Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán an Strachánaigh.

Title
Amhrán an Strachánaigh.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AMHRÁN AN STRACHÁNAIGH.



Féachtar an Zeitschrift für Celtische Philologie, I.
Band, I Heft, L. 54-58. D'fhág an tOllamh Strachán
amhrán Manannach fá chló ó n-a láimh oilte aibidh.
'Sé an cineál litrighthe as ar bhain sé úsáid fíor-
aithris ar na fuaimneachaibh do airigh sé isna foclaibh,
nó fuaim-aithris, mar adéarfaidhe. Ní dhéar-
faidh éinne ná go ndearna sé an ceart agus
an t-amhrán do chur síos díreach mar tháinig na focail
chuige as béal an aithriseora. Tá sé lán-chinnte nach
déanfadh an litriughadh Manannach a ghnó agus a
olcas atá sé; agus, dá fheabhas an litriughadh
Gaedhealach, ní bheadh sé cruinn go leor chum gach éan-
fhuaim do thabhairt leis comh díreach agus do theas-
tóchadh sé ó shanasaidhthibh na Roinne Eorpa. Dá
mbeinn féin dá chur síos ó Thomás Mhac Dhiarmada,
.i. ó'n té ag a bhfuarthas é, is dócha go ndéanfainn an
cleas ceanann céadna, nó, dá mbadh nach sgríobh-
fainn mar sin é, acht úsáid do bhaint as an
litriughadh nGaedhealach, fá mar is gnáthach liom, do
bhéarfainn iarracht ar gach fuaim do chongbháil im'
chuimhne, agus cibé sain-fhuaim do bheadh ann, é chur i
sgríbhinn mar an gcéadna thar mar do bheadh thíos
cheana agam.



Cá mór damh-sa anois an t-amhrán so chur fám'
eagar féin .i. é roinnt 'na cheathramhnachaibh agus
litriughadh na Gaedhilge air, agus, dá n-abrainn,
déanamh Gaedhilge na hÉireann air ar dhá shlíghe?
Bíodh sé mar leithsgéal agam i dtaobh an oiread sain
trioblóide chur orm, go dtug an Strachánach féin
“amhrán binn” ar an aiste seo, nídh dob' an-mhaith
uaidh go deimhin. Dob' fheairrde Gaedhil na hÉireann
seilbh do ghabháil i séisín ceoil agus fíor-fhilidheachta
mar é. Cuirfead beagán cainte síos anois ar gach
cum d'ár chuireas air.



A. Ná tógtar orm nár bhaineas úsáid as an
litriughadh Manannach. An rud nach dearna an
Strachánach, ní dhéanfad-sa é acht comh beag leis.
Níor chás dam é agus a fhíor-dhonacht atá sé. Cibé
dhíobh ar a dtráchtfaidhe, an son nó an sanas, ní
fhreagórfadh súd do cheachtar aca. Toradh an mhadra
ní thugaim-se air ar éan-chuma. Ní litriughadh é i
n-éan-chor, acht sadhas “phonetics” (.i. saobh-
litriughadh) fá mar gheibhtear i leabhraibh Uí Ghramhna
mar chabhair dón mhac léighinn nó mar cleachtthar
ag na ceoltóiríbh Béarla úd nach fuláir leó amhrán
Gaedhilge d'fhoghluim i n-iongnais bríghe na bhfocal.
Dob' é sin dálta go díreach ag na “phonetics” úd
na Manannach. Eachtrannaigh, mar atá, ministrí
Gallda, tugadh isteach i nInis Mhanann chum ghnóthaí
an chreidimh do fhreastal agus do fhriothálamh.
B'éigean dóibh seo Gaedhealg an oileáin d'úsáid agus
a fhairsinge bhí sí an uair sin. Do sgríobhadar-san í i
n-a gcuid “phonetics” féin, ná raibh maith aca dá
dhruim, agus i n-ionad litrighthe na Gaedhilge
d'fhághail na buadhachtana, mar badh cheart agus badh
chóir, is amhlaidh fuair na “phonetics” seo í. Bhí an
baoghal céadna ar ár nGaedilg féin tamall agus a
gcuirthí de theagasgaibh Críostaidhe i gcló fá n-a
rudaíbh gránna so, agus sin i n-ainm na n-easbog
agus na n-árd-easbog féin! Deallruigheann an
t-iarracht so uaim-se gur féidir Gaedhealg Mhanann
de sgríobhadh sa litriughadh Ghaedhealach agus gurab é
is fearr chuige. Tá an son agus an sanas ar aon
ann, agus cá misde dham dul i n-a chúram? An rud
is dual d'Éirinn agus d'Albain, is é is dual do
Mhanainn.



