Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Is mór an meas atá ag an nduine air féin agus ní gan
fáth. Do réir an nádúir ba dhóich leat na snámhfadh
iarainn ar uisge toisg é bheith níos troime ná an
t-uisge, acht cumann an duine an long agus tá an
ceist réidhtighthe feasda. Cuireann sé teachtaireacht
ó'n domhan tiar go dtí an domhan toir shul do bhiadh
aimsir agat ar bhalcais éadaigh do chur umat, agus le
h-iomad a inntleachta ceapann sé agus cumann sé
súil-phíob go mba féidir do féachaint isteach go
gleanntaibh fuar na gealaighe léi. Deineann an
duine mórán oibreacha eile ná luaidhaim annseo, atá
chomh iongantach gur miorbhuilí iad, geall leis, acht
mar sin fhéin baineann an chúil an mórdháil de. 'Seadh
an chúil bheag an tighe gur beag agus gur suarach linn
í. Is féidir léi sin siubhal suas cos-lomnochta ar ghloine
na fuinneoige agus rith anuas arís le fánaidh gan
baoghal di tuisleadh d'fhághail. Tá cosa clúmhthach aici
agus soc fada uirthi agus ritheann sí ar aghaidh nós
gadhair faidhaigh. Cad é an fáth ná sleamhnuigheann sí,
nó ná tuiteann sí siar síos ar a tár i n-áirde. Nuair
do bhíonn sí ag eiteallaigh tá na cosa crapuighthe fuithe
agus measaim ar siubhal di agus ar síneadh na gcos
amach go meadhann na cosa agus an soc an corp agus
go bhfuil sé dá réir sin 'na cumas triall suas aghaidh na
fuinneoige chomh réidh le tarsna an chláir. Pé n'Éirinn
é ní fhuil sé i gcumas an duine an cleas céadna do
dhéanamh.



"Féach cumhacht an duine" adéarfair, "ní ceart é
chur i gcomórtas le chuil, ceapann sé gunnaí móra do
sgaoilfeadh, liathróid thré thrí troighthe d'iarann fhuar.
Admhuighim é sin, acht mar sin féin is cóir do'n duine
bheith mánla agus ní bhfaghaim an furmhór acu ar an
inntinn sin. Do chuirfeadh an gunna is mó fuinneamh
agus faghairt le fághail piléar trí ceathramhna tonna i
dtroimeacht, naoi míle. acht dá iongantaighe é sin is
beag é i gcomórtas le neart shléibhe teinteach. Do
thiomáin Cotopaxi i nAmeriocá thré na sgornuigh bhuile
aon uair amháin faill go raibh dhá chéad tonna innte agus
do steall sé an mór-ulach sain naoi míle. Ní fhuil
ins an ngunna is mó do cumadh riamh i gcosamhlacht leis
sin acht mar do bhiadh an deóchán sain go ngoireann
garsúin na tíre an gunna pléasgáin air.



Foillsigheann na páipéir ghall-bhéarla go bhfuil Mauna
Loa go han-bhuaidheartha an aimsir seo agus innsid
siad é gan bhrígh ná anam ins an tuairisg acht fá mar
d'inneósfaidhe go bhfuair asal tuisleadh fa chis móna
ag dul ar margadh.



Tá an sliabh teinteach so ar oileán ins an Muir
Suaimhnis, shuas le trí mhíle míle siar ó imeall-bhórdaibh
Ameriocá. Ní raibh fhios againn go raibh a leithéidí
d'oileánaibh ann go dtarlaidh an máirnéalach dana úd
Cartaen Cook ortha céad agus fiche bliadhan ó shoin
agus bhí Mauna Loa go buaidheartha an uair sin mar do
bhí sé na cianta roimhe sin.



Tá an sliabh so ceithre mhíle dhéag troigh ar airde
agus brúchtann an teine le fuaim agus fothram as a
ghualainn. Ní h-eol dom aon radharc ar druim an
domhain is breághdha, ná is mó do chuirfeadh faitchíos
ort ná sliabh teinteach, agus ní fhuil sliabh teinteach fá
luighe na gréine is mó agus is fíochmhara na Mauna Loa.



Tá a bhun deich míle agus trí fichid ar leithead agus
an iomad chéadna ar faid, agus atá a dhá bhéal dhearg ag
á bhárr, ceann acu seacht míle, mór-thimcheall. Do
chífá a sgáil dhearg i n-uaigneas na h-oidhche a bhfad
amach ar an bhfairrge. Ar uairibh tagann sgamail agus
ceo na h-oidhche anuas air agus múchtar dar leat, an
teine, acht fá cheann nóimit lingeann srúthán buile
míle troigh sa n-aer - clocha mhóra teo, pluda teith
iarann leaghta, agus gal uisge fiuchaigh is eadh an
sruthán úd - leanann srúthán agus sruthán eile ar a
shálaibh le béic agus búithreadh go mbíonn aghaidh na
cruinne ar dearg-lasadh. Tugann an míol mór cuaird
ar na fairrgibh úd i ndiaidh éisg, damhasann an mhuc
mhara ann agus is iomdha geit do bhaineann Mauna Loa
asda mar briseann sgáil na teineadh go hobann as
dorchadas na h-oidhche ortha, tugaid siad leath-shúil air
agus tumaid iad féin go prap - "seachain! tá namhaid
chúgainn," adeir siad, agus luaisgeann an sáile
cúbhránach ós a gcionn.



