Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



Ní fheadar a mbeadh iomlán “Aighnis an Chircín
Duinn a's an Mhadra Ruaidh“ ag aoinne de léigh-
theóiribh an IRISLEABHAIR?



Seo mar a gabhann bhéarsa dhé. An madra ruadh:



“Codladh — codladh, a chircín duinn!
Sin é an searrach tríd an giorrach
Is tríd amach chúghat anall.”



Ba chóir go mbeadh a thuilleadh dhe seo i nDéiseachaibh,
mar is uaidh a tháinig an giota so dhe.



“SEÁN DHIARMADA“.



PREAPANNA.



1. Tobairín uisce i bhfíor-bhárr an tsléibhe; fuinn-
eóigín gloine leis is doruisín chré. — An tsúil.



2. Siúd suas mo dhaid mór agus caipín air. — An
deatach.



3. Cad is cuime 'ná an abha(inn)? — An port ós a
cionn.



4. Siúd ort é is ní trom leat é; ní hé t'anam ná
do chorp é, ná aon-chuid ded bhallaibh bheatha é
agus tá sé ort ina dhiaidh-san. — T'ainm.



5. Teachtaire beag idir dá thigh, agus bíonn sé
amuigh ist oidhche. — Casán.



6. Gillín ghil, ón bhfarraige shoir, ag innsint scéil,
gan féith, gan fuil. — Leitir.



6a. Giolláin ghil, thar fairrge soir, ag innsint
scéil, gan féith, gan fuil. — Leitir.



7. Tá mo dhaid mór 'sa' ghairdín agus a hata ar
sileadh leis. Tor .i. ceann cabáiste.



8. Rud beag a bhí ag fás ar chrann; chonnaic beirt
é; thóg cúigear é; chogain dá'r dhéag é, agus
do leig éinne amháin siar é. — Ubhall.



9. “Bainne fuar scannradh le bata” .i. bláthach.



10. Muinntir Bhaile an Gharraidhe ag caitheamh seilí
ar bhéalaibh a chéile agus muinntir Bhaile na
Móna ag séideadh fútha. — Corcán phrátaí ar
fiucaigh, agus teine mhóna ar adhaint fé.



13. Do ghabhas anoir 'ndeas, acht níor shiubhalas aon
chiscéim acht a dtuaidh. — .i. Do ghabhas i nDoire
an eas(óg), acht níor shiubhlas aon chiscéim acht
adtuaidh.



SEÁN DHIARMUDA.



SEAN-FHOCAIL.



Ma's cam bóthar is réidh slighe.



“Chonnaic sé Murchadh, a's má bhí giolla aige“ (.i.
ag M.).



Is fearr seana-dhíol na sean-ealadha.



“Cíos do thighearna nú biadh do leanbh” — an dá nidh
is riachtanaighe ar bith.



Go dtugaidh Dia grásta na foighne dhúinn.



Nár mhúchaidh dia solus na flaitheas ó n-ár n-anam-
annaibh! (Paidrín a deirthear le linn soluis do
mhúchadh.)



Is 'mdhó dream a chuireann an talamh de.



“Faid a théidhim, téidhim!” Fear a bhí ag cur de
tar éis gabhair a ghoid adubairt é seo nuair
adubhradh leis go raibh an t-arm ar a thóir. “Faid a
théidhim, téidhim,” ar sé sin; “faid a théidhim,
téidhim!” Nó: “Bíodh acu! Faid a théidhim, téidhim.”



SEÁN DHIARMUDA.



Seo sliocht a litir a scríbh Micheál Ó Máille ag
triall ar an Laoideach i dtaobh “h” roimh n-uimhreach-
aibh áirithe. Taithneóidh sé le léightheóiríbh an IRIS-
LEABHAIR.



“Rinne mé ath-chomhairle i dtaobh. “h” a chur isteach
ins na foclaibh “haon” agus “hocht” i n-áiteachaibh a
raibh mé ag ceapadh chean í a fágáil asta. Bhí mé ag
cuimhniughadh go dtuitfeadh an “h” amach asta le linn
na haimsire, mar tá sí tuitthe as ainmneacha na
gcartaí. Cuir i gcás —



“An bhfuil an t-aon agat?” Have you the ace?.



“Tá an t-ocht speiriod agam” I have the 8 of
spades.



“Níl aon ná ocht agam-sa” I have neither an ace
nor an eight.



