Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail.

Title
Seanfhocail.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Caol an Iarainn
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAIL.



“Caol an Iarainn” do sholáthruigh.



1. Is fearrde bean leanbh & is miste dhi
beirt.



2. Ní théidheann stuirm thar Domhnach ná
rabhta thar Céadaoin.



3. Tosach Aoine & deireadh Sathairn.



4. Póg don leanbh le grádh don bhanal-
train.



5. Ceó ar Mhuisire & Clárach lom, na
comharthaí soininne is fearr sa domhan.



6. Ní hé deacracht na hoibre do dhéanamh
acht intleacht an duine bheith lag.



7. Gach saor go binn, & gach treabhaidhe
go caolfhód cam.



8. Leath lóin go lá Fhéile Brighde.



9. Gach re lá aoibhinn áluinn ó lá Fhéile
Brighde amach “& leath mo lae-sa leis” arsa
Brighid.



10. Sean-duine, an-duine, nó leanbh,
triúr gur beag an mhaith aon chomaoin a chur
ortha.



11. Is fada é cuimhne sean-leinbh.



12. Do dhuine gan náire is fusa a ghnó a
dhéanamh.



13. Nuair bhíonn an bolg lán bíonn na
cnámha a d'iarraidh an tsuaimhnis.



14. Is mairg a bhíonn síos den chéad
bheárnainn.



15. Níor dhein béal i n-a chomhnuidhe aimh-
leas riamh.



16. An rud a thosnuighthear Dia Sathairn
is fada go gcríochnuighthear é.



17. Is binn é béal i n-a chomhnuidhe.



18. Lá breagh sa' gheimhreadh, ní fhuil acht
neamh-nídh annsoin; nó sláinte duine
chríonna, ní bhfuil acht neamh-nídh annsoin;
nó focal duine uasail gan scríbhinn, ní
fhuil acht neamh-nídh annsoin.



19. Is milis sméara lá gréine cé gur
dubh é a ngnaoi,
'S is searbh géar iad caora an
chuilinn chruinn,
'S í an mhéin mhaith péarla an uile nídh,
Agus bíodh an scéimh ar an té 'na
gcuirthear í.



20. Is dall súil i gceann duine eile.



21. Mian mhic a shúil.



22. Aistriughadh na hAoine ó thuaidh,
Nó aistriughadh an Luain ó dheas,
Muna mbeadh agat acht caora & uan,
Ní dual go n-éireoghadh leat.



23. Bíonn an donas i mballaibh eile féin.



24. Caitheann an donas a chuid féin
d'fhagháil.



25. Is fada isteach grádh na mná óige
ann.



26. Is é scéal an chaipín deirg é.



27. Is fearr glas 'ná amhras.



28. Ní don abhras an chéad shnáth.



29. As a bholg d'fhásann an garsún.



30. Gach garsún go dinnéar.



31. Is é an sop i n-ionad scuaibe é.



32. I gcosaibh na con is eadh bhíonn a
cuid.



33. An t-Éireannach ar leath-mheisce, an
Sasanach agus a bholg lán, agus an tAl-
banach agus ocras air: sin é an t-am is
fearr iad.



34. Ní biadh bainne agus ní bainne
bláthach, ní feóil putóga acht deinid daoine
sáthach.



35. Nuair is cruaidh do sna mactíribh
itheann siad an fionna-mhóin.


L. 189


36. Níor ith na hamhais féin riamh a chéile.



37. Aimsigheann an dall a bhéal.



38. Ceannuigh ar a sé agus díol ar a
naoi agus ní bheir let ré gan capall maith.



39. Clanna Mhac Cárthaigh
Bí go síoraidhe dá moladh;
Tabhair gach aon rud dóibh,
Agus na lorg aon rud ortha.



Mac Cárthaigh Mór liath, ba mhór é a
bhiadh agus a dheoch; agus ba dhá mhó a shúil
i n-a ndiaidh.



41. A éinín úd amuigh ar an gcraoibh
Cé gur beag an biadh do dhéanfadh
do sháith,
Dá gcaithfeá oidhche i dtigh Uí Chaoimh
Do thuitfeadh do chíor ar t'eagán.