Thriall long gaile an tslighe an tseachtmhain seo ghabh
thorainn agus deir an captaen go measann sé gur
sgoilteadh mullach an chnoic le racht an doighceáin
óir d'éirigh ualach mór ins an aer le fothram do chuir-
feadh crith-eagla ort agus meastar gur bhris an fhairrge
isteach i n-íochtar an tsléibhe. Má's mar sin é is uath-
bhásach an comhrac do bhí idir muir agus teine i
mbolg buile Mhauna Loa. D'éirigh ceo glas ar aghaidh
na fairrge, agus dár le captaen na loinge do b'é
seo an gal ag éalódh aníos thríd an uisge as na
h-íochtaraibh buaidheartha. Ní chuirfeadh uisge i n-éag
an sliabh teinteach so mar do bhiadh an t-uisge 'na ghál
le teas na cnámhlaighe chomh tiugh agus do thiocfadh sé
i ngar do'n teine úd.



Ritheann an plúda teinteach na sruth amach go minic
as béal Mhauna Loa chomh fada le fiche míle ar gach
taobh de, agus cuireann sé an t-aisdear sain de i ndá
uair an chloig.



Ca'na thaobh go bhfuil sléibhte teinteach ar fuaid an
domhain? Tá Sliabh na mBan agus Beann Bhoirche,
Corrán Tuathail agus Cruach Phádruig go suaimhneasach,
an féar glas agus an fraoch ag fás ar a mullaighibh
agus uain ag méiligh agus ag damhas ins an tréasur
ar phlásaibh foitheanamhla ionnta. Moladh le Dia.



Tóg do pheann id' láimh, cuir tarsna do mhéire é.
Má fhanann sé ann gan tuitim tá fíor-lár an pheinn
agat. Tá fíor-lár ar an dtalamh leis agus atá an
fíor-lár sain cheithre míle míle síos ó'n gcrios, sé sin
dá mbiadh cuaille nó ringear iarainn ocht míle míle
ar faid do bhiadh sé fada go leor chum dul ó thaobh go
taobh thríd an liathróid seo g ngairmthear an talamh
air mar a bhfuil tusa agus mise 'nár gcomhnuidhe.
A mhic léighinn bíodh foidhne agat liom-sa. Tá fios
an méid seo go dian mhaith agatsa acht b'fhéidir go
bhfuil daoine eile ar an saoghal nach eól dóibh an méid
feasa sain.



Bhí talamh an domhain na chaor teine aon uair amháin


L. 323


chuaidh sé i bhfuaracht. Ar dtúis d'imthigh an teas as
sgreamh an tailmh fád' chosaibh mar do sgaip an ghaoth
agus an t-aer é. Druid an teas isteach go fíor-lár
an tailmh fá mar do dheineann sé ins an mbloc nodlag
i gcuimhne an teinteain. Do b'é baramhail gach fear
eolais ins an tsean-aimsir go raibh ceart-lár an tailmh
na phluda teinteach, ag beirbiughadh agus ag fiuchaigh,
acht meastar indiu, agus is soiléir leis é, gidh go bhfuil
teas a dhothain chum iarainn agus chlocha do leaghadh ins
an bhfíor-lár nach féidir é bheith ar fiuchaigh toisg gach
sgailp agus sgrath atá dlúithe anuas air bheith chómh
teanntuighthe leis go gcoisgidh siad an t-aer ó'n bhfíor-
lár so. Seadh, leaghann cuid de na sgailpibh seo fá
dheireadh le méid an teasa, mar ní fhuil cuid acu 'na
ndeanmhas chomh cruaidh leis an gcuid eile. Féach ní
fhuil stán na luadh chómh cruaidh le h-iarann agus atá
gach saghas acu agus gceart-lár an tailmh. Dá réir sin
bhriseann feith agus bhfus agus tall ionnta, bailigheann an
t-aer ins an áit fholamh so, síleann taise nó fliuchas nó
flicheacht an tailmh air agus deintear gal de seo le
mhéid an teasa. Éirigheann an gal aníos, cruinnigheann
sé neart le gach deor uisge do shileann air, faisgeann
sé an ghainimh, agus an grean as a slighe, druideann sé
cloch bheag agus annsan cloch mhór i leath-taoibh agus
i ndeiradh thiar thall romharann sé cuas dó féin go
neartmhar agus bíonn an sliabh teinteach ann - búithrigh
agus fothram uathbhásach Mhauna Loa.



Muna gcreidir mé a mhic léighinn iompuigh rinn "An
Chlaidhimh Soluis" orm, árdóchadh mo sgiath mar ní
ghéillfead d'aon fhear gan troid. Ní fhuil inneall agam
am ag feitheamh leat mar tá gléasda i mbéal puill ag
an Athair Peadar eolgach, acfuinneach, i gcóir buaileann
sgiath áirighthe.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services