Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhuighe Mochruimhe. VI.

Title
Cath Mhuighe Mochruimhe. VI.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cath Mhuighe Mochruimhe. — VI.



Is annsin do thionóladar ar mhair do theaghlach agus do shoch-
raide Mhic Con as gach áird, mar ba clann aon athar agus aon
mhathar iad, agus tugadar a ghairm righ ós árd iar maidhm agus
iar míochorughadh bhfear nÉireann. Ro sgaoilsead an mhéid ro
mhair díobh i n-a sgeolangaibh sgainnir-bhuaidheartha tar bhile an
chatha, agus ro imthigh Mac Con roimhe go Teamhair, agus ro
thaithigheadh fir Éireann ris, agus ró naisg cíos agus cánachas
ortha.



NUALLDHUBHA OILIOLLA OLUIM I nDIAIDH A CHLAINNE
ANNSO:



Dála ghiolla aisdear agus tárrthálach slighe Chéin mhic Oiliolla
Oluim, tar éis an chatha do chur do ghluais roimhe go Dún Cobh-
thaigh, .i. go Brughrí, agus tárla Oilioll Oluim dhó agus é ag
seilg gairid ó'n mbaile amach.



"Sgéala leat, a ghiolla?" ar sé.



"Sgéala móra olca uathbhásacha liom," ar an giolla, ".i. cath
ar n-a chur ar Magh Mochruimhe, agus áir bhfear nÉireann ar n-a
chur ann."



"Cia is fearr do thuit 'san gcath?" ar Oilioll.



"Art mac Cuinn," ar an giolla.



"Léig seachad an t-árd-sgéal sin," ar Oilioll, "agus innis
dúinn cia do mhaithibh chlainne h-Éibhir do thuit ann."



"Do thuit ann," ar an giolla, "gion gurab féidir a cheilt
ort-sa, .i. do mhac dian deagh-dhealbhach donn-sgiathach, Duibh-
mearcon."



"Truagh, truagh an sgéal sin," ar Oilioll, "fa dheimhnightheach
déarlaigtheach duas-mhór do dhámhaibh an doirbh sin," agus
adubhairt an rosga:



"Duibhmearcon sin," ar sé,
"Doirbh díoghair, dith dian long,
Tarbh treas-bhorb, neart neamh-mheirbh
Feidhm fogus, fraoch foirtil,


L. 76


Laom lasrach, do dhubh mo dhealbh-sa,
M'osnadh áimh-neart, uch mo ghusa,
Duibhmearchon."



Ro dubh-níamhaigh Oilioll do'n sgéal sin go mba cómhdhubh re
leann lán-dubh, re dairbh nó re dobhrán, nó ré sean-ghual soileach
gach alt agus gach órdlach de ó bhonn go bháthas.



"Léig seachadh an sgéal, a ghiolla agus innis dúinn aithearr-
ach."



"Do thuit annsúd," ar an giolla, "do mhac meanmach mór-
aigeantach, .i. Moghachorb."



"Truagh, truagh teinn an sgéal sin," ar Oilioll, agus
adubhairt an rosga:



"Moghachorb sin," ar sé,
Measgadh mál, maoidhfeach magh,
Tulchair tréan treas-bhorb tric,
Leagadh laoch laomdha lonn,
Ruathair righ reann-bhorb ród
Naisg niadh, ciorrbhaidh corp,
A chneas a chrú,
Foill mo neart, claon mo chiall,
Maoidhfeach me, nach maith modh,
Moghachorb sin," ar sé.



Do bánaigheadh Oilioll do'n sgéal sin, go mba cómh-gheal re
bárr sgáth ó bhonn go bathas é.



"Innis damh cia eile do mhaithibh Mhumhan do thuit i bhfarradh
Righ Éireann."



"Innisim dhuit," ar an giolla, "gur thuit ann do mhac laom-
sgárthach lán-mhear, .i. Lughaidh."



Ro dhranntaigheas Oilioll do'n sgéal sin, amhail dranntán
con fó-léimnighe fó a cuaine; ro ghlaodhaigh amhail leomhan ag
faoidh fó a choileánaibh, agus ro bhúithrigh amhail búithreach bó ag
iarraidh a baotháin, agus adubhairt an rosga:



"Lughaidh sin," ar sé,
"Leoghan ar ghoil, tonn fria tír
Bathadh borb, brost-ghrádh buan,
Cumha cian, díth na ndámh


L. 77


Curadh d'ar gcloinn, céim 'san gcath,
Fa doilg a threas
Tolladh mo thaoibh', treighdeadh triath
Ní liom, nach truagh nach liom Lughaidh.
Lughaidh sin," ar sé.



Ro buidheadh Oilioll do'n sgéal sin go mba comh buidhe re
bárr buachalláin gach aon bhall de ó bhathas go bonn.



"Innis dúinn cia hoile do thuit 'san áir sin," ar Oilioll.



"Innsim," ar an giolla, "gur thuit mac eile leat annsúd,
.i. Eochaidh."