Tá caoi eile nach dtagann “h” isteach, cuir i gcás



“Tá aon (éan) cheann amháin agam.”



“Tá ocht gcinn agam.”



“Tá aon (éan) cheann déag agam.”



“Tá ocht gcinn déag agam.”



“Bhí ocht nduine dhéag ann.”



Acht tagann “h” isteach sa gcomhaireamh: haon,
haondéag, haon a's fiche, haondéag a's trí fichid, &c.



Agus tagann sí isteach ag innsean cé an t-am de


L. 157


“An haon a chlog” 1 o'clock.



“An hocht a chlog! 8.”



“Leath-uair thar éis a' haon.”



“Leath-uair thar éis an haon.”



“Leath-uair thar éis a hocht.”



“Leath-uair thar éis an hocht.”



“I bhfoisgeacht deich móiméad do'n haon.”



“I bhfoisgeacht deich móiméad don hocht.”



Ní cuirtear “h” leis na foclaibh “ochtmhadh” ná
“aonmhadh”:



“An t-ochtmhadh lá.”



“An t-aonmhadh lá déag,” &c.



Thar éis gach uile thaobh de'n cheist a sgrúdughadh,
'sé mo bharamháil go mbeadh sé ró-luath agam-sa an
“h” a fhágáil amach as áit ar bith ar gnáthach í a thabh-
airt isteach.



Tá riaghal aisteach ag leanamhaint de'n fhocal
“dhá”:



A dhá chois = his two feet.
A dhá cois = her two feet.
A dhá gcois = their two feet.
A dhá easna = his two ribs.
A dhá heasna = her two ribs.
A dhá n-easna = their two ribs.



In dhá áit = in two places.
In dhá bhád = in two boats.



Tá an chéad chuid i n-úsáid ar fud na hÉireann.
Níl éin-eolus agam i dtaobh na dara codach, acht mar
tá siad i gConnachtaibh.”



MICHEÁL Ó MÁILLE.



Seo sean-rann do fuaras ó iascaire i gCionn
tSáile suas le trí bliadhna ó shoin anois ann. Go
deimhin níl puinn bríogh leis, acht b'fhéidir gur mhaith
leat é fheicsint pé'r domhan é. Dubhairt Conchubhair
Ó Floinn — b'in é ainm — liom gur chuala sé an
rann go minic ghá ghabháil ag buachaillíbh na tuaithe
Oidhche Shamhna. Do théidís timcheall ó thigh go tigh,
agus bhuailidís isteach go hobann i ngach tigh. Bhídís
clúduighthe i dtuighe i gcaoi nach n-aithneóghadh munn-
tir an tighe iad. Go deimhin, do thugtaoi “Buachaillí
Tuighe,” nó “Straw Boys,” ortha. Ar bhualadh isteach
i dtigh dhóibh, déarfaidís “Ahem! Aham!” chun
suaimhnis a dhéanamh, agus annsoin déarfaidís an
rann. Sid é an rann:



Ahem! Aham!
Anocht Oidhche Shamhna!
Cuir muc nár measc,
Cuir muc ár gcabhra;
Cuir leic ar linn,
Cuir linn ar leic
Cuir raithneach ruadh,
Cuir gruag le cinn.
Cuir sop ins na fuinneógacha,
Agus clár ins na sigeóga;
Fuiligh do phónaire, a bhean a' tighe,
Is ná fuiligh mo chuid-se aráin ná dighe;
Gura seacht measa do fhear an tighe
Mara gcuirfidh sé an breall mór fada buidhe
Anois ó thóin an tighe.



Fíníní, fáiníní!
Íochdarán, uachdarán!
Itheadh na caoirigh na capóga
Agus íthimís an gráinseachán.
Buain an fear n-a dhrom,
Buail a dhrom fé,
Lúighidh go léir amach,
Agus lúighfead-sa féinig líbh:
Hurrah!
Seo, a mháighistreás,
Cuarduigh do phócaí
Agus tabhair rud éigineach do sna buachaillíbh,
Agus scaoil chun siubhail iad;
Nó buail mé féin idir an dá shúil
Le píosa leath-choróineach.



Agus seo rud eile dubhairt sé liom:



“Tá sean-fhocal,” ar seisean, “Taréis gach tuath-
bheart do-chítar gach deagh-bheart.” Acht chuaidh fear
suas ar chnoc lá, agus do bhain sé brosna fraoigh dó
féin. Ansoin do chaith sé uaidh é, agus do tháinig an
brosna anuas leis féin. “Romham amach,” ars' an
fear, “do-chím-se mo dheagh-bheart.”



