Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhair Ghaedhilge Korbel, Humboldt Co. California

Title
Leabhair Ghaedhilge Korbel, Humboldt Co. California
Author(s)
Ó Cuinn, Séamas,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Leabhar Ghaedhilge
Korbel, Humboldt Co.
California



A Fhir an Chlaidhimh, - Níor casadh liom fós leabhar
Gaedhealach ar bith ag cur síos ar ealadhain ar bith, agus
níor casadh mórán leabhar Gaedhealach liom ag cur síos
ar staraidheas na naisiún. Anois, dá mbeadh fios ag
formhór Gaedheal Éireann Alban agus Manann le Gaedhilg
do sgríobhadh agus do léigheadh, budh gheárr go dtiocfadh
linn leabhra do phrionndáil, ní hé ar gach ealadhain acht
fós ar staraidheas gach náisiún.



Cluinfidh tú uaim-se arís. Fanaim am' charaid duit.



Séamas Ó Cuinn



(Sa tsean-aimsir nuair do bhí ar dteanga fá réim i
nÉirinn sul ar imir a clann neamh-dhíleas feall uirri,
bhí leabhra Gaedhilge ann ag cur síos ar gach aon ealadhain
agus eolgachas do bhí ar eólas ag lucht léighinn na haimsire
sin. Má sheasamaoid anois go daingean dána duth-
ráchtach ar thaobh na Gaedhilge gan staonadh gan stríocadh,
is ró-ghearr go mbeidh gach uile chineál leabhair againn
arís inár dteangaidh féin. Céad bliadhain ó shoin, ní
raibh leabhar ar bith ina dteangaidh féin ag muinntir
Bhohemia. Anois tá gach uile sórt leabhar aca ó'n
leabharín is lugha agus is suaraighe suas go dtí an "Cyclo-
paedia." - F. an Ch.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services