"Ad! Ad!" ar Oilioll, "ba múirneach meanmach an laoch
sin do thuit 'san dtreas sin," ar sé, agus adubhairt an rosga.



"Eochaidh sin," ar sé,
"Eó easa, eas amhnas,
Airgtheach iath, airm aith-ghéar,
Treas tairptheach, féinneadh fíor-laoch,
Och d'á athair, mairg d'á mhathair
Ó marbh mór Eochaidh."



Ro h-oghradh Oilioll do'n sgéal sin go mba chómh oghar re
leann lán-oghar lachtna gach uile bhall de.



"Innis dúinn, a ghiolla," ar sé, "a aithearrach sin do sgéal."



"Innsim dhuit," ar an giolla, "gur thuit mac uasal árach-
tach eile leat annsúd .i. Diothorba."



"A dhonas agus a dhuais sin ort-sa," ar Oilioll, "a bheóil
gan bhlas ar a bhriathraibh," agus adubhairt an rosga:



"Dithorba sin," ar sé,
"Daol dreamhain, dluimh dealbh-ghlan
Dreach díoghain, damh damhraidh
Séimh searbhrach, mál meanmach
Gruadh geal-bhán mín miochair
Earr ághmhar oll oll-ghlan
Each aonaigh, dámh dámh-sgol
Dith daoine, mise millte
Ó gan dul damh, mo dhith Diothorba!"



Ro cruaidheadh Oilioll Oluim do'n sgéal sin go mba chomh


L. 78


chruadh gach ball bith-láidir de ó mhullach go lár re laom-chrann
caomh crionata.



"Léig seachad an mór-sgéal sin," ar Oilioll, "agus innis
dúinn cia eile do mhaithibh Mumhan do thuit ann."



"Innsim dhuit," ar an giolla, "gur thuit ann do mhach buadhach
bith-neartmhar fearrdha finn-theann fial-chrothach treabhair taobh-
sholus, .i. Tadhg."



"Ní sgur dod' dhroch-mhuine dár déarlaiceach, an donas dod'
dhroch-bhéal buaidheartha baoth-bhriathrach," agus adubhairt an
rosga:



"Tadhg sin, tiomna laoch
Teidhm gan tlas, danait damh
Easbaidh an fhir, a dhul i n-iúir
Uchán an t-us, tréan teann Tadhg."



Ro h-anbhfainneadh Oilioll do'n sgéal sin go mba chomh
anbhfainneach re mnaoi bhighneartmhair é.



"Fan! fan! coisg! coisg! ná cluinim do chealmhuine a
bheóil bhuaidheartha, agus a throigh gan tarbha, agus tar éis sin
innis dúinn tuille do mhóir-éachtaibh an chatha sin."



"Ní beag duit-se a luatha laibheóras mé, a shean-laoich," ar
an giolla, "óir do thuit annsúd, do chruith, do chiall, do Dhia, do
dhuine, do chalmacht, do chómhrádh, do chogar, do chómhairle."



"Eadamar, ní h-é Eoghan," ar Oilioll.



"Is é, go deimhin," ar an giolla.



"Ad! ad! ad! uch! uch! uch! is faobhrach ro bheanais riom,
óir do dhallais mo rosg, do bhodhrais mo chluas, do lagais mo
lámh, do ghearrais mo réim, do chiorrbhais mo ré, go bhfuilid
caoba fola flann-ruadha i gcompar mo chléibh, agus d'ionnarbais
mo chroidhe as mo chlé-thaobh, go bhfuil 'san taobh ar aill;" agus
adubhairt an rosga:



"Eoghan árd, ruathar riogh,
Muir ar mhéid, brat tar bruach,
Mo bheith tréith, dith i duach
Im' thigh thall mall mo mhuirrean
Gan casa gcuirm, áir socht ba suaill,
Mo chorp, mo cheól, mo réim, mo rún.



Is mise mé féin, gan treise gan treóir
Im' dhanán gan bhuadh, gan ró ágh gan ríogh
I ndaille i ndhiaigh mo chloinne nár chríon,
Eoghan mór mo mhac, a leonadh lór dar lot
A threas ba glé i ngleó
Dob fheas gurab é mheo."



- M'Eóghan.



Ro gormadh Oilioll do'n sgéal sin, go mba cómh ghorm re
búgha bith-chiorrdhubh gach aon bhall de ó mhullach go lár, agus
adubhairt arís;



"A h-annraidh fhéil, aithris dúinn,
Ba cart ar bhur gcriadh
Ar n-aicme i n-úir, marbhadh mo mhic,
Do mhaoidhigh Mac Con
Bás Gaoidhiol nglan,
Ba sgaoileadh sgol,
Ceannphort do chách,
Rug uatha a lacht,
Leónadh d'ar lot,
Eoghan is Art,
Ua Mhogha móir,
Mo mhac nár mhion,
Dubhmearchon mear,
Dá bhfeacadh feadh,
Bás Taidhg na dtreas.
Tiocfa re mo shíol,
Mo mhionn, mo mhál,
Mo dhionn, mo dhíon.
Do chuaidh is an gcath,
Le hArt mór a ghaol,
Leónadh d'ár láimh
Eoghan ro fhaomh;
Gnúis Eoghain uill
Ba meadhradh do mhnáibh;
A ghríos, a ghruadh,
Mo chíos, mo cháin."



