Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Mhég Uidhir, Art,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DINNSEANCHUS>



Cill Ruis,
14/9/'06



A Dhuine mo chroidhe,



Tá cúpla áiteanna i gContae an Chláir agsu ní
hionann iad na hainmneacha chuireann Gaedhilgeóirí
na tuaithe ortha agus na hainmneacha atá sa bPost-
Sheanchus.



Cranny(Crannach). Droichead na Crannaighe an
t-ainm ceart.
Cooraclare(Cuar a' Chláir). Cúr a' Chláir adeir-
tear. Ní fheadar cad é an bhrígh atá leis. Tá áit i
nUíbh Bhracáin darb ainm Coor.
Cross(An Crosaire). An Chrois.
Kildysart(Cill Dísirt). Cill a Dísirt.
Killimer(Cill Íomair). Cill Íoma. Killimy deirid
muintir na dúithche i mBéarla féin.
Lisdeen(Lios Dín). Lios Daoin an chuma cuirtar
air le canamhaint béil. Ní dóch gurb ionanné agus
Lios Doimhin; ní mar a chéile fuaim an dá fhocal.
Moyasta(Magus Fhastodha). Magh Sheasta.
Querin(An Caoirín). An Caoidhearn. Níl fhios
agam cad é mar is ceart é leitrighadh. “Fear ón
gCaoidhearn.” “Muintir a' Chaoirn.”



“B'fhuirist aithinte dhúinn nár chúrsaí ágha
Nuair airigheamair gol na mná sídhe go caoin cois
trágha
Ó cheann a' Chaoirn go dtí an gCaisleán.”
-Amhrán.
Tullycrine(Tulach Creine). Tulaigh Croinn.



Mise, do charaid,
Art Mhég Uidhir.



Nár chirte Luighne ná Luidhne, agus Múscraighe
agus Osraighe ná Múscraidhe agus Osruide? Féach
gramadach an Athar Ua hÓgáin, leathnach a 129.



A. MG. U.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services