Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár nDuaiseanna.

Title
Ár nDuaiseanna.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

ÁR nDUAISEANNA.



D'éirigh linn an mhí seo aiste fhóghanta d'fhagháil.
Do mholadar na breitheamhain duais a thabhairt don
“Mhadra Maol” tar cionn a aiste ar Chunntas-
aidheacht atá i gcló againn san uimhir seo den
IRISLEABHAR. Molamíd féin an Madra. Ba mhaith
an sceamh í, agus cloisfar a thuilleadh aca uaidh.



Tá deich scillinge geallta ar an litir is fearr ag
cur síos ar an aiste seo an Mhadra, agus ag
déanamh “criticising” uirthi. Ná bíodh aon litir ró-
fhada, mar ní bhíonn an iomad slighe spártha againn
sa pháipéar so.



Bhíodh aistí an mhí seo chugainn, fachta againn um
an chúigmhadh lá déag, agus na leitreacha tagra ar
aiste an Mhadra an lá céadna.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services