin. Thóg sé tigh ar chíos i n-aice
séipéil an Stuicín ar thaobh na Leacan Riabhaighe, agus thosnuigh
sé ar bheith n-a mháighistir scoile. B'shin é an chéad uair aige é.
Ní raibh na máighistirí ró-raidhseamhail an uair chéadna, toisc na
droch-dhlighthe do bhí i bhfeidhm i nÉirinn; agus, rud eile, iad san
do bhíodh i mbun na hoibre, ní rabhadar go léir go ró-mhaith i
dtreo is gur ghearr go raibh árdainm ar Sheán, agus bhí daoine
ag teacht chuige ó gach paróisde 'na thimcheall. Ortha-san bhí file
gur bh'ainm dó Donnchadh Ó Seachnasaigh ó cheanntar Droighnaigh,
acht níor cheap sé sin aon amhrán an fhaid a bhí sé ar scoil ag
Seán. Dhéin sé mórchuid díobh 'na dhiaidh-san.



Phós Seán cailín deas de mhuinntir Chochláin a bhí n-a chómh-
nuidhe i dteannta a hathar tamall beag dtaobh thiar den Stuicín
mar a raibh an scoil ag an bhfile. Bhí feirm bheag tailimh ag
muinntir an chailín, acht níor thógadar Seán mar cliamhain
isteach, mar bhí beirt dearbhráthar aici. Bhí tigh beag aige féin
dá mhnaoi, is mhaireadar go maith muinnteardha i bhfochair a chéile
ar feadh tamaill. Acht bhíodh Seán go rígh-mhinic ar ramhcán thíos
i mBréan Trágha, nó istigh sa Scibirín, nó thoir i Ros. Droch-nós
a b'eadh é; acht níor bh'é Seán an t-aon fhile amháin do chleachtadh
é. Bhí cailín eile de mhuinntir Chochláin ana-cheanamhail air, leis;


L. 263


agus, tar éis scaithimh, do bhorruigh sé n-a éad idir é féin agus
a bhean mar gheall uirthi seo. Ceathrar cloinne do bhí an uair
seo aca, beirt mhac is beirt inghean. Thuiteadar amach ar fad
le chéile anois, is d'imthigh a bhean uaidh go dtí a muinntir féin.
D'fhanadh an cailín eile n-a theannta is dócha, agus rugadh in-
ghean di. Fuair a bhean bás, agus deineadh saghas pósadh air féin
agus ar an mnaoi eile seo annsan. Níor phósadh go dleaghthach
iad i n-aon chor. Níor réidhtigh an dara bean ró-mhaith leis, acht
chomh beag leis an gcéad mhnaoi, is bhí sí chomh mór ar buile chuige
lá dá raibh sé as baile gur dhóigh sí an tigh agus a raibh ann. Ní
fuláir nó dóigheadh rudaí luachmhara an lá sin i dtigh Sheáin.



Dá mhéid d'aindeise an tsaoghail a bhí ghá leanamhaint an fhaid
a bhí sé ag múineadh scoile i Midhe Ros, bhí na hamhráin aige ghá
gceapadh agus an stair aige ghá scríobhadh. Ba mhaith an tréail ag
an bhfear mbocht é, agus na mná ghá chiapadh. Níl a fhios ag éinne
beó indiu cá mhéid amhrán do chum sé, ná an méid seanchuis do
scríobh sé, mar chum sé amhráin nár bailigheadh fós is scríobh sé
stair ná fuil curtha le chéile fós. N-a theannta san, is clos dom
go raibh graiméar scríobhtha aige, agus roinnt d'fhoclóir curtha
le chéile aige, agus go rabhadar i dtigh a inghne sa Scibirín aige
nuair fuair sé bás.



Tosnuighmís anois ar scrúdughadh agus ar choimhmeas ceap-
adóireachta an fhile; agus chífam go raibh doimhineolas ar Ghaedh-
ilg aige, agus fios céirde na mbárd go cruinn aige chómh maith
céadna.



