Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir ó Thionnsgantóir

Title
Litir ó Thionnsgantóir
Author(s)
Ua Dubhghaill, Tomás Brian,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Litir ó Thionnsgantóir



10 Bóthar Choluimchille
Druim-Connartha, Áth-Cliath.
Iúl 8, '99



A Fhir an Chlaidhimh,
Is truagh nach dtabhair na páipéir náisiúnta i
m-Baile-atha-Cliath agus i gcóigeadhaibh na h-Éireann con-
gnamh níos mó ar chúis na Gaedhilge. Is mór an neart
atá ag na páipéaraibh so ar mhuinntir na h-Éireann,
agus is uime cheana tá brón orm nach ndeanaidh siad a
ndícheall chum an chúis do chur ar aghaidh, óir, is dóigh
liom nach bhfuil gléas le cúis na Gaedhilge do chur chum
cinn, níos mó ioná a sgríobhadh agus a moladh agus síor-
phroicheapt in sna páipéaraibh so. Acht monáire, níl an
Spíorad ceart ionnta, ní fíor a d-tír-ghrádh.



Gidheadh, bíodh cuimhne aca, nach leór an t-alt beag
dogheibhmíd uatha gach le mí (nó gach bliadhain). Is
riachtanach dóibh cuidiughadh leis an gcúis anois, gach
lá, agus go bráth.



Tá súil agam nach dtiubhraid faill anns an rud
so feasta. Glaodhaim go dian air na páipéaraibh go
h-uile i m-Bl'ath'cliath, agus ar fud na h-Éireann, go
mbéidís cuimhneach ó so amach ar theanga na h-Éireann
do chur os comhair na ndaoineadh gacha mionca is féidir
leó.



Le meas mhór,
mise
Tomás Brian Ua Dubhghaill

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services