Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beránger.

Title
Beránger.
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BERÁNGER.



AN tATH. CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN do scríobh.



Log son scéal so, an Fhrainnc. Aimsear do, aimsear na
buadhartha ann nuair d'éirigh na daoine i gcoinnibh an ríogh agus
na n-uasal. Ní raibh pioc le rádh ag muinntir na Frainnce i
dtaoibh riaruighthe na tíre an uair sin. Do bhí an chomhacht go
léir i lámhaibh an ríogh agus na n-uasal. Do bhí gach nídh ar a
dtoil aca-san: má bhí cead maireachtana ag na daoinibh, sin a
raibh aca. Do bhí na huaisle ró-bhorb ar fad. Do bhíodar ró-
dhian ar na tuataibh. Ba mhó go mór ag cuid aca na capaill a
bhí i stábla aca ná na daoine bochta so d'áitreibh an dúthaigh mór-
thimcheall. B'éigin do sna daoine airgead fhagháil dóibh-sin,
agus don rígh. Ba bhreágh is do b'aoibhinn don uaisleacht. Ba
bhocht is ba nocht don tuatacht. Do bhris ar an bhfoidne aca
fé dheire. Do cheapadar gur mhithid deire a chur le ré na
huaisleachta. Do bhaineadar an choróin den rígh sa bhliadhain
1792. Do bhaineadar an ceann de sa bhliadhain 'n-a dhiaidh san.
Ansan do thosnuigh ré na buadhartha sa bhFrainnc, agus ba
dheacair d'aoinne a rádh cad do thiocfadh as. Do bhí mórán
daoine a d'iarraidh comhacht na tíre a ghlacadh chucha féin, agus
do bhí lucht leanamhna ag gach duine aca. An té a bheadh i
n-áirde indiu, do bainfidhe an ceann de i mbáireach. Do bhí an
tír 'n-a cuilithe guairne i rith na laethannta so, agus do cheap
an saoghal ná faghadh sí sos go deo arís.



I dtosach na buadhartha, .i. sa bhliadhain 1780, iseadh do rugadh
Beranger. I bpríomh-chathair na Frainnce do rugadh é. Fear
neamhshuimeamhail a b'eadh a athair agus ba chuma leis cad
d'imtheóchadh ar a mhac bocht. Níor bh'fhearr leis scéal de 'ná
bheith réidh leis. Do b'é an scéal céadna é ag a mháthair. Ba dhóich
le duine go gcuirfeadh sise suim éigin ann, acht níor bh'amhlaidh a
bhí. De réir dheallraimh is beag an fháilte do chuir sí roimis ar a
theacht chúichi ó láimh an Chruthnuightheóra. Do bhí an t-ádh air gan
a bheith ag brath ar an mbeirt aca. I dtigh a shean-athar (táilliúr
do b'eadh é siúd) do rugadh é, agus is ann do chomhnuigh sé nó
go raibh sé naoi mbliadhna go leith d'aois, .i. go dtí tosach na
bliadhna 1790. Do gabhadh an Bhastíl sa bhliadhain roimis sin,


L. 136


agus do bhí Beránger óg ag féachaint ar an ngabháil chéadna.
Dá óige a bhí sé an uair sin, is dócha ná féadfadh sé gan im-
theachta na haimsire do thabhairt fé ndeara. Ní dócha gur dhein
sé dearmad riamh ar a bhfeacaidh sé an lá úd do gabhadh an
Bhastíl. Gleó, fuaim, agus fothrom, teine, toirnchleas, agus
tóirneach, deatach 'n-a scamallaibh, fuil 'n-a srothannaibh, corpáin
'n-a slaodaibh, cinn gan colnaibh, is colna gan ceannaibh, dream-
anna daoine ag gluaiseacht agus ag síor-ghluaiseacht ar fuid na
cathrach, iad go léir ag búirthigh agus ag béicigh fé mar bheadh an
saoghal mór imthighthe ar gealtacht; an té a chífeadh agus a chlois-
feadh a leithéidí siúd, níor mhóide dhó iad a leogaint as a mheabhair
go dtí lá a bháis.