Tá cáil na Laoi caointe dhein sé ar Mhainistir Thigh Molaige
chómh hárd san nach gádh dhom tagairt dó annso. Ní dheanfad
acht an chéad bhéarsa dhe do chur isteach mar órnáid, agus beagán
cruadh-fhocal atá ann do chur fé léir-mheas an léightheóra, mar
sholuidí ar a dheise is d'fhigh sé ranna ar a thoil, agus é na' fhear
críonna.



Seo mar thosnuigh sé a mhachtnamh:




Oidhce dhom go doilbh duairc
Cois fairrge na dtonn dtréan,
Ag léirsmuaineamh is ag luadh
Ar choraibh cruaidhe an tsaoghail.




Agus lean sé air go raibh fiche rann mar é sin curtha i lúib a
chéile aige.


L. 264


"Eidhneán ag eascur ós do stuadh." Ní minic an focal sin
"stuadh" againn ghá labhairt. Níl ag na seandaoine acht
"áirse" ina ionad.



"Tá do shuainlios gan leabaidh bhláth": mar a chéile "suain-
lios" agus "seomra codlata".



"Tá do phroinnteach gan biadh": b'é an proinnteach an
seomra n-a gcaitheadh na manaigh a gcuid.



"Tá do thearmann gan íbirt chléir": is ionann "tearmann"
agus "sanctuary" an Bhéarla.



Nach mairg gan tuille scríobhnóireacht againn ón nduine do
chuir so mar dhán le chéile, agus do shocruigh na cúinníacha chómh
deas sin n-a dhiaidh.



Na daoine go bhfuil an "Machtnamh" de ghlanmheabhair cinn
aca, agus nár léigh a leabhar riamh é, tá forud ann aca ná fuil i
n-aon leabhar, agus tá so sa deire thiar thall aca:




Nuair do chonnac na trúip ar siúbhal
Ar theacht an lae ghil,
Do thuiteas im lúib,
Níor fhan lúth ná tapa im ghéagaibh.




Ní dheinim amach go bhfuil gaol ró-ghairid idir soin agus an
"Machtnamh"; acht b'fhéidir go bhfuil, agus gurab amhlaidh gur
tháinig "na trúip ar siubhal" fé dhéin na Mainistreach an fhaid a
bhí Seán 'na shuidhe san "ndoras tsean" agus "frasa deór" ag
sileadh ar "an bhféar anuas" "ó na dhearcaibh." Acht, pé aca gur
tháinig an sluagh sidhe chuige nó ná táinig, mairfidh ar cheap sé
annsúd "cois fhairrge na dtonn dtréan" an oidhche úd fadó
an fhaid a bheidh cloch ar dhá chloich i n-áitreabh na mainistreach, nó
b'fhéidir 'na dhiaidh sin.



"An Buachaill Bán" do chúm Seán, tá sé fé árdréim, leis,
is ní hiongna sin, mar is ceólmhar a thagann sé 'na shruth de
dhruim a chéile ó thosach go deire gach bhéarsa dhe. Agus an bhrígh
agus an spioraid fhíor-Ghaedhealach atá ann, cuirid neart ceóil
is fuinnimh ann, dar liom.



Thiar i Midhe Ros a bhí an file le linn an amhráin san do
cheapadh dhó, gan aon amhras. Chím rómham annso anois an doire
mar a raibh Seán "fé dhuille chrainn ghlais" n-a aonar "cois
imeall trágha"; agus chím annso mar ar samhluigheadh dó gur
thriall "an spéirbhean" ar theacht di "ó thaobh dheas na mara"
'na dháil.