An rann úd i dtaobh leighis an óil do bhí agat i
nUimhir 8, bhí sé aige leis, acht i slighe eile. Sidé é:



Tusa tá tnúite, suaithte, tuirseach, tnáithte
Le hiomarca dúil sa lionn do bhí go láidir,
Anois, má's maith leat teacht it shláinte
Ribe de chlúimh na cún ar lá ar na bháireach.



Seo giota eile. “Comhrádh na bhFile” is ainm dó —



Pádraig:



A Thaidhg, ag scríobadh lathaighe an bhóthair,
Is dócha gan luach saothair.



Tadhg:



Ó! seal dam ins an treó so,
Agus seal i dtreó mo réalaí.



Pádraig:



Cá gcasfá sa treó mé
Go bhfaighinn beart de reisceach (?) ag scéitheadh?



Tadhg:



Níl scairt ná dris 'sa treó so
Ná fuil fios fé dhó agat féin air.



Pádraig:



Do bhéarfainn duit mar chomhairle
Gan bheith ró-thógtha ar scéalaibh.


L. 158


Tadhg:



Duine chomh maith leat mar chomhairle
Do dhéanfadh sé a ghnó dhó féinig.



Agus do thug sé an giota seo dham mar “Chomhrádh
na gClútharachán”:



Chuamar araon i dtóin an cháil
Fé bhuinn guirt i n-adhbhar an cháin;
Chailleamar féin le fuaim na cátha
Cormac beag mac Eibreacáin.
Gleann beag 'sa clitó clú,
Clító clú is an diúc leanán —
Klito, clanto, flateramann!



'Seo ceisteanna do bhí aige:



“Do bhíos i dtigh um Shamhain,
Agus d'itheas mo chuid de ghamhain;
Agus bhí ghamhain ag an ngamhain sin
Bliadhain ó'n tSamhain sin.”



Is amhlaidh ná raibh aon bhórd sa tigh, agus chaitheas
mo chuid bídh d'ithe as gamhain do bhí 'na luighe istigh
sa tigh.



“Éirigh go dtí an choill
Agus tabhair leat brosna;
Ná tabhair cipín cam nó díreach leat,
Agus ná tar abhaile gan brosna.”



Sin órdughadh do thug bhean d'á mhac uair. Bhí
madradh, darbh ainm “Brosna,” ag an mac.



B'fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora
Ag teacht go dtí an dorus ar maidin nó ist oidhche;
Thabharfadh sí an bainne dham,
Thabharfadh sí an t-uan dam,
Cuirfeadh sí an jacketín liath ar mo ghualainn.
Seumas Mac Coitir a chaith leis an bhfaill í,
Easbaidh tobac do bhí ar an gcladhaire.



Do bhí sé seo mar shuantraidhe aca i dtuaith Cúir-
seacha — go mór-mhór i gCaisleán na Páirce, “ar an
dtaobh thall de'n ghóilín,” i n-aice Chionn tSáile.
Tá a lán de mhuinntir Choitir ann fós. D'innis
“Cornie” dham gur chaith an fear so go bhfuil trácht
air 'san amhrán uan le faill aon uair amháin, nuair a
bhí fearg air. Acht chuala amhrán fada ann ag Fionán
Mac Coluim i gCiarraidhe anuiridh. Agus bhí giotaí dhe sa
“Claidheamh Soluis” le deireannaighe freisin.
Is é an Rábaire — pé hé féin — do chuir ann é.



“Tá sé a' fearthainn,” ars' an capall,
“Tá, go díreach,” ars' an bhó,
“Lá breagh aoibhinn,” ars' an chaora,
“Siúd chun an chlaidhe sin,” ars' an gabhar.



Bhí fear ag gabháil an bhóthair go dtí áit éigin lá,
agus d'fhiafruigh sé de bhuachaill do casadh air an
raibh an áit i bhfad uaidh.



“Ach, níl,” ars' an buachaill; “brann de ló, bras
de ló.”



Níor thuig an fear go ceann tamaill 'na dhiaidh-san
ná dubhairt an buachaill acht: “Beir ann de ló;
beir as de ló.”



Capall bán briste, sean-bhád, máighistir scoile nú
píobaire.



CORMAC Ó CADHLA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services