I dtosach na bliadhna n-a dhiaidh san, do bhuail breóidhteacht a
shean-athair, agus níor bh'fhéidir dó aire a thabhairt don gharsún
níos sia. Do bhí áintín don bhuachaill - deirbhshiúr dá athair a
b'eadh í - agus do bhí sí n-a comhnuidhe i bPerón. Saghas tighe
ósta do bhí aici ann. Nuair ná raibh éinne eile a thabharfadh aire
dhó, do cuireadh chúichi-seo é, agus d'fhan sé aici nó go raibh sé
seacht mbliadhna déag d'aois. Seo mar a thráchtann sé féin ar
an gcéad lá nar chuir sé aithne ar a áintín:



"Chím mé féin," ar seisean, "fá chúram sean-mhná dem
mhuinntir, agus sinn tar éis an "Claidheamh Ríoghamhail" do
shroisint, .i. an tigh ósta a bhí ag m'áintín i gceann de fó-bhailtibh
Pheróin. Sin a raibh de mhaoin tsaoghalta aici. Ní'l aon aithne
agam uirthi. Cuireann sí saghas fáilte romham, acht ní ó n-a
croidhe é. Léigheann sí an leitir do scríobh m'athair 'om chur fé
n-a chúram, agus ansan labhrann sí leis an mnaoi á rádh: "Ní
féidir dom a chúram a thógaint orm." Is maith a chuimhnighim fós
ar an uair sin. Do bhí taom breóidhteachta tar éis mo shean-
athair do bhualadh, agus do b'éigin dó cur suas dá chéird. An
fagháltas airgid do bhí ag teacht isteach chuige, níor leór do féin
é, i dtreó is ná féadfadh sé mise do chothughadh a thuilleadh. Do
dhiúltuigh m'athair dom chothughadh agus is ró-bheag dom chúram a
bhí ar mo mháthair. Ní rabhas acht naoi mbliadhna go leith d'aois,
acht do mhothuigheas go raibh gach éinne 'om thréigean. Cad
d'imtheóghadh orm? Tugann rudaí den tsórt soin ciall do
dhuine. Abair is ná beadh acht síol beag céille aige roimh ré,
ba ghairid dá leithéidí sin fás do thabhairt air.


L. 137


"… Tugaim chum mo chuimhne anois m'áintín agus
í ag tabhairt súil-fhéachaint go hamhrusach orm. Ní stadann sí
acht nóimeat. Bogann a croidhe agus nuair a chíonn sí me
tréigthe is im' aonar, gabhann sí chúichi n-a baclainn mé, na deóra
n-a súilibh, is adeir: "A leinbh bhocht tréigthe! Bead-sa im
mháthair duit!" Níor cómhlíonadh geallamhaint riamh ní ba
dhílse ná ní ba dhúthrachtaighe 'ná mar do comhlíonadh an gheall-
amhaint sin."



Seacht mbliadhna dá óige do chaith sé i bPerón. Is dócha go
raibh i ndán dó an tréimhse sin dá shaoghal do chaitheamh ann.
Do bhí rian na seacht mbliadhan san le feiscint i gcúrsaíbh a
bheathadh go léir 'n-a dhiaidh san. Do bhí beirt acht go háirithe -
agus d'fhágadar rian a smaointe air. A áintín an chéad duine
aca. Bean a b'eadh í siúd go raibh ana-ghrádh aici dá tír dúth-
chais. Le linn na buadhartha do bhí sí go mór i gcoinnibh na
n-uasal, agus do bhí sí go mór ar thaoibh na ndaoine. Do cheap
sí gur cheart an tír do riarughadh do réir tola na ndaoine; nár
cheart comhacht ná ceannas a bheith ag éinne acht an chomhacht nó
an ceannas do gheóbhthaidhe uatha-san; agus gur mhithid deire a
chur le flaitheas na ríogh, agus riaghail na ndaoine, nó pobaltas,
a chur ar bun n-a ionad.



An t-oide scoile do bhí i bPerón, do bhí sé ar aon intinn léi
i dtaoibh na neithe seo. De Bellanglís do b'ainm dó. Do
b'ait le feiscint an scoil a bhí aige. Do chuir sé d'fhiachaibh ar na
leanbhaíbh suim a chur i ndálaibh na haimsire, agus óráidí do
thabhairt uatha ag cur síos ar imtheachtaibh na tíre. Do bhí sé
ortha éadach airm a chaitheamh chun a chur i n-iúil gur cheart dóibh a
bheith ullamh i gcomhnuidhe chun troid a dhéanamh ar son na Frainnce.
Agus dá dtuiteadh aon rud bhunudhsach amach a bheadh chun leasa
na tíre, do chuiridís scéal ag triall ar cheannphortaibh na
bpobal agá thréaslughadh dhóibh.