L. 265


Tá leabaidh an Fhile annso fós ar thaobh na seanachoille i
n-imeall na trágha, mar a gcaitheadh sé a lán aimsire, de réir
mar chloisim. Nách áluinn go léir mar rith na focail seo ó n-a
bhéal:




Maidean laoi ghil fé dhuille chrainn ghlais
Doire im aonar cois imeall trágha,
I bhfís trím néaltaibh do dhearcas spéirbhean
Ag teacht ó thaobh deas na mara im dháil.
Ba chirte a braoithe 'ná buille rinn cuir
Tanaidhe caolphinn buailte ar phár;
'Sé dubhairt le díogras, "Och! uaill mo chroidhe istigh,
Nó an bhfeicfead choidhche Mo Bhuachaill Bán?"




Seacht bhéarsa dhe sin a bhí ann de réir mar chloisinn roimis
seo; acht fuaras dhá bhéarsa eile dhe i Midhe Ros le déidheann-
aighe, agus, ó's rud é nár cuireadh i gcló fós iad, táim chun iad
do chur isteach annso, ar eagla go gcaillfidhe iad. Idir an
sémhadh agus an seachtmhadh bhéarsa dhe féibh mar atá i gcló
againn is eadh thagann an méid seo isteach, de réir mar a chuala
ón té thug dhom iad:




Tá Franncaigh aosta, agus Spáinnigh gléasta,
Agus Coill na bPléimeanach síos go sáil,
Fé bhrataibh aonta 'na lannaigh caola,
Mar aon a' glaodhach ar Aimeireceá;
Tá an dream go tréan annso, agus faobhar orth',
Ag buidhean na hÉireann, agus cruaidh na lámhaibh,
Ag iarraidh téarma agus saorghus caor dó,
Agus tabharfaidh géilleadh don Bhuachaill Bán.



Tiocfaidh an Buachaill go curanta 'ot fhuascailt,
Caithfidh siúd gluaiseacht is imtheacht chun fáin;
Má bheirid lucht cuardaigh cois caladh ná cuain ortha,
Cuirfidh a gcluasa ar spara sa tráigh.
Annsan beidh ceólta ar dhruim gach cósta,
Fíon dá ól, agus puins ar chlár:
Ag díbirt Seóirse, is ag cur na c'róinneach
Ar Rígh chirt Fódla - an Buachaill Bán.




Annsan is eadh is cóir an ceann deireannach so do thabhairt
isteach:



Ar chlos an scéil sin, do scaip a claonta,
Is do ghaibh a caomhchruit órdha bhláth,
Do sheinn a géaga gaoil i ndréachta,
Is a ríogha aosta ba mhór le rádh.




Agus mar sin de.


L. 266


Ba mhór, ba theas an grádh a bhí ag an bhfile dá thír dhúthchais.
Ba dhian do shaothruigh sé tamall ag iarraidh seanchus na tíre sin
do theagasg do dhaoine eile. Níor bheag an gníomh aige na
hamhráin do chanadh 'ghár múscailt - "Tiocfaidh an Buachaill go
curanta 'ot fhuascailt." Ó! - 'seadh, a léightheóir, níl aon amhras
agam ná gur dhein sé árd-obair i measc na daoine annso, ghá
dteagasg is ghá spreagadh. Ní foláir nó dhein sé beagán tairbhe
ann, mar, cé go raibh na Gaill neaduighthe go tiugh timcheall an
bhaill sin an uair úd agus ó shoin, d'fhan an Ghaedhilg agus
spiorad na nGaedheal go leathan láidir ann go dtí an lá indiu.



Ár ndóigh ní féidir an t-amhrán so leanas do bheith i mbéal-
aibh daoine Gaedhealacha gan maitheas a dhéanamh dóibh ar an slighe
sin. Éist leis:




Is scíos liom cás na Banban
Bhí go hacmhuinneach i n-áireamh laoch,
Go buidheanmhar láidir calma,
Is go cabharthach dá námhaid le séad. (?)
I gcoimheascar ráig na bhfear-chon
Do threascaradh námhaid le faobhar;
Acht níl buidhean le fagháil chun gaisge 'nois
Acht gramairisg an Ghárda Bhréin.