B. I gcóir an tsanais ar fad do rinneadh so.
An-chumasg is eadh é. Ní abraim ná go nglaodhfadh
an Béarlóir “mosaic” air. Ba chuma liom cia an
chanamhaint Éireannach i n-a bhfuaras an Manannachas,
do chuireas síos é, má bhí sé ar fághail i n-áit ar bith
d'Eirinn. Sin é fá ndear an cumasg. Cuir i gcás
anois, Ultachas is eadh “cha,” 14, &rl., agus fíor-
Mhuimhneachas is eadh “dearmhad,” 52. Dar ndóigh,
tháinig cuid de'n chaint as ár sean-leabhraibh féin .i.
“feasgar,” 9, agus “ós,” 11. Uaireanta do theip sé
orm ar fad an chaint chéadna do chur síos agus nár
leig éan-úsáid Éireannach dam é. Tá loganna de'n
tsórt sain comharthuighthe mar so: [ ]. Dá aite
d'iarracht é, chífear go bhfuil an chaint so-thuigsinte
gan amhras.



C. Ní gabhadh dham mórán do rádh i n-a thaobh so.
Do rinneas dícheall ar simplidheacht agus so-
thuigsinteacht do chleachtadh agus tarraing agam ar
an rannaidheacht Ghaedhealaigh le n-a linn, agus do
leanas do na bun-fhoclaibh, an mhéid dob' fhéidir liom
é, go fiú droch-chomhardha do theacht as ar uairibh.
Níor sho-dhéanta an obair í, acht fágaim fá'n bpobal
anois an ndearna mo ghnó go maith nó go holc.



B. An chaint is goire dhó i nGaedhilg na
hÉireann.



I.



Aig na fidléirí anns an Ollaic
[B']é an chéad bhall [theangmhuigh] mé le grádh
mo chroidhe:
Go grádhach grádhach shuidh sinn síos [le chéile]
Is thug sinn toiseach do'n tsuirighe.



II.



Uadh an uair sin go cionn seacht bliadhna
Bhí mo ghrádh is mise [go] minic [ag teacht i
gceann a chéile]:
Is gheall sí damh-sa leis a' teangaidh fallsa
Ná deineadh sí mé go bráth thréigean.



III.



Feasgar Dia Domhnaigh roimh Lá Inide
Chuaidh mé do dh'fhéachain grádh mo chroidhe:
Thóg sí a dá láimh ós mo dhá láimh
Nach bpósadh sí fear [ar bith] ach' mé.



IV.



Thainic mé romham [a-bhaile] is mo chroidhe go
geanamhail,
Nídh ar bith cha rabh 'deanamh [buaidheartha]
damh-sa:
An chéad sgéal chuala mé [maidin] Lá Inide -
Go rabh mo ghrádh le fear eile pósta.



V.



Mo mhíle drámh ar a' [stánaidhe],
Is mé 'suirighe [Léithí] le [hiomad] lá:
Tráth chonnaic sí nach rabh grádh aici orm,
D'fhéadadh sí bheith [ag] obadh [i d]tráth.



VI.



Cha deinim dí'se droch-lugha ná [mallacht],
Cha [ghuidim] droch-fhortún do theacht 'na ród:
Ach' go ndeinidh sí buaidh do n-a cáirde
Gé nach bhfeil sí a dheanamh díom-sa ach' cnáid.



VII.



An bile [gall-chnó] nach sinn riamh [caint],
Fiadhnaise [ar bith eile] cha rabh agham:
'Nois tá mo ghrádh a' fromhadh go fallsa,
Is tá mé fágtha im' [aonar (aonraic)].



VIII.



[Rachad] romham [go dtí] an Fheil' Phádraic,
[Cóireochad] mé fhéin mar sgológ óg ar bith:


L. 172


[Rachad] seacha mo ghrádh os meadhon a' mhargaidh,
Cha leigim orm go [bhfeicim] í.



IX.



[Bead-sa 'mo] seasamh os cionn a' mhargaidh,
[Gheobhad] mo sogha de [mhnaoi] nó dhó:
Ach' [a' té] tá pósta leis a' mealltóir fallsa
Cha n-fhéadann sí connradh [dhéanamh] ná í
chlaochlódh.



X.



An ród mór leabhair bhí agham do shiubhal air,
Is an uchtach díreach dom' dhéanamh [tuirseach];
Cha n-fhéadainn suidhe síos do [leigean mo
sgíste].
Ná bínn cinnte 'smaoineadh ar ghrádh mo
chroidhe.



XI.



