Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe. II - Toradh an Óil.

Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. II - Toradh an Óil.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe.



MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR
do scríobh.



II. - TORADH AN ÓIL.



Deich mbliadhna fichead ó shoin bhí sclábhuidhe bocht de mhuinn-
tir Chárrthaigh ina chomhnuidhe i mbothán ar thaoibh an tseanbhóthair
idir Chum an Easaigh agus Rinn na gCupóg. Fear ní ba dheas-
lámhaighe 'ná an Cárrthach ní raibh 'san dá pharóisde ba ghiorra dhó.
"Gach saor go binn," adeir an sean-fhocal. Is minic a chuir an
Cárrthach beann throm suas, agus ní bheadh cloch fhluich innte ó bhun
go bárr, ar shon nár dheachaidh sé riamh ag foghluim na céirde ó
éinne. Tuigheadóir agus spealadóir agus treabhuidhe do b'eadh
é i n-éinfheacht, agus do dheineadh sé gach gnó aca so go slacht-
mhar. Deireadh an Gréasaidh Buidhe go ndéanfadh an Cárrthach
roth na hinntleachta dá mbéadh na húirlisidhe ar a thoil aige.



Is fada sinn á chlos ná fuil saoi gan locht. Níorbh' aon tsaoi
Eoghan Mac Cárrthaigh. Acht níor fhág san gan locht é. Dá
mbéadh "Fear na gCrúb" i n-íochtar gach gloinne, ní bhainfeadh
san Eoghan den ól. Agus, de réir gach tuairisce, níor ró-annamh
é "ar thórramh an bharaille dhiúgadh."



Fuair Eoghan céile dhó féin. Ní á cháineadh táimíd - acht is
baoghalach nár bhean ró-chiallmhar í an lá thoiligh sí Eoghan a
ghlacadh mar shonuachar, mar bhí a fhios aici go ríomhaith an mhór-
dhúil a bheith aige san mbraon. Tá sé ráidhte air gur gheall sé
dhi go prínseapáltha sarar phósadar ná bhlaisfeadh sé aon bhraon
dighe i dtigh tábhairne arís an fhaid mhairfeadh sé. Mo mhairg!
B'fhusa lacha a bhaint de shnámh 'ná Eoghan a dheigilt ón ólachán.
Sheasaimh sé d'á gheallamhaint go ceann leithbhliadhna, acht do
bhris ar an bhfoidhne annsoin aige.



Chum na fírinne innsint, bhí an bhean chomh críochnamhail de
choimeáduidhe tighe is dob' fhéidir a fhagháil. Dá mbéadh oiread
céille ag Eoghan a's choimeádfadh ón ól é, ní bheadh spleádhchas
aca le haon lánamhain san bparóisde. Tamallacha bhíodh sé go
maith, agus tamallacha eile go dona. Théigheadh furmhór a


L. 257


dtuilleadh sé go tigh an tábhairne; agus bhéadh ortha dul a
chodladh in a dtroscadh go minic, mara mbeadh na pingnidhe a
dheineadh a bhean d'uibhe na gcearc agus na lachan.



Ar ball bhí an muirear ag éirghe chúcha. Ní raibh aon fheabhas
ag teacht ar Eoghan. Bhí sé chomh fada san ar bhóthair a aimhleasa
anois, ná bainfeadh an tAthair Tiobóid féin aon chomhthrom de
agus a theacht as an uaigh chuige.



Tháinig lá Fhéile Phádraig áirithe, agus ní raibh Eoghan sásta
gan ruaill a thabhairt ar an mbaile mór, mar ba ghnáthach leis
gach lá saoire dá dtagadh. D'imthigh sé agus an sean-thart air.
Bhuail slugaire nó dhó eile leis. Nídh nách iongnadh, chaitheadar
lá meidhreach subháilceach, dar leo féin. Níor scuireadar den
ól go raibh a bpócaidhe chomh follamh is mar bhíodar ag teacht ó
láimh an táilliúra.



