SINN FÉIN.
Is í seo an uimhir dheiridh den tseachtmhadh
imleabhar déag de IRISLEABHAR NA
GAEDHILGE. Ní gábhadh dhúinn dul siar ar
stair an IRISLEABHAIR, ó chéad-chuireadh
ar bun é i mbliadhain a 1882. Is eól d'ur-
mhór dár léightheóiríbh an stair sin. Is í
stair na Gaedhilge féin í.
Badh mhaith linn ár mbuidheachus a ghabháil
le sna daoinibh a chabhruigh linn tré gach
anró nar ghaibh an tIRISLEABHAR tríd.
Mara mbeadh iad badh ró-dhona an cás
aige é. Tá cáirde againn-na ná fuil a
leithéidí ag aon pháipéar eile ar dhruim an
domhain. Ní hiongnadh, dá bhrígh sin, go
mbeadh móréis orainn dá mbárr. Bheirimíd
buidheachus ó chroidhe dhóibh.
Acht oireann dúinn an tIRISLEABHAR a
dhéanamh abhfad Éireann níos fearr agus
níos tairbhighe 'ná mar atá sé fé láthair.
Chuige sin tá beartuighthe againn athar-
rughadh crotha a chur air, agus timcheall an
oiread eile thoirt a bheith ann, d'fhonn is go
mbeadh ár ndóthain slighe againn, is go
mbeadh sé ar ár gcumus earraí le haghaidh
gach n-aon a chur i gcló ann.
Tamall ó shoin do chuir an Coiste Gnótha
ar bun comhaltus beag chun féachaint i
ndiaidh an IRISLEABHAIR. Tá an comhal-
tus so ag obair anois le mí nó dhó, agus is
mór an congnamh dúinn-na iad. Tá a
gcead-san againn, agus cead ón gCoiste
Gnótha, chun gach atharrughadh dá bhfuil ceap-
aithe againn do chur i gcrích. N-a theannta-
san tá An Cló-Chumann ag cuidiughadh linn
i ngach slighe is féidir leó.
Tiocfaidh gach atharrughadh dhíobh so i bhfeidhm
leis an Imleabhar nua, .i. i mí na hEanrach.
Sé cruth nó déanamh a bheidh ar an IRIS-
LEABHAR feasta ná an rud go dtugtar
"Royal Octavo" air, .i. beidh an fhaid
chéadna ar na leathanaigh ann, acht ní bheid
siad chomh leathan is atáid anois. Beidh 48
leathanaigh againn de sna leathanaigh nua so
gach mí. Réal, a fhiaca; agus gheobhthar é
saor tríd an bpost go ceann bliadhna ar
6/-.
Ó's rud é go mbeidh breis slighe againn,
táimíd ceapaithe ar a lán rudaí nua a
thabhairt isteach. Cuirfimíd i gcló, i
nGaedhilg is i mBéarla, aistí ag baint leis
an dteangain, le graiméar, is le healadh-
naibh, le Stair na hÉireann is le déan-
túisíbh. Beidh scéalta gearra againn agus
drachtíní sultmhara. Beidh paiste áirithe
againn gach mí i gcóir na scol; agus ní
dhéanfam dearmhad d'aos foghluma na
Gaedhilge. Tá rudaí eile ar gor againn,
acht is leór an méid sin don iarracht so.
Tuigeann ár léightheóirí anois cad tá
beartuighthe againn n-a gcóir. Teastuigh-
eann congnamh an uile dhuine aca uainn.
Is mór an chéim ar aghaidh atá ghá thabhairt
againn, agus is cóir dúinn a admháil nár
bh'fhéidir dúinn í thabhairt mara mbeimís
deimhnitheach de chongnamh ár gcarad go
léir. De réir mar bhíobhair dílis dúinn go
dtí so, tá súil againn go mbeidh sibh linn
san obair seo atá curtha romhainn againn.
B'é an tIRISLEABHAR an chéad pháipéar
Gaedhilge do cuireadh amach i nÉirinn.
Admhóghaidh gach duine gur dhein sé a scar
féin riamh ar son na Gaedhilge. Agus an
leigfimíd dó bás d'fhagháil anois? An
scaoilfimíd uainn go buigéiseach is go
neamhshuimeamhail an oighreacht so d'fhág an
tAthair Eoghan Ó Gramhna againn? Ní
baoghal go leigfimíd uainn é.
—
Ó chaitheas mo reim saoghail gan suim i nDia
Acht spairn is glébhréithre is gníomhartha an diabhail,
Aitchim an Té shaor len'fhuil daoir an cliar,
Go maithidh mo chléthréithe ar chaol-chuid pian.
—
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11