Filidheacht
Teanga na Saoirse
Ó Éireannacha dílse nach náireach an sgéal
Nach mbeadh againn meas ar bhinn-teanga na nGaedheal
Ó! teanga ar muinntire, ar sinnsear 's ar saoi,
'Bhfuil dúil i n-í shéanadh i nInis na Ríogh?
Tá an sladóir 's an brathadóir go dícheallach teann.
Dá rádh gur'bh é an Béarla bheas feasda aca ann
Acht bheirimíd móide nach séanfamuid choidh'e
An Ghaedhilg bhreágh bhlasda i nInis na Ríogh.
Féach, dearcuigh thart timcheall ar na críochaibh go léir
Ó'n nGréig go tír Lochlainn, gach náisiún faoi'n spéir,
Tugadh teanga gach muinntire ag foilleamhain dá slighidh,
Agus Gaedhilg do chlainn Mhíleadh i nInis na Ríogh.
B'fhearr liom-sa bheith caint le mo chéad míle grádh
San teanga mhin Ghaedhilge go n-éireóchadh an lá
Ná ag éisdeacht le clabóig a bhrisfeadh do chroidhe
Ag siosmadh a cuid Béarla i nInis na Ríogh.
Ta saoirse agus ceannas 'teacht chugainn go luath
Cia an teanga ina bhfáilteóchar ar mbreis is ar mbuaidh?
Cia an teanga acht an Ghaedhilg 'mbeidh tádhbhacht nó brígh
Le fáilte 'chur rómpa go hInis na Ríogh.
Maiseadh tóg suas do chroidhe agus árduigh do ghuth
Agus 'mach leis an nGaedhilg mar rithfeadh an sruth;
Ní'l teanga sa gcruinne níos binne ná í,
'Sí an teanga cheap Dia Féin go hInis na Ríogh.
Pádraic Mac Amhlaidh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11