GEÁRR-FHREAGRA DO LIÚDAIDHE ÓG.
A Liúdaidhe Óig, ní cóir ná cuibhe dhuit
A bheith ag glamhsán 's gan fáth ceart faoi 'gat,
Do-bhárr léir-mheasta d'aiste bhríoghmhair,
Óir is feas nách dual dul uaidh sin d'aoineach.
Muna rabhais i gcóis do thóir d' "Aistigheachta,"
Cé'n chiall go ndeighis a bhfeidhil a scríobhtha —
A's gurab é'n leagadh 'mach go dtí seo,
Gach ealadha gur fiú, a scrúdadh go cíocrach?
Do mholas do cheacht chómh beacht a's d'fhéadas,
Acht amháin fo-locht a nochtadh 'sa réidhteach,
'Nois deirir nách dtuigim an imirt ar aonchor!
Acht fé'n nGaedheal-phobal a mholadh so léigim.
Is iomdha duais do bhuadhas-sa féineach
Ar Chleas-Aistigheacht 's ar nídh gur gaol di;
A's thógas páirt i "nDráma" do léiriughadh
A bhfadh sula thárla do thráth 'san tsaoghal so!
AN CLÁIRÍNEACH TOMÁS.
-
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11