Níor bh'fhéidir don bhfile gan a bheith n-a Phobluidhe. Níor
bh'fhéidir dó gan grádh a bheith aige dá thír. Tréithe iad so atá
go soiléir le feiscint i gcúrsaíbh a bheathadh agus n-a chuid filidh-
eachta. An fhoghluim do fuair sé i bhPerón, níor dhein sé dearmhad
air an dá lá saoghail a bhí aige.



Ritheann an sroth chun na fairrge, is téidheann an duine i
n-aois. Do bhí na "seacht mbliadhna le scolaidheacht" caithte ag


L. 138


Béranger, agus níor mhór dó slighe maireachtana a ghearradh
amach dó féin. Do ghabh sé le clódóireacht ar dtúis acht i gcionn
tamaill d'éirigh sé as, agus do chuaidh go Párais ag cabhrughadh le
na athair 'n-a ghnó. I n-aimsir easaontais is minic a bhíonn
lucht éintighe gan a bheith ar aon chomhairle. Is mar sin a bhí an
scéal ag muinntir Bheránger acht go háirithe. Tá a fhios againn
cheana féin cad é an tuairim a bhí ag an mac i dtaoibh poilitidh-
eachta na tíre. Do bhí a mhalairt díreach donn ag an athair,
agus do chaith sé sealad i mbraighdeanas toisc é a bheith ar
thaoibh an ríogh. Acht níor fhág san i n-eascáirdeas iad. De
réir dheallraimh, do bhí an t-athair ní ba cheanamhla ar a mhac fé
an am so 'ná mar a bhíodh sé lá.



Do bhí rí i gcathaoir ceannais na Frainnce nuair d'fhág
Beránger an chathair chun a chur fé i bPerón. Nuair do tháinig
sé thar n-ais do bhí an rí imthighthe, agus do bhí na daoine i
n-uachtar. Le linn na mbliadhan do chaith sé i bPerón, ba 'mdhó
cor buadhartha do chuir an tír di. Nuair d'fhill sé ar an bpríomh-
chathair do bhí cogadh ar siubhal idir mhuinntir na Frainnce agus
mórán de ríghthibh na hEórpa, mar do bhí eagal ortha so go
ndéanfadh a muintear féin aithris ar mhuinntir na Frainnce.
Do bhí ag éirighe go maith le sna Franncaigh, go mór-mhór 'san
Iodáil mar a raibh Napóleon an airm. Acht ní féidir
cogadh do dhéanamh gan airgead, agus i gcionn tamaill do bhí
airgead gann go leór sa bhFrainnc. 'Sé an gnó a bhí ag
Beránger agus a athair an uair sin, ná ag tabhairt airgid ar
iasacht nó ar ghaimbidhe. Do réir gach tuairisce, ní rabhadar ró-
dhian ar na daoinibh. Seo mar adeir an file féin: -



"Is 'mdhó aindeiseóir," ar seisean, "do thug leó thar n-ais
ó n-ár dtigh, an t-éadach do bhaineadar díobh féin chun a thabhairt
i n-urraidheacht ar an airgead a bhí uatha ar iasacht."



Níor éirigh ró-mhaith leis an mbeirt, agus b'éigin dóibh cur
suas den ghaimbidheacht sa bhliadhain 1798 - bliadhain an éirighe
amach i Loch gCarman so againne.



An rud is dóich le duine gur díoghbháil dó é, b'fhéidir gur b'é
sin an rud is mó a chuirfeadh ar a leas é. Nuair do theip ar
Bheránger i dtaoibh na gaimbidhe, do thóg sé chuige cleite an
fhile. As soin amach do bhí buadhairt agus bochtanas agus
braighdeanas i ndán dó. Is beag a bhí de mhaoin an tsaoghail


L. 139


aige an lá a bh'fhearr do bhí sé. Acht do bhí aige saidhbhreas ní
b'fhearr 'ná airgead. Sara bhfuair sé bás, bhí sé ar na fear-
aibh ba mhó cáil agus gradam sa bhFrainnc, agus mairfidh a ainm
an fhaid a bheidh teanga na Frainncise ann.



(Ní críoch).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services