Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óghmóracht. II.

Title
Óghmóracht. II.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Óghmóracht.



II.



Anois agus an aibghidir agat, is féidir leat
sean-ogham ar bith do léigheadh, má's rud é
nach bhfuil an chloch briste, nó cuid de na
fleasgaibh millte i n-imtheacht na saoghal.
Níorbh iongnadh sin agus a fhad atá na liaga
ina seasamh, nó ina luighe b'fhéidir, síon agus
sioc ag gabháil ortha, beathadhaigh dá sgríobadh agus dá meilt,
agus, mo náire! daoine go minic ag tabhairt droch-íde dhóibh.
Do réir tuairime, is idir A.D. 300 agus A.D. 700 do sgríobhadh
nó do gearradh urmhór na sean-ogham.



Is dóigh le dream go bhfuil cuid acu níos sine 'ná A.D.
300, agus is dóigh le dream eile go bhfuil cuid mhaith acu níos
deireannaighe ná A.D. 700. Acht an Ghaedhilg is seanda dá
bhfuil ionntu, ní'l sí chomh sean leis an teangaidh Chealtaigh do
sgríobhthaoi sa bhFraingc go dtí tuairim is 200 bl. d'aois Chríost;


L. 238


agus an litriughadh atá sa chuid is deireannaighe dhíobh, tá difir
mhór idir é agus litriughadh na Gaedhilge do bhí ag Adhamhnán
fuair bás sa bhliadhain 703. Rud eile dhe, chífear sa tráchtas so
go mbíonn focal áirithe isna hoghmannaibh .i. MUCOI, mar chuid
de thuairisg na ndaoine ainmnighthear ionntu, agus gur mhair an
focal sin nó gnás an fhocail go dtí aimsir Adhamhnáin agus nár
mhair ina dhiaidh.



Seadh is féidir linn na sean-oghmanna do leigheadh, acht caidé
an tairbhe atá ionntu? Tá, gurab iad na hoghmanna na
documenta .i. na dearbh-sgríbhne is seanda d'fhág saoithe ar sean
agus ar sinnsear na ndiaidh ar theanga agus ar sheanchus na
hÉireann. Is fada ó casadh linn neamh-shuim ar gcinidh ina
n-onóir féin. "Híberní incúriósí suórum." Dá mbadh le
muinntir Shasan na hoghmanna, ná le muinntir na Fraingce,
bheadh mustar agus mórtas agus bród agus éirghe-i-n-airde
ortha dá ndeasgaibh, agus ní leigfidís uatha lia de na liagaibh sin
ar a chomh-meadhachan de dhearg-ór. Acht ó tháinig doilbh-cheo na
Galldachta thar aigneadh Gaedheal, ní'l eólas ná áireamh air, cá
mhéid de na seódaibh sin do briseadh ag búraibh ina spallaidhe
cloiche dhéanfadh cró do mhucaibh nó claidhe do gharrdha. Ní bheadh
sin de thiubaiste agus de náire orainn dá mbeadh eólas ag
daoinibh ar na clochaibh oghaim in gach áird den tír, agus suim
agus tuisgin acu ionntu. Bheadh spallaidhe le fagháil go fair-
sing ag bodach ar bith agus gan brúsgar do dheanamh de sheódaibh
ársaidhe na tíre.



Nuair chímíd "ogham i lia" i n-áit ar bith, is é is tuigthe
dhúinn gur "lia ós leacht" dob eadh an lia sin 1200 bliadhain ó
shoin agus b'fhéidir tuilleadh, agus an duine do cuireadh fá'n
leacht, gurbh é a ainm atá san ogham. "Do thógadar a lia ós a
leacht, do sgríobhadar a ainm i n-ogham craobh, agus d'fhearadar
a chluiche chaointe." Cebé acu laoch nó rí, draoi nó file, do bhí
ann, cuirfimíd lorg na litreach ó bhun go bárr, go bhfeicimíd cé
an t-ainm do bhí air. Seo ceann acu:



CONNI MAQI MUCOI LUGUNI.



An féidir ciall a bhaint as na foclaibh sin? Is goire do'n
Laidin ná do'n Ghaedhilg an chruth atá ortha. Ar a shon sin, ní
Laidean iad acht Gaedhilg. San aimsir úd, bhíodh smotán beag
as deireadh gach focail Ghaedhilge mar bhíonn sa Laidin.


L. 239


Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spioraid Naomh.



Do chaill an Ghaedhilg na smotáin sin diaidh ar ndiaidh. Bhíodar
sa tsean-oghmóracht, agus ní rabhadar san Oghmóracht deiridh acht
an oiread agus táid i nGaedhilg na leabhar.