Ó, go ndeineadh an ghaoth mhór séideadh,
Go bhfaghainn-se cloistin ó mo ghrádh:
Is í do theacht agham (chugam) thairis na hárd-
sléibhte,
[Theangmhóchadh] sinn [le n-]a chéile ar thaobh na
trágha.



XII.



Is geanamhail geanamhail [rachainn 'na coinnibh],
Is fios bheith agham gur'b é mo ghrádh bheadh ann:
Ó, is geanamhail shuidhfinn síos láimh léi
Is mo righe [ar] son peiliúir aici fó n-a cionn.



XIII.



Ó, go ndeineadh an cuan mór-mhuir tiormach
(triomach),
Ród do dheanamh go [dtéidhinn] tríd:
Sneachta Graonlann fhásfas dearg mar rósaibh
[Sul] má bhféadaim mo ghrádh dhearmhad.



C. Iarracht ar uaim na Gaedhilge.



I.



Ag na fidléiríbh um an Nodlaig
B'é an áit ar casadh orm grádh mo chroidhe:
Is grádhach do shuidheamar le chéile i gcumann
'S do chuireamar tosach ar an suirighe.



II.



Ó'n uair sin go ceann seacht mbliadhna
Ba mhinic riamh sinn 's í ag teacht im' dháil:
'S do gheall sí damh-sa le n-a teangaidh bhréagaigh
Gur'b í nach tréigfeadh mé féin go bráth.



III.



Ó'n uair sin go ceann seacht mbliadhna -
Ba mhinic riamh sinn 's í ag teacht im' dháil:
'S do gheall sí damh-sa le n-a teangaidh bhréagaigh
Gur'b í nach tréigfeadh mé féin go bráth.



III.



Tráthnóna Domhnaigh roimh Inid thárla -
Chuadhas an lá sin d'fheiscint gráth' mo chléibh:
Thóg sí a dhá lámh os cionn mo dhá láimh
Nach pósfadh go bráth bráth éin-fhear acht mé.



IV.



Thánag a-bhaile 's mo chroidhe lán geana,
Brón ná amhgar ní raibh ar mo chroidhe;
An chéad sgéal fuaras go moch La Inide -
Gur le fear eile annsin do pósadh í.



V.



Mo mhíle drámh uirthi an stánaidhe bhréagach
'S mé ag suirighe léithi le hiomad lá:
Tráth chonnaic sí nach tug sí spéis dam,
An é nach féadfadh sí diúltadh i dtráth?



VI.



Ní thugaim mallacht ná mionn dá crádh di,
Ní ghuidhim mí-ádh ar bith do theacht 'na slighe:
Acht go ndéanaidh sí buaidh ar fad dá cáirdibh
'S gan aici acht cnáid mhór dá déanamh díom.



VII.



An bile gallchnó nach tugann tásg uaidh
D'fhínné ní thárla agam acht é:
Is ó's ag fealladh orm atá mo ghrádh geal,
Táim-se fágtha anois liom féin.



VIII.



Lá Fheile Pádraig fágfad an baile 'mach,
Beidh culaith dheas orm mar fhear de'n tír:
Rachad tháirsti ar lár an mhargaidh,
Ní leigfead sain orm, go bhfeicfead í.



IX.



Bead-sa im' sheasamh os cionn an mhargaidh,
Beidh rogha mhaith agam-sa de mhnaoi nó dhó:
Acht an té tá pósta leis an mealltóir fallsa
Ní bhfuighidh sí connradh ná malairt chóir.



X.



An ród mór fada théidhinn go ceann mo sgríbe,
'S an t-árdán díreach d'fhágadh tuirseach mé;
Ní fhéadainn suidhe síos ag déanamh sgíste
Nach bínn cinnte ag smaoineadh ar ghrádh mo
chléibh.



XI.



A Dhé nach déanann an ghaoth mhór séideadh,
Go bhféadfainn sgéala d'fhághail óm' ghrádh:
Is í do theacht chugam thar árd na sléibhte,
Casfaidhe le chéile sinn ar thaobh na trágha.



XII.



Is geanamhail geanamhail do raghainn 'na coinnibh,
'S a fhios a bheith agam gur'b í bheadh ann:
Ó, is geanamhail geanamhail shuidfinn síos 'na
haice
'S mo lámh mar pheiliúr aici fó n-a ceann.


L. 173


XIII.



A Dhé nach déanann an mhór-mhuir traochadh
Is ród do dhéanamh 'na bhféadfainn siubhal:
Is dearg mar rósaibh fhásfas sneachta Ghraonlann
Sul má bhféadfad mo ghrádh dhearmhad.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services