Thug Eoghan agus pótaire eile aca aghaidh ar an mbaile le
cois a chéile, agus gan spleádhchas ag ceachtar aca le rígh ná
ridire. Bhíodar araon ar meisce gan amhras. Chuireadar díobh
ar chuma éigin - duine aca ag tabhairt cabhartha dhon duine eile,
agus iad araon ag cabhradh le chéile. Ní mór gur fhágadar log
lathaighe ná sruthán uisce d'ar thárluigh leo gan iad féin a
thomadh ann. Stríocáladar leo nó go rabhadar i ngiorracht míle
slighe de thigh Eoghain. Annsan do scaradar le chéile. D'imthigh
an fear eile an bóithrín suas fé dhéin a thighe féin. An bóthar
díreach a bhéarfadh Eoghan a bhaile. Acht ní raibh aon deabhadh air;
bhí sé luath fós. Mhothuigh sé an tuirse agus an t-ocras ag
goilleamhaint air. Chuaidh sé isteach thar claidhe an bhóthair agus
do shín siar i lúib na páirce. Leanann an codladh an t-ól. Ní
fada go raibh Eoghan ag sranntarnuigh.



Thárla go raibh ba ar inbhear 'san pháirc, agus ar ádhbharaighe an
tsaoghail bhí táilliúiridhe ortha. I gcionn tamaill bhig, dhruid
ceann aca so síos le hais na háite mar a raibh Eoghan sínte.
Chrom sí ar bholathghail ina thimcheall. Tháinig ceann eile, agus
an tríomhadh agus an ceathramhadh ceann. Rug bó aca ar íochtar
chasóige Eoghain in a béal. Ní fuláir nó do thaithin an blas go
maith léi. Thosnuigh sí ar é chogaint. Dhein bó eile aithris uirthi.
B'é críoch an scéil é gur dhírigh na cheithre cinn fén obair, agus


L. 258


dheineadar béile de chasóig agus de bhríste Eoghain. Bhí seisean
feadh na haimsire ina thromshuan. Níor mhothuigh sé faic choidhche
go raibh an fuacht ag goilleamhaint ro-mhór air. Fé dheireadh is
fé dheoidh do dhúisigh sé. Tháinig lán duirn i ngach súil leis, an
uair chonnaic sé go raibh a chasóg agus a bhríste imthighthe agus
gan iomlán na léine féin fágtha air.



Phreab sé ina shuidhe. B'fhéidir ná raibh aon mheisce anois
air. A Rígh na bhfeart! cionnus a raghadh sé a bhaile? Bheadh
sé in a cheap magaidh ar fuid na dúthaighe, dá bhfeicfidhe é. Fan-
amhaint mar a raibh aige nó go mbeadh doircheacht na hoidhche
ann, an eadh? 'Seadh, tráthnóna lae Márta, agus gaoth ann a
bhainfeadh an croiceann de chat bhí sí chomh fuar san. Bheadh sé in
a phleist leacoidhreach sara dtiocfadh an fóirithin sin air. Bhí
Eoghan i gcás idir dhá chomhairle. Ba mhór an truagh é an ain-
deiseoir bocht, cé gur bh'é féin a chuir sa nguais é féin.



Chualaidh sé glór cairte ag gabháil anoir an bóthair, agus do
dhruid sé isteach sa ndíg chomh tapaidh is do b'fhéidir leis é. Bhí
sgeacha sa ndíg, agus ní dócha gur réidhtigh croiceann Eoghain
agus na deilgne le chéile. Do scríobadh agus do gearradh go
dóighte é. Chomh luath is bhí an chairt imthighthe thar brághaid, d'éirigh
sé amach arís, agus é go tuirseach tinn brónach.



