Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar bhás Phádraig, Mac Dháith Uí Iarfhlatha.

Title
Ar bhás Phádraig, Mac Dháith Uí Iarfhlatha.
Author(s)
Ó Ríordáin, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CONCHUBHAR Ó RÍORDÁIN,
cct.
AR BHÁS PHÁDRAIG, MAC DHÁITH UÍ IARFHLATHA.



Aisling do chréacht-chéas me thar bárr amach,
Ar leabaidh go tréith taomach i dtámhaibh cnead,
Sealad sul ghéill Phoebus i ndánacht teacht
Le lasair an lae ghréine san áird andeas.



Preabaim trém néall éirghim, cér thláth me im spreas,
De bharra gach sléibhe ag éisteacht le gártha scread,
Gur dhearcas ar thaobh maolchnuic na táinte ag teacht.
Ba scamallach scéimhréiltheannach scáil na mban.



N-a aice nuair théighim sléachtaim dá ráidhtibh reacht,
Do raideas de ghéig géithleann ba ghrásmhar gean:
Aithris cadé an t-éag nó an trághlacht sean
D'atharruigh do ghné do thraoch 's do thráigh do dhearc.


L. 205


Do fhreagair go séimh saorghonta i gcásaibh ceart,
Gur pearsa dhen chléir, craobhscoth na dáimhe ar fad,
Faraire féil, Phoenix fear fáidh is flaith,
Acmhuinn is léigheann, éifeacht is clár na gceacht.



Caithfeam go léir éagadh, cé tláth an bheart;
'S a maireann sa réim dhaonda tá an bás n-a ngar;
Ó theangmhaigh fét scéithibh ar scáith do bhrat
Go Flaitheas Mhic Dé naomhtha na ngrás beir leat.



Is easnamh dá ghaol tréithlag a thrácht tar lear
Gan tapa n-a thréanghéagaibh nár sháruigh neach;
Samhail mhic Néill éachtaigh do b'áille dreach,
Do scaipeadh gach séad saoghalta dar dháil n-a ghlaic.



Is cathach gach bé mhaordha na dtláthfholt dtais,
Go camarsach faon péarlach ag trácht go halt,
Ag greadadh na méar nglégeal 's ag crádhbhadh a mbas,
Is ceathanna déar le séimhleacain áluinn tais.



Is atuirseach faon tréithlag atáid le seal
Do charaid ag éigheamh géarghuil go tláth n-ár measc,
Ó treascaradh fé bhéillic ghluis Pádraig geal
De threabhaibh chirt Néill Éarlatha as áitreabh sean,



AN FEARTLAOIDH:



Siúd fát chliabh, a liaithleac áir, feasta
Ráib gheal fhial na gcliar is clár taca,
D'fhág i bpiantaibh triatha, is mná i gcreathaibh,
Pádraig ciallmhar, grian-mhac Dháith Bhacaigh.



Tagra.



A leabhar 23 O39 san R.I.A. do baineadh an t-amhrán thuas. Micheál Óg Ó
Longáin do scríbh an leabhar. Seo tagra atá fé bhun an amhráin aige: "An 24
lá de Mheitheamh an tSamhraidh, 1816. Ó chSeán maith Ó Cheárrna. Dia len anam."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services