Is annsin adubhairt Oilioll:


L. 80


"Is truagh mar thárlaidh sin againn .i. droch-sgéul agus deagh-
sgéul re a n-innsin i n-aoinfheacht do Shadhb inghin Chuinn, óir is
droc-sgéul di a móir-sheisear mac, agus a dearbhráthair do
thuitim agus is deagh-sgéul di a mac eile do bheith i n-a righ
Éireann."



Is annsin do rug Oilioll céim ar a chúl, agus céim ar a
aghaidh gur thuit ceó cúmha for a rosg agus ro mhuigheadar a chosa
faoi, gurab iad a mhuinntear do iomchar ar chrannaibh a sleagh
gus an ndúnadh é, agus an tan ráinig colbha a leaptha féin, do
shuigh uirthe, agus táinig Sadhbh d'á ionnsaighe.



"Sgéala leat, a Righ Mumhan?" ar sí.



"Sgéala móra olca uathbhásacha agam," ar sé, ".i. cath ar n-a
chur ar Magh Mochruimhe, agus ár bhfear nÉireann do chur ann,
agus éag do sheacht mac-sa, agus do dhearbhráthar .i. Art mac
Cuinn, agus do mhic eile .i. Mac Con, do ghabháil righe nÉireann."



Is annsin ro mhuigh a gean glé mhaiseach gáire ar Shadhbh.



"Truagh sin," ar Oilioll, "luighim-se fá'm bhréithir nach
ionntugtha taobh re mnaoi coidhche d'éis an gháire sin, nó go
dtugthar taobh re teine, nó re h-uisge, nó re fiaclaibh con
fó-léimnighe, nó re h-iarthar eich phreabaigh. Luighim-se fá'm
armaibh gaisge nó go dtugthar taobh ris gach nídh díobh sin, nach
tugtha taobh re mnaoi, agus dá ndéineadh Ard mo chomhairle-si ní
brisfidhe an cath air, óir níor mhó righ righ gan gheill, níor mhó
geill geill gan ghéibheann. A haithle a n-abraim anois, tiomnaim
mo thiomna do Chormac Chas, i mo chlaidheamh, mo sgiath, agus mo
dhá shleadh, agus aithnim gan Sadhbh do léigion im' ghoire go
bruinne an bhrátha," agus adubhairt an laoi éag-caointe so shíos:



"A righ néimhe na néal,
Teinn liom mo cheann,
Giodh leabhar mo dhruim,
Ní reamhar mo reang.



"Ní reamhar mo reang,
Olc leam mé bheith caol,
Da gach leath air n-uaim,
Mo bheith is mé faon.


L. 81


"Mo bheith is mé faon,
Dom thuitim dom thaoibh;
Atáim anois fá phéin,
Téid ó mhéid mo mhaoin.



"Téid ó mhéid mo mhaoin,
Tig mo bhraon mar thuinn,
Tig mhiomhdha fá linn,
Fear a dtinn rem dhruim.



"Fá dhó nó fá thrí,
Ní fhaghaim giodh beag suan;
Feairrde leis an dtréan,
Misde leis an dtruagh.



"Tugas iasacht mo sheacht mac
D'Art, is do mharbh Mac Con;
Mairg do bheir iasacht i gcath,
Ná do ghní maith ar mhogh.



"Is mé Oilill Oluim,
An tan ba maith mo lí,
Ó tugadh Cath Mochruimhe mór,
Gan mo spéis i nídh."



Ciodh trácht, ro caitheadh an aimsear sin go dúbhach déarach
droch-dhathach le h-Oilioll Oluim go h-am tuismighthe toircheasa
inghine Dil mhic Dá Creaga, go rug sí mac mín áluinn mór-
chrothach. Is annsin ro fhiafraigh Cormac Cas:



"An bhfuil nídh ar dhomhan d'fhóirfeadh thú, a athair, a Oilioll?"
ar sé.



"Ní bhfuil go deimhin," ar Oilioll, "acht amháin Eoghan Mór
d'aithbheodhadh arís."



"Ní bhfuil sin ar cumas dúinn-ne," ar Cormac.



Is annsin tugadh an mac sin Eoghain Mhóir mar a raibh Oilioll
Oluim, agus ro bhaist Fiacha d'ainm air, agus is eadh adubhairt go
meanmach mór-aigeantach:



"Mo chean! a chaoimh-Fhiacha!
A choileáin churata!


L. 82


Badh céim cabhartha dhamh,
Ó mo mhór-chuma;
Oighre úir-Eoghain
Do'n chuaine choimh-fhíor-ghlan!
Gach draoi deagh-ráidhteach
Riamh dá ro ghealladh,
Go mbeith bláth oighre,
Tar éis úir-Eoghain,
Badh dil diongmhála."



(Ní críoch.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services