Agus arís, sa cheathramhadh bhéarsa dhe, deir sé:



Dá maireadh Conn na gCathanna
Ba lannachain i mbearna 'n bhaoghail,
Nó Connraoi Dáire greannmhar,
Nó maithe clainne Dáithí 'na réim;
Nó an Rí thug ár na hAlban
Agus Bláthnaid leis go tráigh na dtréan,
Ní dhíolfaidhe cíos 'nár bhfearannaibh
Le galla smacht an Ghárda Bhréin.




Bhí so go maith fada, mar amhrán, aige; acht níl le fagháil anois
de annso acht cheithre bhéarsa, agus nílid-san acht ag fodhuine
is dóigh liom. Níor cuireadh i gcló fós é. "Gramairisg an
Ghárda Bhréin!" Dar fiadh! acht bhaist sé go hoireamhnach iad.
Mar seo thuit sé amach is clos dom:



Bhí Seán lá ag aeridheacht dó féin i measc na gcnocán dtaobh
thiar dá scoil. Ba mhinic shiubhluigheadh sé amach cois fhairrge mar
sin. Shuidh sé ar chliathán cairrge an lá úd ar mhullach Chéim na
nGár. Bhí radharc aige ar Chuain Bhaile Chaisleáin (agus is breagh
an cuan é) agus ar Chaisleán na Ráithíneach agus ar Chaisléán na


L. 267


Rinníneach agus ar an dúthaigh siar amach go Ceann Tuatha agus
soir go Dún Daoghda agus ó Thuaidh thar Fórnacht agus Brághaid
agus Cúl Dorcha, (Cúl Duibhe Rae). Bhí Caisleán Gleanna
Bhearcháin ar a aghaidh siar ar bhruach an chuain. Sa chaisleán san
do chodail Aodh Ruadh Ó Domhnaill an oidhche sular fhág sé slán
ag a thír dhúthcais dhá chéad bliadhan roimis sin. An cuan soin
amach do chuaidh an long mar a raibh Aodh bocht agus a cháirde.
Ba bhrónach an lá é agus ba dhuairc. Tá long eile indiu ann,
agus tá Seán ag féachaint uirthi, agus crádhann sé a chroidhe í
bheith annsan agus bratach na Sacsan fé réim os a cionn. Tag-
ann na máirnéalaigh ar bhádaibh beaga 'on tír, agus tosnuigheann
siad ar bheith léimrigh agus ag rith le chéile, agus cleasa eile
ghá gcleachtadh aca. Annsan is eadh do labhair an file, mar
nochtas dhíbh cheana:



Is scíos liom cás na Banban, agus rl.



Tuigtear as so anois an bhrígh atá insna foclaibh seo:




Is níl buidhean le fagháil chun gaisge 'nois
Acht gramairisg an Ghárda Bhréin.




B'iad na máirnéalaigh an gramairisg ar ndóigh; bhí laochra
Bhanban imthighthe. Níor mhair Conn ná Connraoi, Ó Néill ná Ó
Domhnaill chun an "Gárda Bréan" do ruagairt. Acht nocht an
file dá chómhursnaibh rudaí a mheisneóghadh iad. Molaim a ghníomh-
artha.



(Ní críoch.)




Míol buidhe an mhónaidh
Agus sróinín Bó Biorra,
Is air sin do chuirfinn mo gheall
Go bhfuil breall ar an ngiolla.




Cia deir leat, a shagairt, gur órduigh Dia
Uisce beatha ar bhaiste nó ar phósadh riamh,
Nó a bheith agat i dtaiscidh, agus ól do dhias,
Is bainne reamhar do thabairt don gcóisir siar?



Féach gur cré do bhéal, cé dearg a scáil;
Is féach gur cré do chraobhfholt casta go sáil;
Féach gur cré do thaobh mar eala sa tsnámh;
Is féach gur cré go léir thu, a dhuine gan áird.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services