Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fear Siúbhail ag Éileamh a Chíosa.

Title
Fear Siúbhail ag Éileamh a Chíosa.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Fear Siúbhail ag Éileamh a Chíosa.



A óig-bhean mhúinte bhanamhail gheanamhail dheagh-eólgais,
Ní mór mo dhúil i ndramannaibh, ní bhlaisim-se go deó iad,
Shiúbhluigheas trí-s na bailte anois ag teacht faoí'd dhéin, a stórach,
Go bhfaghainn uait sgilling airgid, mar d'airigh mé gur phósais.



Go mairidh tusa t'fharaire a's go mairidh sibh bhúr bpósadh,
Go mairidh sibh i gcaradas i maise 'gus i sóghchas,
Go mairidh sibh, 'n-fhaid mhairfidh sibh, faoí cheannas ag na cómharsain,
'S i ng-gradam chruínn an Athar-Mhic do cheannuigh sinn ar mhór-chrois.



Labhrann daoíne ar sheansannaibh do ghabhann an chiona daonna,
Do ghaibh sé thusa, a mhasgalach, a's bualadh uimead' chéile,
Tá suairc-fhear groídhmhail greanta agat de mhór-shliocht líomhtha an laochais,
A's fuair sé inghean faraire de mhaithibh chirt na hÉireann.



Ba bhreágh an rínn 'nar casadh tu, ní cháinim rínn sa dúthaigh,
Acht bárr gach baíll d'á bhfeaca-sa go fíor do Bhaile Mhúirne,
'Sí an tsráid seo thíos ad' aice-se an tsráid is deise am' shiúbhlthaibh,
Is fánach daoíne i gceartham inti, acht ádhmhar ortha ag túirleac.



Molaim tu, a mhasgalach, a's molaim-se do nóchar,
Tá tighthe breághtha geala agaibh annso i n-aice an bhóthair,
Tá caoírigh breághtha ar faithche agaibh a's capaill mheara sheóltha,
Tá bólacht bhreágh ar macha agaibh, go mbeannuighe Rígh na gcómhacht iad.



Nár fheictar sibh i mairg, a's nár thagarthar libh breóiteacht,
Nár fheictar sibh gan airgead gan talamh a's gan bólacht,
Nár chaillidh sibh bhúr gcaradas do lagaibh a bheidh leóinte,
'S nár chaillidh Rígh na nAingeal oraibh Parathas na Glóire.



Nár mheathidh cnámh i nduine agaibh, nár theipidh radharc 'n-bhúr súilibh,
Gur b'é toil Rígh na cruinne sibh a bhreith leis chun a chúirte,
Go molaidh Anna 's Muire sibh, a's Gobnait bhúr ndútha,
A's go gcuiridh clann bhúr gcloinne sibh i roilg Bhaile Mhúirne.



CONCHÚBHAR Ó DEASMHÚMHNA.


L. 63


19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services