Deirimíd "Conn" agus deirimíd "Ainm Chuinn". Tá athrughadh
fuama san "n" sin "Chuinn" thar an "n" atá sa ní is "Conn".
Cad chuige an t-athrughadh? Foillsigheann an t-athrughadh, dar
leat, nach ionann brígh dhóibh, "Conn" agus "Cuinn". Is fíor
sin, gan amhrus, acht ní mar a chéile an gníomh agus a adhbhar.
Deir tú "Pádraig" agus "Lá Fhéile Pádraig". Tá an
t-athrughadh bríghe annsin, agus níl athrughadh fuama ann. 'Sé an
cás céadna é, má abhrann tú "Muire" agus "Lá Fheile Muire",
nó "ainm Muire". Foillsigheann fuirm nó fuaim amháin an dá
bhrígh. Tá fáth éigin eile le "Conn" agus "Cuinn". Má
airigheann tú "ainm Chonn" dá rádh - cuir i gcás ag páisde
beag nó ag duine aineólach - tuigfear duit go bhfuil brígh na
cainnte slán aige, agus gurab é an gnás atá loitte aige. Gnás
iseadh é, a tháinig anuas ón sean-aimsir. Nochtann an oghmóracht
fáth agus bunudhas an ghnása so.



"Conn" - N leathan atá ann, agus "Cuinn" - N caol atá
ann. Cér'd do rinne caol í? Smotán caol .i. "i" do bhí len'
ais ar an taobh amuigh le linn na sean-ogham. San am sin, ní
"Cuinn" adeirthí acht "CONNI". Cailleadh an smotán,
tá tuairim is 1400 bliadhain ó shoin, acht d'fhág sé a rian ar an
bhfocal go dtí an lá atá indiu ann.



Mar sin MAQI san ogham-Ghaedhilg, do rinne "maic" de
i sean-Ghaedhilg na leabhar, "meic" na dhiaidh sin, agus "mic" i
nGaedhilg na haoise seo.



Mar chuaidh smotán le "Cuinn" uair .i. CONN-I, chuaidh
smotán eile le "Conn" féin. Ní "Conn" adeirthí acht
CONNAS. -AS do bhí ag Gaedhealaibh i ndeireadh focal don
tsórt so an áit i raib -os ag Cealtachaibh na Roinne Eórpa, -os
fós i nGréigis agus -us i Laidin. Ba gheall le Gréigis nó
le Laidin an cruth ao bhí ar fhoclaibh na hOgham-Ghaedhilge, an
chuid ba seanda acu. Ní "mac" adeirthí acht MAQAS.



MUCOI mar sin ó MUCOAS (b'fhéidir MUCOAN). Ní'l


L. 240


a fhios go cruinn caidé an chiall do bhí le MUCOAS, acht amháin
go mbaineann sé le hainm na tuaithe.



San am sin agus i bhfad na dhiaidh bhí muinntear na hÉireann
ar n-a roinn ina dtuathaibh. Isna sean-tuathaibh bhíodh aicmí,
a ceathair nó a seacht nó a dó-dhéag nó mar sin acu in gach
tuaith. In gach aicme dhíobh, bhíodh cineála nó teaghlacha.



Is furusta aithinte ainmne na sean-tuath ar an gcuma
is gnáthach ortha.



Is tuath gach dream ina bhfuil "Dál" ina n-ainm, mar atá
Dál Cais, Dál Riada, Dál Cormaic, agus rl. Cialluigheann "Dál"
comhdháil nó comhroinn daoine. An t-ainm atá i ndiaidh "Dál",
sin é ainm comh-shinnsir na buidhne go léir. Dál Cais, sin sliocht
Chais. Ó Chas do shíolruigheadar. Acht tá baramhail daingean
agam nach duine do bhíodh na chomh-shinsear ag na sean-tuatha, acht
dia nó bain-dia, agus go mba dhóigh leó gur ó dhéithibh do
chineadar féin, dálta na nGréagach agus na Rómhánach agus a
lán eile de shean-chineadhachaibh an domhain.



Is tuath gach buidhean ina bhfuil Corca (Corcu, Corco) ina
n-ainm, mar tá Corca Dhuibhne, Corca Bhaiscinn, Corca Laoighdhe.
Ba mhinic Corca agus Dál dá gcur i n-ionad a chéile. Ionann
Corca Chormaic agus Dál Cormaic.



Is tuath gach buidhean ina bhfuil "raighe" i ndeireadh a
n-anma, mar tá Ciarraighe, Osraighe, Gamhanraighe. Bíonn ainm
comh-shinnsir na tuaithe chomhtháitte le "raighe" i n-ainm na
tuaithe. Ciarraighe, sin í an tuath do chin ó Chiara.



Is tuath gach buidhean a bhfuil "ne" i ndeireadh a n-anma,
mar atá Dáirine, Cuircne, Conmhaicne. Dáirine .i. sliocht Dáire.
Cuircne ó Chorc, Conmhaicne ó Chonmhac.



Is tuath fós gach buidhean a bhfuil "acht" i ndeireadh a
n-anma, agus ní heól dam dhíobh acht a trí .i. Eoghanachta,
Cianachta, Connachta .i. sliocht Eoghain, sliocht Céin, sliocht Cuinn.