42. Tabhair a rogha don bhodach agus
thógfaidh sé dígh (díogha).



43. An rud is fearr nuair is maith é, is
é is measa nuair is olc é.



44. Trí nidhthe nach féidir fhoghluim: guth,
féile agus filidheacht.



45. Fallaí fuara dheineann bean tighe
ghuagach.



46. Ag díol meala agus ag ceannach
milseán.



47. Cócairí Lúthairt Uí Fhlaithbhearta,
cócairí righne, míne, salacha.



48. Trí nidhthe ná feictear agus do
dheineann díoghbháil: faobhar, gaoth agus
grádh.



49. Gadhar an charbhaid riabhaigh.



50. An iomarca cainnt ag neach ar bith,
bheir neamh-chion ar a chéill.



51. Ní fiú biorán beagán d'aon rud, acht
is fiú mórán beagán céille.



52. Mol an sliabh & ná taobhuigh é, agus
cáin an tír & ná tréig í.



53. An ghaoth adtuaidh agus buaidhirt an
chíosa orainn.



54. Ní raibh riamh ar deireadh ná beadh
ar tosach uair éigin.



55. Is fearr preabán 'ná poll, agus is
fearr lom 'ná léan.



56. Is furaist fuineadh i n-aice mine.



57. Is minic a bhí rogha díge é (?).



58. Cíos do thighearna nó biadh do leanbh.



59. An bhó anoir nó an capall aniar; is
iad is fearr.



60. Is é an iarraidh fagháltais é.



61. Is mór é cuid droch-mhná dá cuid
bláithche féin.



62. Is buaine an t-uathnán 'ná an t-an-
bhruith.



63. Malairt an dá ghabhar riabhach.



64. Ciaca is fearr leat, teine chonaidh
agus mhóna nó teine mhóna agus chonaidh.



65. Cúl an chollaigh le n-a mhucaibh féin.



66. Ní baintear an ainm den bhlonaig.



67. Siarraim (? sirriam) teallaigh gach
fear i n-a theinteán féin.



68. Ní faghtar maith le mugha, acht faghtar
clú le déirc.



69. Imthigheann an tuirse agus fanann an
tairbhe.



70. Falla samhraidh nó claidhe geimhridh.



71. Ní moill faobhar.



72. Is minic go mb'fhearra dhuit comharsa
'ná dearbhráthair i bhfad uait.



73. Gach rae mar a treas nó mar a sé
nó mar a seacht nó mar an Diardaoin
déidheannach den tsean-rae.



74. Tigh ar béal bóthair ní haistear
ghabháil ann.



75. Lá ó scoil, Domhnach ó Aifreann agus
lá ó chéird — trí nidhthe nách féidir leó
casadh go bráth.



76. Soc con, dealg dóibe agus focal
amadáin — na trí nidhthe is géire le fagháil.



77. Soc con, glún fir agus cíoch mná —
na trí nidhthe is fuaire le fagháil.



78. Luimneach a bhí, Baile Átha Cliath atá, agus
Corcaigh a bheidh.


L. 190


79. Leasughadh seacht mbliadhan, brúcht
mhaith shneachtaidh.



80. Nuair a bhíonn an t-othar leigheiste
bíonn meidhir fé'n ndochtúir.



81. I n-áit go leagthar an crann is
gnáthach gurab ann a bhíonn na slisneacha.



82. Cleamhnas imigéin nó cleamhnas ar
dheis duine féin.



83. Is mairg do leigfeadh lá maith le
droch-mhaidin 'ná mac maith le droch-mháthair.



84. Ní raibh beirt riamh ag cur teine
síos ná haidhneóghadh eatortha.



85. Trí briseadh uisce le fánaidh agus
trí briseadh móna chum reatha.



86. Is teó aon phuth amháin den ghaoith
andeas 'ná teinte ceaptha an domhain dá
mhéid iad.



87. Bíodh eagal ort, agus ní baoghal duit.



88. Nuair a théidheann an lá i bhfad
téidheann sé i bhfuaire.



89. An té do bhíonn i n-a dhroch-sheirbhíseach
dhó féin bíonn sé i n-a sheirbhíseach mhaith don
bhfear thall.



90. Is maith leis na mná dealbha bláthach.



91. Is beag orm cóistí agus pócaí
folamha.



92. Meas smeartha, rud do bhí ag an
mbúistéar ar a áprún.



93. Ceiridhe le tóin gan tinneas.



94. Nuair is gann é an biadh is eadh is
fial é roinnt.



95. An té a bheirthear chum é bháitheadh, ní
fhuil aon bhaoghal ar é chrochadh.



96. Comhairle do mhnaoi bhuirb, is ionann
soin agus buille ribe ar iarann fhuar.



97. Is maith an seirbhíseach é an té a
dheineann mar órduighthear dó.



98. Dhá dtrian a gcruinnighthear ní fios
cia dho go dtaiscithear.



99. Dhá dtrian galair na hoidhche, & dhá
dtrian gaoithe ar chrannaibh.



100. Ná bímís i dtigheas acht an fhaid a
bheidh rud againn.



101. Gach rogha le fánaidh, acht árdán
Dúithche Ealla.



102. Is dána gach fear go tulaigh.



103. Ríoghacht gan duadh ní dual go
bhfaghtar.



104. Ní scorn do dhuine ciall a bheith
aige.



105. Fearthainn do laogh, nó gaoth do
shearrach.



106. Ní thagann fuacht go hearrach,
