Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XIII.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XIII.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File XII



16.



Ar leathanach a 56 den tsean-leabhar go
bhfuilmíd ag tarraing as go dtí so, tá an
giota beag so thíos. Sé an chéad rud eile
de chuid Sheáin Uí Ghadhra san leabhar úd é.
Ní fuláir nó duine uasal is taoiseach de
thréan-tsliocht Uí Eadhra b'eadh Oilill Ó
hEadhra so. I gCo. Sligigh a bhí comhnuidhe
air.



D'OILILL Ó hEADHRA.



Tá fuireann gan támh 's na gártha i
Maoimleach suas,
Ón gCorann go tráigh is lár na tíre i
ngruaim,
An cholann is fearr nár fhágbhaidh draoidh gan
duais,
Oilill Ó hEadhra ó thárla sínte i n-uaigh.



Dá molainn a cháil gan bháidh is fíor a luadh:
Bhí cosaintach cáirdeach cráibhtheach críonna
suairc;
Ó's fogus an bás do chách, ó bhíd i nguais,
ag tobar na ngrás go bhfágham araon a
luach.



Is doiligh liom crádh na mná, do chaoimhtheach
suairc,
Ag osnaidh gach lá san áit i mbídh gan
gruaim;
Tá sprocht ar an dáimh is clár-mhágh Luighne
i mbuaidhirt,
Oilill Ó hEadhra ó thárla sínte i n-uaimh.



TAGRA.
Ní fuláir nó, ‘he must have been a gentleman and
chief.’
Fuireann gan támh, ‘a sleepless people.’
Na gártha suas, .i. ag éirighe suas.
Ón gCorann go tráigh, ‘from Corran (Co. Sligo) to
the shore.’
An cholann, ‘the body, person.’
Nár fhágbhaidh draoi gan duais, ‘who did not leave a
poet without a gift, who gave presents to
poets.’ Fágadh, MS.
Oilill Ó hEadhra, in apposition to an cholann.
Dá molainn, ‘if I were to praise.’ 1st sng., past subj.
Gan bháidh, ‘without drowning i.e. unquenched.’
Is fíor a luadh, ‘it is correct to state.’
Ó's fogus, ‘since death is close to everybody who
goes into danger.’
Go bhfágham, 1st pl. pres. subj. ‘may we both find his
worth.’
Do caoimhtheach(caomhthach)suairc, ‘thy pleasant com-
panion’ i.e. his wife.
San áit i mbídh, ‘where she is.’
Gan gruaim, ‘without moroseness.’
Sprocht, ‘sorrow, dejection.’
Clár-mhágh Luighne, ‘the level plain of Luighne,’ bar-
ony of Leyny, Co. Sligo.



Seo eascaine do thug bean d'fhear a thréig í:



Beagán ratha nó rí ort,
Beagán dín ar do thigh,
Beagán olna ar do chaora,
Agus mórán míol ar do chuilt.



I dtúis an ghalair ná bí mall,
Mar ní'l brígh sa luibh na faghtar i n-am.



RUDAÍ NÁR CHÓIR:



Beagán cloinne age righ,
Beagán síola ar ithir mhéith,
Beagán banbh i gcró,
Is beagán bó ar mórán féir.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services