Déantar malairt nó iomlaoid chrotha ar na hainmneachaibh
seo ag lucht seanchais Ghaedheal. Gheibhthear Dál Céin agus
Corcu Chéin i n-ionad Cianachta, agus mar sin dá lán eile dhíobh.
Ionann Corcu Theimhne agus Teimhinrighe. Ionann Dál Buain
agus Buanraighe. As sin is iontuigthe gur d'éin ghné amháin gach
buidhean dá n-ainmnighthear ar éan nós de na cúig nósaibh seo
adubhramar. Is tuatha iad uile.


L. 241


Tá gné amháin eile d'ainmneachaibh sa seanchus, nach mbíonn
ionnta acht focal amháin, nach féidir dá fhocal do dhéanamh dhe
gan dul i bhfad siar thar eólas na coitcheanntachta sa bhfoclóir-
eacht. Is díobh sin ainmne mar Ulaidh, Laighin, Éarainn nó Éarna,
agus c. Ní tuatha na buidhne seo, acht cineadhacha móra, agus a lán
tuath in gach cineadh dhíobh. Is sine iad na cineadhacha ná na
tuatha gan amhras. Deir Ptolemaeus go raibh sé chinidh déag i
nÉirinn le linn sgríobhtha dhó. Acht le caitheamh an tsaoghail
uaireannta, théigheadh cineadh mór i laige agus i laighead go dtí
nach mbíodh ann acht cineadh beag, agus d'fhéadadh cineadh beag
bheith ina éan tuaith amháin, agus is ainm cinidh do bheadh ar
an tuaith sin amhlaidh, mar tá Laoighis agus Fotharta.



An áit i bhfeiceann tú MUCOI i n-ogham ar bith, an t-ainm
atá ina dhiaidh, sin é ainm comh-shinnsir na tuaithe. An fear a bhfuil
a ainm san ogham is fear den tuaith sin é. I n-ionad MUCOI,
mocu nó moccu nó maccu atá sa tSean-Ghaedhilg leabhardha,
agus is ionann ciall dóibh araon. "Comgall mocu Aridi" sin
é Comhghall naomhtha d'fhothuigh a mhainistir agus a mhór-sgoil
i mBeannchor Uladh. Cialluigheann "mocu Aridi" gur duine
den tuaith dár bh'ainm Dál Araidhe an Comhghall sin. Is amhlaidh
do sgríobhfaidhe a ainm sa sean-ogham "COMOGELLAS
MAQAS MUCOI ARIDI".



Uaireannta sgríobhthar MUCOI gan MAQAS roimhe. Ar an
adhbhar sin is é mo bharamhail gurab ionann MUCOAS agus tuath.
"COMOGELLAS MUCOI ARIDI" = Comghall tuaithe Araidhe,
nó Comhghall de thuaithe Araidhe .i. de Dhál Araidhe.



LUGUNI i n-ionad LUGUNII, mar sgríobhthaoi san sean-
Laidin fili i n-ionad filii. LUGUNI an réim teórannach,
LUGUNIAS an réim ainmneach. Ó LUGU-NIAS tháinig Lugh-ne
sa sean-Ghaedhilg, agus as sin Lughna.



I ngar do Cheanannus Mór na Midhe, is eadh fríth an t-ogham
so CONNI. Dá réir sin is dócha go bhfuil MUCOI LUGUNI ag
tagairt do Luighne na Midhe, tuath do bhí sa gceanntar sin
go teacht do Sean-Ghallaibh i nÉirinn.



Is féidir linn amhlaidh dubh-cheó na seandachta do bhaint de
na foclaibh úd "CONNI MAQI MUCOI LUGUNI", agus
ciall do bhaint astu. Is é cialluighthear leó "(Is é seo lia nó
ainm) Chuinn, mac (.i. duine) de thuaith Luighne." "Conn moccu


L. 242


Lugni" do bheadh de thuairisg ar an duine céadna sa sean-
Ghaedhilg. Ba gheall le sloinneadh "moccu Lugni" agus a
leithéidí, acht ní sloinnte mar na sloinnte atá anois ann iad.
Do mhair an nós sin "moccu" go dtí an bhliadhain 700, agus
tamall gearr na dhiaidh is dócha, acht d'éirigheamar as an nós sin
san ochtmhadh céad, agus ar feadh tuairim is trí céad bliadhain
ní glaoidhtí ar dhuine acht a ainm baistidh féin agus uaireannta
ainm a athar nó a sheanathar do chur mar bhreis tuairisge leis,
gnás atá fós ag muinntir na Gaedhealtachta. Na sloinnte do
cumadh ó Ua agus ó Mhac, níor cleachtadh iad go dtí an deichmhadh
céad agus ní raibh mórán acu ann go dtí an t-aonmhadh céad
déag. Ó d'imthigh "moccu" agus a bhrígh as cuimhne na ndaoine,
acht amháin go gcastaoi leó isna sean-leabhraibh é, níor thuig a
lán acu gur focal ar leith é, agus chuireadar malairt chuma air
dhá aithsgríobhadh dhóibh. Ba dhóigh leo gur "mac uí" badh cheart
do bheith ann, agus d'athruigh siad amhlaidh é. Beidh a thuilleadh
de sheanchus na hoghmórachta againn uair eile le congnamh Dé.



EÓIN MAC NÉILL.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services