Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Folcanta Falcanta.

Title
Folcanta Falcanta.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 225


FOLCANTA FALCANTA



"Is é mo thoil innsint duit go bhfuil na focail "tolcanta talcanta"
againn 'nár sean-sgeultaibh, mar deirtear san "chórughadh catha"; "Bhí an long
ag treabhadh na fairrge finne fuaire go tolcanta talcanta." - Liam Ó Lúing,
Baile an Fheirtéirigh.



"Dubhairt fear i nUíbh Ráthach liom an lá fé dheire go mbíonn na tonnta
tulcanta talcanta falcanta fionna-ruadh nuair a bhíonn siad a' bualadh i
gcoinne a chéile go teann láidir le neart agus le fuinneamh ar chasadh na
taoide idir líonadh 'gus trághadh. Imthigheann long os cionn na fairrge finne
fuaire go tulcanta talcanta, 'sé sin, le neart ábalta ar threabhadh tríd an
bhfairrge. Is dóigh liom, do réir mar bhí sé ag rádh liom, go bhfuil an chiall
chéadna geall leis le falcanta agus tá le talcanta. B'í an bhrígh a cheapas
féin bheith leis na foclaibh tulc - talc ná "heaped up". - Fionán Mac Coluim.


L. 227


"Deir sean-bhean annso liom gur mar seo d'airigh sí "folcanta falcanta":
"Féach ar Fathaigh beag sin (.i. Tomás Ó Fathaigh) istigh i nDún Garbhán, tá sé sin
go folcanta falcanta". Níor airigheadar ag tagairt do'n fhairrge riamh na
focail. Dubhairt sean-bhean eile liom go'b é rud d'airigh sí féin sna sean-
sgéaltaibh acht "bolcanta balcanta" agus "tulcanta talcanta"."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services