An riabhach! anois nó riamh, ámhthach, do bhí sé i n-iomar na
haimléise. Bhí cailín ag teacht anuas thar claidhe chum na ba do
sheoladh a bhaile. Ní raibh Eoghan mear a dhóthain á fhoghlughadh féin
- fuair an cailín radharc ar an bhfear mbuile (mar shamhluigheadh
di) a bhí ar a chromaraibh thíos i mbun na páirce, céad éigin
ramhann síos tuaithe. Má dhein, níor fhan sí le haighneas a chur air,
acht greadadh léi chomh tiugh is bhí ina cosaibh í iomchur. Gach liúgh
dá gcuireadh sí aisti d'aireóchaidhe leithmhíle slighe ó bhaile é.



"Ciach maidne ort, a chailín!" arsa Eoghan leis féin; "cuir-
fir-se tóir i ndáríribh anois im dhiaidh. Is fearra dhom teicheadh
i n-am, pé cuma go n-éireóchaidh liom - óir is fearr rith maith 'ná
droch-sheasamh. Nár agraidh Dia orm an bheannacht úd a chuireas
i ndiaidh an chailín bhocht ó chianaibh. Acht, im' bhriathar! is dóchaighe
dhom-sa ciach maidne bheith orm 'ná uirthe siúd."



Do chuir sé i sna bonnaibh é treasna na bpáirceann. B'fholl-


L. 259


áin dó gur fágadh na bróga aige, agus nár tugadh cíoradh na
casóige ortha. Mara mbéadh iad, bhí sé 'na mhairtíneach go ceann
ráithe.



Bhainfeadh sé an baile amach gan éinne eile á fheicsint, muna
mbéadh go raibh gasra tuinncéar ar a siubhaltaibh ag teacht ó
aonach an Oileáin. Chonnacadar súd é, agus, nídh nach iongnadh,
cheapadar gur b'ainmhidhe éigin allta bhí ann, mar bhí Eoghan
cromtha go talamh beagnách. Ní fheacaidh éinne riamh tuinncéir
gan gadhar nó dhó ar a shálaibh. Bhíodar aca so, leis. Chuireacar
na gadhair le hEoghan. Airiú! bhí sgiatháin ar Eoghan an neomat
san, agus ní thiocfadh cú fiadhaigh suas leis. Bhain sé an bothán
amach gan bac gan bárthain acht an méid a bhí imthighthe cheana air.



Ráinig go raibh doras na cistineach iadhta roimis. Ní hair a
dhein sé. D'árduigh sé fuinneog an tseomra agus shleamhnuigh
sé isteach i gan fhios d'éinne. Annsoin do chuir sé air a bhalc-
aisidhe lae oibre, d'éaluigh amach tré'n bhfuinneoig arís, agus do
chnag ag doras na cistineach. Tháinig leathadh súl ar a mhnaoi
an uair chonnaich sí an aoide bhí air. Im bhriathar gur fhág sé
dall í i dtaoibh chúrsaidhe an lae.



Is maith mar scar Eoghan leis. Fuair sé taom breoidhteachta
de dheascaibh an lae úd. Ba dhóbair ná tiocfadh sé choidhche uaidh.
Do tháinig, acht ba mhall é triall a shláinte thar 'n-ais air.



Is deacair a rádh cionnus ar scéithidh scéal Eoghan agus im-
theachta an lae úd amach. Bhí gach ar thuit amach air i mbéal an
phobail fé chionn dhá lá: agus, ar a shon go raibh truagh ag na
cómhursanaibh dó, do deineadh mórán magaidh faoi.



Níor shéan sé an t-ól ar fad, acht ní fheacaidh éinne ar
meisce é ón Lá Fhéile Pádraig sin amach.




I dteach dhuine eile, is é ag ól,
Bainfead-sa sail mhór do bhéim;
Ní bhainfead-sa errball de chat
Ar sail i n-a theach féin.



A spideóigín úd thall ar an gcraoibh,
Cé gur beag do-ghní do sháith,
Dá gcaitheá oidhche i dtigh Uí Chaoimh
Do thuitfeadh do bhroinn ar do gháig.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services