cruadhacht ná droch-oineach.



107. Is minic do bhí fear mór gan a
phaidreacha agus práta mór i n-a fhalcaire.



108. I dtúis an ghalair ná bí mall;
Ní fhuil brígh sa' luibh ná faghtar i
n-am.



109. Imthigheann an bhó leis an bhfaill;
agus fanann an bhreill ar an mhnaoi.



110. Ceart dam ceart duit.



111. Cuir i mbróig é.



112. Seo dhuit-sé, seo dhomh-sa.



113. An rud a bhíonn, bíonn sé.



114. Tagann maith le cáirde.



115. Rogha gach beart an bheart mhall.



116. Cuir an donas chum déidheannaighe
mar shúil le Dia ná tiocfaidh sé.



117. An rud ná fuil leigheas air, foidhne
is fearr air.



118. As a ceann is eadh crúdhtar an bhó.



119. Ciall & mí-chiall nuair theangmhuighid
le chéile, is dóigh le fear na buile gurab é
féin fear na chéille.



120. Is minic síos droch-bhean-tighe agus
le droch-bhainistighe caitheann sí bróga.



121. An té nar ól riamh cnagaire, bíonn
aindeise lá a bháis air.



122. Ná coimeád cuid na hoidhche i
gcóir na maidne; tiocfaidh i mbárach agus
a chuid le n-a chois.


L. 191


123. Cogadh go bráth ó dhaoine gan áird.



124. Is é capall na hoibre an biadh.



125. Ní fhuil file ná fáidh gan fáth a
chúise féin aige.



Gluais.



1. “A woman is the better for having a child; she
is the worse for having two.”



2. Rabhta, rabharta, a heavy storm of wind and
rain; a spring tide.



3. They are generally wet.



5. Muisire and Clárach, two well-known mountains
in Desmond.



7. This form of expression occurs frequently in our
proverbs. The meaning here is “one is not a stone-
mason until one can build the end-side of a house.”
Treabhaidhe, ploughman.



8. Leath-lóin, half-rations.



9. Gach re lá, every other day, every second day.



10. Anduine, a wicked person. Comaoin a chur
ortha, to lay them under an obligation.



13. A d'iarraidh an tsuaimhnis, seeking rest.



15. Béal n-a chomhnuidhe, a mouth (tongue) at rest.



18. Neamh-nídh, it is as nothing, does not count for
much.



19. Sméara, blackberries. Cuileann, holly. Méin
mhaith, inclination, disposition. The meaning is that
goodness is not always found with beauty.



25. Fada isteach, has penetrated deeply into him.



27. Glas, .i. the prison.



30. Every garsún is good until dinner comes on.



32. A cuid, its up-keep.



35. Fionna-mhóin, white mossy peat.



39. Ná lorg (ar), “ask nothing from them.”



40. Ba dhá mhó, twice as great.



41. Cíor, the comb of a bird, Eagán, a bird's
craw.



42. Rogha, the better portion. Díg (díogha), the
worse portion.



45. Guagach, untidy, unthrifty.



50. Neamh-chion, contempt.



52. Ná taobhuigh é, do not make choice of it.



53. That is, a great trouble.



56. Fuineadh, kneading, baking.



59. An bhó anoir, the cow from the east.



61. She makes much of the bláthach.



62. See Fr. Dinneen's Dict. Sub. v. uanán.



70. Falla, a fence of wood, brambles, &c, Claidhe,
one of earth, or of earth and stone.



72. Dearbhráthair i bhfad uait, living at a distance.



76. Soc, the tip of a greyhound's nose. Dealg
dóibe, a thorn in dóib, that is earth and water of the
consistency of mortar.



79. Leasughadh, curing, saving. Brúcht, an outburst.



80. Othar, a sick person.



81. Slisneacha, chips of wood.



82. Cleamhnas imigéin, a “match” with a person
at a distance.



84. Ná haidhneóghadh eatortha, but they would have
hot words over the matter.



86. Teó, compar. of te, warm. Puth, a puff of wind.



89. Don bhfear thall, for another person.



92. Meas smeartha, “dirty respect” as the butcher
had for his apron.



93. Ceiridhe, a plaster.



97. Mar órduighthear dó, as he is told.



100. I dtigheas, house-keeping.



104. “'Tis no shame for a person to have sense.”



106. Oineach, generosity.



107. Falcaire, a potato with a void in the centre.



109. An bhreill, whining countenance.



116. Mar shúil le Dia, in expectation that it may
not come.



120. Droch-bhainistighe, bad management, want of
economy.



121. Cnagaire, a noggin.



Is minic a bhí fear fada gan a phaidreacha.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services