GEASCANÁN.
AN tATHAIR LABHRÁS Ó MATHGHAMHNA, cct.
A Gheascanáin cé sámh do "station"
I lár na dtonn cois Inse Cléire
Geallaim-se dhíbh
Mara mbeadh an tEaspog 's a dhlighe
Ná tiocfainn-se choidhche bhur n-éileamh.
Acht ó chaitheas-sa stríocadh is géilleadh
Beannuighim le díoghnus cléibh dhíbh
Is aitchim-se Críost
Do chur rath ar bhur dtír
'S nbhur bhfairgí taoidibh éisce.
Caolmhuir idir Inis Orcáin agus Cléire is eadh Geascanán. Deirtar, má's
mian le duine an rath a bheith air, nach fuláir do rann a cheapadh á mholadh an
chéad uair a ghabhann tairis. Deallruigheann sé nach ró-mhaith do thaitn leis an
Athair Labhrás an tEaspog á chur go dtí Oileán Cléire.
CEIST:
Leitir chaol mar an gcoll,
Gléas chun abhann do chreachadh um nóin
Déanta d'uaisle na miotal mbuidhe,
Ainm rímhná gan cheó
.i. L + líon + óir,
.i. Elíonóir.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11